Méid an Téacs

Aitheantas buan faighte ag Gaelcholáiste na Mara ón Roinn Oideachais & Scileanna

Meitheamh 6, 2013

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a dhéanamh le Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, ar bronnadh aitheantas buan uirthi le déanaí. Bunaíodh an scoil i 2007 agus tá sé tráthúil gur i mbliana a bhronn an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas buan uirthi, oir is í seo an chéad bhliain go bhfuil rang Ardteiste aici. Guímis gach rath ar daltaí uile na scoile, ach go háirithe iad siúd atá ag tabhairt faoin Ardteist agus an Teastas Sóisearach faoi láthair. Is cinnte go mbeidh todhchaí iontacha i ndán dóibh i ndiaidh an tréimhse atá caite acu sa scoil tacúil, fuinniúil seo. Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí na scoile ar www.gaelcholaistenamara.ie, áit a bhfuil blag iontach a léiríonn an réimse leathan imeachtaí a bhíonn ar siúl ag an scoil i gcaitheamh na bliana.

Ainmneacha roghnaithe do na scoileanna nua ag oscailt i 2013!

Meitheamh 5, 2013

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. fáilte mhór a chur roimh Gaelscoil na Giúise (Teach na Giúise, Baile Átha Cliath 24), Gaelscoil Shliabh Rua (An Chéim, Baile Átha Cliath 18) agus Gaelscoil Mhic Aodha (Baile Chill Dara), 3 bhunscoil nua lán-Ghaeilge a bheidh ag oscailt i Meán Fómhair 2013. Bhí an-sceitimíní ann le déanaí nuair a bhí príomhoidí agus tuismitheoirí na scoileanna nua ag roghnú ainmneacha dóibh; déanann ‘Gaelscoil na Giúise’ tagairt do na crainn as ar ainmníodh an ceantar ina mbeidh an scoil suite, is sean-ainm ar Bhinn Trí Charraig atá i ‘Sliabh Rua’ agus toisc go mbeidh Gaelscoil Mhic Aodha lonnaithe amach anseo i nDún Mhic Aodha, bheartaigh pobal na scoile aitheantas a thabhairt do stair na beairice.

Guímis gach rath ar na scoileanna nua seo agus iad ag ullmhú i dtreo oscailt i Meán Fómhair. An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún orthu agus is scoileanna comhoideachais, ilchreidmheacha a bheidh iontu. Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig clare@gaelscoileanna.ie le heolas ginearálta a fháil maidir le scoileanna nua, agus teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat do pháiste a chlárú (01 6294110). Tá áiteanna ar fáil do Mheán Fómhair 2013!

Gaelscoil nua i nDumhach Trá/An Rinn i 2014 – Oíche Eolais 5 Meitheamh 2013

Bealtaine 30, 2013

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh bunscoil nua le hoscailt i gceantar Dumhach Trá/An Rinn i Meán Fómhair 2014. Tá feachtas ar bun le go n-aithneofaí an scoil nua mar ghaelscoil; níl aon scoil lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus tá ró éileamh ollmhór ar na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar máguaird. Tá oíche eolais eagraithe ag pátrún ionchasach na scoile nua, AN FORAS PÁTRÚNACHTA, le tacaíocht GAELSCOILEANNA TEO., eagraíocht comhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge, ar an 5 Meitheamh in Ionad Pobail na Rinne (Ringsend & Irishtown Community Centre) ag 7i.n. Tá an ócáid ar oscailt don phobal agus beidh sé dírithe ar bhuntáistí an oideachais lán-Ghaeilge do gach páiste.

Is iontach an deis í seo don phobal úinéireacht a ghlacadh ar áis oideachais den scoth a bheidh ag an gceantar do na glúinte páistí amach anseo, scoil bheoga, rathúil go mbeidh siad an-bhródúil aisti. Ba mhór linn bualadh leat ann má tá suim agat bheith páirteach sa bhfeachtas le scoil lán-Ghaeilge nua a éileamh don cheantar.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcruinniú ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.

Tá tuilleadh eolais maidir le AN FORAS PÁTRÚNACHTA ar fáil ar www.foras.ie.

Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach do Chnoc na Cathrach

Bealtaine 28, 2013

Tá Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe ag iarraidh ar thuismitheoirí ar spéis leo a bpáistí a chuir chuig Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach i gCnoc na Cathrach, an spéis sin a chlárú.

