Méid an Téacs

Folúntas: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall

Eanáir 11, 2016

Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17376/

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath

Eanáir 11, 2016

Tá Gaelcholáiste Reachrann ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17369/

(English) Launch of inaugural NÓS ‘Irish language’ Music Awards

Eanáir 8, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath

Eanáir 8, 2016

Tá ionadaí do shaoire mháithreachais de dhíth i gColáiste Chilliain. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17354/

Maolú ar bith tagtha ar an gconspóid i bhFear Manach maidir le hathlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae

Eanáir 8, 2016

Séanann Aontachtaí sinsearach i ndeisceart Fhear Manach gur naimhdeas don Ghaeilge a spreag conspóid faoi athlonnú Bhunscoil an Traonaigh, an t-aon Ghaelscoil sa chontae, go suíomh a raibh meánscoil stáit (Phrotastúnach) ann tráth. D’fhógair an tAire Oideachais, John O’Dowd, i rith na Nollag go bhfuil Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe le suíomh nua a fháil san áit a raibh Lisnaskea High School.

Tá 45 dalta i mBunscoil an Traonaigh, Gaelscoil atá 12 bliain ar an bhfód.

Dhruid an Roinn Oideachais Lisnaskea High School dhá bhliain ó shin. Ba ann a bhí an mheánscoil stáit dheireanach sa chontae, taobh amuigh d’Inis Ceithleann.

Cháin feisire an cheantair, Tom Elliott (Páirtí Aontachtach Uladh) athlonnú na bunscoile. Dúirt Elliott go raibh O’Dowd ar ruathar aonair, nó ‘solo run’. “Dhruid John O’Dowd Lisnaskea High School i 2013. Ba í an chúis a thug sé ag an am ná an laghdú ar líon na ndaltaí, ach nuair a bhí an próiseas comhairliúcháin ar siúl, bhí togra á mholadh le go mbeadh oideachas i bpáirt ann, agus bhí trí oiread dalta ag an scoil agus a bheidh ag an scoil nua seo,” a dúirt Elliot.

Chuir Elliott i leith O’Dowd go raibh tús áite á thabhairt aige d’idé-eolaíocht Shinn Féin seachas do na riachtanais atá ag daoine óga an cheantair.

Dúirt Sorcha Ní Mhurchú, an múinteoir atá i bhfeighil na Gaelscoile, nach raibh rud ar bith le rá aici faoi ráiteas Elliott.

“Is buntáiste ollmhór dúinn an suíomh nua. Tabharfaidh sé spás don scoil forbairt níos mó a dhéanamh. Beidh ceithre sheomra ranga réamhdhéanta ann a chiallaíonn nach mbeidh cuid ar bith de na páistí á dteagasc sa tseomra bia mar atá faoi láthair.

Beidh bealach isteach níos fearr ann ina mbeidh busanna ábalta fáil isteach, chomh maith leis na tuismitheoirí a fhágann na páistí ar scoil i gcarranna.

“Agus cúrsaí mar atá, níl an bealach isteach leathan go leor chun na busanna a fháil isteach. Beidh tuilleadh spás stórála againn atá de dhíth go práinneach, chomh maith le neart spáis taobh amuigh le ligean do na páistí súgradh go sábháilte agus go compordach.”

Cinnte, tá go leor den phobal aontachtach sa cheantar míshásta faoi athlonnú na bunscoile ach ní naimhdeas don Ghaeilge is cúis leis an míshástacht sin, a deir Aontachtaí sinsearach sa cheantar le Tuairisc.ie.

Dúirt sé nach raibh aon bhaint ag an nGaeilge leis an scéal ach amháin i gcás “roinnt daoine ón TUV”.

“Is mar gur gheall gur druideadh an mheánscoil stáit dheireanach i ndeisceart Fhear Manach atá daoine míshásta,” arsa an tAontachtaí.

Dúirt sé go raibh an pobal sásta go mbeadh oideachas i bpáirt ann i gcomhar le Coles (Coláiste Naomh Chomghaill) agus St Aidan’s, dhá mheánscoil Chaitliceacha sa cheantar. Bhí laghdú suntasach ar líon na bProtastúnach sa cheantar thar na blianta, ach tá fás ar an phobal Protastúnach in áiteanna, a mhaígh sé. Dar le daoine áirithe, b’ionann dúnadh na meánscoile ar an suíomh sin agus “níl spás ar bith ann daoibhse” a rá .

D’fhógair an tAire O’Dowd go mbeadh an suíomh á roinnt ag Bunscoil an Traonaigh leis an South East Fermanagh Foundation, eagraíocht d’íospartaigh. Ní fios go fóill an leor sin leis an chonspóid faoi athlonnú na scoile a mhaolú.

www.tuairisc.ie

Agallamh beirte don aos óg

Eanáir 7, 2016

Tá críoch á chur ag Meon Eile inniu leis an sraith drámaíochta ‘Idir Mise Agus Tusa’ ina raibh 10 n-agallamh beirte nua-chumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile agus iad uilig dírithe ar an aos óg.

Tá na 10 físeáin ar aon leathanach amháin ar an suíomh inniu agus tá na ranntaí uilig curtha le chéile in aon cháipéis amháin. Seo nasc leis: http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-taobh-thiar-den-taifeadadh#.Vo4_1PmLTIU

Bróga Cróga

Eanáir 7, 2016

Déan plé ar chúrsaí meabhairshláinte trí Ghaeilge. Tá acmhainn iontach darb ainm BRÓGA CRÓGA curtha le chéile ag an ngrúpa “Walk in My Shoes” le cuidiú libh. Déan íoslódáil ar an bpacáiste ANSEO!

Oibrí Cúram Leanaí ag teastáil i Naíonra Lios na nÓg, Baile Átha Luain

Eanáir 7, 2016

Tá Naíonra Lios na nÓg ag lorg iarratas do phost mar Oibrí Cúram Leanaí do na míonna Bealtaine agus Meitheamh 2016. Bheadh sé de bhuntáiste ag iarrthóirí taithí 2 bhliain ar a laghad a bheith acu maraon le líofacht i labhairt agus scríobh na Gaeilge agus cáilíocht FETAC leibhéal 5 i gCúram Leanaí.

Ní mor don iarrthóir bheith ar fáil ó 9.00 – 4.30/5.00 ag obair ó Luain go hAoine. Ní mhór iarratas agus Curriculum Vitae a sheoladh ar ríomhphost chuig carriembc@icloud.com.

Folúntas: Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co na Mí

Eanáir 6, 2016

Tá Gaelscoil an Bhradáin Feasa ag lorg ionadaí ranga. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24652/

Mórchomórtas Táibléad

Eanáir 5, 2016

Tá an mórchomórtas atá á rith ar leathanach Facebook Meangadh Fíbín ó aimsir na Nollag le rith go deireadh na míosa mar gheall ar an bhfreagairt iontach a fuarthas go dtí seo. Tá deis ag daoine Táibléad Android 9″a bhuachan mar an phríomhdhuais chomh maith le roinnt duaiseanna beaga T-léine, leabhar Saol Faoi Shráid agus méaróg USB ina measc. Ritheadh an comórtas mar cheiliúradh ar sheoladh an aip nua ‘Saol Faoi Shráid’ atá le fáil saor in aisce anois do ghairis Apple agus Android.

Screen Shot 2015-12-17 at 16.47.32

Níl oraibh ach dul anonn chuig leathanach Facebook Meangadh Fíbín, ‘Is Maith Liom É’ a dhéanamh ar an bpictiúr agus ceist bheag a fhreagairt. Tá na sonraí ar fad thall ansin.

« Previous PageNext Page »