Méid an Téacs

Folúntas: Oifigigh Oideachais & Comhlaigh á n-earcú ag COGG

Bealtaine 15, 2017

Oifigigh Oideachais

Is mian le COGG Oifigeach Oideachais bunscoile agus Oifigeach Oideachais iar-bhunscoile a earcú. Beidh na hoifigigh freagrach as tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar aon le freagrachtaí eile a bhaineann le feidhmeanna reachtúla COGG. Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie An dáta druidte: 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017.

Comhlaigh

Is mian le COGG múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a earcú mar chomhlaigh (associates) do thréimhse suas le 20 lá i gcéad téarma na scoilbhliana seo chugainn le tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Fáilteofar roimh léirithe spéise roimh 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017. Breis eolais ar fáil: poist@cogg.ie

Folúntas le Glór na nGael

Bealtaine 12, 2017

 

Glór na nGael

 

Is gluaiseacht náisiúnta í Glór na nGael, a bhfuil forbairt na Gaeilge sna réimsí oibre seo a leanas “Forbairt phobail, eacnamaíochta agus béim ar leith ar thógáil páistí le Gaeilge” mar spriocanna lárnacha oibre aige.

Tá Riarthóir Oifige (lánaimseartha) á lorg don ról seo a leanas;

Riarthóir Oifige

Príomhdhualgais an phoist

  • Córais riarachán na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhdaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (fón, r-phost agus postas)
  • Plé le horduithe díolacháin, idir seachadta agus ceannachán stoic.
  • Córas rialú stoic a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoir na gComórtas

Inniúlachtaí Riachtanacha

  • Taithí ar obair riaracháin oifige
  • Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha

Inniúlachtaí Inmhianaithe

  • Taithí ar úsáid na nuatheicneolaíochta
  • Taithí ar phróiseáil orduithe
  • Taithí ar bhainistiú stoic

Scála Tuarastail:

De réir Scála tuarastail Oifigeach Chléireachais (Scála Caighdeánach) Ciorclán- 17/2015 2A

€21,879-€37,341 

Suíomh Oibre:

Beidh an Riarthóir Oifige nuacheaptha lonnaithe in Oifig Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí agus ag feidhmiú faoi stiúir Bainisteoir na gComórtas.

Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 31 Bealtaine 2017, chuig post@glornangael.ie (D’fhéadfaí painéal iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an bpost reatha seo, a bhféadfaí tarraingt air sa chás go mbeadh folúntas eile le líonadh roimh dheireadh 2017).

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlór na nGael le fáil ar www.glornangael.ie agus cuir síos ar na háiseanna atá á fhorbairt ar www.udar.ie

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge.

.Fóras na Gaeilge

Folúntas le Naíonra i Leamhcán

Bealtaine 3, 2017

CV

 

Naíonra i Leamhcán ag lorg duine éigin le cáilíocht leibhéal 6 nó ós cionn le tosnú i Mí Méan Fómhair. Post buan, tuilleadh eolas le fáil ach r-phoist a chuir agam agus cv a sheoladh ag Naionra.Lucan@gmail.com.

Folúntais ag Pobailscoil Neasáin

Aibreán 26, 2017

PSN-logo-big-300x247-300x247

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Pobailscoil Neasáin i mBaile Dúil, Baile Átha Cliath. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin t-ochtú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá múinteoir Matamaitic, múinteoir  múinteoir Gaeilge, múinteoir Fraincis, múinteoir Spáinnis, múinteoir Stair, múinteoir Tíreolaíocht, múinteoir Ealaín, múinteoir Teagasc Críostaí, múinteoir Innealtóireacht, múinteoir Riachtanais Speisialta agus múinteoir Grafaíochta, Dearadh agus Cumarsáide de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.psn.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh office@psn.ie .

Folúntais i gColáiste na hInse

Aibreán 26, 2017

download (1)

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí  á earcú ag Coláiste na hInse i ,Baile an Bhiataigh, Contae na Mí. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin  gcúigiú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá múinteoir Matamaitic & Fisic, Múinteoir Bitheolaíocht & Ceimic, Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Iodáilis & Fraincis, Múinteoir Spáinnis, Múinteoir Tíreolaíocht & Ceol, Múinteoir Matamaitic agus Múinteoir Tíreolaíocht & Corpoideachas de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.etbjobs.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh recruitment@lmetb.ie.

Folúntais i gColáiste Chú Chulainn

Aibreán 26, 2017

 

cropped-web_logo4

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí á earcú ag Coláiste Chú Chulainn i gContae an Lú. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gcúigiú lá de Bhealtaine agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Tá Múinteoir Fisic, Múinteoir Ceimic, Múinteoir Gaeilge & Eacnamaíocht Bhaile, Múinteoir Gaeilge & Fraincis, Múinteoir Spáinnis & Stair, Múinteoir Tíreolaíocht agus Múinteoir Matamaitic & Corpoideachas de dhíth. Is féidir cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar www.etbjobs.ie agus a líonadh amach. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh recruitment@lmetb.ie.

