Comhlachtaí le Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge dá eolaire Gaeilge nua
Feabhra 11, 2016
Tá teagmháil déanta ag Conradh na Gaeilge le os cionn 100 eagraíocht agus gnólacht in Éirinn agus iad ag cur a n-eolaire nua le chéile. D’fhógair an Conradh i mí na Samhna go gcuirfí eolaire de ghnólachtaí a chuireann seirbhísí as Gaeilge ar fáil don phobal le chéile agus go mbeadh an t-eolaire sin ar fáil go héasca ar líne.
Beidh an t-eolaire nua ar fáil ó mhí an Mhárta mar chuid den suíomh PEIG.ie, agus beidh fáil ar shonraí teagmhála, uaireanta oscailte agus gnó na gcomhlachtaí atá sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge air.
Tá eolairí eile curtha le chéile ag grúpaí éagsúla timpeall na tíre cheana féin, ar nós Eolaire Gaeilge Chiarraí a chuir Comhairle Contae Chiarraí ar fáil i mí na Nollag seo caite. Eolaire atá ann d’eagrais agus de ghnólachtaí ar fud Chontae Ciarraí a chuireann a gcuid seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Aithníonn Conradh na Gaeilge “na heolairí iontacha eile” seo ach maíonn an t-eagras go bhfeidhmeoidh an t-eolaire atá á fhorbairt acu féin mar “lárphointe eolais do phobal oileán na hÉireann” do sheirbhísí Gaeilge atá ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre.
Frítheadh i suirbhé a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge ag tús na bliana seo caite gur chreid 62% de mhuintir na hÉireann go mba cheart go mbeadh teacht ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí i nGaeilge. Bhí an céatadán sin níos airde i measc daoine óga, ar chreid 69% acu amhlaidh. Sa suirbhé céanna thug 50% den phobal le fios gur chreid siad gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.
Agus iad ag éileamh ar ghnólachtaí ar fud na hÉireann clárú leis an eolaire nua agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, dúirt Conradh na Gaeilge go gcruthaíonn úsáid na nGaeilge “nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí” agus go mbíonn dílseacht ar leith ag custaiméirí do chomhlachtaí mar gheall ar an nasc sin. Mhaígh an Conradh freisin go dtiocfadh ardú ar líon na gcustaiméirí a bheadh ag comhlacht a d’úsáidfeadh an Ghaeilge “mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge”.
Tá an Conradh ag iarraidh go mbeidh an méid is mó comhlachtaí páirteach sa togra nua agus is féidir agus iad ag iarraidh ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge cheana féin nó a d’fhéadfadh iad a chur fáil clárú leis an eolaire nua.
Is féidir clárú leis an eolaire anseo
Feachtas le bunscoil a bhunú ar an Chéide, Ard Mhacha
Feabhra 11, 2016
Tá feachtas faoi sheol ar an Chéide in Ard Mhacha Theas le Gaelscoil úr a bhunú ann. Anuraidh fosclaíodh Naíscoil an Chéide i gclubtheach áitiúil CLG, Michael Dwyers.
13 páiste atá cláraithe ann faoi láthair ach tá líon maith tuismitheoirí i ndiaidh spéis a léiriú san obair atá ar bun sa cheantar.
Thug an tAire Oideachais John O’Dowd cuairt ar Naíscoil an Chéide le pleananna an choiste áitiúil a fhiosrú.
Labhair Meon Eile leis an Aire agus leis na hionadaithe áitiúla faoi na pleananna don Ghaeloideachas sa cheantar…
Físéan ag an nasc thíos:
93% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh an tAire McHugh ó thús na bliana imithe chuig Dún na nGall
Feabhra 10, 2016
Ba chóir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí chun ceisteanna a fhreagairt faoin scéala gur dreamanna i nDún na nGall a fuair 93% den airgead deontais Gaeltachta atá ceadaithe aige ó thús na bliana.
B’in an méid a bhí le rá aréir ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, faoi eolas atá faighte ag Tuairisc.ie faoi dháileadh na ndeontas atá ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta ó thús na bliana.
De réir an eolais sin, ba ghrúpaí, eagraíochtaí agus tograí i nDún na nGall a fuair os cionn 90% den airgead deontais Gaeltachta a cheadaigh Joe McHugh ó thús na bliana.
Dúirt an Seanadóir O Clochartaigh, atá ag seasamh do Shinn Féin i nGaillimh Thiar – Maigh Eo Theas san olltoghchán, go raibh an baol ann go gceapfadh daoine gur “leas polaitiúil an Aire féin” a bhí i gceist le ceadú cuid de na deontais seo.
