Méid an Téacs

‘Stádas dátheangach’ fógartha do Chathair na Gaillimhe

Eanáir 13, 2016

Tá socruithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘stádas dátheangach’ a bhronnadh ar chathair na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig.

Nuair a chuirfear an stádas i bhfeidhm go hoifigiúil i mí an Mhárta ceapfar coiste stiúrtha chun tógáil ar an stádas. Tá an t-eagras Gaillimh le Gaeilge, a bhí taobh thiar den rún ar ghlac an Chomhairle leis, ag súil go mbeidh ionadaithe ar an gcoiste sin ag ón Comhairle Cathrach, ó na heagrais uile Ghaeilge atá sa chathair, ó earnálacha an ghnó, an oideachais agus an chultúir.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag súil freisin go gcuirfí i bhfeidhm ‘creatlach gníomhaíochtaí’ atá luaite leis an rún a ritheadh sa
Chomhairle Cathrach le deireanas.

“Bheadh muid ag súil le cúpla rud, an príomhcheann ná coinníoll éigin a bheith ann ó thaobh cúrsaí pleanála go mbeadh dualgas ar dhaoine a thiocfadh isteach sa chathair agus óstán, bialann nó gnólacht eile á cur ar bun acu, an Ghaeilge a chur mar chuid den chomharthaíocht acu.

“Ba mhór an cuidiú é nuair a socraíodh go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar na heastáit nua tithíochta, agus táthar ag súil an polasaí sin a leathnú anois go na bóithre agus na páirceanna gnó freisin. Tá áiteacha sa chathair atá sa Ghaeltacht oifigiúil,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge.

Táthar ag súil freisin go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag obair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe le breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge sa chathair. Dúirt Ní Chonghóile go mbeadh sé “an-deacair cathair dhátheangach” a fhorbairt gan a leithéid de ról a bheith san údarás áitiúil.

Mhínigh sí do Tuairisc.ie go bhfuil Gaillimh le Gaeilge ag obair chuige seo le deich mbliana anuas. Bhí an obair ag dul ar aghaidh go sásúil le linn na tréimhse sin, a dúirt sí, ach bhí deiseanna á gcailleadh ag an eagraíocht mar bhí go leor comhlachtaí móra ag teacht isteach sa chathair agus gan aon dualgas teanga orthu.

“Bhí gá le rud éigin oifigiúil a d’aithneodh an obair mhór a bhí déanta cheana féin. Bhí an obair uilig a rinneadh le deich mbliana anuas ag dul i dtreo na físe sin agus tá muid ag súil gur todhchaí dhátheangach atá amach roimh an gcathair anois.
“Tá go leor deiseanna tagtha chun cinn i mbliana, tá comóradh 1916 ann agus tá Gaillimh 2020 ag obair leo, agus is deiseanna iad sin ar féidir iad a thapú agus a thabhairt ar aghaidh céim eile. Tá na rudaí céanna nach mór ag na cathracha eile atá san iomaíocht le bheith mar Chathair Chultúir, ó thaobh amharclann, cultúir agus ealaíon de, ach níl an teanga acu mar atá againne i nGaillimh,” a dúirt Ní Chonghóile.

Luaigh sí freisin go mbeidh an Chomhairle Cathrach ag déanamh obair mhór ar son na teanga taobh istigh den chomhairle féin agus go mbeadh gach fógra agus seirbhís ar fáil uaithi go dátheangach agus go mbeadh sí “níos diongbháilte” maidir le chun cinn na Gaeilge.

An samhradh seo caite bhí an Chomhairle á fiosrú ag an Coimisinéir Teanga toisc go raibh ag teip uirthi coda dá Scéim Teanga a chur i bhfeidhm. D’iarr an Coimisinéir tuarascáil i scríbhinn ón gcomhairle faoin gceist. D’éiligh an Comhairleoir Catherine Connolly an t-am sin go mbeadh Oifigeach Gaeilge fostaithe ag an gComhairle.

www.tuairisc.ie

Scéim d’fhostaíocht in earnáil na Gaeilge seolta ag Ollscoil Uladh

Eanáir 13, 2016

Tá scéim nua seolta ag Ollscoil Uladh le Gaeilgeoirí óga a chur i dtreo gairmeacha in earnáil na Gaeilge. Le linn an gheimhridh, thug beagnach 40 mac léinn faoi thréimsí oibre le heagrais, gnólachtaí agus grúpaí pobail Gaeilge i gCúige Uladh.