Chuirfeadh an Phobalscoil Náisiúnta Dhátheangach bunoideachas trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla ar fáil do pháistí ag tosú amach ar an mbunscoil in 2014.

Pobalscoil chomhoideachais a bheadh i gceist a chuirfeadh fáilte roimh pháistí as an gceantar áitiúil chun tabhairt faoi oideachas trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, ar bhealach leanbhlárnach agus ilchreidmheach.

Tá sé mar aidhm ag Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe múnla oideachais a chur ar fáil sa phobalscoil dhátheangach a chinnteodh go mbeidh scoláirí in ann dul ar aghaidh chuig Coláiste na Coiribe, Coláiste lán-Ghaeilge i gCnoc na Cathrach, más mian leo.

Tá sé aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil gá le bunscoil nua i gceantar Chnoc na Cathrach, agus tá súil ag an gCoiste Gairmoideachais iarratas a dhéanamh ar phatrúnacht ar bhunscoil dhátheangach chun freastal ar éileamh an cheantair sin.

Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh chaomhnóirí a suim a léiriú ar www.cgvec.ie/cns, agus beidh oíche eolais ar siúl anocht, Dé Máirt, 28 Bealtaine 2013 ag 8.30i.n. in Óstán an Chlaí Bháin, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. Tá go dtí Dé Luain, 10 Meitheamh 2013 ag tuismitheoirí chun a spéis a léiriú.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) – 10 mBliana ar Aghaidh – Óráid an Rúnaí Ginearálta, An Roinn Oideachais agus Scileanna: Seán Ó Foghlú

Bealtaine 23, 2013

A oifigigh, a thoscairí, agus a dhaoine uaisle, tá an-áthas orm a bheith in bhur láthair inniu ar an ócáid speisialta seo. Thar mo cheann féin agus thar cheann na Roinne, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin agus le cathaoirleach COGG, John Carr, as an chuireadh a thabhairt dom labhairt ag an chomhdháil thábhachtach seo.

Is ócáid chéiliúrtha í seo do COGG ar deich mbliana de fhreastal ar shainriachtanais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl aon amhras ná go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar an oideachas trí Ghaeilge le linn an ama sin agus tréaslaím le COGG as an ghaisce atá déanta in a leith seo. Dar ndóigh, tá go leor le déanamh go fóill chun an t-oideachas trí Ghaeilge agus foghlaim na Gaeilge a threisiú sa chóras oideachais.

Tá sé ar intinn agam inniu machnamh a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl faoi láthair idir dhúshláin agus ghníomhartha chun tacú leis an Ghaeilge and an oideachas trí Ghaeilge i gcomhthéacs na bhforbairtí éagsúla polasaí agus reachtaíochta. Chomh maith leis sin, caithfidh mé tamall ag labhairt ar cad atá socraithe ag an Roinn Oideachais maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ról COGG san obair sin.

Tábhacht na Gaeilge agus Tiomantas na Roinne don Ghaeilge

Tuigtear dom go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn inniu agus a bhí sí riamh. Is comhartha láidir féinaitheantais í i sochaí Éireannach ilchultúrtha in a labhartar 150 teanga go laethúil. Déanann an Ghaeilge idirdhealú idir pobal na hÉireann agus aon phobal eile ar domhan. Níl aon amhras ná le teagasc maith, go gcuidíonn foghlaim na Gaeilge linn a bheith dhátheangach agus le teangacha eile a fhoghlaim go héasca. Chomh maith le sin, tá dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dar ndóigh, san oideachas.
Bhíodh sé mar mhian phearsanta agam le fada agus tá sé ann go fóill, agus mé ag feidhmiú mar Rúnaí Ginearálta na Roinne, go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo nua-aimseartha, agus go n-aithneoimid go léir, an tábhacht náisiúnta agus cultúrtha a bhaineann léi. D’fhoghlaim mé féin an Ghaeilge mar ábhar roghnach agus mé ar scoil sa chuid den tír nach bhfuil sé riachtanach, agus tuigim an tábhacht a bhaineann le dearcadh dearfach agus féinspreagadh maidir le foghlaim na teanga.

Feictear dom go bhfuil go leor factóirí faoi choimirce an Stáit agus taobh amuigh de ag cuidiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Le sé bliana anuas anois, tá an Ghaeilge ar an 20ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Cuireann Comhairle Aontas na hEorpa agus An Chairt Eorpach béim ar leith ar dhualgais Stáit maidir le teangacha reigiúnacha agus mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn. Is suntasach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á múineadh i mbreis is 50 ollscoil ar fud an domhain taobh amuigh den tír seo.

