Méid an Téacs

Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas

Deireadh Fómhair 7, 2015

Scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus tacaíocht le matamaitic san ardoideachas faoi chaibidil ag an gCoiste um Oideachas

Tiocfaidh comhaltaí an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach le chéile amárach chun cruinniú dáchodach a thionól agus chun plé a dhéanamh le hionadaithe don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus do Ghréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann.

6 Deireadh Fómhair 2015

Tosóidh an cruinniú ar 2.00 p.m. i Seomra Coiste 4 amárach, Dé Céadaoin, an 7 Deireadh Fómhair 2015.

Ar dtús, tabharfaidh an tUas. Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach Ainmnitheach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), aitheasc don Choiste maidir leis na riachtanais ar leith atá ag na scoileanna Gaeltachta agus ag na Gaelscoileanna, idir bhunscoileanna agus iar bhunscoileanna, agus maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag freastal ar na riachtanais sin.  Sa dara cuid den chruinniú déanfaidh an tUas. Ciarán O’Sullivan cur i láthair ar fhionnachtana an tsuirbhé a rinne Gréasán Tacaíochta Foghlama Matamaitice na hÉireann (GTFMÉ) le déanaí le mic léinn i ndáil le tacaíocht foghlama matamaitice.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Joanna Ní Thofa, TD: “Léiríonn an cruinniú seo a leithne atá feidhm an Choiste, go háirithe maidir le cúrsaí oideachais.  Is deis é ár gcruinniú leis an Uas. Ó hAiniféin léargas a fháil ar na saincheisteanna éagsúla a bhfuil ar scoileanna na Gaeltachta agus ar Ghaelscoileanna aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe anois i bhfianaise an fháis leanúnaigh atá ag teacht ar na dúshláin dhéimeagrafacha, theangeolaíocha agus eile.

“Beidh deis againn ansin éisteacht leis an Uas. O’Sullivan agus é ag caint faoin tuarascáil ó GTFMÉ, ‘Student Evaluation of Mathematics Learning Support: Insights from a large scale multi-institutional survey’.  Tá léargas luachmhar sa suirbhé faoin athrú ó mhatamaitic ar an dara leibhéal go dtí matamaitic ar an tríú leibhéal do mhic léinn i raon leathan réimsí agus faoin tionchar atá ag seirbhísí tacaíochta matamaitice.  I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an matamaitic agus le hábhair ghaolmhara ó thaobh mic léinn a ullmhú i gcomhair na ndeiseanna fostaíochta atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar seo againne atá i mbéal forbartha, tá an suirbhé seo an tráthúil.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Liam O’Brien
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
P: +353 1 618 4484
M: +353 86 189 5098
liam.obrien@oireachtas.ie
Twitter @OireachtasNews

Comhaltas an Choiste:

Cathaoirleach:

Joanna Ní Thofa (Páirtí an Lucht Oibre)

Teachtaí:

Séamus Ó Banáin (Fine Gael); Réamann de Buitléir (Fine Gael); Catherine Byrne (Fine Gael); Ciarán Ó Canáin (Fine Gael); Siobhán Ní Choileáin (An Comhaontas Pobal seachas Brabús); Micheál Ó Connacháin (Páirtí an Lucht Oibre); Clare Ní Dhálaigh (Neamhspleách); Séamus Ó Dálaigh (Fine Gael); Nollaig Ó hÚrdail (Fine Gael); Cathal Mac Conaill Óig (Fianna Fáil); Eoghan Ó Briain (Sinn Féin); Liam Ó Deaghaidh (Fianna Fáil); Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin); Breandán Ó Riain (Páirtí an Lucht Oibre)

Seanadóirí:

Séamus Ó Dorchaí (Fine Gael); Gearóid Ó Creachmhaoil (Neamhspleách); Marie Uí Mhaoldomhnaigh (Páirtí an Lucht Oibre); Máire Uí Mhóráin (Páirtí an Lucht Oibre); Averil de Paor (Fianna Fáil); Marie-Louise Ní Dhomhnaill (Neamhspleách)

http://www.oireachtas.ie/parliament/mediazone/pressreleases/2015/name-29783-en.html

Riachtanais an Ghaeloideachais le plé inniu i dTithe an Oireachtais

Deireadh Fómhair 7, 2015

Ainmneofar Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais an tráthnóna chun ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas a phlé.

