Méid an Téacs

Scolaireachtaí do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2015

Aibreán 28, 2015

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scolaireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reachtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 18-25 Iúil 2015. Bronnfar 5 scolaireachtaí de luach €1000 an ceann agus 10 scolaireachtaí de luach €500 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 11ú Bealtaine go Aoine 15ú Bealtaine. Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scolaireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net

An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Aibreán 28, 2015

Scéal iomlán ag:  www.southernstar.ie

Dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath

Aibreán 22, 2015

Beidh dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo, ‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’.

Ionad: Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuileann, Raghnallach (Luas chuig Coill na Feá; busanna 11, 18, 44, 61; páirceáil sráide amháin – ní bheidh aon spás páirceála istigh san ionad féin)
Dátaí: 23 agus 24 Aibreán (Déardaoin agus Aoine)
Am: 8pm
Ticéid: €10 (€8 do mhic léinn agus do phinsinéirí) – le ceannach ar an oíche
Clár: ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, drámaithe ag Celia de Fréine

Eolas agus lascainí do ghrúpaí: 087 2940476

Siansa Gael Linn beagnach buailte linn!

Aibreán 14, 2015

Is ar an Domhnach seo chugainn, an 26 Aibreán, a bhaileoidh plúr ceoltóirí óga na tíre seo agus lucht leanta an cheoil le chéile sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ag 7.30 i.n. le haghaidh chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2015, ceann de mhórócáidí ceoil thraidisiúnta na bliana

Beidh ocht ngrúpa ceoil ag glacadh páirt sa chomórtas san iomlán. Is iadsan:

Pléascadh, Leac Snámha, Co. Chiarraí
Gliondar, Coláiste Íde agus Iosef, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
Faoiseamh, Corafinne, Co. an Chláir
Glór Mhaigh Eo, Coláiste Daibhéad, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Beogacht, Coláiste na nUrsulach, Sligeach.
Meargánta, Ard Mhacha
Na Rógairí, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Baile Átha Cliath.
Caiseach, Ceoltóirí Bhaile na Manach, Co. Átha Cliath.

Faoi dheireadh na n-imeachtaí, beidh ceann de na grúpaí thuasluaite caithréimeach ag dul abhaile dóibh agus gradam Siansa Gael Linn buaite acu. Corn Gael Linn agus seic €2,500 an duais atá le buachtaint!

Is den chéad uair a chloisfear Pléascadh, Gliondar, Faoiseamh, Beogacht agus Caiseach, rud a léiríonn bisiúlacht agus treise ceoil thraidisiúnta na tíre seo agus an gealladh atá faoi ar na saolta seo. Ag filleadh chun stáitse beidh ‘Glór Mhaigh Eo’ agus ‘Na Rógairí’, agus chualathas baill de ‘Meargánta’ ag casadh cheana le grúpaí eile.

Craolfar Siansa beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh tuairisc chuimsitheach agus alt breá ar an ócáid san iris Irish Music Magazine. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

Ticéid €12 (€6 do dhaltaí) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie.

Griangraif ar fáil ag www.tuairisc.ie

Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste ag ceiliúradh 10 mbliana

Aibreán 14, 2015

Naoi nGaelscoil ó chontae Aontroma agus ón ceantar maguaird a chuaigh chun ardáin ag Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste, atá ag ceiliúradh deich mbliana a bunaithe.

Thosaigh Seán Mac Labhraí an fhéile thiar in 2005 agus tá sé anois faoi stiúir Sheáin Fennell agus a chéile, Fionnuala Ní Mhealláin.

Thóg Gaelscoil na bhFál gradam scoithléiriú na féile leo don tríú bhliain as a chéile. Seo chugaibh buaicphointí ó fhéile na bliana seo chomh maith le caint ó na rannpháirtíthe agus lucht a eagraithe.

