Múinteoir Tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoir tacaíochta á earcú ag Gaelscoil Eois. Conradh páirtaimseartha atá i gceist.
Caithfear foirm iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig michelenicb@gmail.com roimh an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.
Tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91782.
Múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil an Mhuilinn. Conradh sealadach atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig muinteoircaroline1994@gmail.com nó chuig
Gaelscoil an Mhuilinn
Bóthar an Ághasaigh
An Muileann Cearr
Co.na hIarmhí.
Caithfear iarratais a sheoladh faoin gcéad lá de Mhean Fómhair agus tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá den mhí céanna.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91832.
Múinteoirí Ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoirí ranga á earcú ag Gaelscoil Éadan Doire. Conarthaí buan atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais do mhúinteoirí, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig iarrataisgsed2017@gmail.com faoin 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an séú lá de mhí Mheán Fómhair.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91254.
Múinteoir Ranga á earcú ag Scoil Lorcáin
Lúnasa 21, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le cv agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta chuig agallaimhscoillorcain@gmail.com faoin 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá de mhí Mheán Fómhair.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91391.
Múinteoirí Ranga á earcú ag Scoil an Duinnínigh
Lúnasa 21, 2017
Tá folúntais do mhúinteoirí ranga ar fáil le Scoil an Duinnínigh. Tá dhá conradh buan ar fáil agus conradh sealadach amháin.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig foluntas@gmail.com roimh an 28ú lá de mhí Lúnasa. Tosóidh an scoilbhliain ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91301.
Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Uí Earcáin
Lúnasa 21, 2017
Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta de dhíth ar Ghaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas,
Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá fichead de Lúnasa agus tosóidh an scoilbhliain ar an 30ú lá den mhí.
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv agus foirm iarratas do Chúntóirí Riachtanais Speisialta chuig priomhoideleah@gmail.com.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/90951.
Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil de hÍde
Lúnasa 21, 2017
Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta de dhíth ar Ghaelscoil de hÍde i Mainistir Fhearmaí, Co. Chorcaí. Conradh páirtaimseartha atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá fichead de Lúnasa agus tosóidh an scoilbhliain ar an 31ú lá den mhí.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv agus foirm iarratas do Chúntóirí Riachtanais Speisialta chui agallamh17@gmail.com.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/91018.
Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil na Camóige
Lúnasa 21, 2017
Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil na Camóige. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an dara lá deag de mhí Mheán Fómhair.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, maraon le foirm iarratais, cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig gncamoige@gmail.com roimh an gceathrú lá de Mheán Fómhair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/91864.
Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Scoil Neasáin
Lúnasa 21, 2017
Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta ar son na naíonaín de dhíth ar Scoil Neasáin i mBaile Hearman, Baile Átha Cliath. Conradh buan atá i gceist. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gceathrú lá de Mheán Fómhair agus tosnóidh an scoilbhliain ar an gceathrú lá deag de Mheán Fómhair.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig ceapachanscn@gmail.com.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/9183.
Stair trí Ghaeilge
Lúnasa 21, 2017
Is féidir áit a ghlacadh ar thuras d’Ionad Teach na mBocht i bPort Omna, Co. na Gaillimhe inniú, idir a 10 is a 4 a chlog. Reachtáilfear na hócáid trí Ghaeilge. Is féidir na sonraÍ a aimsiú ar www.irishworkhousecentre.ie nó is féidir glaoch a chur ar 090 975 9200. Nuala Conroy atá mar stiúrthóir ar na turais. Tá costas €5 ar thicéd do dhuine fásta, costas €2 ar thicéad do pháiste nó costas €10 ar thicéad do chlann.