Méid an Téacs

Oscailt Oifigiúil Gaelscoil na Giúise ar Aoine 13ú Meitheamh 9.30.r.n.

Meitheamh 10, 2014

Ná déanaigí dearmad go mbeidh oscailt oifigiúil na scoile ar siúl an Aoine seo ar 9.30r.n in Ionad Pobail Theach na Giúise leis an aoi speisialta Bernard Dunne i láthair. Fáilte roimh cách.

Don’t forget our official opening is on this Friday at 9.30am in the Firhouse Community Centre with special guest Bernard Dunne officiating on the day. All welcome.

Gaelscoil na Giúise ar Facebook

Físeán ón Happy Family Day i nGáirdíní Uíbh Eachach

Meitheamh 6, 2014

D’fhreastail Gaelscoileanna Teo. ar féile Family Fun eagraithe ag One Family i nGairdíní Uíbh Eachach i mí Bealtaine. Bhí an-spraoi ann ar an lá, mar a léiríonn an físeán seo: Happy Family Day

Lá Luthcleasaíochta Idirscoile

Meitheamh 6, 2014

Tháinig 6 scoil le chéile do Lá Luthcleasaíochta Idirscoile san Ionad Lúthcleasaíochta “Le Chéile” i Léim an Bhradáin ar an 23ú Bealtaine.

‘Siad an scoileanna ghlac páirt ná:

  • Gaelscoil Uí Fhiaich, Maigh Nuad
  • Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Bóinne
  • Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin
  • Scoil Uí Riada, Cill Choca
  • Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán
  • Scoil Choca Naofa, Cill Choca

Fiú nach Gaelscoileanna iad ar fad reachtáladh imeachtaí an lae ar fad trí Ghaeilge. Ghlac nís mó na 300 páiste páirt ann.

Táimid thar a bheith buíoch do Chlub Luthcleasaíochta “Le Chéile” a thug an láthair dúinn saor in aisce agus do na tuistí agus na múinteoirí ar fad a chabhraigh leis an eagrúcháin ar an lá. Tá buíochas faoi leith ag dul chuig Déaglán Ó Drisceoil a d’eagraigh gach rud!

Bhain slua mór páistí taitneamh agus tairbhe as an lá, táimid ag súil le ceann eile a eagrú go luath.

Máirín Ní Chéileachair, Gaelscoil Uí Fhiach

Nuachtlitir Futa Fata

Meitheamh 6, 2014

Nuachtlitir Futa Fata Meitheamh 2014

Scoth na drámaíochta i nGaelscoil an Chuilinn

Meitheamh 5, 2014

Bhuaigh Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon i nGaelscoil an Chuilinn craobh na hÉireann le déanaí sa Féile Scoildrámaíochta le dráma úr nua ‘An Cóisir’.

Tháinig Méara Fhine Gall, Kieran Dennison, le duaiseanna a bhronnadh orthu. Comhghairdeas leo!

www.gaelscoilanchuilinn.ie

RSCN2720

RSCN2721

 

Foirgneamh nua do Ghaelscoil Éadan Doire

Meitheamh 5, 2014

Tá Gaelscoil Éadan Doire an-sceitimíneach maidir leis an bhfoirgneamh nua a bheidh acu an bhliain seo chugainn. Tá obair tógála ar bun faoi láthair agus beimid ag súil go mór le ré nua na scoile nuair a bhogann siad isteach ann!

www.gseadandoire.ie

Gaelscoil Éadan Doire

Nuachtlitir an Fhorais Phátrúnachta

Meitheamh 5, 2014

Ar fáil ar líne anseo!

Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin ag oscailt i Meán Fómhair 2015

Meitheamh 5, 2014

Tá sé deimhnithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí go n-osclóidh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin don chéad uair i Meán Fómhair 2015, agus tá íomhánna den scoil mar a shamhlaítear í le híoslódáil anseo: Gaelcholáiste

Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le coiste bunaithe na scoile agus pobal Charraig Uí Leighin as an obair ar fad atá déanta acu leis an gcloch mhíle seo a bhaint amach, is cinnte go mbeidh rath ar an scoil amach anseo agus cuirfear gach tacaíocht ar fáil di agus í ag forbairt agus ag fás.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil le fáil ach teagmháil a dhéanamh le coiste bunaithe na scoile trí ríomhphost a chur chuig gaelcholaistecarrigaline@live.ie.

Coiste iarbhunscoile Phort Laoise ar Midlands 103, 5 Meitheamh ag 10.30

Meitheamh 4, 2014

Bígí ag éisteacht! www.midlandsradio.fm

Tionól Teagaisc 2014

Meitheamh 3, 2014

Beidh an Tionól Teagaisc 2014 ar siúl ar an 29ú Samhain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Tá ríméid orainn go mbeidh an Tionól ar siúl san fhoirgneamh úrnua sa choláiste.Is é seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil an mhórócáid seo eagraithe ag an tSéirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM).

Tugann an Tionól Teagaisc fóram poiblí, comhghleacaíoch do mhúinteoirí Gaeilge dea-chleachtas an tseomra ranga a roinnt ar a chéile, tuairimí, cur chuige agus straitéisí a mhalartú agus deis labhairt lena chéile.  Beidh clár an Tionóil  agus an foirm clárúcháin ar shuíomh PDST go luath.

Má tá suim agat cur i láthair a dhéanamh agus dea-chleachtas ón seomra ranga Gaeilge a léiriú do mhúinteoirí Gaeilge eile líon isteach an fhoirm seo roimh an Aoine 6 Meitheamh 2014: nasc anseo

Má theastaíonn uait clárú le tuilleadh eolais a fháil faoin Tionól Teagaisc 2014 ag tús na scoilbhliana seo chugainn, cláraigh leis an gcuntas tionolteagaisc@pdst.ie le do thoil.

« Previous PageNext Page »