Méid an Téacs

Rúin 2013

Deireadh Fómhair 17, 2013

Is éard is rún ann ná ráiteas simplí a mhíníonn riachtanas nó mian atá ag pobal scoile. Tugtar deis do scoileanna atá mar bhaill de GAELSCOILEANNA TEO. rúin a rith ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Tá eolas agus foirm ballraíochta le fáil anseo. Is féidir rún a rith ar ábhar ar bith a bhaineann le hobair na scoile nó le mórphobal na gaelscolaíochta.

Seo thíos rúin 2013:

RÚN 1

An Próiseas Aitheantais Nua do Bhunscoileanna

  1. Aithníonn an Chomhdháil an dul chun cinn atá déanta sa phróiseas aitheantais do scoileanna nua sa mhéid is go bhfuil sainmheon na Gaeilge aitheanta mar chroí-chritéir do rogha tuismitheoirí agus iad ag léiriú a rogha oideachais dá bpáistí, agus éilíonn an Chomhdháil:
  2. go gcaomhnófar agus go gcinnteofar i gcónaí go mbeidh éileamh cruthaithe agus inmharthana ar an ngaelscolaíocht mar chritéar lárnach sa phróiseas aitheantais do bhunscoileanna amach anseo, beag beann ar sholáthar scolaíochta trí mheán an Bhéarla sa cheantar lena mbaineann, agus
  3. go dtabharfar aitheantas don obair leanúnach atá á dhéanamh ag coistí bunaithe i gceantair nach bhfuil aitheanta ag an Roinn agus go ndéantar na hiarratais seo a fhaomhadh chun freastal ar an éileamh inmharthana atá cruthaithe.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 2

An Próiseas Aitheantais Nua d’Iar-bhunscoileanna

Éilíonn an Chomhdháil ar an Roinn Oideachais agus Scileanna

  1. go dtabharfar aitheantas don obair leanúnach atá á dhéanamh ag coistí bunaithe i gceantair nach bhfuil aitheanta ag an Roinn agus go ndéantar na hiarratais seo a mheas go cothrom chun freastal ar an éileamh inmharthana atá cruthaithe.
  2. go dtabharfar tosaíocht do sholáthar neamhspleách scolaíochta trí mheán na Gaeilge chun sainmheon na scoileanna lán-Ghaeilge a chaomhnú.
  3. go ndéanfaí an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a áireamh sa teimpléid maidir le héileamh ó thuismitheoirí atá le cur faoi bhráid na Roinne agus iarratas á ndéanamh ar phátrúnacht scoile
  4. go ndéanfaí an t-éileamh seo a áireamh go sonrach i dtuairisc an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua agus go mbeidh tionchar aige ar chinneadh an Aire dá réir, agus
  5. go gcuirfeadh an Roinn eolas cuimsitheach faoi bhráid na bpátrún maidir le struchtúir Aonad, na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, cód dea-chleachtais, féidearthacht Aonad a fhás ina scoil neamhspleách i gcás ceantair nach bhfuil réamhaitheanta le haghaidh soláthar neamhspleách iarbhunscoile lán-Ghaeilge.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 3

Múnlaí Nua Soláthair Gaelscolaíochta

  1. Molann an Chomhdháil an Roinn Oideachais agus Scileanna as an athbhreithniú atá ar siúl ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil mar sprioc aige roghanna feiliúnacha soláthar a aithint a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta.
  2. Molann an Chomhdháil don Roinn polasaí a fhorbairt i gcomhar leis na páirtithe cuí, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc, ar mhúnlaí éagsúla an tsoláthair trí Ghaeilge a bheadh in oiriúint lasmuigh den Ghaeltacht san áit nach bhfuil daonra leordhóthanach ann do bhunscoil nó iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 4

Liúntas Mhúinteoirí don Teagasc trí Ghaeilge

  1. Cáineann an Chomhdháil cinneadh an Rialtais an Liúntas do Mhúineadh trí Ghaeilge a tharraingt siar i gcás tairbhithe nua le héifeacht ó 1 Feabhra 2012 (Ciorclán 0008/2013), agus do mhúinteoirí a athraíonn an jabról nó a aistríonn ó scoil amháin go scoil eile.
  2. Cáineann an Chomhdháil easpa tuisceana an Rialtais ar an ualach mór breise a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge i scoil lán-Ghaeilge, ualach a bhí aitheanta an chéad lá riamh tríd an liúntas seo a cheadú.
  3. Cáineann an Chomhdháil an cinneadh go bhfuil an liúntas á bhaint ó mhúinteoirí a ghlacann ról mar phríomhoide i ngaelscoil de bharr an ualaigh a bhaineann le scoil nua a bhunú i gceart agus a fhorbairt, an tumoideachas a chur i bhfeidhm, pobal le Gaeilge a thógáil, anuas ar ghnáthchúraimí an phríomhoide bunscoile.
  4. Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfadh an Roinn athbhreithniú ar an gceist ina iomláine i leith an liúntais agus i leith na múinteoirí a ghlacann le ról mar Phríomhoide ar ghaelscoil eile, gur grúpa an-bheag iad ach a bhfuil tacaíocht mhór de dhíth orthu.

Gaelscoil Mhic Aodha agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 5

Líon Mhúinteoirí i Scoileanna Lán-Ghaeilge Nua

  1. Éilíonn an Chomhdháil go mbeadh beirt mhúinteoir fostaithe mar íosmhéid i ngach scoil nua ón tús, beag beann ar líon na ndaltaí, chun sábháilteacht agus cúram cuí na bpáistí a chinntiú.

Gaelscoil Mhic Aodha agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 6

Painéal Ath-imlonnaithe do Mhúinteoirí i scoileanna faoi Phátrún an Easpaig

  1. Molann an Chomhdháil an Roinn as an dul chun cinn atá déanta sna comhchainteanna le GAELSCOILEANNA TEO. maidir le comhréiteach ar na dúshláin a bhaineann le múinteoirí toilteanacha a fháil le teagasc i scoil lán-Ghaeilge.
  2. Sa chás gur mó na folúntais ná na hiarratais, ná nach bhfuil caighdeán Gaeilge an iarrthóra sásúil éilíonn an Chomhdháil go mbeadh cead leanúint ar aghaidh chuig iarrthóirí ar an bhfo-painéal a léiríonn toilteanas agus cumas cuí, agus sa chás gur mó na folúntais ná na hiarratais feiliúnach go mbeadh cead ag scoileanna an post a fhógairt.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 7

Riachtanas Speisialta Oideachais sa Scoil lán-Ghaeilge

  1. Molann an Chomhdháil an dul chun cinn sna comhchainteanna idir GAELSCOILEANNA TEO. agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta maidir le struchtúr agus seirbhísí tacaíochta do pháistí le RSO sa chóras lán-Ghaeilge.
  2. Molann an Chomhdháil go mbeidh na riachtanais faoi seach tógtha san áireamh ag bunchéim na pleanála le haghaidh seirbhísí feabhsaithe do pháistí agus seirbhís eolais feabhsaithe do thuismitheoirí ó na soláthreoirí seirbhíse oideachais de chuid an Stáit, ar a n-áirítear an NCSE, NEPS agus eile.

Gaelscoil Bhaile Brigín agus Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 8

Rollachán Scoile

  1. Fáiltíonn an Chomhdháil roimh an dréacht-bhille ar rollacháin scoile do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna, a léiríonn cosaint do theaghlaigh lán-Ghaeilge a dteastaíonn oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí.
  2. Éilíonn an Chomhdháil go n-aontófar meicníocht leis na páirtithe cuí, ar a n-áirítear GAELSCOILEANNA TEO. , i gcás na scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu faoi conas déileáil go sásúil leis an ró-éileamh i mbealach a bheidh cothrom agus a chaomhnaíonn sainmheon teanga na scoile.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 9

Athstruchtúrú ar Earnáil Dheonach na Gaeilge

  1. Éilíonn an Chomhdháil go mbeidh todhchaí seasmhach inmharthana ag an earnáil ghaeloideachais trí chóras ceart maoinithe bheith ar fáil.
  2. Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar aitheantas do thábhacht na hoibre a bhíonn idir lámha ag GAELSCOILEANNA TEO. chun leasa na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal trí struchtúr cuí maoinithe a chur i bhfeidhm.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 10 Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta, Ardleibhéal
a. Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear ábhar nua ar fáil anois a thabharfaidh deis do na daltaí ar mian leo ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge scileanna i scríobh agus léamh na teanga a fhorbairt, ionas go mbeidh siad in ann oideachas ceart a fháil sa Ghaeilge agus go mbeidh na scileanna acu le tabhairt faoi na hábhair acadúla eile trí mheán na Gaeilge.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

RÚN 11

Comhlonnú COGG leis an CNCM

Éilíonn an Chomhdháil

  1. go gcaomhnítear stádas agus neamhspleáchas COGG agus iad comhlonnaithe leis an CNCM ar mhaithe le feidhmeanna iomlána COGG a bheith á bhfeidhmiú chun leas earnáil na scoileanna lán-Ghaeilge uile, agus
  2. go gcuirfear an tacaíocht chuí agus riachtanach ar fáil do COGG trí bhreis foirne a cheadú láithreach.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.