Méid an Téacs

Comórtas Griangrafadóireachta ‘An Timire’

Nollaig 9, 2013

Spriocdáta: Eanáir 17, 2014.

Téama: An Geimhreadh

* Duaiseanna breátha!
* Dhá rannóg – faoi agus os cionn ocht mbliana déag d’aois.
* Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg.
* Is féidir gach iontrálaí trí phictiúr a chur isteach.
* Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha.
* Foilsítear na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire.

An gceapann tú go bhfuil féith na griangrafadóireachta agat? Nuair a fheiceann tú griangrafanna in irisí nó nuachtáin, an ritheann an nóisean leat go mbeifeá féin in ann pictiúir níos fearr a thógáil? Bhuel, seo é do sheans. Is é “ An Geimhreadh” téama an chomórtais. Breathnaigh ar na griangrafanna samplacha anseo – is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc idir d’obair ar bealach éigin leis an nGeimhreadh. Is féidir díriú isteach ar dhaoine, ar an an aimsir, ar an tírdhreach, ar chathracha agus bailte, ar an nadúr nó pé ábhar ar bith eile a thaitníonn leat.

Na duaiseanna?

Tá dhá rannóg sa gcomórtas: (1) Dóibh siúd atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. (2) Dóibh siúd atá os cionn ocht mbliana déag d’aois.

Sa rannóg (1) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.

Sa rannóg (2) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.

Déanfaidh coiste eagarthóireachta an Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste.

An bhfoilseofar saothar na mbuaiteoirí?

Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Earraigh den Timire.

Cá seolfaidh mé mo phictiúir?

Is féidir na griangrafanna a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com

Nó, is féidir cóipeanna crua a sheoladh chuig: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2. Ná déan dearmad gurb é trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh an comórtas. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas.

Aimsir – aip nua Ghaeilge

Nollaig 9, 2013

Réamhaisnéisí mionsonraithe aimsire trí Ghaeilge don iPhone

Is tionscnamh de chuid Moonswing, atá lonnaithe i mBaile Átha Luain, é Aimsir – aip nua a chuireann síos ar chúrsaí aimsire trí Ghaeilge.
Úsáidtear sonraí ó Léarscáil Aimsire Oscailte (OpenWeatherMap) le réamhaisnéisí cruinne agus sonracha a sholáthar trí Ghaeilge.
Cuirtear síos ar chúrsaí aimsire ar bhonn reatha nó ar bhonn seacht lá agus anuas ar réamhaisnéis ginearálta, cuireann Aimsir eolas ar fáil freisin ar threo agus neart na gaoithe, brú atmaisféarach agus bogthaise.
Chomh maith le cur síos ar chúrsaí aimsire a sholáthar, is í aidhm na haipe ná raon leathan stór focal Gaeilge a thabhairt don úsáideoir.

Tá cuid mhór de na sonraí aimsire tugtha i bhfoirm téacs agus cuirtear síos ar na focail agus na frásaí i ngluais mionsonraithe, áit a dtabharfar aistriúcháin ar na focail mar aon le huirlisí úsáideacha eile a chuireann ar chumas an fhoghlaimeora dul i dtaithí le huimhreacha agus dátaí a úsáid trí Ghaeilge.
Tá sé i gceist ag Moonswing go leor gnéithe eile a chur le Aimsir amach anseo, gearrthóga fuaime do stór fhocal na Gaeilge san áireamh.
Tá Aimsir ar fáil le híoslódáil ar fud an domhain ó shiopa Aip iTunes. https://itunes.apple.com/ie/app/aimsir-irish-language-weather/id764362817?mt=8

Foilsithe ar Gaelport.com

Neart Bronntanas Gaeilge ar fáil don Nollaig

Nollaig 9, 2013

Tá aimsir na Nollag linn arís agus tá siopaí na tíre plódaithe ó mhaidin go hoíche agus cuardach na bronntanas Nollaig is fearr faoi lán seoil le tamaill anuas.

