An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge seolta go hoifigiúil ag an gComhairle Mhúinteoireachta i gColáiste Mhuire gan Smál
Samhain 6, 2013
Seoladh clár nua iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, i gColáiste Mhuire gan Smál ar an Satharn, 02 Samhain 2013. Is é seo an chéad chlár iarchéime sa tír le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge. Ag seoladh an chláir go hoifigiúil ar an lá, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, an tUas. Tomás Ó Ruairc, “Tá an clár seo, an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge an-tábhachtach, go háirithe d’earnáil an tumoideachais agus na Gaelscolaíochta. Tá an clár trasearnála cumais foghlama seo ag cruthú spáis ar bhealach a thugann an scóip is mó is féidir do mhúinteoirí a bpróiseas foghlama féin a mhúnlú agus a stiúradh – le chéile. Tá sé ag cruthú an spáis sin ar bhealach atá iomlán solúbtha agus ilghnéitheach Tá an clár le moladh as an oiread sin earnálacha a tharraingt le chéile in aon phróiseas foghlama amháin. Tá an earnáil ag lorg a leithéid le fada an lá.”
Dúirt Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál, An tOllamh Mícheál Ó hAodha, “Trí imeascadh a dhéanamh ar chur chuige a roghnófar go cúramach agus a chuirfidh leis an gcur chuige duine le duine agus ar líne, ag teacht leis na torthaí foriomlána foghlama, tá sé beartaithe go bhforbróidh an clár ilchodach iarchéime seo pobail fiosrúcháin ina mbeidh teagasc agus foghlaim den chéad scoth chomh maith le scoláireacht agus taighde ag an leibhéal is airde”. Léirigh Déan an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, An tOllamh Teresa O’ Doherty go bhfuil sainriachtanais i ngort an oideachais Lán-Ghaeilge. Agus í ag caint le linn na hócáide, dúirt sí, “Is léir go bhfuil géarghá le clár ar leith a fhreastalaíonn go beacht ar na sainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil aitheanta seo. Tá céim shuntasach chun tosaigh tógtha againn inniu i saol an oideachais Lán-Ghaeilge.”
Ag an seoladh, bhronn Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, An tUas. John Carr, spárántachtaí taighde ar mhic léinn an chohóirt reatha. Dúirt T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, “Tá bearnaí suntasacha fós le líonadh nuair a thagann sé go taighde dúchasach an tumoideachais agus an oideachais lán-Ghaeilge sa tír seo. Cuirfidh an cohórt reatha seo agus aon chohórt eile sa todhchaí go suaithinseach agus go suntasach le réimse taighde agus cleachtais an tumoideachais agus an oideachais dhátheangaigh, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá na síolta curtha inniu. Beimid ag súil leis an bhFómhar”
Ma tá tuilleadh eolais uait a bhaineann leis an gclár nua trasearnála cumaisc foghlama seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir an Chláir, T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie
Tairiscint speisialta ar Forever Languages
Samhain 5, 2013
Comhlacht úrnua is ea Forever Languages, agus is mór an paisean atá againn do theangacha. Tá sé mar príomhaidhm againn grá teanga a chothú i measc mac léinn de gach aon aois agas cumas teanga.
Tá roinnt leabhar ar díol againn do scoileanna lán-Ghaelach agus tá tairiscint speisíalta ar siúl againn do Gaelscoileanna.ie i rith mí Samhain. Tabharfar lacáiste 10% agus postas saor in aisce ar orduithe a íocfar roimh 30 Samhain 2013: níl le déanamh ach Gaelscoileanna.ie a lua nó códfhocal GAEL a úsáid agus an t-ordú á dhéanamh agat ar ár suíomh gréasáin: www.foreverlanguages.com
Is iad na leabhair ar thairiscint speisialta ná:
On y va! 1 + 2: Is é seo an t-aon chúrsa Fraincise trí Ghaeilge atá ar fáil don Teastas Sóisearach.
On y va! 1 – Téacsleabhar agus dlúthdhiosca don chéad bhliain iarbhunscoile
On y va! 2 – Téacsleabhar agus dlúthdhiosca don dara agus don tríú bliain iarbhunscoile
….à la française – Leabhar agus dlúthdhiosca Fraincise don leibhéal tosaitheoir bunscoile ná chéad bhliain sa meánscoil. Pleananna Ceachta déanta amach go mion do gach rémise ábhair – matamaitic, stair, tíreolaíocht, eolaíocht, ealaín agus corpoideachas. Acmhainn ar féidir fótachóip a dhéanamh di.
