Méid an Téacs

Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin

Márta 6, 2018

Tá Rúnaí Scoile á lorg ag Scoil Lorcáin, An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath le dul i mbun oibre 1/9/18. Ceapachán buan is ea é seo.

Uaireanta Oibre: 8.30 r.n. – 2.30 i.n. Luan go hAoine i rith na scoilbhliana, chomh maith le roinnt laethanta oibre i rith na laethanta saoire.

Scála Pá: bunaithe ar scála an Choiste Ghairmoideachais do Rúnaithe Scoile

Breis eolais: www.scoillorcain.ie

Fiosrúcháin agus Iarratais roimh 23/3/18 chuig: agallaimhscoillorcain@gmail.com

Féasta Sráide 2018 – deis iontach do scoileanna agus naíonraí imeacht spraíúil a eagrú dá bpobail

Márta 5, 2018

Féasta Sráide/Street Feast – 10 Meitheamh 2018

Is lón pobail é Féasta Sráide, tagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrántaí, nó i gcarr clóis, tógann gach duine rud le hithe agus roinntear an béile le chéile.

Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an dteaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa.

Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúil in 2018 agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh suas go 20 Féasta Sráide Ghaelacha a chur chun cinn i mbliana.

Chuige sin, tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta  á chur ar fáil againn do ghrúpaí áitiúla  Gaeilge.  Séard a bhíonn sa phacáiste tacaíochta ná bratacha, treoirleabhar, póstaeir, cuirí, srl.

Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus  áitiúla, do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta, do chomharchumainn Gaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt  a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.

Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Beidh muid ag cur na hócáidí uile chun cinn go náisiúnta freisin, agus ar ndóigh beidh siad liostáilte ar shuíomh http://streetfeast.ie/.

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig Majella majella@antoireachtas.ie anois! 

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ag Naíonra Teanga Beo

Márta 5, 2018

Beidh Naíonra Teanga Beo, Baile Formaid, ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le tae beag. Is féidir leat cupán tae a fháil ag úsáid do chúpla focal.

Beidh pleananna an naíonra don bhliain amach romhainn á roinnt agus beidh an obair reatha atá idir lámha á taispeáint.

Teanga Beo will be celebrating seachtain na Gaeilge with Afternoon tea. Come along and enjoy some tea and cake while using do chúpla focal.

We’ll also be displaying our plans for the year and opening doors to show the hard work that’s been done over the past year.

Bígí linn!

IMG_20180303_183744_785

« Previous Page