Méid an Téacs

Lá Dearg agus an Comhrá Mór

Bealtaine 15, 2017

Beidh Lá Dearg ar siúl i mBéal Feirste ar an 20.05.2017 le árd a tharraingt ar an éileamh ar son reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart. Bhí cruinnithe dearfacha ag an Dream Dearg le baill den Pháirtí Comhghuaillíochta, den Chomhaontas Glas, den Phobal Roimh Bhrabús, de Sinn Féin agus den SDLP le déanaí. Beidh mórshiúl ón gCultúrlann go dtí Halla na Cathrach, ag tosnú ag a dó dheag a chlog, meán lae. Beidh busanna ar fáil le gur féidir le daoine áit a ghlacadh iontú go fóill. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú tríd íoslódáil a dhéanamh ar an bpóstaeir thíos. Is féidir teagmháil a dhéanamh le ursula@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus ag taisteal uaidh Cathair na Gaillimhe agus le sine@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus uaidh Sráid Fhearchair i mBláth Cliath.

I ndiaidh an Lá Dearg, eagrófar ‘An Comhrá Mór – Ollchruinniú GnímhDé Sathairn, 10 Meitheamh, ó 11.00 go dtí 16.00 in Óstán Wynns, Baile Átha Cliath 2. Déanfar cur síos ar an lá ar staid reatha na bhfeachtas, an daonáireamh ó dheas agus ar an bhfeachtas Dream Dearg ó thuaidh. Is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo agus tá súil againn go leor gníomhartha a aontú ann agus feidhmiú orthu láithreach bonn go háirithe le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas agus maoiniú don phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach. Tá fáilte roimh chách ann.
Ní neart go cur le chéile,
2_DreamDearg_Postaer (4)

Titim i líon na gcainteoirí Gaeilge i gCúige Mumhan

Bealtaine 15, 2017

 

Conradh na Gaeilge

 

 

 

 

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas breis tacaíochta agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal tríd Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le go mbeadh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chéad daonáireamh eile in 2022.Gá le gníomhartha cinniúnacha láithreach bonn ón Rialtas, forbairt reachtaíochta ina measc, le dul i ngleic le titim i líon na gCainteoirí Gaeilge

D’fhógair Conradh na Gaeilge go poiblí le déanaí na leasuithe atá molta ag an eagraíocht, le moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú chun dul i ngleic leis an gcéad laghdú i líon na gCainteoirí Gaeilge ó dheas ó 1946.

I measc na bhforálacha atá á moladh leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

 Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020

 Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge (rud a shábhálfadh airgead ar an stát)

 Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n‐áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo

 Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach agus go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge an‐sásta ár moltaí, a thógann moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú a chur os comhair an phobail inniu.

Tá plé agus forbairt déanta ar na leasuithe don Acht le cúpla mí anuas le polaiteoirí agus tá nach mór an fhreasúra ar fad anois ag tacú leo. Ní amháin sin ach tá an tAire Seán Kyne ag obair go gníomhach linn agus leis an bhfreasúra chun go mbeidh na moltaí san áireamh sna ceannteidil do Bhille nua a fhoilseoidh an Rialtas i mí na Bealtaine”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard‐Rúnaí an Chonartha: “Tá sé soiléir anois, i ndiaidh nach mór 15 bliain d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go bhfuil gá leis an reachtaíocht a leasú chun feabhais. Tá codanna áirithe den Acht nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus tá míreanna eile nach bhfuil san áireamh san Acht.

Tá na leasuithe seo á moladh ag Conradh na Gaeilge chun go mbeadh seirbhísí Gaeilge ón stát ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar féidir leo brath orthu, agus a thabharfadh spreagadh d’íomhá agus do stádasna Gaeilge sa mhórphobal trí chéile.”

“Dar ndóigh, ní reachtaíocht amháin a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge ach tá reachtaíocht mar chrann taca tacaíochta don phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid. Chomh maith le reachtaíocht níos láidre, tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcónaí ar mhaoiniú breise a chinntiú ón dá Rialtas thuaidh agus theas don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, plean a chruthódh breis is 1,100 post agus a chuirfeadh an‐chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile.”

Is iad na páirtithe agus na polaiteoirí atá ag tacú leis na leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge a chur chun cinn cheana féin ná Fianna Fáil, Sinn Féin, Pobal roimh Bhrabús, Páirtí an Lucht Oibre, Comhghuaillíocht na Tuaithe, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, agus Catherine Connolly TD. Tá an Conradh ag obair go gníomhach le hAire na Gaeltachta, Seán Kyne TD, agus le Roinn na Gaeltachta leis na leasuithe molta a chur san áireamh sna ceannteidil atá an Roinn ag réiteach faoi láthair chomh maith.

Cúrsa Oiliúna leis an gCumann Lúthchleas Gael

Bealtaine 15, 2017

Cúrsa Samhraidh

Beidh cúrsa oiliúna do bhunmhúinteoirí ar siúl i gColáiste Colmchille in Indreabhán i gConamara. Téimhse ceithre lá a bheidh i gceist, idir an tríú is an seachtú lá de mhí Iúil. Déanfar an chúrsa a reachtáil idir a 9.30 is a 2. Beidh obair phraiticiúil faoi stiúir Theagascóirí CLG ar siúl agus beidh táille €50 le híoch ar an gcúrsa.