Anseo in Éirinn, tá an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí mar thoradh ar thionchar na meán agus na teicneolaíochta.

Tá an reachtaíocht atá tagtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas, ag tacú le stádas na Gaeilge a dhaingniú sa státchóras agus sa chóras oideachais. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tiomanta dá cuid freagrachtaí de réir na reachtaíochta seo.

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2001, tá an Roinn Oideachais tiomanta do sheirbhísí Gaeilge a sholáthar. Mar a fheictear i Scéim Teanga na Roinne seo faoin Acht, tá beartais á gcur i bhfeidhm ag an Roinn a chuirfidh le cumas baill foirne na Roinne sa Ghaeilge agus a chinnteoidh go mbeidh ábhair trí Ghaeilge ar shuíomh idirlín na Roinne.
Tá dul chun cinn leanúnach maidir le cur i bhfeidhm míreanna éagsúla den Acht Oideachais, 1998 chun an soláthar don Ghaeilge a threisiú. Mar shampla, tá pleananna i mbun láimhe ag an Roinn bunús reachtúil a chur faoin soláthar tumoideachais i mbunscoileanna faoi Mhír 33 den Acht Oideachais. Tá sé ar intinnan curaclam bunscoile a leagadh síos ar bhonn reachtúil go luath a thabharfaidh cead do scoileanna an lántumoideachas a chleachtadh go dtí deireadh an chéad téarma sna naíonáin shinsir.
Táimid sa Roinn ag féachaint ar impleachtaí Acht na Gaeltachta 2012 ar an soláthar don oideachas trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ar intinn againn polasaí na Roinne maidir le hoideachas trí Ghaeilge a shoiléiriú. Beidh mé ag caint a thuilleadh faoi sin ar ball beag.

Straitéis 20 Bliain

Taobh amuigh den reachtaíocht, tá an Straitéis 20 Bliain ar an doiciméad polasaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de a foilsíodh riamh. Ceapaim go dtugann an Stráitéis treochlár soiléir do na ranna rialtais agus na heagrais éagsúla atá ag obair go straitéiseach lena chéile chun beocht leanúnach na Gaeilge a chinntiú.

Tá an Roinn tiomanta go hiomlán d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann ach go háirithe le feidhmiú na moltaí a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge. Tá foireann ar leith ag obair sa Roinn anois chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a luaitear sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá an Roinn ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhleacaithe sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na beartais oideachais a chur i bhfeidhm. Buaileann na Ranna go rialta le Grúpa Ardleibhéil faoi réir na Stráitéise ar a bhfuil Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus COGG. Tugann an teagmháil seo deis dúinn tuairimí na bpáirtithe leasmhara a thógáil ar bord agus sinn ag dul i ngleic le beartais oideachasúla na Straitéise.

Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ag an Roinn chun na beartais oideachais sa Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta. Tá tuairisc curtha ag an Roinn faoi bhráid an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na beartais atá curtha i gcríoch chomh maith leis na beartais atá le cur i gcrích. Beidh an tuairisc sin á foilsiú go luath agus feicfidh sibh na mionsonraí sa tuairisc sin. Inniu, díreoidh mé ar shamplaí de bheartais na Roinne Oideachais agus Scileanna go dtí seo.

Mar shampla, tá beartais ar bun a dhíríonn ar fheabhas a chur ar Ghaeilge ábhar oidí ag an bpointe iontrála agus i rith a gcuid oideachais tosaigh don mhúinteoireacht. Tá comhairliúchán leanúnach ar siúl ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir le hardú na riachtanas iontrála, an Ghaeilge san áireamh, don bhunmhúinteoireacht. Táimid ag súil go gcuideoidh an méadú ar fhad na gcúrsaí oideachais tosaigh le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge in ár mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Chomh maith leis sin, fáiltím roimh an tréimhse níos faide a chaithfidh ábhar oidí bunscoile sa Ghaeltacht. Tabharfaidh sé seo deis do na hoidí óga seo a gcuid Ghaeilge a chleachtadh thar dhá thréimhse de choicíos i gcomhthéacs dílis teanga.