Forbartha i dtreo spraoi a bheith ag baint le foghlaim na Fraincise do gach duine.
Cuir ríomhphost chuig marie@foreverlanguages.com le haghaidh tuilleadh sonraí.
Tá leathanaigh samplaigh le fáil ar an suíomh gréasáin:
www.foreverlanguages.com/index.php/samples
Tá nótaí múinteora agus áiseanna breise le íoslódáil ar an suíomh : www.foreverlanguages.com/index.php/downloads
Seolann an tAire Quinn Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-12
Samhain 4, 2013
Bhí caighdeáin an teagaisc agus na foghlama sásúil nó níos fearr i bhformhór na gceachtanna a ndearnadh meastóireacht orthu
Léiríonn Suirbhéanna Rúnda Tuismitheoirí ardleibhéil shástachta le scoileanna
Tá Tuarascáil an Phríomhchigire ar cháilíocht agus ar chaighdeáin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna agus i lárionaid oideachais seolta inniu ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. Léiríonn an tuarascáil, atá bunaithe ar chigireachtaí a rinne an Roinn idir 2010 agus 2012, go raibh caighdeáin an teagaisc agus na foghlama sásúil nó níos fearr i bhformhór na gceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu. Thug an Príomhchigire, an Dochtúir Harold Hislop, le fios freisin go raibh scóp don fheabhsúchán i mionlach suntasach ceachtanna.
Don chéad uair tá suirbhéanna tuismitheoirí a léiríonn ardleibhéil shástachta le scoileanna mar chuid de Thurascáil an Phríomhchigire. Ba í an tuairim ag 97 faoin gcéad de bhreis agus 47,000 tuismitheoirí a ndearnadh suirbhé orthu i mbunscoileanna go raibh an teagasc go maith i scoil a bpáiste. Sna hiar-bhunscoileanna, bhí a leithéid céanna de thuairim ag 87 faoin gcéad den 20,000 tuismitheoir a ndearnadh suirbhé orthu.
Leanann an tuarascáil seo tréimhse suntasach athchóirithe ó 2010 i leith ar an tslí ina dtugtar faoi chigireachtaí scoile. Tarlaíonn a lán cigireachtaí anois gan aon réamhfhógra agus cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcigirí, tá méadú tagtha ar mhinicíocht na gcigireachtaí. Bíonn suirbhéanna faoi rún ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí mar chuid de mheastóireachtaí scoile uile anois.
“Tharla mar thoradh ar athchóiriú na cigireachta gur cuireadh tús le raon samhlacha cigireachta ar a n-áirítear cigireachtaí gan réamhfhógra, cigireachtaí leantacha agus athshamhlú ar mheastóireacht scoile uile,” arsa an tAire Quinn. “Bailíonn an chigireacht tuairimí agus dearcthaí múinteoirí agus foghlaimeoirí freisin agus tá áthas orm léargas ar na tuairimí tábhachtacha seo a fheiceáil i dTuarascáil an Phríomhchigire.”
D’fháiltigh an tAire Quinn roimh thorthaí na tuarascála. “Tugann Tuarascáil an Phríomhchigire aitheantas don dea-chleachtas uile a tharlaíonn ó lá go lá in ár scoileanna maidir le cáilíocht na ceannasaíochta, na bainistíochta, an teagaisc agus na foghlama. Léirítear roinnt laigí agus agus treoirítear scoileanna go daingean i dtreo an fheabhsaithe i scoileanna,” a dúirt sé.
“Tá a lán buanna ag baint lenár gcóras oideachais, a bhuíochas sin go mór d’iarrachtaí mórchuid múinteoirí agus ceannairí scoile díograiseacha. Ba leasc go mór san am atá thart aitheantas a thabhairt do laigí an chórais agus dul i ngleic leis na heasnaimh,” a dúirt an tAire Quinn. “Cuireann an tuarascáil seo an t-eolas atá de dhíth orainn ar fáil, eolas cáilíochtúil agus cainníochtúil, chun deis a thabhairt dúinn na buanna agus na laigí a fheiceáil i dteagasc, i bhfoghlaim, i mbainistíocht agus i gceannasaíocht ár scoileanna.”