Dúirt Ó Clochartaigh go raibh “an-amhras” air féin “go pearsanta” faoin scéal agus d’iarr sé ar an Aire ráiteas a dhéanamh ina thaobh láithreach.
De réir an eolais a chuir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie, cheadaigh an tAire McHugh deontas do dheich gcinn de ghrúpaí i gcontaetha Gaeltachta ó thús na bliana 2016 agus tá seacht gcinn de na grúpaí sin lonnaithe i nDún na nGall.
B’fhiú €685,054 san iomlán na deontais a ceadaíodh do ghrúpaí i nDún na nGall agus b’fhiú €52,623 san iomlán na deontais a ceadaíodh don trí dream Gaeltachta eile a fuair tacaíocht ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó thús na bliana.
Ba chuig dreamanna i nDún na nGall a chuaigh ceithre cinn den chúig dheontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús 2016.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin le Tuairisc.ie gur scéal “an-tromchúiseach a bhí anseo” agus gur cheart an tAire a thabhairt os comhair Choiste na gCuntas Poiblí i dTithe an Oireachtais “chun fiosrúchán a dhéanamh le fáil amach cén próiseas atá á úsáid aige chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais.”
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire Stáit ó thús na bliana ná an €485,000 a tugadh d’Amharclann Ghaoth Dobhair. Cheadaigh sé chomh maith deontas €88,064 do Cheiltigh Ghaoth Dobhair chun páirc imeartha do pháistí a fhorbairt agus deontas €57,954 do Scoil an tSratha Mhóir i nDún na nGall chun páirc uile aimsire a fhorbairt.
Ba é an ceathrú deontas Gaeltachta ba mhó a cheadaigh an tAire Stáit ná an €31,636 a thug sé do Choiste Forbartha an Fháil Charraigh chun forbairt a dhéanamh ar an Ionad Pobail ansin.
Ó thús na bliana, cheadaigh an tAire deontais freisin do Scoil Mhuire, Caiseal, Dún na nGall chun trealamh spóirt a cheannach (€2,400) agus do Bhanna Ceoil Mhullach Dubh, Dún na nGall, chun cultacha agus uirlisí ceoil a cheannach (€5,000).
Cheadaigh An tAire McHugh deontas €15,000 do Chomhairle Contae Dhún na nGall d’fhorbairt ‘An Bealach Glas’.
Ba é an deontas is mó a cheadaigh an tAire i gcontae Gaeltachta seachas Dún na nGall ná an €25,000 a d’fhógair sé do Choláiste na bhFiann i gContae na Mí. Fuair Ionad Deirbhile i Maigh Eo €22,623 agus fuair Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal i gConamara €5,000.
Cheadaigh an tAire Stáit sé cinn eile de dheontais d’eagraíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht ó thús na bliana. Ba é an deontas is mó acusan ná an €150,000 thar thréimhse dhá bhliain a cheadaigh sé do Raidió Rí Rá i mBaile Átha Cliath. Cheadaigh an tAire deontas €12,813 do Choláiste na nGael i bPáras agus thug sé deontais eile don Chumann Scoildrámaíochta (€5,000), Cumann Merriman (€5,000) Ollscoil Cambridge (€3,218) agus Coláiste Pobail Osraí (€2,300).
www.tuairisc.ie
Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge: Tuairimí na múinteoirí i leith na scrúdaithe stáit
Feabhra 9, 2016
Réitigh mé taighde le déanaí don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun léargas a fháil ar na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge toisc go bhfuil riachtanais ar leith ag na scoileanna sin i gcomparáid le scoileanna Béarla. Mar chuid den taighde sin, líon múinteoirí ceistneoir cuimsitheach ar dtús (ráta freagartha 67.2%), agus ansin reáchtáladh sé fhócas ghrúpa i mí Eanáir 2015, trí cinn sa Ghaeltacht agus trí cinn i scoileanna lán-Ghaeilge, chun iomlánú a dhéanamh ar an taighde.
Iarradh ar mhúinteoirí cumas Gaeilge a gcuid scoláirí a mheas. Tugadh cúig rogha dóibh; bhí Gaeilge shaibhir líofa chruinn ag barr an speictrim agus bhí Gaeilge thanaí mhíchruinn ag bun an speictrim. Chuir múinteoirí na scoileanna Gaeltachta a gcuid scoláirí sa chúig chatagóir agus chuir na múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge a gcuid scoláirí i gceithre chatagóir. Léiríonn taighde éagsúil (An Roinn Oideachais agus Scileanna, Péterváry et al) cé chomh dúshlánach atá sé d’oideachasóirí sna scoileanna Gaeltachta freastal ar réimeanna cumais atá chomh héagsúil sin.
