Príomhoide ceaptha ar ghaelscoil nua na Céime
Bealtaine 16, 2013
Osclófar Gaelscoil nua sa Chéim i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.
Beidh an scoil nua lonnaithe i sráidbhaile Aiken. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.
Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile sa Chéim i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.
I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, sa Chéim san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013. .
Cuir aithne ar an bpríomhoide nua: Conchúr Ó Raghallaigh
“Rugadh agus tógadh mé i gCluain Dolcáin. Táim i mo chónaí i Leamhcán faoi láthair.Tá grá agus paisean agam don oideachas. Creidim go láidir sna buntáistí a thagann leis. Bainim taitneamh as daoine a spreagadh agus aithním an neamhspleáchas agus indibhidiúlacht i bpáistí.
“Tá céim sa Bhéarla agus san Eacnamaíocht, Ard-Dioplóma san Oideachas (Bunleibhéal) agam agus táim ag cur críoch le Dioplóma Iarchéime sa Cheannasaíocht Oideachasúil in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad faoi láthair.
“Táim tar éis mo mhúinteoireacht ar fad a chaitheamh i nGaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán. Táim tar éis gach leibhéal ó na naíonáin go Rang 6 a mhúineadh ann. D’fhoghlaim mé an-chuid anseo agus tá sé i gceist agam mo thaithí a chur in úsáid go héifeachtach sa Chéim.
“Táim ag súil go mór leis an dúshlán a mbaineann leis an bpost seo. Táim ag súil go mór leis an Ghaeilge a spreagadh sa Chéim chomh maith. Ceapaim gur seans iontach é seo dúinn an Ghaeilge a fhorbairt i measc na ndaoine óga!! Ar leibhéal pearsanta táim ag súil leis an bhforbairt ghairmiúil a bheith á dhéanamh agam.
“Táim an-bhródúil as an ról nua seo a ghlacadh. Is ard-chaighdeán oideachais trí mheán na Ghaeilge a bheidh againn sa Chéim le béim ar talún agus indibhidiúlacht dhaltaí na scoile a cheiliúradh.”
Turais do scoileanna SAOR IN AISCE! – Ionad Cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann
Bealtaine 16, 2013
Is ionad nua, oideachasúil é Ionad Cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann atá suite ar Ché na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath. Níl aon chostas ag baint le turais do scoileanna agus maireann gach turas 60 go 90 nóiméad. Cuirimid turais ar fáil trí Ghaeilge.
Cuirimid Pacáiste Oideachais chuig an múinteoir roimh an turas, rud a thugann seans don mhúinteoir ceachtanna bunaithe ar an ábhar a dhéanamh roimh ré. Tá nasc láidir ann idir an turas agus an curaclam mar gheall ar Eolaíocht, Stair, Mata agus Tíreolaíocht ach go háirithe.
Foghlamaíonn daltaí ar cuairt faoi stair na n-uiscebhealaí agus an nasc atá acu le cursaí taistil, turasóireachta agus siamsaíochta. Bíonn an deis ag daltaí báirse a thiomáint, tráth na gceist idirghníomhach a dhéanamh agus blas a fháil den saol ar na báid.
Oireann ár n-ionad do ghrúpaí faoi 30 duine agus is féidir ár dturas a chur le turas scoile eile atá beartaithe agat roimh ré.
Ar Oscailt
Dé Céadaoin – Dé Domhnaigh 10.00 go 18.00
Tuilleadh eolais:
www.waterwaysirelandvisitorcentre.org
Cormac / Mairéad 01-6777510
Ciorcal Comhrá i dTamhlacht
Bealtaine 16, 2013
Bíonn ciorcal comhrá ar siúl gach Déardaoin ar a 8 i dteach tabhairne Molloy’s, sa tolglann, i sráidbhaile Thamhlachta.
Fáilte roimh chách.
Le tuilleadh eolais, ní gá duit ach glaoch a chur ar Phól ag 087 9253483 nó r phost a chur ag paulomeara07@hotmail.com.
Anseo – Aip Nua Gaelach ag Cruthú an Ghaeltacht Digiteach
Bealtaine 16, 2013
Is aip nua Gaelach é Anseo, cruthaithe ag Diaga Teo. agus dírithe ar lucht na Gaeilge ar fud na tíre. Ach cé, go háirithe, a bhfuil sé dírithe ar? Agus cad iad na buntáistí a bhaineann leis an aip?