Ba é breithmheas na gcigirí go raibh 86 faoin gcéad de na ceachtanna i gcigireachtaí gan réamhfhógra sásúil nó níos fearr i mbunscoileanna, agus go raibh 14 faoin gcéad nach raibh sásúil. Léiríodh torthaí den chineál céanna in MSU (Meastóireacht Scoile Uile) in iar-bhunscoileanna le 87 faoin gcéad de na ceachtanna a measadh sásúil nó níos fearr agus 13 faoin gcéad nach raibh sásúil
“Tugann cigireachtaí léiriú seachtrach tábhachtach ar obair scoileanna,” a dúirt an Príomhchigire, “agus bíonn siad dírithe ar chúnamh a thabhairt do scoileanna a dteagasc agus a bhfoghlaim a fheabhsú. Tugann siad dearbhú tábhachtach freisin do thuismitheoirí agus don phobal faoi cháilíocht na hoibre i scoileanna”, arsa an Dochtúir Hislop freisin.
Ardaítear ábhair imní ar leith i dTuarascáíl an Phríomhchigire 2010-12 faoi theagasc na Gaeilge agus faoi theagasc na Matamaitice.
Léiríodh go raibh foghlaim na ndaltaí níos lú ná sásúil sa cheathrú cuid nach mór (24 faoin gcéad) de na ceachtanna Gaeilge i mbunscoileanna agus sa triú cuid nach mór (32 faoin gcéad) de na ceachtanna Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna. I measc na dtosc a luaigh an Príomhchigire, bhí an t-easnamh ar chlár cuimsitheach Gaeilge do bhunscoileanna a bhí ag teagasc trí mheán an Bhéarla mar aon le hábhair imní maidir le cumas Gaeilge múinteoirí i líon beag, ach suntasach, ranganna.
Bhí caighdeáin teagaisc agus foghlama sa mhatamaitic go maith i gcoitinne ag an mbunleibhéal leis an bhfoghlaim sásúil nó níos fearr i 85 de na ceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu agus le torthaí a bhí go maith do dhaltaí na hÉireann i suirbhéanna idirnáisiúnta. Luaigh cigirí, áfach, easpa na ndeiseanna do dhaltaí bunscoileanna dul i ngleic leis an obair chomhpháirteach a bhfuil gá leis do réiteach fadhbanna éifeachtach.
Ag an iar-bhunleibhéal, measadh go raibh foghlaim na ndaltaí níos lú ná sásúil in os cionn an ceathrú cuid (26 faoin gcéad) de na ceachtanna matamaitice. Luaigh an Príomhchigire go raibh Project Maths á thabhairt isteach le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil seo chun freastal ar a lán de na laigí i dteagasc na matamaitice. Thug cigirí le fios freisin, áfach, go raibh an doimhneacht a bhain leis an tuiscint mhatamaiticiúil is gá chun Project Maths a theagasc dúshlánach do roinnt múinteoirí.
Déanann Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-12 cur síos freisin ar an dtimpeallacht “dhúshlánach” ina raibh scoileanna ag feidhmiú sa tréimhse 2010-12. Luaitear gur ardaigh caiteachas ar oideachas ó €3.218bn go €3.263bn ag an mbunleibhéal agus ó €3.070bn go €3.147bn ag an iar-bhunleibhéal, agus go raibh an caiteachas de réir dalta i 2010 os cionn mheáin an ECFE. D’ardaigh an caiteachas ar thacaíochtaí do leanaí le riachtanais speisialta ó €1.2bn i 2010 go €1.3bn i 2012 agus is ionann sin anois agus 15 faoin gcéad de bhuiséad iomlán na Roinne. Léiríonn an tuarascáil gur ardaigh an líon daltaí 5.5 faoin gcéad ag an mbunleibhéal agus 6.3 faoin gcéad ag an iar-bhunleibhéal ach gur fhan líon na múinteoirí mórán mar an gcéanna. I measc na hathruithe a luaigh an Príomhchigire freisin bhí imeacht ar scor líon mór múinteoirí le taithí agus cailliúint na bpost lárbhainistíochta i scoileanna a tharla mar thoradh ar an moratóir sa tseirbhís phoiblí.
