Méid an Téacs

SpeakTalkChat – Do Ghaeltacht ar Líne

Samhain 15, 2013

Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste: www.speaktalkchat.com

Is Meáin Chomhrá Sóisialta é SpeakTalkChat.com a thugann deis dá bhaill comhrá nó físchomhrá a dhéanamh ar bhonn na dteangacha agus na n-ábhar spéise atá i bpáirt acu. Bhí ár seoladh oifigiúil (leagan beta) ag Oireachtas na Samhna, 2013.

Cláraigh le catagóir bhallraíochta a fheileann duitse nó do theaghlach.

Comhlánaigh do phróifíl ag cur in iúl na teangacha atá agat, leibhéal do chumais sna teangacha sin agus na hábhair spéise atá agat.

Déan cuardach i measc úsáideoirí eile chun teacht ar dhaoine a bhfuil na hábhair agus na teangacha spéise céanna acu.

Cuirfidh SpeakTalkChat.com a leithéid de liosta úsáideoirí ar fáil duit go huathoibríoch freisin.

Socraigh coinní comhrá le húsáideoirí eile nó téigh i mbun físchomhrá ar an bpointe más rud é go bhfuil siad ar líne cheana féin.

Féadfaidh tú an córas teachtaireachta inmheánaí a úsáid chun ‘ríomhphost’ a sheoladh chuig úsáideoirí eile.

Déan cuardach ar ghrúpaí/ar fhóraim a bhaineann le do chuid ábhair spéise, nó cruthaigh do ghrúpa/d’fhóram féin.

Na Catagóirí Bhallraíochta

Ballraíocht do dhaoine fásta; ocht mbliana déag d’aois agus níos sine.

Ballraíocht Teaghlaigh.

Déagóirí sinsearacha 16 bliana d’aois nó 17 mbliana d’aois.

Déagóirí sóisearacha, 13, 14 nó 15 bliana d’aois.

Oideoirí; ag leibhéal bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal/duine fásta.

Tá beartas láidir um chosaint leanaí/déagóirí againn.

Le meas,

Aodhán
+353 (0) 85 1546 097

Aodhán Ó Duagáin
SpeakTalkChat

aidan.duggan@speaktalkchat.com
www.speaktalkchat.com
twitter.com/speaktalkchat
facebook.com/SpeakTalkChat

Group highlights importance of language learning for jobs

Samhain 15, 2013

A new group to highlight the importance of language learning for employment was launched in Trinity College Dublin yesterday.

Only 40 per cent of Irish people can hold a conversation in any second language, which is the fourth lowest rate in Europe.
One Voice for Languages is a group of more than 200 linguists, academics, teachers, parents, arts representatives and business leaders who have come together to “highlight Ireland’s deficit in 21st-century language skills”.
The group said language learning is important for employment, education and intercultural understanding. It also claimed language learning is the subject of a “diminishing status” in the Irish education system.
The group came together to raise awareness of the issue following “repeated calls” from industry leaders, employment specialists and experienced linguists.
Dr Ann Devitt said the group was seeking to “highlight how important languages are for Ireland, not only in terms of skills for the economy but also in terms of societal and cultural benefits”.

www.irishtimes.com

New campaign aims to boost languages in our education

Samhain 15, 2013

ENGLISH is no longer enough – that is the message of a new campaign to give languages a greater voice in education.

The big focus on science, technology, engineering and maths (STEM) has prompted concern that languages will get left behind.
While so-called STEM subjects are much in demand from employers, proficiency in foreign languages is also essential for many jobs.
Many businesses and industries operate in a global market, and their staff need to be able to communicate across the world.
Employers in Ireland regularly complain about the lack of home graduates with the necessary language skills.
Now the languages fightback has started, backed by more than 200 linguists, academics, teachers, parents and business leaders. It represents the first coming together of all levels of the education system, as well as business leaders and social entrepreneurs, to support language teaching and learning.
The One Voice for Languages campaign argues that employment is not the only reason for students to develop their linguistic skills.
They point to national and international research, demonstrating the direct benefits of language learning in boosting literacy, at both primary and post-primary level.
Proficiency in foreign languages also brings wider social and cultural benefits, they say.
French is the most popular language in the Leaving Certificate, taken by about 25,000 of over 55,000 candidates this year. A long way behind comes German, at about 6,600 candidates, Spanish with about 5,000, with Italian, Russian and Japanese trailing at around 300.
In the Leaving Certificate, male students are less likely to take languages than females.
Dr Ann Devitt, assistant professor in modern languages in Trinity College, said Ireland, with its own national language and migrant populations had the potential to become a place of rich linguistic diversity.
But this potential wealth was not being developed, with only 40pc of Irish people claiming they could hold a conversation in any second language – the fourth lowest rate in Europe, she said. Ireland is the only country in Europe, other than Scotland, where a non-indigenous language is not compulsory at any stage of the mainstream educational curriculum

www.independent.ie

Agóid ar an 20 Samhain, fáilte roimh tacaíocht

Samhain 15, 2013

Beidh tuistí agus lucht leanúna páistí nach bhfuair áit i nGaelcholáiste Mhuire, Mainistir Thuaidh , Corcaigh, ag eagrú agóid taobh amuigh oifig Edmund Rice Trust sa Charraig Dubh Dé Céadaoin seo chugainn, an 20 Samhain, ag 12pm.

