Ainmniúcháin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh fógartha ag Gaillimh le Gaeilge
Márta 23, 2016
Sean Scéal Nua Treoir le haghaidh coimisiún dátheangach 2016
Márta 23, 2016
Is cúis áthais don Axis, Baile Munna agus an Cumann Náisiúnta do Dhrámaíocht na n-Óg an- coimisiún nua a fhógairt do dhráma dátheangach d’ensembles óga a dhéanann iniúchadh ar meon na n-óg i gcomhthéacs na bliana seo, comóradh 1916. . Tá léirithe spéise á lorg ó dhrámadóirí a bhfuil taithí acu ina gceird, atá toilteanach dráma a chur ar siúl ar sainchúram uathúil, maoinithe ag Fondúireacht Phobail na hÉireann.
http://www.nayd.ie/news/press/sean-sceal-nua-treoir-le-haghaidh-coimisiun-datheangach-2016
Local entries encouraged for Irish language film competition
Márta 23, 2016
Folúntas: Gaelscoil na nDéise, Port Láirge
Márta 21, 2016
Tá Gaelscoil na nDéise ag lorg ionadaí sa scoil. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24933/
Léacht Poiblí NUIG: Why multilingualism matters.
Márta 18, 2016
Os cionn 50,000 páirteach i Rith 2016
Márta 18, 2016
Thar thréimhse aon lá déag, ghlac 50,000 duine páirt i ‘Rith 2016’, turas reatha ar son na Gaeilge a chlúdaigh na 32 contae ar fad.
Déantar ‘Rith’ a reáchtáil achan dara bliain agus ba í seo an chéad uair a ndeachaigh an fhéile tríd an tír ina iomláine. Os cionn 700 grúpa, scoil agus eagraíocht a bhí páirteach ann agus bhí sé ar cheann de mhórimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.
Bhí Meon Eile i measc na cuideachta i gCarn Tóchair i nDoire Theas. Seo blaiseadh den chraic agus de na scéalta a bhí ag lucht reatha na Gaeilge agus iad ar camchuairt náisiúnta!
Teachtaireacht an Uachtaráin – Míchéal D. Ó hUigínn
Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ní hé gur rith maith atá déanta ag an bpobal breá daoine a ghlac páirt san éacht seo a bhfuil deireadh ag teacht leis anseo, ach rinne siad rith iontach.
Agus tá sé lánoiriúnach go dtiocfadh siad go dtí an ceann scribe anseo i mBaile Átha Cliath, áit ar déanadh dea-sheasamh, seasamh misniúil cróga 100 bliain ó shin.
Deirtear go mbíonn intinn shláintiúil sa chorp folláin. Mens sana in corpore sano. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh baint ag an nGaeilge le sláinte na tíre, sláinte agus folláine intinne agus meoin sa chéad áit, ach sláinte a rachadh chun sochair an phobail i gcoitinne ar gach slí.
Bhain an Ghaeilge leis an athbheochan ghinearálta spride a thug ardú meanman don náisiún agus a bhfuil comóradh speisialta á dhéanamh againn air i mbliana.
Agus tá feidhm ag an nGaeilge fós san athbheochan spride agus misnigh is gá a bheith againn sna blianta amach romhainn.
Chuaigh an Ghaeilge amach ar fud na tíre ag tabhairt eolais agus féinmheas do na daoine i mblianta tosaigh na hathbheochana.
Feicimse cosúlachtaí idir an teachtaireacht a scaip siad an t-am sin agus an gaisce taistil seo inar ghluais daoine le Gaeilge den scoth, nó le Gaeilge mheirgeach, nó le Gaeilge a bhí leathdhearmadta, nó iad siúd nach raibh acu ach an cúpla focal féin ó Chorca Dhuibhne go Carn Tochair agus na céadta áit idir eatarthu sna 32 contae den oileán seo ag taispeáint agus ag léiriú go bhfuil beatha agus tiomáint agus brí sa teanga in ainneoin cora crua na staire.
Bhí dea-mhéin agus dea-thoil don Ghaeilge á iompar acu fan na slí, agus tá gá leis an dea-mhéin agus leis an dea-thoil sin mar bhuntuiscint ar féidir linn tógáil uirthi.
Gaiscígh ba ea na daoine a bhain saoirse amach don stát seo; gaiscígh ba ea na gnáthdhaoine a thug tacaíocht dóibh; gaiscígh ba ea na laochra sin a thug dínit ar ais dúinn trína gcuid oibre ar son na Gaeilge; agus gaiscígh in bhur mbealach féin is ea sibhse, atá ag leanacht den traidisiún uasal luachmhar sin.
Físeán ar fáil anseo
Ceiliúradh sa phobal le cead tugtha d’fhoirgneamh nua Gaelscoil Aodha Rua
Márta 18, 2016
Ó Pheann an Phiarsaigh – Liosta na n-imeachtaí
Márta 16, 2016
Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh.
Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2016.
_______________________________
CLG Ghaoth Dobhair – Dé Sathairn, 19 Márta
Halla Naomh Pádraig, An Srath Bán – Dé Domhnaigh, 20 Márta
Áislann Rann na Feirste – Aoine an Chéasta, 25 Márta
An tSean Bheairic, An Fál Carrach – Dé Domhnaigh, 27 Márta
Halla Paróiste Chill Chartha – Déardaoin, 31 Márta
Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste – Dé Sathairn, 2 Aibreán
Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn – Dé Luain, 4 Aibreán
Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath – Dé Céadaoin-Dé Sathairn, 13-16 Aibreán 2016
Tábhachtach: I gcás sheó Bhaile Átha Cliath, ní bheidh ticéid ar díol ag doras – is gá iad a cheannach roimh ré anseo: https://opheannanphiarsaigh.eventbrite.ie
_______________________________
Blaiseadh beag den dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir:
http://tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/
Rehab Recycle
Márta 15, 2016
Soláthraíonn Rehab Recycle ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce ar phraghas iomaíoch ag tosú ag €85. Díoltar gach ríomhaire le baránta agus déanann Rehab Recycle iad a sheachadadh ar fud na tíre. Tá tairiscintí speisialta ar fáil do scoileanna, do charthanais agus d’eagraíochtaí poiblí.
Le tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig: nuala.sheedy@rehabrecycle.ie
Ravelóid – Deireadh le Ticéad Luathphraghais Lá ‘Le Pádraig
Márta 15, 2016
Tá deireadh le ticéad luathphraghais ar Lá ‘Le Pádraig agus ba mhaith le Ravelóid lascaine €10 breise ar thicéid Ravelóid a thabhairt leis an gcód seo a leanas – GaeL@rav3 Téigh chuig – http://www.eventbrite.ie/e/raveloid-tickets-18932067323 le do ticéad a fháil!!