An Triail
Samhain 4, 2013
Fíbín presents its acclaimed version of the modern Irish classic An Triail by Mairéad Ní Ghráda for Leaving Cert students, as you’ve never seen it before, using puppets, masks and engaging visuals. November 18-22, 10.30am and 1.30pm.
www.axis-ballymun.ie.
Athbhreithniú ar Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh
Samhain 4, 2013
Próiseas comhairliúcháin maidir le córas nua na n-ábhar sa tsraith shóisearach
Fógraíodh mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite go ndéanfar leasú mór ar an Teastas Sóisearach. Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm ar bhonn céimiúil do mhuintir na chéad bliana ó 2014 agus tabharfar faoin scrúdú nua den chéad uair in 2017.
In áit chúrsa reatha an Teastais Shóisearaigh atá bunaithe ar chlár a fhoghlaimítear de ghlanmheabhair, measúnófar obair na ndaltaí ar bhonn leanúnach. De réir an chórais nua, tabharfaidh daltaí scoile faoi 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar ar a mhéid idir ábhair thraidisiúnta agus ‘chúrsaí gearra’ mar shampla an tSínis, an Corpoideachas nó Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Beidh clár na sraithe sóisearaí faoi chinneadh na scoile agus déanfar a rogha ábhar agus cúrsaí gearra a fhreastalóidh ar riachtanais áirithe dhaltaí na scoile sin a chur ar fáil.
Soláthróidh an Roinn Oideachais réimse leathan ábhar mar ‘cúrsaí gearra’ agus beifear ag súil go roghnóidh scoileanna réimse leathan ábhar a dhéanfaidh cumas agus smaointeoireacht na ndaltaí a fhorbairt agus a spreagfaidh múinteoirí le bheith nuálach agus slite foghlama cruthaitheacha a chur chun cinn sa seomra ranga. Táthar ag súil go mbeidh na daltaí, seachas na scrúduithe, ag croílár chur chuige mheasúnú an Teastais Shóisearaigh leasaithe.
Beidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Mhatamaitic mar chroí-ábhair faoin gcóras nua agus tá fógartha go mbeidh an Eolaíocht ina croí-ábhar sa bhliain 2016.
Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin maidir le chúlra athbhreithniú an chúrsa Gaeilge nua agus táthar ag fáiltiú roimh thuairimí agus aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara ina leith.
Iarrtar ar rannpháirtithe aighneacht a chur chuig consultation@ncca.ie agus tabharfar rogha suirbhé mear nó suirbhé iomlán a chomhlánú ar shuíomh an chomhairliúcháin roimh 20 Nollaig 2013. Reáchtálfar tréimhse eile comhairliúcháin in earrach 2014.
Tá an Ghaeilge ar cheann d’ábhair Chéim 2, mar aon leis an Staidéar Gnó agus an Eolaíocht, a thabharfar isteach do scoláirí na chéad bhliana i bhfómhar 2015. Is é an Béarla an t-aon ábhar athbhreithnithe a thiocfaidh isteach bliain roimh Chéim 2. Foilseofar an sonrúchán nua don Ghaeilge i bhfómhar 2014, bliain sula dtabharfar isteach struchtúr nua an ábhair.
Is féidir treoir agus cáipéisí uile an chomhairliúcháin a fháil anseo.
Leanfaidh an próiseas comhairliúcháin go dtí 20 Nollaig 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com
Oideachas trasteorann ag méadú ó thuaidh agus ag titim ó dheas
Samhain 4, 2013
Tá ceithre oiread daltaí iarbhunscoile ó Phoblacht na hÉireann ag tabhairt faoi oideachas trasteorann i gcomparáid leo siúd ó Thuaisceart na hÉireann.
Le linn na scoilbhliana 2012/13, chláraigh 275 dalta a raibh seoltaí baile i bPoblacht na hÉireann acu le hiarbhunscoileanna ó thuaidh, i gcomparáid le 63 dalta ón tuaisceart a chláraigh le hiarbhunscoileanna ó dheas.
Tá imní léirithe ag Tony Gallagher, Ollamh le hOideachas, Ollscoil na Banríona go mbeidh oideachas trasteorann ina achrann polaitiúil.