Tá an agóid in aghaidh an polasaí iontrála nua a chuireann bac ar pháistí ó Ghaelscoil Pheig Sayers freastal ar an scoil agus bheadh fáilte roimh tacaíocht ar an lá. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón scoil: 021-4309619 nó eolas@peigsayers.com.

Deis d’fhiontraithe óga!

Samhain 14, 2013

Iarratais oscailte anois do Junior Dragons’ Den. Cliceáil ar an nasc i gcomhair níos mó eolais: www.bankofireland.com/dragons

Cruinniú faoi Gaelcholáiste an Phiarsaigh le reáchtáil go luath

Samhain 14, 2013

Tá sé i gceist ag Bord Bainstíochta Gaelcholáiste an Phiarsaigh cruinniú a ghairm leis na tuistí roimh Nollag. Tá cuireadh tugtha againn don Roinn Oideachas teacht ag an gcruinniú sin agus a bpleananna faoin suíomh a roinnt linn! Beidh tuilleadh eolais ar fáil go luath a chairde.

Facebook

Fáilte isteach i mo Shaol

Samhain 14, 2013

Tá pacáiste acmhainní nua i nGaeilge dar teideal ‘Fáilte isteach i mo shaol’ seolta ag Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais an t-ábhar seo a mhúineadh. Cuireann an pacáiste acmhainní le réimsí foghlama: ‘An Domhan Thart Orainn’ agus ‘Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint’.

Cuimsíonn an pacáiste treoirleabhar do mhúinteoirí mar aon le scéalta faoi pháistí ó chúlraí eitneacha éagsúla; foghlaimeoidh na páistí faoi chreideamh, theanga, bhia agus shaol laethúil na gcarachtar trí scéaltaí, chluichí agus ghníomhaíochtaí idirghníomhacha.

Mar aon leis sin, tá seacht mbabóg gleoite ar fáil ar iasacht ón chomhairle a léiríonn na carachtair ar fad. Is féidir leis an mhúinteoir feidhm a bhaint as na babógaí le scéalaíocht a dhéanamh sa seomra ranga agus le spreagadh a thabhairt do na daltaí labhairt faoi théamaí ar nós mothúcháin agus le cuidiú leis na páistí saol na gcarachtar a shamhlú.

Más suim leat an pacáiste a ordú nó na babógaí a fháil ar iasacht gabh i dteagmháil leis an Oifigeach Comhionannnais ar T: 028 71 365151 folíne 6705 nó seol ríomhphost chuig kay.mcivor@derrycity.gov.uk.

Fáilte Isteach i mo Shaol

Seoladh Rith 2014

Samhain 14, 2013

Cuirfear tús le Rith 2014 i mBaile Bhúirne, Co Chorcaí, ar an 7 Márta 2014, tráth a chuirfear tús le ollrith 1,000km go Béal Feirste.
Is ollrith náisiúnta arson na Gaeilge atá i gceist le Rith 2014 agus le linn don ollrith beidh baitín sealaíochta, ina bhfuil teachtaireacht rúnda laistigh de, ag athrú láimhe idir daoine agus grúpaí reatha gach ciliméadar ar feadh naoi lá. Críochnóidh Rith 2014 le féile ollmhór pobail i gcroilár Bhéal Feirste ar an 15 Márta. Rachaidh an t-airgead ar fad ó Rith 2014 go Ciste Gaeilge a chuirfidh maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail Gaeilge ar fud na tíre.Arsa Cormac Ó Feinneadha, bainisteoir imeachta Rith 2014: “Tá áthas orainn go bhfuil an cúrsa nua do Rith 2014 leagtha amach anois.

Tá éagsúlacht ann i 2014 toisc go mbeidh muid ag rith thar oíche i mBaile Átha Cliath. Tá Rith tar éis dul ó neart go neart ó thosaigh an fhéile i 2010.”Is é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010, d’éirigh go hiontach lena himeachtaí i 2010 agus i 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh iontu. Tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an Korrika á rith acu ó 1980 i leith agus áit a nglacann breis agus 600,000 duine páirt san fhéile.

Tuilleadh eolais ag www.rith.ie

www.advertiser.ie

An tAire Quinn ag beartú costais éide scoile a laghdú

Samhain 14, 2013

Scoileanna chun ballóid a sheoladh i measc tuismitheoirí faoi pholasaí éide scoile. Tá beart déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D. chun costais éide scoile a laghdú tríd an ról a bhíonn ag tuismitheoirí a neartú sa chinnteoireacht faoi pholasaithe scoileanna maidir le héide scoile.