Tá dhá sórt ballraíocht i gceist leis: úsáideoirí aonair agus grúpaí. Idir na grúpaí atá i gceist, beidh gnóthaí, grúpaí pobail, scoileanna agus na heagraíochtaí eile a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Mar sin de, is féidir leis na húsáideoirí aonair daoine eile agus na grúpaí a fheiceail ar léarscáil, agus, ar ndóigh, teagmháil a dhéanamh leo.
Ach, tá an aip seo feasach ar shuíomh tóisc go úsáidtear GPS. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an aip dírithe ar leibhéal an phobail. Mar shampla, dá n-osclódh úsáideoir i gcathair na Gaillimhe an aip, feicfeadh siad na húsáideoirí eile atá in aice leo sa chathair agus, chomh maith le sin, tá siad in ann an áit ina bhfuil gach eagraíocht Gaelach eile (gnóthaí, scoileanna, grúpaí pobail, srl.) sa chathair a fheiceáil. Beidh an úsáideoir in ann dul i dteagmháil leis na grúpaí sin freisin.
Ach cad iad na buntáistí a bhaineann leis an aip seo do ghaelscoileanna agus gaelcholáistí? Tá an freagra simplí: infheictheacht. Beidh na mílte úsáideoirí, ar fud an domhain, in Éirinn agus go háirithe i do cheantar in ann do scoil a fheiceáil. Idir na húsáideoirí sin beidh Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus a lán daoine eile, agus iadsan go léir in ann an scoil agus na himeachtaí a eagraíonn sí a fheiceáil.
Go minic, braitheann rath na scoile ar an infheictheacht, agus ag an am ceanna, braitheann rath na Gaeilge ar an oideachas. Tá an aip Anseo deartha chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus lucht na Gaeilge a chur le chéile, ach ní bheidh sé in ann é sin a dhéanamh gan cabhair ó phobal na Gaeilge fhéin. Dá bhrí sin, cláraigí linn ar www.anseoapp.com agus cabhraigí linn an Ghaeltacht digiteach a chruthú.
Foirgneamh Scoile Nua do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
Bealtaine 16, 2013
Is mian le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Mhic Amhlaigh a dheimhniú go bhfuil glactha aige le tairiscint athbhreithnithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an togra tógála atá beartaithe don scoil.
Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don Bhord go mbeidh na pointí seo a leanas curtha san áireamh sa tairiscint athbhreithnithe:
- Athlonnú Ghaelscoil Mhic Amhlaigh go láithreán úrnua i gceantar Chnoc na Cathrach. Tá an Roinn ag lorg suíomh oiriúnach i láthair na huaire.
- Cur chun cinn, chomh fada le chéim pleanála Ailtireachta agus tógála, scoil nua 24 seomra ranga do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ar an suíomh sin faoin gClár Caipitiúil Tógála reatha 5 bliana na Roinne .
- Go mbeidh an tEaspag Máirtín Drennan ag leanúint ar aghaidh mar Phatrún na scoile.
Tá aitheantas tugtha ag an Roinn do mhian an Bhoird Bhainistíochta go bhféadfaí Naíonra a lonnú ar an suíomh, agus tá sé deimhnithe acu go ndéanfar gach iarracht suíomh a aithint agus a aimsiú ar féidir Naíonra a lonnú air. Tá an Bord Bainistíochta sásta go ndéanfar amhlaidh.
“Agus fáilte á chur ag an mBord Bainistíochta roimh an bhforbairt dhearfach seo, gabhann sé buíochas leo siúd a thug tacaíocht don scoil san fheachtas a bhí ar bun acu le bliana anuas le cóiríocht cuí a fháil, go háirithe tuismitheoirí, múinteoirí, ionadaithe pobail agus pobal Chnoc na Cathrach i gcoitinne. Tá an Bord Bainistíochta ag tnúth le comhoibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an tionscadal a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Dúirt an Bord chomh maith go bhfuil an fhorbairt seo tráthúil agus go dtabharfaidh sé soiléireacht agus cinnteacht do thuismitheoirí , do Phátrúin agus don phobal i gcoitinne maidir le háiteanna scoile breise a chur ar fáil i gceantar Chnoc na Cathrach ag am go bhfuil tús curtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le patrúntacht scoil nua don cheantar”.
