24 hours in . . . An Ghaeltacht
Lúnasa 16, 2012
Fáilte curtha roimh thorthaí Gaeilge na hArdteiste
Lúnasa 16, 2012
Ní hé amháin gur tháinig méadú ar an líon dalta a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal sa scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 2012 – d’éirigh le céatadán níos airde grádanna A a bhaint amach chomh maith.
Bronnfar torthaí na hArdteiste ar 56,000 dalta scoile inniu agus cuireadh fáilte go forleathan roimh an fhógra gur tháinig méadú 35% ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú matamaitice ag an ardleibhéal i mbliana.
Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin gur tháinig méadú 11% ar an líon duine a thug faoin nGaeilge sa scrúdú.
Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD fáilte roimh an scéal agus dúirt sé gurb iad na hathruithe i mbéaltriail na hardteiste is mó ba chúis leis an athrú sin.
De réir staitisticí atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar maidin, rinne 42,965 dalta scrúdú sa Ghaeilge san Ardteist. Ina measc, thug 15, 937 dalta faoin scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal Sa scrúdú ardleibhéal fuair 7.3% de na hiarrthóirí grád A1 agus fuair 11.3% de na hiarrthóirí grád B1.
San iomlán tugadh grád A do 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal i mbliana, méadú suntasach go maith ón 13.9% ar tugadh grádanna A dóibh sa bhliain 2011.
Thug 22,875 faoin scrúdú ag an ngnáthleibhéal agus fuair 74.2% de na hiarrthóirí grád A, B nó C ag an gnáthleibhéal. Ghlac breis agus 4,000 dalta leis an bpáipéar Gaeilge ag an mbonn leibhéal.
Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Oideachais gur tháinig athrú i mbliana ar an mbealach ina raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus go raibh níos lú béime ar chúrsaí gramadaí sa mhéid is go raibh an bhéim anois ar an nGaeilge labhartha.
Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal atá ann anois agus tá 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe.
Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: fáiltiú, léamh na filíochta, cur síos ar shraith pictiúr agus comhrá.
Léiríodh imní roimhe seo áfach go raibh an t-ábhar á shimpliú ag leibhéal na hArdteiste agus nárbh scrúdú dúshlánach go leor á chur os comhair na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
Foilsithe ar Gaelport.com
Droichead Feirste
Lúnasa 16, 2012
CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 26ú Lúnasa.
Beidh ceolchoirmeacha le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Breandán Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh agus Pádraig Rynne, Dónal Lunny, John McSherry agus Graham Henderson, mar aon le ceardlanna ceoil do thosaitheoirí.
Le cois an cheoil, beidh na scannáin Poitín agus Mise Éire le feiceáil, turas siúlóide logainmneacha, oíche airneáil, dianchúrsa Gaeilge, bunrang Gaidhlig agus imeachtaí do pháistí.
Eolas: www.androichead.com
IRISH TIMES
The ups and downs of results 2012
Lúnasa 16, 2012
Leaving Cert Results: Record numbers get bonus in maths
Lúnasa 16, 2012
Dramatic fall in number failing maths in Leaving Certificate
Lúnasa 16, 2012
Clonakilty Gaelscoil plans approved
Lúnasa 10, 2012
Páistí dátheangacha níos fearr “ag réiteach fadhbanna”
Lúnasa 10, 2012
Tá páistí dátheangacha níos cruthaithí agus níos fearr ag réiteach fadhbanna na páistí le teanga amháin de réir taighde nua.
Thug Ollscoil Srath Chluaidh agus Ollscoil Cagliari tascanna teanga, matamaitice agus fisiciúla do 121 páiste as Albain agus an tSairdín mar chuid de thaighde don ‘International Journal of Bilingualism’.
Léiríodh go raibh 62 páiste dátheangach I bhfad níos fearr ag na tascanna ná na paistí aonteangacha.
Labhair na páistí ó Ghlascú Béarla agus Gaeileg, nó Béarla amháin, agus labhair na páistí ón tSairdín Sairdínis agus Iodáilis nó Iodáilis amháin.
De réir na dtaighdeoirí, bhí torthaí níos fearr ag na páistí dátheangacha toisc go mbíonn níos mó gníomhaíochta inchinne ar bun acu agus iad ag aistriú ó theanga amháin go teanga eile.
D’éirigh níos fearr leis na páistí le Gaeilge ná na páistí le Sairdínis. Mheas na húdair go raibh níos mó ratha orthu de bharr go múintear an Ghaeilge go foirmiúil agus de bharr go bhfuil litríocht forleathan ag an teanga.
www.gaelsceal.ie
Scrúdú Gaeilge á dhéanamh ag níos lú daltaí
Lúnasa 10, 2012
Duine as gach deichniúr díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an teanga.
Bhí díolúine ón scrúdú Gaeilge ag breis agus 7,000 dalta a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana, is féidir le Foinse a nochtadh.
Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ardú 35 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí Ardteistiméireachta nach ndearna staidéar ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht ó 2007.
Ta imní á léiriú maidir leis an ardú 25 faoin gcéad atá tagtha ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúine ón scrúdú Gaeilge faighte acu – ní dhearna 32,792 dalta staidéar ar an ábhar i rith na scoilbhliana seo caite.
Dúirt Michael McCarthy TD gur údar imní é gur in airde atá na figiúirí ag dul. Dar leis, caithfear teacht ar chúiseanna an ardaithe: “Bíonn cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór de na daltaí a fhaigheann díolúine ón ábhar seo. Tá an baol ann go bhfuil an córas ag éirí níos boige, rud nach mór aghaidh a thabhairt air.”
Dúchas
Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a chaith tréimhsí i dtíortha eile, do dhaltaí ó thíortha eile ó dhúchas nó do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu. Ta athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an gcúrsa reatha.
Léiríonn staitisticí na Roinne go ndearna beagnach 16,000 dalta as an 32,792 a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana, staidéar ar theanga Eorpach eile.
Dar leis an Teachta McCarthy ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar an argóint, gur cheart nach mbeadh ar aon duine a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta.
“Má deir daltaí go bhfuil deacrachtaí acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, luífeadh sé le réasún go mbeadh na deacrachtaí céanna acu le teangacha iasachta. Tá gá le cothromaíocht sa chóras áfach toisc nach bhfuil an luach céanna ag an nGaeilge do dhaltaí a bhfuil fonn orthu slí bheatha a bhaint amach taobh amuigh d’Éirinn.”
www.foinse.ie
Áthas for principal and pupils as gaelscoil nua gets go-ahead
Lúnasa 9, 2012