Méid an Téacs

Múinteoirí le haghaidh cúrsaí samhraidh Gaeilge

Eanáir 25, 2013

Is í Coláiste na bhFiann Teo an tseirbhís náisiúnta is mó don óige trí mheán na Gaeilge.

Cén saghas múinteoirí atá ag teastáil?

  • Múinteoirí Bunscoile
  • Múinteoirí Meánscoile

Cathain?

  • 02.06.2013 – 22.06.2013
  • 23.06.2013 – 13.07.2013
  • 30.06.2013 – 20.07.2013
  • 14.07.2013 – 27.07.2013 (cúrsa coicíse)
  • 28.07.2013 – 17.08.2013

Cén áit?

  • Rosmuc, Co. na Gaillimhe
  • Ráth Chairn, Co. na Mí
  • Droim Rí, Co. na Mí
  • Sligeach, Co. Shligigh
  • Cill Áirne, Co. Chiarraí

Tuilleadh eolais:

Rphost:

eolas@colaistenabhfiann.ie

Fón:

01-825 9342

Seoladh:

Coláiste na bhFiann
Droim Rí
Co. na Mí

Suíomh:

www.colaistenabhfiann.ie

Aisteoirí Gairmiúla

Eanáir 23, 2013

An mbeadh spéis agat bheith páirteach i ndráma bunaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta?

Beidh an dráma faoi stiúir Shéamuis Uí Aodha.

Táimid ag lorg aisteoirí gairmiúla idir 20-35 bliain le taithí aisteoireachta chomh maith le taithí i gcumadóireacht drámaí.

Beidh an dráma ar siúl sa Taibhdhearc an 4 – 8 Márta agus beimid ag dul ar chamchuairt chuig scoileanna ar fud na tíre an tseachtain dar gcionn.

Má tá spéis agat ann déan teagmháil linn ag 091-562024 nó seol ríomhphost chuig eolas@antaibhdhearc.com le do CV agus headshot.

Foilsithe ar Gaelport.com

Ard-Mháistir/Mháistreás/Rúnaí

Eanáir 23, 2013

Tá Ard-Mháistir/Mháistreás/Rúnaí le hard-chaighdeán Gaeilge á lorg ag Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, Carraig an Chabhaltiagh, Co.an Chláir. Post páirt-aimseartha atá i gceist, a rithfidh ó thus Mí an Mheithimh go lár Mí Lúnasa i dteannta le dualgais i rith na bliana.

Riachtanach:

Ard-chaighdeán Gaeilge
Taithí ar obair óige
Ard-scileanna cumarsáide agus idirphearsanta
Ábalta obair as a stuaim féin
Scileanna maithe ríomhaireachta
Ceadúnas glan tiomána agus carr
Réamhscrúdú an Gharda Síochána

Dualgais

Cursaí Samhradh a eagrú agus a reáchtáil
Obair riaracháin
Foirne an Choláiste a earcú agus a stiúradh
A bheith mar bhainisteoir ar chúrsaí Samhraidh

Seol CV agus litir iarratais chuig:
An Rúnaí,
Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe,
Carraig an Chabhaltaigh,
Co. an Chláir.

Spriocdháta: 8Feabhra 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com

 

Bainisteoir Forbartha á lorg ag Comhlacht Forbartha na nDéise Teo

Eanáir 22, 2013

Tá duine le paisean agus fís á lorg chun post bainisteora a líonadh le comhlacht pobalbunaithe, Comhlacht Forbartha na nDéise Teo, atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge.
Beidh an té a cheapfar faoi stiúr bhord Chomhlacht Forbartha na nDéise.

Riachtanais:

– Beidh cumas maith cumarsáide ag an duine agus beidh sé/sí sásta obair as a stuaim féin i measc an phobail.
– Beidh líofacht sa Ghaeilge labhartha agus scríofa riachtanach.

Ba chabhair é chomh maith oideachas 3ú leibhéal agus/nó taithí ar obair fhorbartha pobal a bheith ag duine.

Iarratais:

Seol litir iarratais agus CV roimh an Aoine, 1 Feabhra 2013, chuig:
Tadhg Ó Maoileoin
Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha na nDéise Teo.
An Rinn,
Dún Garbhán,
Co. Phort Láirge.

Éascaitheoir á lorg le tionscnamh ‘Scéal na Gaeilge’ a fhorbairt

Eanáir 11, 2013

Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag lorg éascaitheoir le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le pobal na Gaeilge i nDoire.

Is éard atá i gceist le Scéal na Gaeilge ná taispeántas nua léirmhínitheach a fhorbairt i gcomhar le scoileanna, eagraíochtaí pobail agus réimse páirtnéirí eile in earnáil na Gaeilge le scéal na teanga sa cheantar seo a insint go físeach. Díreoidh an taispeántas agus lámhleabhar a théann leis, ar an teanga sa stair, an teanga sa lá atá inniu ann, agus ar an teanga inár gcomhthodhchaí.

Is é is cuspóir le tionscnamh Scéal na Gaeilge ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge a mhúscailt, go mór mór i measc pobal nua. Forbrófar an tionscnamh i gcomhar leis an phobal agus bainfidh sé feidhm as cur chuige cruthaitheach le hábhair chartlannaíochta a bhailiú don taispeántas: íomhánna, téacs agus grianghraif a ndéanfaidh cur síos físeach ar éabhlóid na teanga agus a pobail san am atá caite, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Dhoire go mbeidh tacaíocht ar fáil don tionscadal seo ó thionscnamh BT Portrait of a City. Ní amháin go guideoidh an tacaíocht luachmhar seo le pobal na Gaeilge ábhair a chartlannú ach cuideoidh sé leis an tionscnamh seo ábhar nua closamhairc i nGaeilge a thaifeadadh le cur ar bhanc cuimhne na cathrach atá á fhorbairt ag BT Portrait of a City.
Má tá suim agat cur isteach ar an phróiseas seo is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire le foirm iarratais a iarraidh ar T: 028 71 376 579 nó seol ríomhphost chuig pol.ofrighil@derrycity.gov.uk. Is í an Aoine an 8ú Feabhra ag 12:00in an spriocdháta d’iarratais.

Tá tionscnamh Scéal na Gaeilge maoinithe ag clár Culture for All a chuireann tacaíocht ar fáil do phobail éagsúla ar mian leo tionscnaimh a fhorbairt mar cheiliúradh ar ghradam Chathair Chultúir 2013 agus tá an clár maoinithe ag the Big Lottery Fund agus an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh.

Múinteoir Gaeilge páirtaimseartha

Eanáir 11, 2013

Tá múinteoir Gaeilge páirtaimseartha á lorg ag Na Macallaí i Loch Garman.

Beidh an té a cheapfar ag múineadh dhá rang do thosaitheoirí, rang ar maidin agus rang tráthnóna a mhairfidh 2 uair a chloig an ceann.

Tréimhse 18 seachtaine déag a mbeidh i gceist agus cuirfidh Na Macallaí an cúrsa atá le múineadh le fáil don mhúinteoir.

Is é an ráta pá ná €35 san uair.

Má spéis leat sa phost déan teagmháil linn. oifig@lochgarman.ie nó 087 913 5271

Foilsithe ar Gaelport.com

Gearrchúrsa i gCruinneas na Gaeilge ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Eanáir 10, 2013

Beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil Cúrsa i gCruinneas na Gaeilge i mí Feabhra 2013 dírithe ar mhúinteoirí, eagarthóirí nó duine ar bith a bhfuil suim aige/aici i gcruinneas na teanga scríofa.

Cén áit? Músaem Chorca Dhuibhne
Cathain? 9.30 – 4.00, 8ú – 9ú Feabhra 2008
Cé a bheidh ag teagasc? Caitríona Ní Chathail
Cén costas atá ar an gcúrsa? €100

Má tá suim agat ina leithéid cuir glaoch ar an oifig ag 066 9156100 nó cuir ríomhphost chuig eolas@cfcd.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

Feidhmeannach Riaracháin

Nollaig 14, 2012

Tá Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag An Foras Pátrúnachta, Pátrún Náisiúnta agus Eagraíocht Bhainistíochta ar Scoileanna Lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an meánleibhéal.

Duine le hard scileanna riaracháin oifige, sár scileanna cumarsáide mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.

Riachtanach don phost:

Taithí riaracháin oifige, ábaltacht oibriú as a stuaim féin, ceadúnas tiomána agus carr.

Conradh bliana atá i gceist le tréimhse promhadh 3 mhí. (Is féidir síneadh ama a chur leis an gconradh seo)

Tuarastal: €25,000 – €30,000 (Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí)

Tuilleadh eolais: caoimhin@foras.ie.

Iarratais:

Seol litir iarratais mar aon le CV chuig caoimhin@foras.ie roimh 16:00, 04 Eanáir 2013.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Is fostóir comhionannais deise é An Foras Pátrúnachta.

Stiúrthóir Naíscoile

Nollaig 13, 2012

Tá Stiúrthóir Naíonra á lorg ag Naíscoil Shliabh Fuait, Ard Macha.

Riachtanach:

Gaeilge líofa, cáillíocht NVQIII nó PGCE nó choíbhéis, táithí 2 bhlian

Inmhianaithe:

Ceol agus dráma, garchabhair phéidiatraiceach

 

Is post páirtaimseartha é seo. Tuarastal de réir caillíochtaí agus taithí. Is fostóir comhionannais í Naíscoil Shliabh Fuait.

Iarratais:

Seol CV agus litir chuig:

Tarlach Ó Conghalaigh
19 Desart Lane
Ard Macha
BT61 8AR
Guthán: 028 37518507

Déaglán Mac Tréinfhir
22 Cathedral Mews
Ard Macha
BT61 8AX
Guthán: 028 37527196

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

Cuntóir Naíscoile

Nollaig 13, 2012

Tá Cuntóir Naíscoile á lorg ag Naíscoil Shliabh Fuait, Ard Macha.

Riachtanach:

Cáillíocht NVQ II agus a bheith toilteanach tabhairt faoi NVQ III, cumas cuí Gaeilge

Inmhianaithe:

Ceol agus dráma, garchabhair phéidiatraiceach

Is post páirtaimseartha é seo. Tuarastal de réir caillíochtaí agus taithí.

Is fostóir comhionannais í Naíscoil Shliabh Fuait.

Iarratais:

Seol CV agus litir chuig:

Tarlach Ó Conghalaigh
19 Desart Lane
Ard Macha
BT61 8AR
Guthán: 028 37518507

Déaglán Mac Tréinfhir
22 Cathedral Mews
Ard Macha
BT61 8AX
Guthán: 028 37527196

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

« Previous PageNext Page »