Tuilleadh eolais le fáil ag 091-590152
Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)
Bealtaine 16, 2013
Tá ráchairt i gcónaí ar dhaoine a bhfuil ardscileanna acu sa Ghaeilge scríofa, san aistriúchán agus san eagarthóireacht.
Is cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain é seo do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta agus cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach. Díreofar sa chúrsa ar raon leathan téacsanna a aistriú go Gaeilge, ar chruinneas Gaeilge agus cúrsaí stíle agus ar fhadhbanna coitianta a aithint agus a réiteach.
Tuilleadh eolais ar fáil ó teanga@nuim.ie
Suíomh gréasáin: http://www.nuim.ie/language/courses/hdip-trans.shtml
Teil: 01 7086417 / 7083737 00353 (0)1 / 7086417
Ionad na dTeangacha
Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Má Nuad
Co. Chill Dara
Beidh an cúrsa teoranta do 30 duine.
Dáta deiridh do na hiarratais: 7 Meitheamh 2013
Foilsithe ar Gaelport.com
BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Acadamh na hOllscolaíochta: Seisiún Eolais i mBaile Átha Cliath
Bealtaine 15, 2013
Tá BA sa Ghaeilge Fheidhmeach á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheidh á sheachadadh ar líne den chuid is mó ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana.
Tá an cúrsa dírithe ar fhoghlaimeoirí lánfhásta ach aithneofar mic léinn a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair.
Cuireann an cúrsa seo an oiliúint riachtanach ar fáil do rannpháirtithe ar mhian leo gairm a bhunú sna réimsí seo a leanas:
- Aistriúchán
- Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
- Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
- Margaíocht agus cumarsáid
- An earnáil oideachais
- An Státseirbhís agus údaráis áitiúla
- An earnáil phobail agus ghnó
Beidh seisiún eolais faoin BA ar siúl in oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ar an Máirt, 21 Bealtaine 2013 ar 6.30 i.n. Tá fáilte roimh chách teacht agus éisteacht leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcúrsa agus freagra a fháil ar cheist ar bith.
Cuirfear tús leis an gcúrsa i mí Mheán Fómhair 2013 agus is gá clárú lena aghaidh roimh 23 Lúnasa 2013. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.
Foilsithe ar Gaelport.com
Leabhar nua do mhúinteoirí bunscoile á sheoladh
Bealtaine 15, 2013
Seolfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG leabhar nua, ‘Gníomhachtaí Gasta : 60 Gníomhaíocht Chumarsáide’ don Rang Gaeilge le Siobhán Patten in ionad Ghaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath ar an Déardaoin, 30 Bealtaine 2013 ag 6.30i.n.
Tá an leabhair seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile le 60 gníomhaíocht spraíúil chumarsáide ar fáil sa leabhar. Pléitear go mion na pleananna ceachta, rud a chuirfidh ar chumas múinteoirí cumarsáid nádúrtha agus foghlaim éifeachtach a chothú sa rang Gaeilge.
“Cé go bhfuil béim i gcúrsaí múinteoireachta ar an gcur chuige cumarsáideach le blianta, bíonn sé deacair teacht ar mhodhanna éifeachtacha le cumarsáid a spreagadh sa seomra ranga,” a deir Siobhán Patten, údar an leabhair.
Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Is féidir Gníomhaíochta Gasta a cheannach ar www.siopa.ie ar €34.95 agus is féidir féachaint ar ábhar samplach ón leabhar anseo.
Le linn na hócáide céanna, bronnfar a gcuid teastas ar na chéad mhic léinn atá tar éis an cúrsa Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéal 4) a chríochnú agus an cháilíocht a bhaint amach.
Foilsithe ar Gaelport.com
BA (Gaeilge Fheidhmeach) Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Bealtaine 14, 2013
Cúrsa eisceachtúil an chéim seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Is é seo an t-aon chlár in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i saol agus léann na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú. Fágann modh seachadta an chúrsa go mbeidh deis ag mic léinn ar scoth an teagaisc ach nach mbeidh ualach míréasúnta taistil orthu. Tá an chéim á tairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge.
Cé air a bhfuil an chéim seo dírithe?