Deir an tIar-Aire Oideachais, Caitríona Ruane, Sinn Féin, gur fadhb mhór í an córas iompair scoile sna ceantair cois teorann. Dar léi, tá an córas iompair ó thuaidh ag cur srian ar dhaltaí ón tuaisceart atá ag clárú d’oideachas iarbhunscoile ó dheas.
Deir Cathaoirleach Chomhchoiste Oideachais an Tionóil, Mervyn Storey, DUP, cé gur rogha phraiticiúil í an t-oideachas trasteorann do roinnt tuismitheoirí, go bhfuil gá áfach le córas íocaíochta thuaidh/theas a thugann léargas níos cruinne ar na figiúirí reatha.
De réir eolais atá faighte ag Meon Eile agus The Detail faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tháinig méadú 42% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile ó Phoblacht na hÉireann a chláraigh ó thuaidh idir na blianta 2008-2013. Sa tréimhse chéanna, tháinig laghdú 16% ar líon na ndaltaí ón tuaisceart a chláraigh le hiarbhunscoileanna ó dheas.
Tá na bhfigiúirí ón dhá Roinn Oideachais le fáil ina iomláine ar www.meoneile.ie.
Cásanna áitiúla
Is é Coláiste na Croise Naofa nó Holy Cross College ar an Sráth Bán i dTír Eoghain an scoil is mó éilimh le daltaí ó Phoblacht na hÉireann le ceithre bliana anuas.
Sa scoilbhliain 2012/13, chláraigh 80 dalta ón Phoblacht le Coláiste na Croise Naofa; figiúr atá níos mó ná an líon iomlán ó Thuaisceart na hÉireann a chuaigh ó dheas sa tréimhse chéanna.
Tá baile Lifear suite leathmhíle ón Sráth Bán. 1,658 duine atá ina gcónaí i Lifear gan iarbhunscoil sa bhaile acu. Idir 6 míle agus 14 míle atá na hiarbhunscoileanna is cóngaraí dóibh sa chontae.
D’oscail Coláiste na Croise Naofa ar an Sráth Bán i mí Mheán an Fhómhair 2004 nuair a rinneadh cónascadh ar thrí iarbhunscoil; Ardscoil Naomh Colmán, Ardscoil Muire agus Convent Grammar School. Osclaíodh foirgneamh nua na scoile in 2008.
Deir Tony Gallagher, Ollamh le hOideachas, Ollscoil na Banríona, nach ionadh ar bith é go bhfuil tarraingt chomh mór ar oideachas trasteorann ar an Sráth Bán.
“B’infheistíocht ollmhór é Coláiste na Croise Naofa. Tháing trí scoil áitiúla le chéile agus tógadh foirgneamh nua lena chois. Scoil úrnua is ea í le háiseanna den scoth. Míníonn sé sin tarraingt na scoile agus ní hiontas ar bith é gurbh í an scoil is mó éilimh í le daltaí ó dheas,” arsa an tOllamh.
Tá an Scoil Ríoga i gCathair Ard Mhacha, scoil pháirt-chónaitheach, ar an dara scoil is mó éilimh d’oideachas trasteorann. 41 dalta ón Phoblacht atá cláraithe sa scoil.
Deir Ardmháistir na scoile, Paul Crute, go bhfuil an scoil ag cur fáilte roimh dhaltaí cónaitheacha ó gach cuid den tír le 300 bliain anuas.
“Tugann na daltaí gné bhreise chultúrtha chun na scoile agus tá ardmheas againn ar oideachas trasteorann. Le trí bliana anuas, tá an Ghaeilge á cur ar fáil do dhaltaí cónaitheacha na scoile agus tá Clár Léinn Éireannaigh á chur ar fáil do dhaltaí sa scoil fosta,” a deir sé.
Tá Ardscoil Newtownhamilton agus Ardscoil Naomh Iósaf, Crois Mhic Lionnáin, ar na tríú scoileanna is mó éilimh d’oideachas trasteorann.
Deir Garnett Mullan, Príomhoide Ardscoil Newtownhamilton, go bhfuil ról lárnach ag an eaglais áitiúil i dtacú le hoideachas trasteorann sa scoil.
“Bíonn an chléir ó na heaglais áitiúla freagrach as tionól sa scoil gach seachtain. I gcásanna áiríthe, bheadh Ministir i gceannas ar thrí phobail; ceann amháin i dTuaisceart na hÉireann agus dhá cheann i bPoblacht na hÉireann. Ní bhaineann an teorainn le saol na ndaoine sin. Tá scoil s’againne ag freastal ar phobal daoine atá ina gcónaí ar an dá thaobh den teorainn.”
“Maidir le riachtanais iontrála, tá sé de dhualgas orainn leithcheal a dhéanamh ar dhaltaí a chuireann iarratas chugainn ó Phoblacht na hÉireann. Faoin dlí, caithfidh muid tús áite a thabhairt do dhaltaí atá ina gcónaí i dTuaisceart na hÉireann,” a deir an tUasal Mullan.
Cleachtas Cómhalarachta na Ranna Oideachais
Dúirt an Roinn Oideachais i dTuaisceart na hÉireann go bhfuil cleachtas cómhalartachta idir an Roinn Oideachais ó thuaidh agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas maidir le gluaiseacht daltaí i gceantair cois teorann.
Faoi reachtaíocht iontrála Thuaisceart Éireann, tá sé de dhualgas ar scoileanna ó thuaidh tús áite a thabhairt do dhaltaí atá ina gcónaí ó thuaidh ina bpróiseas iontrála.
Dé réir reachtaíocht iompair an Tuaiscirt, ní chuirtear tacaíocht taistil ar fáil do dhaltaí chuig na scoileanna is cóngaraí dóibh lasmuigh den Tuaisceart.
Oideachas Tras Teorann DUP agus Sinn Féin
In 2010, mhol an tIar-Aire Oideachais, Caitríona Ruane, go ndéanfaí an reachtaíocht seo a athrú. Deir sí go bhfuil an reachtaíocht mar a seasann sé faoi láthair ag cur srian ar oideachais trasteorann sna gceantair chois teorainn.
“Caithfidh muid féachaint cad iad na bacainní atá ag cruthú deacaireachtaí d’oideachais trasteorann agus caithfidh muid dul i ngleic leis na bacainní seo. Tosaíonn páistí ar an bhunscoil ag aois níos óige agus críochnaíonn siad ar an bhunscoil ag aois níos óige i dTuaisceart na hÉireann. Ba mhaith liom go dtosóidh siad agus go gcríochnóidh siad ar an aois céanna.”
“Tá tionchar aige seo ar dhaoine ó gach pobal. Má dhéanann daoine i gCabhán agus i Muineacháin cinneadh a bpáistí a chur chuig an scoil is cóngaraí dóibh. Tá gach seans ann gur ar an thaobh eile den teorann atá an scoil sin. Caithfidh muid a chinntiú nach ndéantar leithcheal ar aon nduine, cé acu Caitliceach, Protastúnach nó dhaoine gan chreideamh ar bith iad.”
“Creidim go bhfuil cásanna ann inar féidir le daoine cás a thógáil faoi Dhlí an Aontas Eorpaigh go bhfuil leithcheal a dhéanamh orthu. Toisc go bhfuil daoine lonnaithe i dtuaisceart na hÉireann ag fáil tús áite iontrála roimh dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann. Tá limistéir iompair chomónta Aontas Eorpaigh ann sna ceantair teorainn trasna na hEorpa.
Sílim nach mór é a oscailt do thuismitheoirí ar cheachtar taobh den teorann anseo. Tá go leor tuismitheoirí atá ina gcónaí ó dheas, a n-oibríonn ó thuaidh, agus a n-íocann a gcuid cánach ó thuaidh. Is ceisteanna iad sin faoi dhlí an Aontas Eorpaigh,” a deir an tIar-Aire Oideachais.
Glacann Mervyn Storey, Cathaoirleach ar Choiste Oideachais an Tionóil leis gur rogha praiticiúil í an oideachais trasteorann i gceantair teorainn. Teastaíonn uaidh go gcuirfear córas íocaíochta i bhfeidhm a léiríonn na treochtaí is déanaí.
“Dé réir an dlí, tá sé de dhualgas ar chóras oideachais Thuaisceart Éireann tús áite a thabhairt do dhaltaí arbh as Tuaisceart Éireann dóibh. Ní mór go bhfanfadh sé mar sin. Go dtí seo, nuair a bheadh áiteanna breise ar scoil, cuireadh na háiteanna sin ar fáil do dhaltaí arbh as lasmuigh de Thuaisceart Éireann dóibh.”