Is féidir d’áit ar an gcúrsa a chlárú ar; http://www.galwayec.ie/courses/clg-do-bhunmhuinteoiri/

Is féidir glaoch a chur ar IONAD OIDEACHAIS NA GAILLIMHE, CLUAIN MHUIRE, PÁIRC AN TOBAIR, GAILLIMH ar T: (091) 745 600 le tuilleadh eolais a fháil.

Tá an cúrsa seo á eagrú faoi théarmaí tagartha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

lógó cúrsa samhraidh

Folúntas: Oifigigh Oideachais & Comhlaigh á n-earcú ag COGG

Bealtaine 15, 2017

Oifigigh Oideachais

Is mian le COGG Oifigeach Oideachais bunscoile agus Oifigeach Oideachais iar-bhunscoile a earcú. Beidh na hoifigigh freagrach as tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar aon le freagrachtaí eile a bhaineann le feidhmeanna reachtúla COGG. Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie An dáta druidte: 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017.

Comhlaigh

Is mian le COGG múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a earcú mar chomhlaigh (associates) do thréimhse suas le 20 lá i gcéad téarma na scoilbhliana seo chugainn le tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Fáilteofar roimh léirithe spéise roimh 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017. Breis eolais ar fáil: poist@cogg.ie

Folúntas le Glór na nGael

Bealtaine 12, 2017

 

Glór na nGael

 

Is gluaiseacht náisiúnta í Glór na nGael, a bhfuil forbairt na Gaeilge sna réimsí oibre seo a leanas “Forbairt phobail, eacnamaíochta agus béim ar leith ar thógáil páistí le Gaeilge” mar spriocanna lárnacha oibre aige.

Tá Riarthóir Oifige (lánaimseartha) á lorg don ról seo a leanas;

Riarthóir Oifige

Príomhdhualgais an phoist

  • Córais riarachán na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhdaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (fón, r-phost agus postas)
  • Plé le horduithe díolacháin, idir seachadta agus ceannachán stoic.
  • Córas rialú stoic a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoir na gComórtas

Inniúlachtaí Riachtanacha

  • Taithí ar obair riaracháin oifige
  • Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha

Inniúlachtaí Inmhianaithe

  • Taithí ar úsáid na nuatheicneolaíochta
  • Taithí ar phróiseáil orduithe
  • Taithí ar bhainistiú stoic

Scála Tuarastail:

De réir Scála tuarastail Oifigeach Chléireachais (Scála Caighdeánach) Ciorclán- 17/2015 2A

€21,879-€37,341 

Suíomh Oibre:

Beidh an Riarthóir Oifige nuacheaptha lonnaithe in Oifig Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí agus ag feidhmiú faoi stiúir Bainisteoir na gComórtas.

Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 31 Bealtaine 2017, chuig post@glornangael.ie (D’fhéadfaí painéal iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an bpost reatha seo, a bhféadfaí tarraingt air sa chás go mbeadh folúntas eile le líonadh roimh dheireadh 2017).

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlór na nGael le fáil ar www.glornangael.ie agus cuir síos ar na háiseanna atá á fhorbairt ar www.udar.ie

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge.

.Fóras na Gaeilge

Foireann sacair na Gaelscoile Phortlaoise

Bealtaine 12, 2017

Foireann Sacair

 

Beidh ag glacadh páirt i gCraobh Cúige Laighin sa chomórtas Spar 5-an -taobh in Uaimh Co. na Mí i  mbliana. Is mór an éacht don scoil agus don bhaile mór é. Guímíd gach rath agus séan ar mhúinteoir Daithí agus ar na buachaillí féna chúram aige. Beireann buan bua! Gaelscoil Abú.

Féile Scannáin Fingal 2017!

Bealtaine 12, 2017

festival_cover_photo_cropped_197030

 

AG LORG IARRATAIS- Athchóiriú iomlán ar Fhéile Scannáin Fingal bhliantúil idir láimhe i láthair na huaire. Beidh deireadh seachtaineSamhraidh lán de scannáin, coiméide agus ceol beo againn.

Ar siúl ar an 11ú & 12ú Lúnasa, beidh an fhéile Samhraidh ag tarlúint amuigh faoin aer i gCaisléan Swords, Baile Átha Cliath ar scáileánlasmuigh, le ceol beo, seó grinn agus DJs ag seinnt déanach is d’oíche.

Fad is áta na hullmhucháin idir láimhe i gcomhair Féile Scannáin Fingal 2017, tá
an fhoireann tar éis athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an bhféile bhliantúil chun
feasacht níos mó a chrúthú ar scannáin neamhspléacha, trí dhaoine le suim in
imeachtaí ceoil agus grinn a mhealladh.

