Méid an Téacs

Cúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí a bhíonn nó a bheidh ag múineadh ábhair éagsúla trí Ghaeilge

Meitheamh 12, 2018

Cúrsa 20 Seachtaine
Luan 7.00 – 9.00 p.m., ag tosnú Dé Luain 10.09.2018.
Táille €300.

Clárú: 05.09.2018 (dáta deiridh).

Cur síos ar an gCúrsa
Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoiri:
(i) ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
(iii) scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.

I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:

A. Tarlúintí i rith an lae
(i) Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne
(iii) Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile
(iv) Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an éiginnteacht, an faitíos srl.)

B. Tarlúintí i rith na seachtaine
(i) Cruinnithe foirne
(ii) Cluichí, clubanna
(iii) Turasanna scoile
(iv) Cuairteoirí, eagraíocht, an bhaint idir an scoil agus an sochaí

Tá an cúrsa seo oiriúnach do:
(i) ábhair mhúinteoirí
(ii) múinteoirí nua-cháilithe
(iii) múinteoirí atá fostaithe cheana féin sna Gaelcholáistí
(iv) múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna sna Gaelcholáistí

Speisialtóirí
Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean taithí acu).

Breis eolais: www.ucc.ie/igl , Teil: 021-4902314, Ríomhphost: m.nishuilliobhain@ucc.ie

Riarthóir Oifige ag teastáil ó Gaeloideachas, conradh 3 bhliana

Meitheamh 8, 2018

Duine le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán labhartha agus scríofa sa Ghaeilge de dhíth.

Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó foluntais@gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV – meánlae, Déardaoin, 21 Meitheamh 2018. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tá an post seo lonnaithe sa phríomhoifig i Marino, Baile Átha Cliath 9.

Scála Tuarastail: €23,107 – 38,724

Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaeloideachas.ie

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta)

Meitheamh 5, 2018

Gach eolas: Dioplóma i Múineadh na Gaeilge 2018-19

Lárionad na Gaeilge
Ollscoil Mhá Nuad
Maigh Nuad
Co. Chill Dara

(01)708 3737

teanga@nuim.ie

www.maynoothuniversity.ie/language

« Previous Page