“Tá breis agus 270 dalta ag teacht ón Phoblacht anseo dá gcuid oideachais, figiúirí atá méadaithe le hos cionn 40%. Tá costais ansin ar Státchiste Thuaisceart Éireann toisc go bhfuil daltaí a oiliúint ar chostais againne agus níl a chostais a dtógáil ag Poblacht na hÉireann.
Tá comhaontú ann (idir an dhá Rialtas) i gcás othair arbh ar an deisceart dóibh a dtéann chuig otharlainne an Tuaiscirt. Tá socraithe ann i gcás seirbhisí dóiteáin agus tarrthála má bhíonn feidhm trasteorann i gceist ann. Tá corás íocaíochtaí ann sna gcásanna sin agus bá chóir go mbeadh a mhacasamhail céanna ann i gcás cúrsaí oideachais, arsa Mervyn Storey.
Níor chuir an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann costais d’oideachas trasteorann ar fáil do Meon Eile. Dúirt siad nach bhfuil sé féideartha tomhais a dhéanamh ar an chostas a bhaineann le dalta a chur tríd bliain iarbhunscolaíochta.
“Ní féidir costas a chur ar fáil d’oideachas iarbhunscolaíochta do dhalta amháin thar thréimhse bliana. Cé go bhfaigheann gach scoil buiséad áiríthe, cuirtear maoiniú eile ar fáil ó na húdaráis chuí mhaoinithe.”
Tá eagla ar an Ollamh Oideachais, Tony Gallagher, go mbeidh oideachas trasteorann caite in achrann polaitiúil.
“Tá barraíocht ábhar ann san oideachais a gcruthaíonn achrainn agus racán agus tá baol ann go dtarlóidh an rud céanna anseo. Roimhe seo, rinneadh talamh slán den ábhar mar shíl daoine nach raibh mórán difríocht idir bhfigiúir.”
“Dé réir mar a éiríonn an t-ábhar níos sofheicithe, tá baol ann go ndéanfar é a pholaitiúil. Is cosúil go mbeidh díospóireacht ann faoi chórais íocaíochta agus araile. Níl sé doshamhlaithe go dtarlódh a leithéíd agus go gcruthófar bacainní d’oideachas trasteorann.”
An taobh eile: Daltaí an Tuaiscirt ag dul ó dheas
Is iad contaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin, An Lú agus Átha Cliath na cinn is mó éilimh i measc daltaí ó Thuaisceart Éireann. Sa bhliain 2012/13, chláraigh daltaí ó Thuaisceart Éireann in 11 contae éagsúil i bPoblacht na hÉireann.
Bhí Átha Cliath ar cheann de na contaetha is mó éilimh d’oideachas trasteorann idir 2007/2011. Bhí 24 dalta ar mheán acu gach bhliain. In 2012/13, 5 duine a bhí cláraithe d’oideachas trasteorann sa chontae.
Le cúig bliana anuas, tháinig os cionn 70% de dhaltaí ó Thuaisceart na hÉireann a thug faoi oideachas iarbhunscoile sa Phoblacht ó Chontaetha an Dúin, Fear Manach agus Tír Eoghain.
Torthaí Suirbhé ar Oideachas Trasteorann le plé Dé hAoine, 9 Samhna
I Mí an Nollaig 2011, thug na hAirí Oideachais, Ruairí Quinn agus John O’Dowd, faoi shuirbhé i gceantair teorann le tomhais a dhéanamh ar riachtanais oideachais sna gceantair úd. Tá torthaí an tsuirbhé le plé ag cruinniú de chuid na gComhaireachta Thuaidh Theas i gCathair Ard Mhacha, 9 Samhain.
Alt iomlán ar www.meoneile.ie
Scéalta ó Oirthear na Gaillimhe
Samhain 1, 2013
Ciorcail Comhrá – Cúrsaí – Comórtais – Deiseanna eile
Cláraigh do chúrsaí Gaeilge ar líne
Gaeilge gan Stró + Gramadach gan Stró
Íoc €80, €30 le fáil ar ais*
Clinic Obair Baile
Tá cuidiú ar fáil do thuismitheoirí leanaí bunscoile … mar aon le tae agus caifé i gcúl an tí. Gach Luan ó 14.45 go 16.15 i rith na scoilbhliana … ar ais an 11 Samhain.