Idir bhréagáin, éadaí, leabhair agus gach sórt eile níl deireadh go deo le réimse na n-earraí Gaeilge atá ar fáil i mbliana agus is iontach an deis í an Nollaig leis an teanga a spreagadh i measc daoine ar gach aois. Tá réimse leathan d’ earraí Gaeilge ar fáil le ceannach anois i siopaí éagsúla timpeall na tíre agus ar ndóigh ar líne.
Beidh Margadh Nollag Shop ‘n Spraoi na Nollag ar siúl i gCathair na Mart ón 13 – 15 Nollaig 2013 áit a mbeidh seastáin ag déantóirí agus ceardaithe áitiúla agus bia, maisiúcháin, daighsíní, miasa agus neart eile le ceannach.
Beidh líon mór táirgí á ndéanamh i gCo. Mhaigh Eo a bhfuil an Ghaeilge in úsáid sa bhranda atá acu nó le feiceáil scríofa ar na táirgí féin. Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht do na gnólachtaí seo an Ghaeilge a úsáid agus tugann siad cúnamh dóibh na táirgí d’ardchaighdeán seo as Maigh Eo a chur chun cinn sa gContae.
Ag fanacht le Maigh Eo, tá neart leabhair gleoite ag Cló Mhaigh Eo atá lonnaithe i gClár Chlainne Mhuiris agus is iad a d’fhoilsigh an leabhar lándaite Ghráinne Mhaol a bhain amach Gradam Réics Carló ag gradam Leabhar na Bliana 2013. Is féidir súil a chaitheamh ar na leabhair seo ag www.leabhar.com.
Déanann An Spailpín Fánach www.spailpin.com, atá lonnaithe ar an Spidéal freastal ar gach duine ar mian a gcuid spéise sa teanga a léiriú go poiblí idir t-léinte, chocaill agus málaí a mbíonn an-tóir orthu i gcónaí.
Beidh Bricíní – Féile Leabhar do Dhaoine Óga á reáchtáil ag Pléaráca Chonamara i Seanscoil Shailearna, Indreabhán i gCo. Na Gaillimhe ar 13 – 14 Nollaig áit a mbeidh neart imeachtaí óige agus díolachán leabhair. I measc na n-aíonna a bheidh ag léamh ag an ócáid seo beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ón gcomhlacht foilseacháin Futa Fata www.futafata.ie.
Anuas air seo, tá leabhair den scoth foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus mairfidh sladmhargadh na Nollaig leo go dtí 23 Nollaig 2013. Is féidir leabhair iontacha agus ábhar Gaeilge eile a cheannach ar lascaine ag www.cic.ie nó sa siopa féin in Indreabhán a bheidh ag oscailt go speisialta don Nollaig ón 12i.n -5 i.n ar an Satharn, 21ú agus an Domhnach 22ú Nollaig.
I measc na n-earraí atá ar fáil ar an suíomh gréasán www.udar.ie tá Junior Scrabble as Gaeilge, ‘Scrabble as Gaeilge’ a bhíonn an-tóir go deo orthu i gcónaí, póstaeir, Cluiche Aibítre agus go leor earraí eile. Is áis iontach é an spraoi i leith foghlaim agus feabhsú teanga agus is cinnte go mbainfidh Gaeilgeoirí ar gach aois sult as na cluichí Gaeilge, idir chluichí bhoird agus chluichí dhigitigh, atá ar an margadh i láthair na huaire.
Tá leabhair den scoth mar aon le neart ábhar eile ar díol sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Tá rogha mór leabhar ar fáil idir chúrsaí staire, úrscéalta, foclóirí, leabhair do pháistí mar aon le cluichí agus bréagáin eile agus iad uile ar fáil www.cnag.ie/siopa.
Tá réimse leathan d‘earraí Gaeilge ar fáil ón Siopa Gaeilge i nGleann Cholm Cille, atá lonnaithe in Oideas Gael, idir leabhair, DVDanna, dlúthdhioscaí agus neart eile. Agus tá fáil ar neart bronntanas álainn ón Siopa Cultúr/Cairde Teo in Ard Mhacha. I measc an ábhair iontach tá málaí, cártaí, comharthaí agus éadach agus is féidir teacht ar iosta den ábhar seo ar fad ar www.siopacultur.com.
Arís i mbliana beidh an-éileamh ar an teidí is aitheanta ar domhan, Bábóg Baby www.babogbaby.com atá ar díol ar fud na tíre. Agus is iontach an rud é go bhfuil an bréagán bog anois ar fáil i nGaeilge, Béarla, Breatnais agus Gàidhlig.

