Méid an Téacs

Preasráiteas: Tacaíocht an Aire Oideachais do na scoileanna lán-Ghaeilge sa reachtaíocht maidir le polasaithe iontrála

Aibreán 4, 2018

LE FOILSIÚ LÁITHREACH: 4 AIBREÁN 2018

Thar ceann na scoileanna lán-Ghaeilge, fáiltíonn Uachtarán Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir roimh ráiteas na Roinne Oideachais go bhfuiltear ag tógáil foráil san áireamh sna leasuithe atá á ndréachtú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 a cheadóidh do na gaelscoileanna tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge. “Comhartha dóchais atá ann don aitheantas agus don tacaíocht atá á léiriú ag an Roinn agus ag an Aire  Oideachais don tábhacht a bhaineann le caomhnú na teanga mar theanga bhaile agus do chosaint chearta an chainteora dúchais oideachais a fháil ina t(h)eanga bhaile”, a deir sí.

Fáiltítear go mór roimh ghealltanas ón Aire Oideachais, Richard Bruton, mar a tuairiscíodh in Tuairisc.ie go dtabharfadh sé an oiread tacaíochta agus gur féidir do na scoileanna lán-Ghaeilge sa dréachtú reachtaíochta. Ábhar sástachta atá ann “gur éirigh le Gaeloideachas, Cearta Oideachais agus dreamanna eile dul i bhfeidhm go dearfach ar an Aire faoin riachtanas a bhaineann le cosaint an mhionlaigh bídeach de chainteoirí dúchais atá sna scoileanna lán-Ghaeilge trí foráil a bheith sna polasaithe iontrála i scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu go dtabharfaí tús áite do na cainteoirí dúchais Gaeilge”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Foráil eile atá riachtanach i gcosaint agus i bhforbairt an oideachais lán-Ghaeilge is ea cead a bheith ag bunscoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina gcuid critéir iontrála i gcás ró-éilimh ar áiteanna do pháistí ó naíonraí. Glacann Gaeloideachas leis an mbunphrionsabal a bhaineann le rochtain oscailte ag gach páiste ar an oideachas lán-Ghaeilge, ach creidtear go ndéanfar dochar don leanúnachas in úsáid agus sealbhú na teanga ag an aois réamhscoile mura mbíonn cinnteacht ann do thuismitheoirí gur féidir leis an bpáiste leanúint ar aghaidh sa chóras oideachais lán-Ghaeilge. Ag staid inar cheart straitéisí a bheith á gcur i bhfeidhm do chosaint agus forbairt na hearnála luathbhlianta trí Ghaeilge, tá bagairt ann dóibh a chosnóidh orthu i dtéarmaí éilimh ar na seirbhísí.

CRÍOCH.

Folúntais i nGaelcholáiste Dhoire

Aibreán 4, 2018

Is meánscoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an ceathrú hiontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2018. Tá múinteoir sinsearach agus triúr múinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil.

Gach eolas: Folúntais GCD 2018

« Previous Page