Ainmneacha roghnaithe do na scoileanna nua ag oscailt i 2013!
Meitheamh 5, 2013
Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. fáilte mhór a chur roimh Gaelscoil na Giúise (Teach na Giúise, Baile Átha Cliath 24), Gaelscoil Shliabh Rua (An Chéim, Baile Átha Cliath 18) agus Gaelscoil Mhic Aodha (Baile Chill Dara), 3 bhunscoil nua lán-Ghaeilge a bheidh ag oscailt i Meán Fómhair 2013. Bhí an-sceitimíní ann le déanaí nuair a bhí príomhoidí agus tuismitheoirí na scoileanna nua ag roghnú ainmneacha dóibh; déanann ‘Gaelscoil na Giúise’ tagairt do na crainn as ar ainmníodh an ceantar ina mbeidh an scoil suite, is sean-ainm ar Bhinn Trí Charraig atá i ‘Sliabh Rua’ agus toisc go mbeidh Gaelscoil Mhic Aodha lonnaithe amach anseo i nDún Mhic Aodha, bheartaigh pobal na scoile aitheantas a thabhairt do stair na beairice.
Guímis gach rath ar na scoileanna nua seo agus iad ag ullmhú i dtreo oscailt i Meán Fómhair. An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún orthu agus is scoileanna comhoideachais, ilchreidmheacha a bheidh iontu. Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig clare@gaelscoileanna.ie le heolas ginearálta a fháil maidir le scoileanna nua, agus teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat do pháiste a chlárú (01 6294110). Tá áiteanna ar fáil do Mheán Fómhair 2013!
Gaelscoil Mhic Aodha
Meitheamh 5, 2013
Gaelscoil na Giúise
Meitheamh 5, 2013
Gaelscoil Shliabh Rua
Meitheamh 5, 2013
An bhfuil sé deacair cinneadh faoi do thodhchaí a dhéanamh ag an aois seo?
Meitheamh 5, 2013
Tá na scrúduithe A Leibhéal faoi lán seoil anois agus cuirtear tús inniu leis an Ardteistiméireacht chomh maith.
Laethanta fada crua a bheas iontu seo a dhéanfas tástáil ar mhic léinn sinsireacha na tíre agus a chuirfeas tús leis an tslí bheatha a bheas acu amach anseo… más é an ceann atá ar intinn acu ag an am seo.
Labhair Meon Eile le mic léinn Choláiste Cholmcille in Indreabhán i gConamara chun fáil amach: An bhfuil sé deacair cinneadh faoi do thodhchaí a dhéanamh ag an aois seo?
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Doiléire cruthaithe maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge sa ghearrthéarma
Meitheamh 4, 2013
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013.
Agus é ag labhairt os comhair na Dála ar Déardaoin seo caite, rinne an tAire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., an cinneadh sin a athdheimhniú.
Cé gur bhain faoiseamh áirithe leis an síneadh seo a fógraíodh i mí Márta, chuir eagraíochtaí na hearnála deonaí in iúl gur réiteach fadtéarmach ar an scéal atá uathu. Ní fada a mhair an faoiseamh, ó chuir Foras na Gaeilge in iúl d’eagrais go luath tar éis chruinniú na CATT go mbeadh próiseas iarratais nua ag baint leis an tréimhse sé mhí seo agus gur ciorrú de 5/6% a bhí mar fhigiúir treorach ag an bhForas chuige seo. Is ciorrú é sin a bheadh le déanamh ar an ollfhigiúr bunmhaoinithe, agus ní gá go gcuirfí an leibhéal céanna de chiorrú i bhfeidhm ar gach eagraíocht trasna an bhoird.
Chuir Foras na Gaeilge sraith tosaíochtaí le chéile de réir théamaí ar leith, agus cuireadh in iúl do na heagrais go mbeadh maoiniú á sholáthar as seo amach bunaithe ar na tosaíochtaí úra seo amháin. Tá curtha in iúl do na heagrais bhunmhaoinithe go bhféadfaí go mbeadh eagrais ar leith thíos leis, agus eagrais ar leith thuas leis bunaithe ar an mbreithiúnas a dhéantar ar na hiarratais mhaoinithe i gcomhthéacs na dtosaíochtaí nua.
Tiocfaidh Bord Fhoras na Gaeilge le chéile ar an 28 Meitheamh 2013, chun iarratais na n-eagras a bhreith don tréimhse 01 Iúil 2013 – Nollaig 2013.
Fágann seo go gcinnfear ar an Aoine, 28 Meitheamh 2013 cén mhaoiniú a cheadófar do na heagrais bhunmhaoinithe don tréimhse dár tús an Luan dár gcionn.