Tabharfar cuireadh anois do na comhpháirtithe oideachais dul i gcomhairle le hoifigigh de chuid na Roinne faoin gcaoi le bheith ag feidhmiú an athraithe seo, ar a n-áireofar ceistneoir theimpléadach a chur le chéile a fhéadfaidh scoileanna a úsáid chun dul i gcomhairle le tuismitheoirí faoi éide scoile. Úsáidfidh gach scoil a bhfuil polasaí faoi éide scoile aici, nó atá ag machnamh a leithéid, an cheistneoir theimpléadach seo chun ballóid a sheoladh i measc na dtuismitheoirí a ligfidh dóibh cinneadh ar an gcineál éide – más ann di – a theastaíonn uathu don scoilbhliain 2014/15.

Tá sé beartaithe go n-iarrfar ar thuismitheoirí vóta a chaitheamh ar shraith roghanna ar nós:
Cibé an dteastaíonn éide scoile uathu nó nach dteastaíonn? Má roghnaíonn siad éide a bheith acu, an dteastaíonn uathu brístí, geansaithe, blúsanna, léinte agus sciortaí faoi dhathanna/imireacha atá le fáil ó na sreang-shiopaí móra? An dteastaíonn uathu bléasar scoile, meirge scoile ar bhaill éadaigh agus cén cineál?

Is é tuairim an Aire Quinn gurb é an bealach is éifeachtaí le costais fhilleadh ar an scoil a laghdú ná tuismitheoirí a chumasú chun polasaí na scoile faoi éide scoile a chinneadh. Tá an Roinn ag obair chomh maith ar Chairt Tuismitheoirí a fhorbairt a neartóidh staid ghinearálta na dtuismitheoirí a thuilleadh sa chóras scoile.
“Go sainiúil, is mian liom go seolfadh gach scoil a bhfuil polasaí éide scoile aici faoi láthair, nó atá ag machnamh a leithéid a thabhairt isteach, ballóid i measc na dtuismitheoirí i gcaitheamh na scoilbhliana seo roimh dóibh cinneadh ar an bpolasaí don scoilbhliain 2014/15,” adúirt an tAire Quinn.

“Tá sé ráite agam i gcónaí gur ceart do scoileanna éisteacht le tuismitheoirí faoin ngnó seo ós rud é gur ar na tuismitheoirí a thitfidh na costais a thiocfaidh as na cinntí a dhéanann na scoileanna. Má sheoltar ballóid i measc na dtuismitheoirí beidh an dóchúlacht ann go léireofar don scoil tuairimí na dtuismitheoirí i gcoitinne,” adúirt an tAire Quinn chomh maith.

Eiseoidh an Roinn an cheistneoir theimpléadach do na scoileanna faoi dheireadh na míosa. Beifear ag súil go mbeidh na ballóidí curtha i gcrích ag na scoileanna faoi dheireadh mhí Feabhra. Sa chaoi seo beidh dóthain ama ag na Boird Bhainistíochta chun mianta na dtuismitheoirí a mhachnamh agus chun polasaí na scoile faoi éide scoile a chinneadh don scoilbhliain ina dhiaidh sin.

www.education.ie

Cruinneas agus Scríobh na Gaeilge

Samhain 14, 2013

Más suim leat go bhfreagrófaí nó go bpléifí cúpla cruacheist a bhaineann le Cruinneas na Teanga nó fiú tabhairt fé chúpla alt/fógra a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, seo do sheans. Reáchtálfar Gearrchúrsa Cruinnis sa Ghaeilge i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh ón 14ú-15ú Feabhra 2014 mar chuid de Chlár Gaeilge 2014 ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Díreofar ar chúrsaí foghraíochta agus ar struchtúir na teanga chomh maith leis na botúin is comónta a dheintear sa Ghaeilge scríofa. Agus ina theannta sin díreofar ar na háiseanna is ar na hacmhainní atá anois ann do theagascóirí Gaeilge is do lucht an aistriúcháin. Ní mór dosna rannpháirtithe a bheith líofa go maith sa Ghaeilge cheana féin agus beidh fáilte is fiche roimis na rannpháirtithe moltaí fé ábhar an chúrsa a chur i scríbhinn chugainn roimhré.

Beir leat foclóir ar bith atá agat. €100 costas an chúrsa seo.

Le haghaidh a thuileadh eolais fén gcúrsa seo téir go dtí suíomh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag www.oidhreacht.ie nó cuir fón orainn ag 066 91 56 100 nó cuir ríomhphost chugainn ag eolas@cfcd.ie.

Tuilleadh eolas:

Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: 066 91 56 100

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »