Educate Together to open seven schools
Márta 7, 2012
Minister Quinn encourages schools to get involved in Seachtain na Gaeilge
Márta 7, 2012
Ghríosaigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., scoileanna agus daltaí chun bheith gafa le Seachtain na Gaeilge trí ócáidí agus gníomhaíochtaí a eagrú a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn.
Ghríosaigh an tAire scoileanna chun bheith gafa le Rith 2012 freisin. Féile náisiúnta í seo a reachtáiltear gach ré bliain. Cuirtear an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn tríd an spórt i bhfoirm rith sealaíochta a thaistilíonn thart timpeall na hÉireann le teachtaireacht taca don Ghaeilge ón Uachtarán. Glacann líon suntasach scoileanna agus clubanna páirt i Rith áit a bhfeiceann siad an Ghaeilge lasmuigh den rangsheomra agus ina mbaineann siad taitneamh as bheith ag rith agus ag déanamh spóirt.
“Is mian liom scoileanna agus mic léinn a ghríosú chun bheith páirteach sna gníomhaíochtaí seo ina misnítear mic léinn chun an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht shultmhar, spórtúil,” adúirt an tAire Quinn.
Fíor-dheis is ea Seachtain na Gaeilge agus Rith do mhic léinn chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha ina saol laethúil. Tá na tionscnaimh seo ina dtaca binn leis na birt chun béim i bhfad níos mó a chur ar an nGaeilge mar theanga labhartha sna scoileanna.
Maireann Seachtain na Gaeilge ó 5ú go dtí 17 ú Márta 2012 (www.snag.ie). Maireann Rith 2012 ó 8ú go dtí 17 ú Márta 2012 (www.rith.ie).
EDUCATION.IE
Ag Lorg Clann le Gaeilge do Chlár Teilifíse
Márta 6, 2012
Tá clár nua á fhorbairt do TG4 faoi láthair a thabharfaidh léargas don lucht féachana ar ghnáthchlann atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath (nó i ngar dó) agus a úsáideann an Ghaeilge go rialta sa mbaile.
Má labhraíonn sibh Gaeilge i do chlann, ba bhreá leo dul i dteagmháil libh agus an smaoineamh seo a phlé go neamhfhoirmeáilte, le féachaint céard iad na dúshláin, na deacrachtaí agus na gnéithe dearfacha a bhaineann le tógáil clainne trí mheán na Gaeilge.
Clár úrnua a bheidh sa tsraith breathnaitheach seo, ag tabhairt léargas dearfach, nuálach, dóchasach do lucht féachana na tíre ar an dteanga agus mar is féidir í a chur chun cinn.
Bheadh áthas orthu labhairt leat faoin deis speisialta seo. Má tá suim agat ann, is féidir leat scríobh chuig cleonanic@gmail.com nó glaoch ar 087 329 6776.
Ceolchoirm Mhór na Féile Pádraig
Márta 6, 2012
Lá den scoth – Comórtas Tras-Tíre 2012
Márta 6, 2012
Ar an gCéadaoin, Feabhra 29ú 2012, chas na paistí le chéile i nDroichead na hInse ó Ghaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Bharra, Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Lios na n-Óg agus Gaelscoil na Camóige. Ar lá breá bog, foirfe chun dul ag rith, chuaigh na páistí chuig an líne réidh don rás.
Is iad na cailíní faoi 10 a thosaigh ar chúrsa 400m, le hAoibh Nic an tSaoir (GSIC) a bhuaigh. B’iad Gaelscoil na Camóige a bhuaigh an comórtas foirne. Lean na buachaillí faoi 10 iad ar chúrsa 500m, le Warren Ó Curráin (GSIC) trasna an líne ar dtús agus a fhoireann taobh thiar mar an chéad fhoireann.
Sna rásaí sinsir, bhuaigh Caoimhe Ní Nualláin (GSIC) a rás 600m ar fhad, le Gaelscoil na Camóige an chéad fhoireann agus b’é Conchúr Ó Broin (Gaelscoil na Camóige) a bhuaigh rás na mbuachaillí thar chúrsa 800m lena fhoireann á leanúint don chéad áit sa chomórtas foirne.
Sár lá a bhí ann don Ghaeilge agus don lúthchleasaíocht le boinn roinnte idir na scoileanna ar fad. Bhí moladh ar leith faighte ón lúthchleasaí Seán Hehir, a bhronn na boinn ar na páistí. Maith sibh a pháistí agus leanaigí ag rith!
Teacher’s Pet
Márta 6, 2012
Irish language endangered by austerity measures
Márta 6, 2012
School cuts protest planned following Glenties meeting
Márta 6, 2012
Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge i gCorcaigh
Márta 6, 2012
An Straitéis fiche bliain don Ghaeilge agus na deiseanna atá ann do mhuintir Chorcaí a bheidh á bplé ag seimineár poiblí a reáchtálfar in Óstán an Imperial ar an Meal Theas ar an gCéadaoin 7 Márta ag 7.30 i.n.
Plé oscailte ar an Straitéis a bheidh ann agus ansin roinnfear daoine suas i ngrúpaí éagsúla bainteach le gnéithe éagsúla do shaol na Gaeilge.
Cuirfear béim ar ghníomhaíocht ag an Seimineár, chun cur leis an dea-obair atá déanta ag Gaeilgeoirí Chorcaí go dtí seo agus cruthófar plean gníomhachta don chathair ina dhiaidh sin.
Cuirfear fáilte roimh dhaoine ar bheagán nó ar mhórán Gaeilge, ach go bhfuil suim acu i cur chun cinn na teanga, agus todhchaí na Gaeilge i gCorcaigh. Beidh gach eolas faoin seimineár ar fáil ar shuíomh idirlín Gael-Taca nó cuir glaoch ar an oifig ar 021 4310841.
Áiseanna d’fhoghlaim agus do theagasc trí Ghaeilge
Márta 6, 2012
Tugtar cuireadh do chomhlachtaí, d’institiúidí nó do dhaoine aonair iarratais a dhéanamh ar thacaíocht mhaoinithe d’fhorbairt áiseanna teagaisc agus foghlama (téacsleabhair agus leabhair eile, cluichí oideachasúla, ábhar ar líne, mar shampla) do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge i scoileanna uile na tíre.
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé hAoine 16 Márta 2012.
Applications for financial support are invited from companies, institutions and individuals for the development of teaching and learning resources for Irish medium schools and for the teaching of Irish in all schools.
Foirm iarratais le fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie.