Méid an Téacs

Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach

Feabhra 3, 2012

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go reachtálfar Ciorcal Comhrá Iarscoile go speisialta do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an t-earrach seo.

Is cinnte go mbíonn cleachtadh breise sa Ghaeilge ag teastáil ó mhicléinn agus díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga mar ullmhúcháin don Bheáltriail Ghaeilge.

Gan dabht cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.

Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Céadaoin ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 22 Feabhra agus ag dul ar aghaidh ar feadh sé seachtainí. An táille don tréimhse iomlán ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Beidh fáilte roimh mhicléinn shinsir in iarbhunscoileanna uile an cheantair.

Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047.

CARLOW NATIONALIST

NUIG launches iTunes channel to help schoolchildren learn Irish

Feabhra 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

500+ i mbun léirsithe ach ciorruithe ar Scoileanna Gaeltachta fós beartaithe

Feabhra 3, 2012

Físeán ar Gaelport

Cé gur thóg breis agus 500 duine chuig sráideanna na hArdchathrach aréir, agus iad i mbun agóide maidir le ciorruithe atá beartaithe do scoileanna beaga, scoileanna tuaithe agus scoileanna Gaeltachta go háirithe, níor éirigh leis an rún a ritheadh sa Dáil i gcoinne na gciorruithe seo.

I measc siúd a bhí i mbun léirsithe bhí scoileanna ó Ghaeltachtaí na tíre, ón Bun Beag go Lios Póil agus le neart tacaíochta ó scoileanna Gaeltachta i gConamara, Maigh Eo, Tír Chonaill, Ciarraí, Corcaigh, An Rinn, agus Ráth Chairn.

Sa cháinaisnéis a fógraíodh Mí na Nollag seo caite, cuireadh in iúl go bhfuil líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu le hardú ó 81 go dtí 83.

Sna Gaeltachta, bhíodh cóimheas níos fabhraí ann, a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, rud a chiallaigh gur 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora, ach anois beidh ar na scoileanna seo 83 gasúr a bheith ar an rolla acu, chun a bheith incháilithe don cheathrú múinteoir.   Ardófar seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de deich bpáiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

Bhí rún curtha os comhair na Dála ag Fianna Fáil ag diúltú do na hathraithe seo, agus bhí vóta le glacadh ar an gceist seo aréir.  In ainneoin iarrachtaí na léirsitheoirí lasmuigh, níor éirigh leis an rún seo, le vóta 87:46.

Faoi agallamh le Gaelport.com aréir, chuir Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta in iúl go mbeadh 12 scoil Gaeltachta ag cailleadh múinteora i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn toisc an chiorraithe seo.

Beidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag casadh leis an Aire Stáit Dinny  McGinley, TD, an tseachtain seo chun cás na scoileanna seo a chur faoina bhráid, agus tá cruinniú práinne iarrtha acu le an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, ó thús mhí Eanáir, agus scéal faighte acu inné go dtionólfar an cruinniú seo roimh dheireadh mhí Feabhra.

GAELPORT

Protests and insults over school cuts

Feabhra 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Hundreds gather at Dáil for protest against small school cuts

Feabhra 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Agóid na scoileanna Gaeltachta

Feabhra 3, 2012

Ar lá fhéile Bríde, ardóidh múinteoirí, tuismitheoirí agus muintir na Gaeltachta a seolta agus ní stopfaidh siad  go seasfaidh siad os comhair na Dála i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Táthar ag súil go  dtabharfaidh  suas le 300 duine ó na ceantair Ghaeltachta  go léir cuairt ar an ardchathair tráthnóna inniu don léirsiú  ag 6 i.n.

Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag comhordú an fheachtais  Gaeltachta in aghaidh fógra an rialtais go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann do phobail bheaga tuaithe agus don Ghaeltacht ach go háirithe dar le Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG). Ó fógraíodh an cinneadh sa cháinaisnéis chuir ESG  feachtas láidir ar bun i ngach ceantar Gaeltachta agus tionóladh  cruinnithe poiblí  sna Gaeltachtaí ar fad.

Ach deir Treasa Ní Mhainín go bhféadfadh go mbeadh an scéal níos tromchúisí i gceantair Ghaeltachta mar gheall go mbeidh deireadh leis na socruithe speisialta  don chóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i  scoileanna beaga Gaeltachta.

Ó bhí 2003 ann, bhí lion níos lú daltaí de dhíth ar scoileanna Gaeltachta chun múinteoirí Gaeltachta a choinneáil.

Tá an léirsiú á reáchtáil inniu le tacaíocht ó Chraobh an Iarthair de Chumann Múinteoirí Éireann.  Tá siad aontaithe ar an gceist gur ‘pionós dúbailte’ a bheidh ann ar an ábhar nach bhfuil i dtromlach na scoileanna Gaeltacht ach idir beirt agus ceathrar mhúinteoir, dar le Ard Rúnaí an Chumainn, Sheila Nunan.