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
An bhfuil tú ábalta Scrabble i nGaeilge a láimhseáil?
Bí linn don chéad oíche eile den Club Scrabble sa bheár in Óstán Locha Riach, Dé Máirt, 12 Samhain, ag a 7.30 in. Do ghaeilgeoirí líofa, d’fhoghlaimeoirí is do lucht na gcúpla focal …. Fáilte roimh chách!
Eolas: 087 1953884 / oifig@lochariach.com
Ciorcal do Dhéagóirí
Ciorcal iarscoile do scoláirí meánscoile sa chéad is sa dara bliain gach Céadaoin, ó 16.15 go 17.15 … pléifear le hobair baile mar threoir sna seisiúin ach is ciorcal comhrá go príomhá a bheidh anseo, deis do dhéagóirí Gaeilge labhartha a chleachtadh … ar €2 gach seachtain … ar ais an 13 Samhain.
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
Oíche Chláraithe do Choláistí Samhraidh in Oirthear na Gaillimhe
Beidh coláiste samhraidh lae ar siúl i mBaile Átha an Rí agus i nGleann na Madadh do dhaoine óga, 12-18 mbliana d’aois, an samhraidh seo chugainn. Bí in óstán Raheen Woods, i mBaile Átha an Rí, Dé Céadaoin, 6 Samhain, ag a 18.00 le clárú dó.
Eolas: 087-3903994 / colaisteneifinn@gmail.com
Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine
Seo comórtas scríobhneoireachta atá eagraithe ag Craobh Grealláin, Conradh na Gaeilge, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe. Do dhaoine ós cionn 18 mbliain d’aois atá sé agus tá duais €300 le bronnadh ar an bhuaiteoir … Spriocdháta: 1 Feabhra 2014
Eolas: Seosamh Ó Beirgin, gearrsceal@eircom.net
Féilire Gaeilge d’Oirthear na Gaillimhe
Tá féilire d’imeachtaí Gaeilge nó dátheangacha ar líne anois. Seo ardán saor in aisce do na heagrais, na grúpaí agus na daoine aonair uile atá gníomhach sa cheantar. Cuir imeacht, club, nó eile leis an fhéilire: 091-870718 / oifig@lochariach.com
Club Súgartha Gaeilge
Bíonn an club súgartha do leanaí bunscoile, i Rang 2–6, ar siúl gach Satharn scoile, i nGráig na Muilte Iarainn, ón 13.00 go 15.00. Féach ar na grianghraif … ar ais an 9 Samhain.
Eolas: Ruth 091-870718 / Maura Kelly Stewart 087-2187924
Cóipcheart 2013 © Gaeilge Locha Riach. Gach ceart ar cosaint.
Gaeilge Locha Riach • 3 Seanbhóthar na Gaillimhe • Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe • Ireland
oifig@lochariach.com
Turais trí Ghaeilge Saor in Aisce do Scoileanna
Samhain 1, 2013
Nuachtlitir Gael Linn
Samhain 1, 2013
Ócáid ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ag an Oireachtas
Deireadh Fómhair 29, 2013
Beidh ócáid ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna 2013 i gCill Áirne, Co Chiarraí ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ag 6 a chlog – Oíche Shamhna ar ndóigh!
An Tae Beag atá ar an ócáid, beidh greim le n-ithe ar fáil do na gasúir (sceallóga, ispíní agus cnaipíní sicín) agus ceapairí agus tae/caife do na tuismitheoirí.
Cuirfidh Cúla Búla Parties roinnt siamsaíochta ar bun ina dhiaidh sin – chomh le COMÓRTAS BRÉAGFHEISTIS NA SAMHNA!!!!!!
Seolfar suíomh nua idirlíon na heagraíochta mar chuid den ócáid.
Is ócáid saor in aisce don teaghlach uilig í seo agus caithfidh tuismitheoirí fanacht lena gcuid gasúir le linn an ama.
Beidh polasaí láidir Gaeilge i bhfeidhm mar is iondúil.
Fáilte roimh chách cuma más diabhal, cailleach, conablach nó banphrionsa tú!