Foilsithe ar Gaelport.com

Guíonn Gaelscoileanna Teo. gach rath ar na heolaithe óga!

Nollaig 9, 2013

Tá 3 bhunscoil lán-Ghaeilge ag glacadh páirt in Aonach Eolaíochta na bliana seo, a bheidh ar siúl san RDS i mí Eanáir. Tá na sonraí ar fad sa phreasráiteas thíos, ach seo na ceisteanna dushlánacha a bheidh á fhreagairt ag daltaí na 3 scoil lán-Ghaeilge:

  • Ciotach nó deasach – Cé acu na smaointeoirí is tapúla? (Gaelscoil Aonach Urmhumhan)
  • Conas a tharlaíonn imoibrithe, Tubaistí Nádúrtha agus Imoibriú Ceimiceach? (Scoil Chrónáin)
  • An bhfuil “Micro chips” blasta? (Gaelscoil Bharra)

Preasráisteas maidir leis an Eolaí Óg

Gael Linn – 60 bliain i saol na Gaeilge

Nollaig 9, 2013

Reachtáil Gael Linn oíche shiamsaíochta sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath le seasca bliain a mbunaithe a cheiliúradh.

Tá Gael Linn aitheanta ar fud an oileáin as a gcuid oibre ar son an cultúir, an oideachais agus gnó na Gaeilge.

I measc tograí eágsúla na heagraíochta, tá coláistí samhraidh Mhachaire Rabhartaigh agus Bhun an Inbhir i dTír Chonaill.

Choimisinigh an eagraíocht Mairéad Ní Chinnéide, as an Bhaile Meánach i gContae Aontroma ó dhúchas, le stair Gael Linn a chur ar pár.

Sheol an Saineolaí Airgeadais, Fionbarra Ó Brolacháin, an leabhar agus sholáthair na ceoltóirí clúiteacha Seán Ó Sé agus Peadar Ó Riada siamsaíocht na hoíche.

D’fhreastail Meon Eile ar an oíche cheiliúrtha agus labhair muid le pobal na Gaeilge faoi thionchar na heagraíochta orthusan le trí scór bliain.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Bricíní – Féile Leabhar do Dhaoine Óga

Nollaig 6, 2013

Tá Pléaráca Chonamara ag eagrú Féile Leabhar do Dhaoine Óga i gConamara ar an Aoine 13 & Satharn 14 Nollaig 2013.

Beidh meascán iontach d’imeachtaí litríochta ar siúl le linn na deireadh seachtaine.

Beidh neart imeachtaí óige idir leamh agus díolachán leabhair.

Cuirfear tús leis na himeachtaí maidin Dé hAoine nuair a dhéanfaidh an scríbhneoir aitheanta le Darach Ó Scolaí an fhéile a oscailt go hoifigiúil.
Leanfar le scéalaíocht ‘Eachtraí Thuatha Dé Danann’ le Diarmuid de Faoite. Tabharfaidh Gemma Breathnach leargar ar ‘Saol an Scríbhneora’ agus leanfar le léacht ar an bhfile agus an scríbhneoir iomráiteach Máirtín Ó Direáin. Ag 3i.n. beidh seisiún léitheoireachta le Beartla Broc.
Ar an Satharn 14 Nollaig beidh taispeántas agus díolachán leabhar ar siúl agus leanfar le scéalaíocht ar an sean nós inste ar an nua nós le Diarmuid de Faoite
Anuas ar seo bronnfar duaiseanna an Chomórtais Ealaíne & Filíochta ar scoláirí.

Leanfar le himeachtaí le Gwyneth Uí Ghaora agus beidh Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh ‘Uinseann Donn’ & ‘Dainín’. Cuirfear críoch leis na himeachtaí le drumadóireachta le Colm de Bhaldraithe & Cairde.
Ionad:
Seanscoil Shailearna,
Indreabhán
Co. na Gaillimhe

Eagraithe ag PLÉARÁCA TEO.