Chuir na mic léinn moltaí oibre faoi bhráid An tUltach, CCEA agus Comhairle Uladh CLG i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge. Seo léargas ar thionchar na scéime ó thuaidh…  www.meoneile.ie

(English) Exciting Year Ahead At Gaelscoil Na Laochra Birr

Eanáir 13, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Fermoy school finally gets go-ahead for new premises

Eanáir 13, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Renua’s Irish-language roadmap to nowhere

Eanáir 13, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre

Eanáir 12, 2016

Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, fáilte inniu roimh an obair ollmhór atá ar siúl ag scoileanna ar fud na tíre ar mhaithe leis na hullmhúcháin do Lá an Fhorógra, 15ú Márta seo chugainn.

Lá an Fhorógra mar chuid lárnach den chlár oideachais do chomóradh Éire 2016, agus ar an lá sin nochtfaidh scoileanna agus ranganna ar fud na tíre a bhforógra féin, “Forógra do Ghlúin Nua.” Tar éis dóibh machnamh ar Fhorógra 1916 tá mic léinn ar fud na hÉireann gafa faoi láthair lena gcuid Forógraí féin a dhréachtú ina leagfar amach an fhís atá acu don tír sa 21ú céad agus na luachanna gur mian leo iad a bheith i measc na bpobal againn.

De réir an Aire O’Sullivan, “D’eisigh mo Roinnse eolas inniu chuig na scoileanna go léir inar tugadh breac-chuntas ar chuid de na gníomhaíochtaí gur ceadaithe iad a mheas mar chuid de Lá an Fhorógra.  Ar ndóigh beidh an tionscadal maidir le Forógra do Ghlúin Nua ina bhunchloch ag an lá i ngach aon scoil, ach tá an-deis ann chomh maith do mhic léinn agus múinteoirí sárthaispeántas a thabhairt den raon de ghníomhaíochtaí eile a bhfuil scoileanna tar éis gabháil leo chun eachtraí 1916 a chomóradh agus chun amharc ar an am atá le teacht.”

“Faoi thús mhí Márta beidh a mbratach náisiúnta féin faighte ag na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna go léir ó na Fórsaí Cosanta nó ó Fhondúireacht Thomas F. Meagher agus moltar gur oiriúnach an bealach é le tús a chur le Lá an Fhorógra an bratach náisiúnta a ardú.”

I measc na ngníomhaíochtaí lena bhfuil scoileanna gafa mar chuid de Chlár Oideachais Éire 1916 tá:

  • Tionscadal Sinsearachta – lena rianaíonn mic léinn beatha agus saol duine gaolmhair leo nó duine de mhuintir na háite in 1916
  • Comórtas aiste staire scoileanna na hÉireann uile
  • Comórtais drámaíochta, ealaíne, filíochta, scannán agus amhránaíochta Éire 2016
  • Ina theannta sin tá cuireadh tugtha do mhic léinn píosa “Doodle 4 Google” a dhearadh chun an céad bliain a chomóradh, agus óstálfar taifid den Fhorógra do Ghlúin Nua ar shuíomh YouTube speisialta.
  • Ós rud é gur le linn Sheachtain na Gaeilge a bheidh Lá an Fhorógra, iarrtar ar scoileanna chomh maith smaoineamh ar bheith gafa le Féile na Físe arna heagrú ag Conradh na Gaeilge.

“Tá an-chosúlacht ann go mbeidh an 15ú Márta ina lá suntasach do mhic léinn, múinteoirí agus foireann scoile eile.  Tá eolas pearsanta agam ar chuid den obair shuntasach atá ar siúl i seomraí ranga agus scoileanna i mbliana agus beidh deis ag scoileanna ar Lá an Fhorógra an cumas agus an fuinneamh sin a chur ar thaispeáint i slite éagsúla.  Is mian liom a rá gur mór agam an bealach inar ghlac pobail scoile leis na tionscadail iomadúla atá san áireamh i gClár Oideachais Éire 1916 agus guím gach rath ar a gcuid oibre agus ócáidí na bliana á dtabhairt chun críche.”