Maidir leis an scrúdú Ardteistiméireachta, léiríonn an taighde seo go bhfuil 90.7% de mhúinteoirí sásta go ndáiltear 40% den scrúdú ina iomláine ar an mbéaltriail: “Tá an 40% iontach maith. Ní fhéadfadh sé bheith níos fearr,” dar le múinteoir Gaeltachta amháin a bhí páirteach i bhfócasghrúpa. Cé go gcreideann móramh na múinteoirí (53.5%) go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán labhartha a gcuid scoláirí ó tháinig an cúrsa nuashonraithe i bhfeidhm, de réir taighde a rinne Ní Mhaonaigh (2013) ar na leasuithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta, d’éirigh beagán níos fearr sa chluastuiscint agus sa scríbhneoireacht le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an seanchúrsa in 2011 ná mar a d’éirigh le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an gcúrsa nuashonraithe in 2012.
Níor léiríodh difríocht shuntasach ar bith áfach, idir an dá ghrúpa maidir leis an mBéaltriail (Ní Mhaonaigh 2013: 93). Go n-uige seo, níl aon fhianaise ann go ndearnadh plé ceart ar an toradh tábhachtach sin sa taighde seo.
Ba iad na sraitheanna pictiúr ba mhó a mheall tuairimí ó na múinteoirí sna ceisteanna oscailte sa cheistneoir. Rinne múinteoirí géarcháineadh ar líon na sraitheanna pictiúr. Tugtar na sraitheanna do scoileanna thart ar 18 mí roimh scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn ar scoláirí 20 sraith, a bhfuil sé léaráid i ngach ceann acu, a ullmhú don bhéaltriail. Ciallaíonn san go mbíonn ar scoláirí ullmhúchán a dhéanamh do 120 léaráid roimh ré. Bíonn claonadh ag scoláirí ábhar na sraitheanna pictiúr a fhoghlaim de ghlanmheabhair, dar le formhór na múinteoirí (agus dar le Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora, 2012).
Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil múinteoirí den tuairim nach mbaineann scoláirí taitneamh as 20 sraith pictiúr a ullmhú. Níor cheart go mbeadh aon deis ag na daltaí ullmhú do shraitheanna pictiúr roimh ré, dar le móramh de na múinteoirí.
Is díol spéise é go gcreideann múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge gur chóir go mbeadh ceist ar stair na litríochta agus stair na teanga ar an bpáipéar scrúdaithe agus gur a mhalairt a chreideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta.
I dtaca leis an léamhthuiscint, is féidir le scoláirí an ‘cóipeáil agus greamaigh’ a chur ag obair i gcás ceisteanna áirithe agus lánmharcanna a ghnóthú sa scrúdú mar atá dá bharr. Ar ndóigh, creideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge go láidir gur cheart ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí, sé sin, gur cheart do scoláirí freagraí a thabhairt ina gcuid focal féin.
Ó thaobh na litríochta de, dúradh go rabhthas sásta le téagar an chúrsa nuashonraithe, agus measadh go bhfuil dúshlán ag baint leis an gcúrsa nuashonraithe, dhá fhreagra a chuir ionadh ar an taighdeoir seo. Bhíothas sásta chomh maith leis na cineálacha ceisteanna a chuirtear sa scrúdú Ardteistiméireachta.
Maidir leis an tsraith shóisearach, bhí moltaí éagsúla ag múinteoirí i leith chomhdhéanamh na béaltrialach, cuid acu ar son an ‘status quo’ a choimeád agus cuid eile acu ar son lúibíní nó ‘cur i láthair’ a thabhairt isteach don scrúdú. Maidir leis an ngearrchúrsa roghnach, moladh go mbeadh béim ann ar an litríocht, ar stair na Gaeilge/ na litríochta agus ar scannánaíocht/ drámaíocht. (Mar a tharlaíonn, rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta cinneadh gan gearrchúrsa a chur ar fáil ag deireadh 2015).
Chun freastal ar raon leathan cumais na scoláirí sa Ghaeilge, sna scoileanna Gaeltachta go háirithe, ba chóir go mbeadh fáil ar chúntóirí teanga de réir mar a theastaíonn chun cabhrú leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge thanaí mhíchruinn acu agus leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge líofa ach mhíchruinn acu.