Folúntais i gColáiste Oiriall

Aibreán 25, 2017

 

54754361_180

 

 

 

 

 

 

 

Beidh réimse postanna lánaimseartha le líonadh i gColáiste Oiriall i Muineachán an bhliain seo chugainn. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i gColáiste Oiriall. San áireamh, beidh Múinteoir Bitheolaíocht & Corpoideachas, Múinteoir Tíreolaíocht & Gaeilge, Múinteoir Béarla & ábhar eile, Múinteori Ceimic & Eolaíocht, Múinteoir Eolaíocht & Bitheolaíocht, Múinteoir Gnó & ábhar eile, Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile agus Múinteoir Ceol de dhíth. Tá na postanna fógraithe faoi láthair ar an suíomh idirlín Cavan Monaghan etb nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh ag 086 3815672. Tá foirmeacha iaraatais ag teastáil, seachas CVs.

Folúntas: Príomhoide

Aibreán 20, 2017

Príomhoide á earcú do Bhunscoil Sancta Maria, Sráid Synge, Baile Átha Cliath 8. Beidh sruth lán-Ghaeilge do naíonáin bheaga ag tosú sa scoil i mí Mheán Fómhair.

Gach eolas anseo http://www.educationposts.ie/post/view/80801.pdf 

Féile Scanánaíochta Fhine Gall

Aibreán 19, 2017

festival_cover_photo_cropped_197030

 

Tá iarraitaisí á ghlacadh anois ar son Féile Scanánaíochta Chontae Fhine Gall. Tá sé mar aidhm ag an bhféile lucht féiltí cheol a mhealladh chuig an deireadh seachtaine, atá le bheith eagraithe i gCaisleán Shoird. Cuirfear ceolchoirmeacha ar siúl, maraon le taispeántais coiméide. Tá eagarthóirí ag súil go mbeidh obair rannpháirtithe á léiriú go dtí déimeagrafach níos leithne de thoradh ar an bhféile.

Beidh an féile ar siúl ar an t-aonú is an dara lá déag de mhí Lúnasa.

Thug bunaitheoir na féile, Liz Kenny, le fios go mbeadh rud éigin ann do chuile aois ghrúpa. ‘Cé go bhfuil fás suntasach tagtha ar an lucht féachana le roinnt blianta anuas, tá freagracht orainn mar eagarthóirí íomhá nua a chruthú don fhéile.’

D’aontaigh Stiúrthóir Chruthaitheach na féile leí, á rá, ‘Tá sé mar riachtanas go bhfuil an féile meallacach dóibh síúd nach mbíonn ag freastal ar scannáin go rialta. Creidimid go bhfuil baol ann go ndéanfaidh téama féile scanánaíochta lucht féachana a choimhthiú má chreideann siad go bhfuil sé dírithe ar déantóirí scannáin agus gnáthóirí pictúirlainne le taithí acu ar an seanrá amháin. Go firiciúl, is a mhalairt atá fíor. Is aoibheann le gach éinne scannáin agus tá sé mar aidhm againn lucht féachana a chur i dtaithí ar choincheap scanáin neamhspleacha.’

Beidh clár de na gníomhaíochtaí atá le bheith ar fáil á leagadh amach sna míonna atá romhainn agus tá eagarthóirí na féile dóchasach go mbeidh lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta i láthair. Tá an féile le bheith ar cheann de na féiltí scanánaíochta ba mhó i mbliana.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le scannán a chuir isteach ar na catagóirí ‘Nuathagtha is Fearr, Beochan is fearr, Gearr-scanán is fearr, Dalta is fearr, Doiciúméad is fearr, Scannán Idirnáisiúnta is Fearr, Scannán Gaeilge Is Fearr nó Gaisce sna Meáin Chumarsáide, a fháil ar  www.fingalfilmfest.com. Le iarratas a chur isteach, is féidir dul díreach go dtí  http://www.fingalfilmfest.com/2017-submissions/ nó teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht ar pr@fingalfilmfest.com.

Múinteorí ag teastáil i mBaile Átha Cliath

Aibreán 18, 2017

unnamed

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beidh Coláiste de hÍde Gaelcholáiste 300 dalta i dTamhlacht Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, ag lorg na muinteoirí seo a leanas don scoilbhliain 2017 / 2018. Is féidir  iarratais a chuir isteach ar www.etbvacancies.ie agus CV a sheoladh chuig eolas@colaistedehide.ie

.

  • Múinteoir Gaeilge/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteoir Gaeilge/Tíreolaíocht nó Múintoeir Gaeilge/Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine
  • Múinteor Ceol-OSPS-Stair 22 uair in aghaidh na seachtaine.  Tréimhse Saoire Mátháireachas atá i gceist leis an folúntas seo.
  • Múinteoir Fraincis/Béarla 22 uair in aghaidh na seachtaine

« Previous PageNext Page »