Tá físeán curtha le chéile ag Meon Eile anseo: www.meoneile.ie

Taighde Nua: Soláthar Múinteoirí Ábhar do na hIarbhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta

Aibreán 13, 2015

Taighe ar Sholáthar Múinteoirí Ábhar do na hIarbhunscoileanna LánGhaeilge & Gaeltachta le Seán Ó Grádaigh, Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Curtha in Eagar ag Sinéad Ní Ghuidhir & Brendan MacMahon

Ar fáil ag: http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/cogg-sea%CC%81n-o%CC%81-gra%CC%81daigh.pdf

Saoire Gaeilge do theaghlaigh i gCiarraí agus i nDún na nGall

Aibreán 2, 2015

Tá Glór na nGael ag reáchtáil trí ócáid laethanta saoire teaghlaigh le linn an tsamhraidh seo. Mar a bhí roimhe seo, beidh saoire samhraidh ann do theaghlaigh sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ón 8 go dtí 15 Lúnasa agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo.

Tá dhá shaoire eile de sheachtain amháin an ceann á reáchtáil ag Glór na nGael san Ionad Oideachais agus Traenála i nGartán, Co. Dhún na nGall. Beidh an chéad seachtain saoire i nGartán ar siúl ó 11 go dtí 18 Iúil agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo. Beidh an dara seachtain saoire i nDún na nGall ar siúl ó 19 go dtí 24 Iúil agus beidh an ócáid seo dírithe ar theaghlaigh nach bhfuil labhairt na Gaeilge ag duine de na tuismitheoirí. Beidh ranganna idirghníomhacha comhrá Gaeilge ar siúl le linn na seachtaine do thuismitheoirí gan líofacht sa teanga le cuidiú leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Is saoire eachtraíochta iad seo agus beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ó lá go lá a bheidh oiriúnach do pháistí d’aoiseanna difiriúla agus a gcuid tuismitheoirí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí dul i dteagmháil le:
Glór na nGael ar 00353 58 24642 nó ar ríomhphost ag marcas@glornangael.ie.

Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg 2015

Márta 30, 2015

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go mbeidh ÉIRE, DEN CHÉAD UAIR RIAMH, páirteach i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg 2015. Seó mórthaibhseach 2 uair an chloig a bheidh i gceist, a chraolfar beo as mórchathair éigin san Eoraip i mí na Samhna 2015.

Ar shraith siamsaíochta an fómhar seo, roghnóidh TG4 amhránaí nó grúpa amhránaithe le hamhrán nua-chumtha Gaeilge chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san Eoraip. Tig le daoine óga a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bheidh ós cionn 10 mbliana d’aois agus faoi bhun 15 bliana d’aois ar dháta craolta an tseó iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo.

Reáchtálfar éisteachtaí i bpríomh-ionaid ar fud na hÉireann. Tuilladh eolais le fáil anseo http://www.tg4.ie/ie/programmes/junior-eurovision-2015.html 

Blitz Tras-Tíre na nGaelscoileanna 2015

Márta 18, 2015

Bhailigh na páistí le chéile ar mhaidin tais chun dul in iomaíocht thar ceithre rás éagsúla sa phárc taobh le Gaelscoil Inse Chór le déanaí. Chuir na cailíní faoi 10 tús le cúrsaí ag rith thar 400m. B’iad Lios na n-Óg a sheas amach sa rás seo agus na scoileanna eile ag iarraidh fanacht leo.

Lean na buachaillí faoi 10 le rás 5oom. Bhí sé soiléir anois go raibh caighdeán fíor láidir i mbliana as na scoileanna eile idir Ghaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Bharra, Gaelscoil Chnoc Liamhna agus Scoil Mológa.

Chuir na cailíní tús len sraith sinsearach thar 600m le cailíní Inse Chór ag troid don chéad áit sa rás seo. Chuir na buachaillí sinsireach críoch le maidin iontach thar 800m agus gan éinne ábalta fanacht le luas an mbuaiteoir ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna.

Siar sa halla bhí soláistí, boinn, teastaisí agus cúpla focail roimh a d’imíomar ar ais chuig ár scoileanna féin agus ag súil len mBlitz 2016!

Blitz

Blitz2

Blitz3

Tobhshlua i dTamhlacht

Márta 13, 2015

Comhghairdeas mór leis na daltaí ó Scoil Chaitlín Maude agus Scoil Santain a ghlac páirt sa tobhslua i dTamhlacht inniu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Bhí siad thar cionn agus bhain an lucht féachana an-taitneamh as an imeacht.

Tá físeán gearr le feiceáil anseo: Tobhslua i dTamhlacht

« Previous PageNext Page »