Cé go bhfuil meadú suntasach ar lucht féachana an fhéile le roinnt blianta anuas,
Creideann eagarthóírí an fhéile go bhfuil freagracht orthu athchóiriú a dhéanamh
orainn féin, trí lucht féachana níos mó a mhealladh le ionad gníomhaíochta níos mó
i mbliana. “Tá muid ag cinntiú go bhfuil saothar scannánóra curtha ar fáil do
déimeagrafach níos leithne” dár le bunaitheoir na féile, Liz Kenny. Tá sé riachtanach go ndéanfaimid an fhéile níos mealltachtaí do dhaoine nách dtéann go féiltí go rialta tríd imeacht a chur i láthair do dhaoine do ghach aois.

“Creidimid go gcailleann imeacht leis an téama “Féile Scannán” cuid dá lucht
féachana mar go mbraitheann siad go bhfuil an béim ar scannánóirí le go leor
taithí” , a dúirt an Stiurthóir cruthaitheach Dave Bryne. Ach a mhalairt áta ann.
Thaitníonn scánnáin le chuile duine agus s’é an aidhm áta againn ná scánnáin
néamhspléacha a thabhairt dá lucht féachana chomh maith le deireadh seachtaine
den scoth agus lán de spraoi a reachtáil.

Beidh sceideal á chur amach againn sna míosa amach romhainn leis na
himeachtaí go léir agus tá sé ar intinn againn lucht féachana mórthimpeall na
hÉireann agus thar lear a mhealladh go dtí an fhéile.

Dá bharr go bhfuiltear ag lorg iarratais, tá an fhéile ag spreagadh scánnánóirí ó
Fingal agus ar fud na tíre iarratais a chur isteach, mar i mbliana tá sé ar cheann
dos na féilte scánnáin neamhspleácha is mó in Éirinn. Tuilleadh eolas ar fáil faoi conas iarratais a chur isteach, i gcomhair na catagóirí seo – Iarrathóir Fingal Nua – Beocht is Fearr – Scannáin Gearr is Fearr – Mac Léinn is Fearr- Clár Fáisnéise is Fearr – Clár Idirnáisiúnta is Fearr – Scánnán Gaeilge is Fearr – An Éacht is Mó sna Méain.
Féach ar www.fingalfilmfest.com agus suibscríobh i gcomhair a thuilleadh eolas.
Cuir iarratais díreach go http://www.fingalfilmfest.com/2017-submissions/ nó cuir
ríomhphost chuig pr@fingalfilmfest.com.

Bunscoil Sancta Maria

Bealtaine 10, 2017

Saoire Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil le Raidió na Gaeltachta!

Bealtaine 9, 2017

R na G

 

 

 

 

 

Ar mhaith leat saoire teaghlaigh sa Ghaeltachta a bhaint? Mar sin, tabhair cluas don Chóisir Cheoil an tseachtain seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go hAoine 3 pm – 5 pm, mar beidh 15 scoláireacht do chúrsa teaghlaigh i nGaoth Dobhair le tabhairt uaidh ag Dónall Mac Ruairí, a bhuíochas le Foras na Gaeilge. Beidh deich scoláireacht, luach €900 an ceann, agus cúig scoláireacht, luach €200 an ceann, le baint ar an gclár an tseachtain seo, trí scoláireacht in aghaidh an lae!

Reáchtálfaidh Cumann an Phiarsaigh an cúrsa teaghlaigh seo i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall ó 15-22 Iúil. Caithfidh na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus ar imeachtaí trí Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí seo dírithe. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlín www.piarsaigh.ie

Would you like to win a family holiday to the Donegal Gaeltacht? If so, tune this week to An Chóisir Cheoil on RTÉ Raidió na Gaeltachta, Monday to Friday 3 pm – 5 pm, for a great selection of music and a chance to win one of 15 scholarships to the courses run by Cumann an Phiarsaigh in Gaoth Dobhair, with thanks to Foras na Gaeilge. Presenter Dónall Mac Ruairí will have 15 scholarships to give away, worth €10,000 in total.

Foilsithe ar shuíomh ghréasáin Raidió na Gaeltachta

Gradam Saoránach na nÓg le Foróige

Bealtaine 8, 2017

Buaiteoirí boinn cré-uamha ag comórtas Saonracht na n-Óg le Foróige agus Tára De Breitt sa lár

Buaiteoirí boinn cré-uamha ag comórtas Saoránacht na n-Óg le Foróige

 

Tara De Brett ag glacadh an boinn cré-uamha ar shon chlub Óige Feachtas Tamhlacht

Tara De Brett ag glacadh an boinn cré-umha ar shon Club Óige Feachtas Tamhlacht

Bhuaigh Club Óige Feachtas Thamhlachta boinn cré-umha ag Gradam Saoránach na nÓg le Foróige ar an Satharn, 29 Aibreán. Bhí os cionn 200 club eile i láthair.  Ghlan siad Páirc Chill an Ardáin i dTamhlacht do phobal Thamhlachta. Is éacht é seo don chlub réasúnta nua-bhunaithe é seo. Comhghairdeas leo!

« Previous PageNext Page »