Críoch.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Oideachais Éire 1916 feic:

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasraitis-2016/PR16-01-12.html#sthash.qylj5kAg.dpuf

An Capall Ocrach le Pauline Devine

Eanáir 12, 2016

Tá aitheantas ar Pauline Devine mar scríobhneoir Béarla ach le déanaí thosaigh sí ag scríobh trí mhéan na Gaeilge i gcomhar páistí sa bhunscoil.

'An Capall Ocrach' - íomhá le Coiscéim‘An Capall Ocrach’ – íomhá le Coiscéim

Tar éis ratha a céad leabhar ‘MAMÓ AGUS AN PEILEADÓIR’ (Coiscéim 2011),  tá an dara leabhar ‘AN CAPALL OCRACH’ (Coiscéim 2015) foilsithe aici. Is scéal é seo atá dírithe ar léitheoireacht na bpáistí óga.

Más mian le do scoil go dtiocfaidh Pauline chun a leabhair a léamh, cuir scéal chuici ar paulinedevine@eircom.net

DIARY OF A WIMPY KID® -COMÓRTAS

Eanáir 12, 2016

Tá an t-aistriúcháin déanta, an obair eagarthóireachta curtha i gcrích agus an dearadh idir lámha, – tá an leagan Gaeilge de ‘DIARY OF A WIMPY KID® ar an mbealach.  Níl ann ach faidhbín beag amháin!

Níl muid aontaithe ar an teideal a thabharfaidh muid ar an leagan Gaeilge!  Rith sé linn gur cheart dúinn na smaointe atá againn a chaitheamh i hata agus ceann amháin a roghnú, nó b’fhéidir vóta a chaitheamh don teideal is fearr linn.  Ach, ó bhó go deo, ní raibh muid in ann aontú air sin ach an oiread!

Wimpy Kid 1

Mar sin…..

….Shocraíomar ceist ar chur oraibhse, sea, oraibhse, a léitheoirí óga na tíre, daoine óga a bhfuil tuiscint acu, níos fearr ná muide, ar an gcineál saol atá ag an Wimpy Kid cáiliúil, Greg Heffley.

Tá muid ag iarraidh oraibh mar sin bhur gcuid moltaí a chur chugainn!

Ocáid stairiúil atá ann agus deis agaibhse páirt a ghlacadh i gcruthú  an 46ú aistriúchán den leabhar seo a bhfuil oiread daoine ar fud an domhain tar éis taitneamh a bhaint as!

Is féidir bhur gcuid moltaí don teideal Gaeilge a tvuíteáil chugainn @futafata #WimpyKidGaeilge, nó bhur smaointe a roinnt linn ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@futafata.ie Mar tá duais le baint ag an moladh is fearr. Duais iontach. Luach €500 de leabhair do leabharlann na scoile!

Deán teagmháil linn go beo mar tá an Wimpy Kid ar bís castáil libh Lá Domhanda na Leabhar, 3ú Márta 2016.

Spriocdháta an chomórtais ná an 22 Éanair 2016.

Feighí Linbh á Lorg i gCorcaigh – i gceantair Bhaile an Chollaigh

Eanáir 12, 2016

Feighlí linbh  á lorg le haire a thabhairt do bheirt chailíní,  2 bhliain go leith agus 9 mhí d’aois i gCorcaigh, i gceantar Bhaile an Chollaigh / Na hUamhanna / Cill na hOmnaí /an Eatharla.

Luan-Aoine ó dheireadh mhí Lúnasa ar aghaidh. Duine le Gaeilge atá á lorg nó duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mhaighréad  ag 087 9817305

Folúntas: Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh

Eanáir 11, 2016

Tá Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa ag lorg ionadaí do chúntóir riachtanais speisialta. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24688/

« Previous PageNext Page »