Foghlaimeoirí lánfhásta is mó a bhainfidh tairbhe as an gcúrsa seo. Tabharfar aitheantas do mhic léinn a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair. Is féidir leat cáilíocht a bhaint amach anois de réir a chéile agus de réir mar a fheileann duitse.
Cáilíocht a bhainfear amach
Bronnfar céim (NQAI leibhéal 8) ar mhic léinn a chríochnaíonn na ceithre bliana den chúrsa (i.e. 180 ECTS). Bronnfar creidmheasanna in aghaidh an mhodúil freisin. Sásaíonn an cháilíocht seo bunchritéir na Comhairle Múinteoireachta i leith mhúineadh na Gaeilge mar ábhar ardteiste
Riachtanais iontrála
- Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal)sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile.
- Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.
Cé mar a dhéanfar an clár a sheachadadh?
Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana agus bainfear leas as foghlaim chumaiscthe lena tairiscint. Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúil. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá gcúinsí maireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile.
Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé freisin. Sa chéad agus sa dara bliain den chéim seachadfar na ranganna teanga in ionaid de chuid na hOllscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.
Cuimseoidh siollabas an chláir
- Ceartúsáid na teanga
- Cúrsaí litríochta
- Béaloideas agus stair chultúrtha
- Gnéithe den aistriúchán agus den iriseoireacht
An Córas Measúnachta
Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar líne i rith na bliana acadúla. Measúnófar na modúil uile ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnuithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an tseimeastair.
Deiseanna Fostaíochta i réimse na Gaeilge
Bíonn éileamh ar chéimithe le Gaeilge Fheidhmeach sna réimsí seo:
- Aistriúchán
- Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
- Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
- Margaíocht agus cumarsáid
- An earnáil oideachais
- An Státseirbhís agus
- údaráis áitiúla
- An earnáil phobail agus ghnó
Lacáiste Cánach
Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach do tháillí teagaisc ar an gcúrsa seo. Tuilleadh eolais le fáil ar http://www.revenue.ie/ga/tax/it/leaflets/it31.html
Líon mac léinn: 60
Táille Bhliantúil: €3055
Táille in aghaidh an mhodúil (5ECTS): €340 (Beidh tobhach €56 le híoc ag mic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa seo.)
Iarratas a dhéanamh: www.oegaillimh.ie/acadamh nó www.oegaillimh.ie/gaeilge
Tús an Chúrsa: Mean Fómhair 2013
Cláraigh roimh: 23ú Lúnasa 2013
BunGhaeilge ar fáil mar aip d’fhóin chliste
Bealtaine 14, 2013
Seolfaidh Forbairt Naíonraí Teoranta aip nua bunaithe ar leabhar frásaí, ‘BunGhaeilge’ ar an gCéadaoin seo, 15 Bealtaine 2013.
Tá an aip seo á forbairt ag FNT le bliain anuas agus is éard atá i gceist ag an eagraíocht a thacaíonn leis an oideachas trí Ghaeilge ná acmhainn iontaofa a chur ar fáil do theaghlaigh ar bheagán Gaeilge nó ar mhian leo cúpla focal a úsáid go rialta ina gcuid gníomhaíochtaí laethúla.
Tá na frásaí roinnte i rannóga éagsúla m.sh. ‘Ar Maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa Siopa’, ‘Sa Ghairdín’, mar atá leagtha amach sa leabhar frásaí ar a bhfuil sé bunaithe, ‘BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí’.
Cuireann an aip ar chumas an fhoghlaimeora éisteacht le foghraíocht na bhfrásaí agus athrá a dhéanamh orthu os ard. Mar sin, ní do theaghlaigh amháin an áis seo ach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge chomh maith. Is é an leagan caighdeánach den aip a sheolfar ar dtús ach eiseofar leaganacha le mór chanúintí na Gaeilge amach anseo, gné a chuideoidh go mór le foghraíocht an fhoghlaimeora.
Seasann forbairt na haipe seo mar chéim mhór i dtaobh úsáid na teicneolaíochta i gcur chun cinn na Gaeilge agus táthar ag súil go gcuideoidh an áis le teaghlaigh ar fud an domhain agus iad ag múineadh na teanga don chead ghlúin eile.
Beidh BunGhaeilge ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar gach fón cliste, ón siopa Android ón 15 Bealtaine, agus ó shiopa Apple faoi thús na míosa seo chugainn.
Foilsithe ar Gaelport.com