Agus é ag tabhairt freagra scríofa do cheist Dála Déardaoin seo caite, 30 Bealtaine 2013, dúirt an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., “Tá múnlaí éagsúla maoinithe á mbreithniú ag Foras na Gaeilge i gcomhar leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, le páirtithe leasmhara eile agus leis an phobal i gcoitinne trí na próisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa dá dhlínse. Ní miste a nótáil gur aontaigh an Chomhairle Aireachta síneadh a chur leis na socruithe reatha bunmhaoinithe i rith an ama seo. San am i láthair, tá cinneadh tógtha ag an Chomhairle Aireachta go leanfaidh na socruithe reatha bunmhaoinithe go dtí an 31 Nollaig 2013”.
Ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, go bhfuil an scéal seo “an-doiléir do na heagrais Ghaeilge ó tharla go bhfuil port éagsúil le cloisteáil ón Aire Gaeltachta is atá le cloisteáil ó Fhoras na Gaeilge”.
Deir De Barra go bhfuil súil ag na heagrais Ghaeilge go mbeidh cúrsaí níos soiléire sna seachtainí beaga romhainn, ach gur “trua gur fágadh go dtí an nóiméad deiridh arís é, go bhfuil na heagrais i bhfolús eolais in athuair, agus go mbeimid ag feidhmiú ar an Aoine, 28 Meitheamh, gan eolas dá laghad ar an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil don tréimhse nua a thosóidh ar an Luan dár gcionn”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Athbhreithniú na Roinne Oideachais: An Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta
Meitheamh 4, 2013
Tabharfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi athbhreithniú ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta sna míonna romhainn.
Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, “tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim”.
“Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí. Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge” a dúirt sé.
Is céim mhór chun tosaigh é an t-athbhreithniú i dtaobh dul i ngleic le fadhbanna an chórais reatha sna scoileanna Gaeltachta. Dúshlán suntasach is ea an soláthar d’ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge d’údaráis na scoileanna Gaeltachta go háirithe i láthair na huaire agus an baol leanúnach a bhfuil ann go ndúnfar na scoileanna is lú mar chuid de chóras chostchiorrú an Rialtais. Dar leis an Ard-Rúnaí is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”.
Dúradh go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú curtha in áit agus go bhfuil i gceist próiseas chomhairliúcháin a reáchtáil ina mbeidh baint shuntasach ag páirtithe leasmhara uile an hearnála. Cuirfear tús leis an bpróiseas go luath agus táthar ag súil go dtiocfaidh an taighde chun críche faoi lár 2014.
Mórphlean na Roinne
Is gné ollmhór amháin é an t-athbhreithniú seo de mhórphlean na Roinne Oideachais i dtaobh chúrsaí gaelscolaíochta na tíre agus cás na Gaeilge ina hiomláine. Dar leis an Ard-Rúnaí, tiocfaidh curaclam nua comhtháite teanga i bhfeidhm sa bhunleibhéal faoi dheireadh 2014 agus beidh béim ar leith ar scileanna labhartha sa siollabas nua a chuirfear in áit ag an meánleibhéal.
Anuas air sin, tá beartaithe go gcuirfear tús le hathbhreithniú i réimsí éagsúla den chóras reatha roimh dheireadh na bliana, ina measc athbhreithniú ar scrúdú cainte Ardteist na Gaeilge a reáchtálfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus córas bhronnadh na ndíolúintí ón nGaeilge, a bhfuil ag dul i méid i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre.
Tiomantas don Ghaeilge
Ag caint ag an gComhdháil a rinne ceiliúradh ar éachtaí COGG san earnáil gaeloideachais le 10 mbliana anuas, dúirt an tArd-Rúnaí go bhfuil “dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dár ndóigh, san oideachas”.
Dúirt Ó Foghlú go bhfuil “dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta”.
Tugadh le fios go bhfuil tuairisc ar bheartais na Roinne Oideachais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo, curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus go bhfoilseofar an tuairisc sin go luath.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cás na Scoileanna Gaeltachta: Tá tráth na cinniúna buailte linn
Meitheamh 4, 2013
Pléadh cás na scoileanna Gaeltachta ag leibhéal an Chomhchoiste um Chosaint Shóisialta agus Oideachas Dé Céadaoin seo caite.
Chuir an Comhchoiste fáilte roimh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) le cur síos a dhéanamh ar chás na scoileanna Gaeltachta agus a bhfuil i ndán dóibh mar thoradh ar chiorraithe cáinaisnéise an Rialtais.
Aithníodh an tréimhse dhúshlánach ina bhfuil scoileanna uile na tíre ag feidhmiú i láthair na huaire le linn an chruinnithe ach tarraingíodh aird an Choiste ar riachtanais ar leith na scoileanna Gaeltachta i dtaobh chur cinn na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí, seirbhísí tacaíochta, acmhainní agus eile.