Gach Eolas:
Fón: (091) 574882/574346 / Oifigeachealaiona@gmail.com
www.plearaca.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

An Réiltín is Gile – dráma le Fíbín

Nollaig 5, 2013

Tá Réiltín ar ais chun an gig is tabhachtaí dá saol a thabhairt… ’s tá cinneadh le déanamh aici agus í ar chamchuairt.

Gheall siad dúinn go mbeadh ár lá againn
Bhí siad cinnte nach mbeadh deireadh leis
Gur linne an domhan

Tar éis gur díoladh amach camchuairt náisiúnta leo, tá Fíbín ar ais le seó úrnua, Réiltín, le Clíona Ní Chiosáin sa phríomhról. Tá Fíbín ag obair i gcomhar leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Paul Mercier a scríobh Sétanta.

Is í Clíona Ní Cliosáin atá ag tabhairt faoin bpríomhról dúshlánach ‘Réiltín’. Le déanaí, bhí Clíona sa phríomhról i léiriúchán eile de chuid Fíbín An Triail agus tá aithne ag gach duine uirthi mar Aifric ón tsraith teilifíse den ainm céanna. “Tá mé iontach bródúil go bhfuil mé ag obair ar thogra nua le Paul. Is dóigh liom gur rud an-speisialta atá ann go h-áirithe mar nach bhfuil aon rud cosúil leis déanta trí mheán na Gaeilge.”

Tá cáil ar Fhíbín as an leas a bhaineann siad as teicnicí samhlaíocha, fís agus ceol tarraingteach i measc gnéithe eile agus tá an stíl seo le feiscint i Réiltín freisin. Tá an ceol ar cheann de phríomhghnéithe an léiriúcháin seo, ceol atá cumtha go speisialta ag Simon Noble. Seo an méid a bhí le rá ag an Stiúrthóir Bainistíochta, Darach Ó Tuairisg ina thaobh, “Tá ríméad orainn a bheith ag obair ar an léiriúchán spreagúil, fuinniúil seo le foireann iontach mar atá Paul, Clíona, agus Simon. Tá muid ag iarraidh teorainneacha na drámaíochta a iniúchadh leis an seó nua seo”.
Is é Reiltín an seó deiridh atá á léiriú ag Fíbín i mbliana, comhlacht drámaíochta atá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i 2013. Bliain iontach don chomhlacht ab ea é le dhá chamchuairt náisiúnta, Sétanta agus An Triail, léiríodh An Rón Dall i Nua Eabhrac agus le déanaí Stair na gCeilteach seó a léiríodh amuigh faoin aer i gcoiléar i gCamus, Conamara.

Tá Réiltín ar siúl ón Luan go Déardaoin 9-12 Nollaig ag an Townhouse Bar & Venue, An Póirse Spáinneach, Gaillimh. Tá ticéid ar fáil ó www.fibin.com nó ar an bhfón ar 091 593823. Tuilleadh eolais ar www.fibin.com

Tuilleadh eolais:
Ruth Gordon
Fíbín
Na hAille
Indreabhán
Co. na Gaillimhe

T: 091 583923
M: 085 7238887
E: fibinteo@gmail.com
W: www.fibin.com

Nuachtlitir Ráth Chairn

Nollaig 5, 2013

Drama Áras Pobail 7ú Nollaig 2013
Drama: The Quare Land le John McManus
a chur i láthair ag Moth Pro¬duc¬tions .

Cumann Drámaíochta Ráth Chairn 21ú Nollaig
Oíche Mhór Cheoil agus Crannchur na Nollag

Lá Fhéile Stiofán
Imeachtaí ar mhaithe le Katie O’Halloran
Súilóid Urraithe
Dreoilíní Ráth Chairn
Oíche Cheoil

Siopa & Caife Ráth Chairn
Neart smaointe ann do Bhronntanais Nollag

Glór na nGael Teo.
Rogha iontach Leabhar don Nollaig – Bronntanaisí iontacha, cuir glaoch gutháin ar an oifig 046 9430974

Lá dubh, dorcha don Ghaeilge

Nollaig 5, 2013

Aiféala agus imní léirithe ag pobal na Gaeilge i leith fhógra éirí as an Choimisinéara Teanga