Ag labhairt dó sa Dáil inné, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley nach raibh sé ‘dall nó bodhar’  ar thionchar na gciorruithe ar scoileanna Gaeltachta mar tá an oiread sin ina cheantar féin dar leis. Beidh le feiceáil an mbeidh a chomhghleacaithe bodhraithe ag an nglór a bheidh ann mórthimpeall ar Shráid Chill Dara anocht.

GAELPORT

Deireadh le Díospóireachtaí Ghael-Linn?

Feabhra 3, 2012

Tá sé ráite ag Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go bhfuil Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú do chomórtais Díospóireachta Ghael Linn.

Agus é ag labhairt ag bronnadh na nduaiseanna do chomórtais na bliana seo d’iarr sé ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo agus dúirt sé gur “cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas”.

Mar thoradh ar chomórtais na bliana seo tá Fionnuala de Bhailís, Clíona Ní Bhriain agus Síofra Ní Shé, foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag ceiliúradh a mbua i gCraobh na hÉireann i  Roinn na Sóisear de Chomórtas Díospóireacht Uí Chadhain, comórtas do Ghaelcholáistí agus do scoileanna Gaeltachta dara-leibhéal.

Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a chabhraigh leis an bhfoireann ar a mbóthar chun na Craoibhe agus bhí sí an-bhródúil as na scoláirí. Éacht eile é seo don Scoil Chuimsitheach, mar gur thug foireann shinsearach na scoile an chraobh leo trí bliana as a chéile – 2009, 2010 agus 2011.

Bronnadh buanchorn Gael Linn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach agus tugadh cuireadh dóibh freisin páirt a ghlacadh i Rí Chéile,  féile dhíospóireachta bliantúil a reáchtálann Gael Linn do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig, i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.

GALWAY ADVERTISER

Post Lán-Aimseartha Fógraithe ag an NCCA

Feabhra 2, 2012

Ta post lán-aimseartha d’Oifigeach Oideachais Gaeilge fógraithe ag an NCCA. Níor líonadh an post seo ó bhí an comórtas oscailte ann sa bhFómhar. Tá an bunchóip den fhoirm iarratais agus leabhrán eolais ar fáil ó na naisc thíos.

Má tá suim agat sa phost, is féidir an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar ríomhphost chuig Morgan Lockhart (morgan.lockhart@ncca.ie) roimh 5 i.n Dé hAoine, 24ú Feabhra.

Beidh na hagallaimh ar siúl ag tús mí Márta.

Is féidir fiosrúcháin a chur chuig Áine Armstrong Farrell ag 067-8680166 / aine.armstrongfarrell@ncca.ie.

Foirm Iarratais

Leabhrán Eolais

ICT sa Bhunscoil

Feabhra 1, 2012

Is é is aidhm don gcúrsa seo, de chuid an NCTE, ná scileanna an mhúinteora a fhorbairt chun a chur ar a chumas/ar a cumas úsáid éifeachtach a bhaint as ICT (TFC) i seomra ranga Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Is féidir na scileanna a fhoghlaimítear agus an t-ábhar a chlúdaítear sa chúrsa seo a úsáid ar chláir bhána idirghníomhacha, leis.

Fad ama? 7.5 huaire

Modúl 1 An Ríomhaire agus an Ghaeilge

  • Gaeilge a chur ar an ríomhaire agus ar bhogearraí áirithe
  • Áiseanna ar an ríomhaire a aithint agus a úsáid sa rang
  • Áiseanna ar an idirlíon a aithint agus a úsáid sa rang

Modúl 2 Ag Cruthú Áiseanna le TFC

  • Grianghraif a chur ar an ríomhaire
  • Scéal/áis a chruthú
  • Fuaim a chur ar an ríomhaire (ceol, guth)

Modúl 3 Forbairt TFC le Vicí

  • Tuiscint a fháil ar céard is vicí ann
  • Tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear vicí sa rang
  • Vicí a chruthú

Tuilleadh eolais: www.ncte.ie/courses

Réamhriachtanais
Méid áirithe taithí ar tascanna bunúsacha ICT a dhéanamh (comhaid a oscailt, a chur in eagar, a shábháil, a dhúnadh) agus ba mhaith an rud é dá mbeadh ar chumas an fhoghlaimeora brabhsálaí idirlín a úsáid.

Bróisiúr

Agóid lasmuigh den Dáil, 6pm, 1 Feabhra

Feabhra 1, 2012

Beidh agóid a dhéanamh ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna tuaithe taobh amuigh don Dáil ar an 1 Feabhra ag a 6in i gcoinne na gciorruithe atá fógartha sa Bhuiséad. Ba mhór le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta dá bhféadfadh aon duine a mbeidh uair a chloig le spáráil acu teacht chomh fada le Sráid Chill Dara chun tacú leis an bhfeachtas, agus tá tuilleadh eolais acu ar Facebook.

« Previous PageNext Page »