Cuirfidh Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirelach ainmnithe COGG, tús leis an bplé nuair a leagfaidh sé amach na riachtanais atá roimh scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Díreoidh sé chomh maith ar a bhfuil ar siúl chun dul i ngleic leis na riachtanais sin.

Dúirt Joanna Tuffy TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste, go dtabharfadh an cruinniú le Cathaoirleach COGG deis do bhaill an choiste léargas a fháil ar na dúshláin éagsúla atá roimh scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna “ag am go bhfuil “athrú ag teacht i gcónaí” ar chúrsaí “deimeagrafacha agus teangeolaíochta”.

http://tuairisc.ie/riachtanais-an-ghaeloideachais-le-ple-inniu-i-dtithe-an-oireachtais-ar/

Cúntóir Taighde faoi oiliúint

Deireadh Fómhair 6, 2015

Tá folúntas mar Chúntóir Taighde faoi oiliúint fógartha sna boscaí eolais ar shuíomhanna Fiontar anois.

Spriocdháta: 26 DF.

Tá gach eolas ar fáil ag www.gaois.ie/download/15.10.06-cuntoir-taighde-faoi-oiliuint.pdf.

Folúntais: Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha

Deireadh Fómhair 6, 2015

Tugann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cuireadh do dhaoine atá cáilithe cur isteach ar an phost seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i gColáiste Chineál Eoghain don scoilbhliain 2015/2016:-

Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha

 Tag:                Post: 

OCG 1:           Tíreolaíocht (4.93 uair)   

OCG 2:           Fraincis (11.10 uair)

                        

Is scoil lán-Ghaeilge í Choláiste Chineál Eoghain agus tá an ábhar seo a theagasc trí mheán na Gaeilge

Is é 12:00 meán lae ar Dé Ceadaoin, 14ú Deireadh Fómhair 2015 an dáta deiridh ar a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.

Tabhair faoi deara:

  • Beidh ceapachán ar bith maidir le post/postanna fógraithe anseo ag brath ar clárúcháin suas-chun-dáta leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Ailt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
  • Ní glacfar le foirmeacha iarratais comhlánta a chuirtear le ríomhphost.
  • D’fhéadfaí gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
  • Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
  • D’fhéadfaí painéal/painéil a dhéanamh chun folúntais eile a líonadh sa scoilbhliain 2015/2016

Sonraí Teagmhála:

Linda Harley

Rannóg na hAcmhainní Daonna

Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98.

T: (074) 9161510                R: linda@donegaletb.ie                G: www.donegaletb.ie

20 blian ag fás i nGaelscoil Chill Dara

Deireadh Fómhair 5, 2015

http://www.kildare-nationalist.ie/2015/10/02/dublin-gospel-choir-to-lead-gaelscoil-20th-anniversary-celebration/

Campell míshásta le líon na bpáistí tosaithe i nGaelcholáiste Dhoire i mbliana

Deireadh Fómhair 5, 2015

Gregory Campbell míshsta nach bhfuil ach 14 páiste tosaithe i nGaelcholáiste Dhoire i mbliana. Scéal iomlán ar fáil ag an nasc thíos:

http://www.newsletter.co.uk/news/northern-ireland-news/just-14-pupils-go-to-new-irish-school-in-co-londonderry-1-6988952

Folúntas: Gaelscoil Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath

Deireadh Fómhair 5, 2015

Tá múinteoir buan de dhíth i nGaelscoil Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23685/

An Gaeilgeoir thú?

Deireadh Fómhair 1, 2015

Tá alt á scríobh ag Ailbhe Ní Riain faoi labhairt na Gaeilge. Má tá tú ag iarraidh cabhrú léí bí i dteagmháil ar an ríomhphost ag ailbheniriain@gmail.com, agus freagair na ceisteanna seo thíos:

– Cad í an cúis duit bheith ag caint as Gaeilge?

– Cathain an mbíonn tú ag labhairt as Gaeilge?

– Cá bhfeiceann sibh an Ghaeilge sa sochaí sa lá atá inniú?

« Previous Page