Mórghníomh eile sa Straitéis is ea an soláthar oideachais trí Ghaeilge. Mar a d’fhógair mé ag Comhdháil Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna lán-Ghaeilge Mí na Samhna seo caite, tá sé ar intinn ag an Roinn an soláthar don oideachas trí Ghaeilge a leathnú agus a láidriú. De réir an tuarascáil ón Fhóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile, tá sé i gceist ag an Roinn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal a sholáthar i gceantair ina mbíonn méadú déimeagrafach. I gceantair in a bhfuil an daonra seasta, cuideoimid le scoileanna a mhúineann trí Bhéarla athrú chuig pátrún nua a chuirfidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, leanfaimid orainn le haitheantas a thabhairt do cheantair in a bhfuil gá le gaelcholáiste de réir thairseach an éilimh de 400 scoláire – tá an tairseach seo i bhfad níos lú ná an tairseach do scoileanna a mhúineann trí Bhéarla.

Tá sé i gceist freisin athbhreithniú a dhéanamh agus mionsonraithe a bhailiú ar cheist na ndíolúintí ón nGaeilge i scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal. Tá líon na ndíolúintí ag dul i méid agus níor mhiste mionanailís a dhéanamh ar na fachtóirí éagsúla a bhaineann le bronnadh na ndíolúintí sula dtagtar ar mholtaí gnímh. Beidh an obair seo ag tosnú go luath agus rachfar i gcomhairle leis na grúpaí cuí i rith an athbhreithnithe seo.

Clár leasúcháin don Ghaeilge sa churaclam agus impleachtaí do COGG

Ceann de na structúir is tábhachtaí sa chóras oideachais chun cáilíocht na scolaíochta a chur chun cinn ná an creatlach curaclam a sholáthraítear.

Tá go leor le rá ag an Straitéis Fiche Bliain agus an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta maidir le cúrsaí curaclaim. Tá obair fíor thábhachtach i mbun láimhe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, maidir le forbairtí teanga.

Tá áthas orm a rá go mbeidh curaclam nua comhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeilge ar fáil do na ranganna sóisearacha go rang a dó, i Meán Fómhair 2014 agus á chur i bhfeidhm bliain ina dhiaidh sin. Cuideoidh an curaclam seo go mór le múinteoirí mar beidh tórthaí foghlama soiléire ann don Ghaeilge agus don Bhéarla ag na leibhéil ranga éagsúla.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tabharfaidh forbairt siollabais nua sa Ghaeilge sa Chreat Nua don tSraith Shóisearach deis iontach leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe san fhoghlaim a chur chun cinn idir an mbunscoil agus blianta tosaigh na hiarbhunscolaíochta. Dar ndóigh, táimid ag súil go mbeidh béim mhór ar chur chun cinn na scileanna labhartha sa siollabas nua don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach agus go mbeidh an scrúdú cainte mar chuid riachtanach den mheasúnacht do gach scoláire.
Luíonn seo chomh maith leis an bhéim a chuirtear ar an Ghaeilge labhartha i scrúdú na Ardteistiméireachta, sin riar de 40% de na marcanna don scrúdú cainte. Beidh athbhreithniú ar thaithí scoláirí Ardteiste 2012 agus 2013 ar bun ag an gComhairle Náisiúnta agus Measúnachta roimh dheireadh na bliana seo. Beimid ag súil le torthaí an athbhreithnithe go luath i 2014.

Tá a fhios againn le tamall gur gá an Ghaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal a láidriú agus freastal ar shainriachtanais na scoláirí sna scoileanna seo. Tá an t-Aire i ndiaidh iarraidh ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta gearrchúrsa speisialta sa Ghaeilge a fhorbairt sa tSraith Shóisearach chomh maith leis na gnáth-chúrsaí reatha sa Ghaeilge. Ligfeadh gearrchúrsa dá leithéid do scoláirí staidéar a dhéanamh agus creidiúint a fháil d’ardchumas agus saibhreas sa teanga.
Ba mhaith linn freastal chomh maith ar shainriachtanais na scoláirí seo sa tSraith Shinsearach. Tá an scéal níos casta anseo toisc an tionchar a fhéadfadh a bheith ag aon athrú ar oibriú chóras iontrála do chúrsaí triú leibhéil. Tá sé iarrtha ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta comhairle a sholáthar in a leith seo.
Is léir ansin gur mó na hathruithe atá ar bun ó thaobh cúrsaí curaclaim Ghaeilge de ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.