Tá 4% de scoileanna na tíre lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus as na scoileanna sin, tá 78% ina bhfuil foireann de cheathrar nó níos lú ann.
Bhíodh cóimheas níos fabhraí i scoileanna Gaeltachta a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, agus is líon 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora. Ach toisc ciorruithe a chuirfear i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla acu le bheith incháilithe don cheathrú múinteoir. Ardófar an líon seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de dheichniúr páiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choinneáil.
Meabhraíodh don Choiste go bhfuil dualgais reachtúla ar Rialtas na hÉireann i dtaobh chaomhnú na gaelscolaíochta agus teanga i gceantair Ghaeltachta faoin Acht Oideachais 1998 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Maíodh gur gá na trí moltaí a leanas a chur i bhfeidhm leis na dualgais de réir na reachtaíochta a chomhlíonadh:
- Beartais cáinaisnéise i leith chóimheas daltaí le múinteoir a aistarraingt;
- Polasaí oideachais Gaeltachta a fheidhmiú ar bhonn práinne;
- Údarás nua don oideachas Gaeltachta a bhunú (moladh go dtabharfaí ról an údaráis don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)).
Dúirt ionadaithe ón Roinn Oideachais a bhí i láthair ag an gcruinniú den Chomhchoiste go raibh scoileanna uile na tíre ag fulaingt de bharr chúrsaí eacnamaíochta reatha agus nach féidir eisceacht a dhéanamh de scoileanna Gaeltachta. Tuairiscíodh go gcuirfear tús le hathbhreithniú ar an gcóras oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana agus go bhfuiltear ag súil le torthaí an athbhreithnithe ar luach na scoileanna beaga go luath freisin.
Cé gur fháiltigh ESG roimh athbhreithniú na Roinne, b’ábhar aiféala é don eagraíocht nár rinneadh aon athbhreithniú sular cuireadh na ciorruithe i bhfeidhm. Thacaigh baill an Choiste leis an tuairim gur chás ar leith atá sna scoileanna Gaeltachta agus nach féidir an Roinn Oideachais cur chuige ‘one cap fits all’ a thógáil sa chás seo. Tá i gceist ag an gComhchoiste scríobh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn le tacaíocht a léiriú do mholtaí ESG amach anseo.
Foilsithe ar Gaelport.com
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Meitheamh 4, 2013
‘Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn.
Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine.
Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ag an gComhdháil teideal agus achoimre an pháipéir (250 focal) mar aon le beathaisnéis (50 focal) a chur chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh 2013.
Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar 20-21 Meán Fómhair 2013.
Tuilleadh eolais http://litriochtnanog.blogspot.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Campaí samhraidh trí Ghaeilge
Meitheamh 4, 2013
Le saoire an tsamhraidh nach mór buailte linn, tá campaí samhraidh á reáchtáil do dhaoine óga timpeall na tíre.
Bíonn imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge ar siúl sna campaí seo idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Chomh maith leis sin, bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.
Baile Locha Riach:
Tabharfar deis do pháistí Gaeilge a fhoghlaim in atmaisféar súgartha i gCampa Locha Riach atá ar súil i mBaile Locha Riach i mbliana. Beidh an campa ar siúl idir 06 – 10 Lúnasa agus 12 – 17 Lúnasa agus beidh réimsí leathan imeachtaí ar siúl i rith an champa.
Cosnaíonn sé €45 ar phaiste in aghaidh na seachtaine agus €90 ar feadh coicíse. Tá lacáiste ar fáil do theaghlaigh. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó trí ghlaoch a chur ar 091 870718 nó rphost a sheoladh chuig oifig@lochariach.com.
Ógras:
Ar fud na tíre – Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí atá níos óige agus tabharfar an deis dóibh an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil agus taitneamhach. Bíonn na campaí ar súil ar fud na tíre, mar shampla eagrófar campaí i Baile na Manach, Co. Atha Cliath, i Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe agus i dTrá Lí, Co. Chiarraí.
Beidh go leor imeachtaí a reáchtáil le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cispheil, peil, ceol, ealaín agus a lán eile. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó ar fáil ó Ógras ar 01 475 1487.
Feachtas:
Tá campaí samhraidh á reachtáil do pháistí idir 10 agus 15 bliana d’aois i gcolaiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr. Beidh an campa ar siúl idir 08 – 13 Iúil le réimse leathan imeachtaí ar siúl ann idir drámaíocht, spórt, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.
Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Fheachtas ar 01 672 25 940.
Foilsithe ar Gaelport.com