D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar 4 Nollaig 2013 go bhfuil sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014.
Rinne an Coimisinéir an scéal seo a fhógairt agus é ag cur síos ar Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2012 don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. Ag tagairt don tuarascáil bliantúil, dúirt sé nár “sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl”.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras.
Le linn an phlé, chuir an Coimisinéir síos ar lagú chóras na scéimeanna teanga, idir chur i bhfeidhm agus chaighdeán na bpolasaithe, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman, cé nach bhfuil sonraí ina leith curtha ar fáil ó mhí na Samhna 2011.
Cháin an Coimisinéirbeartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse agus mheas sé go dtógfadh sé thart ar 28 bliain le líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1.5% atá ann faoi láthair go dtí 3%.
Ag tagairt d’fholús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011, dúirt an Coimisinéir gur gá don Stát aghaidh a thabhairt ar dhá mhórghné, is é sin úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll, agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí. Dúirt sé mura dtabharfaí aghaidh ar na gnéithe áirithe seo “gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist” le haon leasú.
Dúirt an Coimisinéir nach bhfuil “an oiread ísle brí agus lagmhisnigh” feicthe aige i measc lucht na Gaeilge in imeacht 30 bliain agus go bhfuil an Ghaeilge á himeallú ag an gcóras riaracháin phoiblí reatha.
Tar éis deich mbliana a bheith caite aige sa ról, agus dhá bhliain fágtha sa téarma ceapacháin aige, dúirt an Coimisinéir “gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann mar a leagtar síos sa dlí.”
Ag caint ar chinneadh an Choimisinéara seasamh siar, thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh “lá dubh, dorcha” ar 4 Nollaig 2013. Dúirt sé gur “léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige”. Ag tagairt do thuarascáil cháinteach an Choimisinéara, dúirt sé gur léir dó “nach bhfuil an tacaíocht á fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart”.
Dúirt an tAire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoich, T.D., “Is trua liom, ar ndóigh, go bhfuil cinneadh tógtha ag an Choimisinéir gan a théarma ceapacháin – a mhaireann go dtí Aibreán 2016 – a chríochnú”.
“Buille tubaisteach don Ghaeilge” a thug Conradh na Gaeilge ar sheasamh siar an Choimisinéara Teanga.
“Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011. Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha.
Dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Ní fhéadfadh níos mó a bheith déanta ag Seán Ó Cuirreáin agus ag a fhoireann le deich mbliana anuas chun a chinntiú gur cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm oiread agus ar féidir. Bhí an ról sin ag éirí níos déine le blianta beaga anuas toisc easpa tacaíochta an Rialtais, agus easpa tola polaitiúil i gcoitinne”.
“Bhí dóchas ann don Acht nuair a fógraíodh athbhreithniú ar Acht an dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011 ach dhá bhliain níos déanaí níl torthaí an phróisis sin curtha ar fáil go fóill. Is mór an buille é don Ghaeilge, go bhfuil duine chomh stuama agus chomh hildánach le Seán Ó Cuirreáin ag éirí as post chomh tábhachtach le post an Choimisinéara Teanga, ach tuigim go hiomlán na cúiseanna agus na prionsabail a bhí laistiar de chinneadh Sheáin”.
“Mura bhfuil tacaíocht an Rialtais á fáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga, céard is fiú di a bheith ann, mar nach féidir leis an gCoimisinéir nó lena oifig a gcuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart sa chomhthéacs sin”, a dúirt sé.

Foilsithe ar Gaelport.com

Uasdhátú ar Gael-Choláiste an Phiarsaigh, ag oscailt i 2014

Nollaig 5, 2013

Eolas do thuismitheoirí scoláirí na céad bhliana (2014-15):

Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta cuireadh a thabhairt duit, agus tuismitheoirí eile atá tar éis a bpáistí a chlárú don scoilbhliain 2014/15, chuig cruinniú i gClub Theach Naoimh Eoin, CLG, Baile an tSaoir ar an gCéadaoin, 18/12/2013 ag 8.00in.

« Previous PageNext Page »