Níl aon amhras mar sin ná go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh ag baint le COGG cuidiú leis na forbairtí seo go léir a chur chun cinn. Tugann comhshuíomh COGG leis an CNCM agus comhcheangal riaracháin COGG laistigh den CNCM deis do COGG a fheidhmeanna tacaíochta, taighde agus comhairleacha a neartú, go háirithe maidir le forbairt acmhainní agus curaclaim. Tugann sé deis don dá eagraíocht a gcuid saineolais a roinnt a chuideoidh le foghlaim den scoth sa Ghaeilge a sholáthar d’ár scoláirí an bealach ar fad ón mbunscoil go dtí an Ardteistiméireacht.

Tábhacht na Gaeltachta, na scoileanna Gaeltachta agus athbhreithniú an tsoláthair oideachais sa Ghaeltacht

Mar aon leis an Straitéis 20 Bliain, tuigeann an Roinn an ról tábhachtach atá ag na ceantair Ghaeltachta maidir le caomhnú agus forbairt na teanga. Is iad na ceantair Ghaeltachta tobar na Gaeilge agus níor mhiste gach iarracht iad a chaomhnú agus a fhorbairt. Ó mo thaithí féin ón am a chaith mé i Loch an Iúir agus i Rann na Feiriste nuair a bhí mé ar scoil, tá sé tábhachtach don fhoghlaimeoir go bhfuil ceantair ann in a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga an phobail. Tuigimid go maith freisin an ról lárnach ar féidir a bheith ag scoileanna Gaeltachta cumas cainte na scoláirí a shaibhriú i bpobal beo na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

Is léir dúinn ón taighde, áfach, go bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge i ndiaidh titim go suntasach i gceantair Ghaeltachta.

Tá go leor dúshlán ann do na scoileanna Gaeltachta ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn agus ó thaobh oideachais trí Ghaeilge a sholáthar. Tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim. Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí. Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge.

Níl aon dabht ná go bhfuil na ceisteanna maidir le scolaíocht sa Ghaeltacht an-chasta agus ag athrú an t-am ar fad. Ceann de na saincheisteanna don Roinn Oideachais agus Scileanna ná cad é mar is féidir linn freastal ar sholáthar don oideachas trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta agus i scoileanna Gaeltachta atá an éagsúil ón a chéile ó thaobh na teanga de. Is léir nach leor réiteach amháin do gach cás.

Dá bharr sin, tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla. Is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012.

Déanfar iniúchadh ach go háirithe ar an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta atá déanta cheana féin, taighde COGG san áireamh, agus ar chleachtas reatha na scoileanna Gaeltachta.

Tá áthas orm a rá go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú seo réidh. Roinnfear iad le páirtithe éagsúla, COGG san áireamh, go luath. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le tuairimí na bpáirtithe leasmhara Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú seo agus tá sé ar intinn againn próiseas chomhairliúcháin a bhunú chun na tuairimí agus na dearcthaí éagsúla a bhailiú. Beidh an t-athbhreithniú ag tosnú go luath agus táim ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi lár 2014.

Obair COGG agus clár na comhdhála

Is féidir le COGG a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích le deich mbliana anuas, ag cur san áireamh go raibh sé ag feidhmiú le foireann bheag.
Tá an-chreidiúint tuillte ag COGG ach go háirithe as an obair atá déanta i bhforbairt áiseanna, téacsleabhar agus acmhainní do theagasc na Gaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge. Ní fada ó shin a bhí bearna ollmhór sa líon acmhainní don scolaíocht trí Ghaeilge. Tá an bearna sin laghdaithe go mór anois agus tá na háiseanna teagaisc seo ag dul go mór chun tairbhe d’oidí agus do scoláirí, chun foghlaim teangacha agus foghlaim trí theangacha a éascú.

Samplaí de thionscadail nuálacha ó thaobh soláthar acmhainní COGG is ea an tseirbhís leabharlann taistil do scoileanna, agus Séideán Sí. Fáiltím roimh na pleananna maidir le hábhair Séideán Sí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach, rud a chuideoidh le scoileanna na hábhair fhiúntacha seo a úsáid go héasca.

Tá an-obair déanta ag COGG freisin maidir le cinntiú go mbíonn cúrsaí d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do mhúinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge. Níor mhiste aitheantas a thabhairt chomh maith don pháirt a ghlacann COGG i gcruthú nascanna thuaidh theas, chun acmhainní a fhorbairt agus a roinnt.

Rud a sheasann amach domsa ná an clár taighde cuimsitheach atá curtha i gcrích ag COGG mar is léir ó shuíomh idirlín COGG. Ta an carn taighde seo i ndiaidh eolas a thabhairt dúinn maidir le saincheisteanna éagsúla, staid na scoileanna Gaeltachta, oideachas múinteoirí, soláthar múinteoirí, agus gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge. Is acmhainn an-luachmhar é an taighde seo dóibh siúd ar spéis leo an t-oideachas trí Ghaeilge, agus beidh sé in a fhoinse tábhachtach don iniúchadh a bheidh ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an oideachas trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta.

Tá téama na comhdhála seo ábhartha agus tráthúil agus ag teacht go mór le clár taighde COGG. Ní féidir pleananna réalaíocha a chur i gcrích gan na riachtanais a aithint go soiléir. Tá clár spéisiúil leagtha amach ag COGG a thabharfaidh deis daoibh éisteacht le taighdeoirí thuaidh agus theas agus le saineolaithe teangeolaíochta éagsúla. Tá sé den ríthábhacht súil a choinneáil ar na cleachtais is fearr ó thaobh múineadh teangacha de, agus na moltaí d’fhorbairt polasaí a chur in oiriúint do chomhthéacsanna éagsúla ár scoileanna. Táim cinnte go mbeidh neart ábhair machnaimh agus fíor-idirphlé ag an chomhdháil inniu.

Mar a luaigh mé ag tús m’óráide, is cúis áthais dom an deis a bheith i láthair ag an gcomhdháil inniu. Creidim gur seoid luachmhar í an Ghaeilge ar cóir a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Tá an dualgais orainn uile lóchrann an dóchais a choimeád ar lasadh don Ghaeilge sa todhchaí.
Go raibh maith agaibh.

WWW.EDUCATION.IE

Slua mór i láthair ag oscailt Ghaelscoil an Chuilinn

Bealtaine 21, 2013

Osclaíodh Gaelscoil an Chuilinn go h-oifigiúil in Iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 18 Bealtaine.

Bunaíodh an Ghaelscoil i mBaile an Tirialaigh i Meán Fómhair 2012 le rang amháin ina raibh 15 dalta. Ach tá forbairt shuntasach tagtha ar an ngaelscoil ó shin agus táthar ag súil le fáilte a chuir roimh 32 dalta nua a bheas sa rang naíonáin bheaga i mí Meán Fómhair seo chugainn.

Bhailigh slua breá le chéile an tseachtain seo caite, , idir mhuintir na scoile agus an pobal áitiúil, le hoscailt oifigiúil agus éachtaí na scoile a cheiliúradh. I measc an ghrúpa i láthair bhí na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Joe Higgins, agus Patrick Nulty, agus na comhairleoirí áitiúla Michael O’Donovan agus Kieran Dennison. Bhí an laoch spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ar an lá agus labhair an Teachta Dála áitiúil, Joan Burton thar ceann an Rialtais faoin bhfeabhas agus dul chun cinn atá bainte amach ag Gaelscoil an Chuilinn le bliain anuas agus leagadh béim ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa cheantar.

Bhí príomhoide Ghaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile an-sásta leis an oscailt agus an méid daoine a bhí i láthair; “Bhí an t-uafás daoine ann i láthair ag an oscailt idir dhaoine cáiliúla agus thuistí na scoile is a leithéid. Tá mé iomlán sásta leis an bhfás atá tagtha ar an ngaelscoil go dtí seo in éineacht le cúnamh an phobail. Ba mhaith liom buíochas mhór a ghabháil leis an sagart agus an reachtaire áitiúil a thug beatha dúinn agus a chuir fáilte romhainn sa cheantar. Táimid ag súil amach anseo le fás na scoile, chomh maith le h-oscailt Naíonra an Chuilinn i mí Meán Fómhair”.

Tá beirt fostaithe ag Gaelscoil an Chuilinn i láthair na huaire, is iad sin príomhoide na scoile Fergus Ó Conghaile agus Nóinín Ní Ghoill, atá mar mhúinteoir ann. Cé go bhfuil an rang naíonáin bheaga líonta don bhliain seo chugainn, táthar fós ag clárú dhaltaí nua don rang naíonáin mhóra agus rang a haon.

“Fásann an dúchas sa bhfoghlaim” atá mar mhana ag Gaelscoil an Chuilinn, agus is cinnte go bhfásfaidh an dúchas níos mó le líon na ndaltaí ag méadú sa Ghaelscoil as seo amach.

Tá tuilleadh eolas ar Ghaelscoil an Chuilinn ar fáil ar gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó ar 01-8262022.

Beidh Naíonra an Chuilinn ag oscailt ag tús na scoilbhliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais maidir leis na naíonra nua ar fáil ar naionraanchuilinn@gmail.com nó 085-7266455.

Foilsithe ar Gaelport.com

Dea-scéal fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le todhchaí Choláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha

Bealtaine 21, 2013

Gabhann GAELSCOILEANNA TEO., comhghairdeas mór le scoil agus pobal uile Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha a d’éirigh leo síneadh a fháil ar an aitheantas sealadach don scoilbhliain 2013/2014. Thug an Roinn faoi iniúchadh ar an roghanna a bhí ann do thodhchaí na scoile i bhfianaise uimhreacha an-íseal ag an scoil. I measc na roghanna cuimsíodh dúnadh na scoile go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iarbhunscoil lán-Bhéarla áitiúil, nó an rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn. De bharr feachtais tacaíochta go háitiúil, dian-stocaireacht ag leibhéal na scoile, cúnamh ó GAELSCOILEANNA TEO. agus achomharc a rinne Coiste Gairmoideachais, Dún na nGall, bronnadh an síneadh breise. Ceadaíodh an t-iarratas faoi réir coinníollacha agus plean gnímh i dtreo inmharthanacht na scoile a chuir an Coiste Gairmoideachais faoi bhráid na Roinne.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “tá aitheantas agus buíochas ag dul don Roinn as tuiscint a léiriú ar thábhacht an institiúid oideachais seo do thodhchaí na Gaeilge i bpobal bhun crannacha. A bhuíochas le Príomhfheidhmeannach an Choiste Gairmoideachais, Shaun Purcell, Príomhoide na scoile, teaghlaigh na scoile agus baill uile an phobail a léirigh tiomantas don chóras gaelscolaíochta leanfar le hoideachas lán-Ghaeilge de réir mianta an phobail. Aithnímid go bhfuil spriocanna le baint amach chun inmharthanacht na scoile a chinntiú agus táimid ag súil go mór leis an deis tabhairt faoi thréan-phoiblíocht sa cheantar chun na sprice sin i gcomhar leis na bpáirtithe leasmhara cuí”.

Foirgneamh Scoile Nua do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh

Bealtaine 16, 2013

Is mian le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Mhic Amhlaigh a dheimhniú go bhfuil glactha aige le tairiscint athbhreithnithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an togra tógála atá beartaithe don scoil.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don Bhord go mbeidh na pointí seo a leanas curtha san áireamh sa tairiscint athbhreithnithe:

  • Athlonnú Ghaelscoil Mhic Amhlaigh go láithreán úrnua i gceantar Chnoc na Cathrach. Tá an Roinn ag lorg suíomh oiriúnach i láthair na huaire.
  • Cur chun cinn, chomh fada le chéim pleanála Ailtireachta agus tógála, scoil nua 24 seomra ranga do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ar an suíomh sin faoin gClár Caipitiúil Tógála reatha 5 bliana na Roinne .
  • Go mbeidh an tEaspag Máirtín Drennan ag leanúint ar aghaidh mar Phatrún na scoile.

Tá aitheantas tugtha ag an Roinn do mhian an Bhoird Bhainistíochta go bhféadfaí Naíonra a lonnú ar an suíomh, agus tá sé deimhnithe acu go ndéanfar gach iarracht suíomh a aithint agus a aimsiú ar féidir Naíonra a lonnú air. Tá an Bord Bainistíochta sásta go ndéanfar amhlaidh.

“Agus fáilte á chur ag an mBord Bainistíochta roimh an bhforbairt dhearfach seo, gabhann sé buíochas leo siúd a thug tacaíocht don scoil san fheachtas a bhí ar bun acu le bliana anuas le cóiríocht cuí a fháil, go háirithe tuismitheoirí, múinteoirí, ionadaithe pobail agus pobal Chnoc na Cathrach i gcoitinne. Tá an Bord Bainistíochta ag tnúth le comhoibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an tionscadal a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Dúirt an Bord chomh maith go bhfuil an fhorbairt seo tráthúil agus go dtabharfaidh sé soiléireacht agus cinnteacht do thuismitheoirí , do Phátrúin agus don phobal i gcoitinne maidir le háiteanna scoile breise a chur ar fáil i gceantar Chnoc na Cathrach ag am go bhfuil tús curtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le patrúntacht scoil nua don cheantar”.

Tuilleadh eolais le fáil ag 091-590152

Iarbhunscoileanna nua le bunú i 2015-2016

Bealtaine 14, 2013

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh 8 iarbhunscoil nua le bunú sa tréimhse 2015-2016. Scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla a bheidh sna scoileanna nua seo, de réir litir atá faighte ag GAELSCOILEANNA TEO. ón Roinn, agus luaitear sa chomhfhreagras céanna gur “socraíodh agus gur freastalaíodh ar sholáthar trí mheán na Gaeilge sa chéad ghrúpa scoileanna a fógraíodh” (na scoileanna atá le hoscailt i 2013 agus 2014; trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge ina measc). Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag lorg soiléirithe ar bhonn práinne maidir leis an ráiteas seo sa mhéid is go bhfuil sé in aghaidh an phróisis daonlathach atá mar bhunús den chur chuige nua trína roghnófar an cineál scoile bunaithe ar shainrogha tuismitheoirí.

Iarrfaidh an Roinn Oideachais ar phátrúin ionchasacha ar na scoileanna nua (sna ceantair liostáilte thíos) deimhniú go mbeidh siad toilteanach Aonaid lán-Ghaeilge a bhunú má tá éileamh orthu, agus tá soiléiriú lorgtha ag GAELSCOILEANNA TEO. ón Roinn maidir leis na próisis atá ann leis an éileamh seo a mheas, na dualgais atá ar phátrúin ionchasacha tairiscint ghníomhach a dhéanamh ar sholáthar lán-Ghaeilge agus na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn do phátrúin ar mian leo Aonaid a bhunú. Tá go dtí an 28 Meitheamh ag pátrúin le hiarratas a dhéanamh ar phátrúnacht na n-iarbhunscoileanna nua seo. Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ag plé leis an Roinn agus leis na pátrúin le cinntiú go bhfuil cearta agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge tugtha san áireamh sa phróiseas le scoileanna nua a bhunú.

Tá preasráiteas na Roinne (i mBéarla amháin) le léamh anseo: http://education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2013-Press-Releases/PR13-05-10B.html

Contae Ceantar Bliain tosaithe Líon daltaí
Cábhán Dún an Rí 2016 400
Corcaigh Carraig Uí Leighin 2016 500
Corcaigh Mainistir na Corann/Carraig Thuathail 2016 1,000
Áth Cliath Baile Brigín 2016 700
Áth Cliath Baile an tSaoir 2016 1,000
Áth Cliath Coill an Rí, Tamhlacht 2016 1,000
Cill Dara Cill Droichid 2015 1,000
Cill Mhantáin Tuaisceart Chill Mhantáin 2016 1,000

An Brat Buí i nGaelscoil an Bhradáin Feasa

Bealtaine 13, 2013

Ba mhór linn comhghairdeas a dhéanamh le Gaelscoil an Bhradáin Feasa a bhain Brat Buí amach don scoil le déanaí! Seo thíos roinnt grianghraf a ghlacadh ar Lá na Máthartheanga a bhí ag an scoil. “Bhain na tuismitheoirí nach Éireannaigh iad an-leas as agus thug sé deis dóibh a bheith páirteach sa scoil” a dúirt príomhoide na scoile, Siobhán Ní Dhúill. “Thángadar isteach chuig na ranganna agus rinneadar cur i lathair ina dteangacha féin don chuid is mó. Nuair a bhí cruinnithe againn le daoine nach raibh Gaeilge acu d’oibrigh na páistí mar aistritheoirí go Gaeilge. Mar sin, is i nGaeilge a bhí na cruinnithe!” Bhí lá il-chultúrtha ag an scoil chomh maith i mbliana agus deir siad go mbeidh siad ag leanúint leis an dea-obair chun an brat a choinneáil. Guimís gach rath orthu agus tá súil againn go spreagfaidh siad scoileanna lán-Ghaeilge eile le tabhairt faoin scéim. Tá tuilleadh eolais maidir leis ar fáil anseo: An Brat Buí. Tá an spriocdháta do scoileanna lán-Ghaeilge sínte go dtí an 30 Bealtaine 2013, mar sin, tapaigí an deis!

 

 

« Previous PageNext Page »