Moltar go bhféachfaí ar na heiseamláirí den choibhneas idir na ceithre scileanna teanga, sé sin, éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh. Chuige sin ba cheart féachaint ar na cleachtais atá ar bun maidir le foghlaim teangacha i dtíortha san Eoraip agus i dtíortha thar lear ina bhfuil an Béarla mar chéadteanga iontu. Moltar é sin toisc go bhfuil cás na Gaeilge iomlán as riocht leis na teangacha eile sa churaclam, go háirithe sa bhéaltriail (Gaeilge: 40%, nuatheangacha: 25%). Moltar go mbeadh na sraitheanna pictiúr neamhullmhaithe ionas go mbeadh fíorchumarsáid ar siúl.
Ba cheart go mbeadh ar scoláirí ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí sa léamhthuiscint chun go mbeadh éileamh cognaíoch agus úsáid teanga i gceist. Chun go mbeadh téagar agus dúshlán sa chúrsa ó thaobh na litríochta de, ba chóir go mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar phróstéacs breise iomlán seachas ar líon teoranta leathanach mar atá leagtha síos sa chúrsa nuashonraithe.
Ba chóir go ndéanfaí staidéar ar stair na teanga agus ar stair na litríochta / saíocht áitiúil ionas go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar an saibhreas liteartha agus oidhreachta atá sa Ghaeilge.
Níl anseo ach blaiseadh beag den taighde. Tá an taighde iomlán ar fáil anseo.
Máire Ní Laoire
GAILEARAÍ: Togha na tallaine ag craobhchomórtas Scléip Ghael Linn 2016!
Feabhra 8, 2016
Scéim teanga Roinn na Gaeltachta imithe in éag le naoi mí, ach ceann nua ar na bacáin
Feabhra 8, 2016
Tá scéim teanga nua á dréachtadh ag Roinn na Gaeltachta agus a scéim teanga imithe in éag le naoi mí.
Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sara gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.
Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne i láthair na huaire.
Dúirt an t-urlabhraí ‘go meastar’ go bhfoilseofar an scéim nua laistigh de choicís ach anailís a bheith déanta ar pé tuairimí ina taobh a thiocfaidh ar ais ó fhoireann na Roinne. Chuaigh scéim Roinn na Gaeltachta in éag ar an 1 Bealtaine 2015.
Sa scéim atá faoi láthair ag an Roinn deirtear go mbeidh an scéim féin “i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana” ón 1 Bealtaine 2012, “nó go dtí go mbeidh Scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, cibé dáta is túisce.”
De réir na foclaíochta sin – ‘cíbe data is túisce’ – tá an Roinn ag feidhmiú gan aon scéim teanga acu le naoi mí anuas.
Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie gur botún a bhí sa bhfoclaíocht sin agus gur ‘cibé dáta is déanaí’ seachas ‘cibé dáta is túisce’ ar cheart a bheith sa scéim. In ainneoin an bhotúin sin, tá feidhm i gcónaí le scéim na Roinne toisc go mbíonn tús áite i gcónaí ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ar scéimeanna teanga.
I mí na Nollag seo caite, bhí 285 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus gan aon scéim teanga aontaithe acu le Roinn na Gaeltachta agus tá deich mbliana ann ó chéadiarradh ar sé cinn de na comhlachtaí sin scéim teanga a dhréachtú.
Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach. Bhí na laigí a chonacthas dó a bhí ar chóras na scéimeanna teanga i measc na gcúiseanna a luaigh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena chinneadh éirí as an ról i mí Feabhra 2014.
Thug an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, le fios sa Dáil go raibh sé sásta le córas na scéimeanna teanga.
www.tuairisc.ie
Faoiseamh go bhfuil scoil nua le dul do Gaelscoil Bharra
Feabhra 5, 2016
Comhdháil CAER 3ú/4ú Márta 2016
Feabhra 5, 2016
Is cúis áthais don Fhoras i gcomhpháirtíocht le Gaelscoileanna Teo. Comhdháil CAER a reachtáil in Éirinn ar an 3/4 Márta.
Is comhdháil oideachais do mhionteangacha é CAER. Gheobhaidh daoine i láthair an deis ceisteanna a phlé le saineolaithe ar oideachas trí mhionteangacha ó réigiúin éagsúla mar aon le daoine ó gach cúlra gaelscolaíochta ar an oileán. Tá scoth na gcainteoirí againn don chomhdháil; An Dr Julia Barnes ó Ollscoil Mondragon i dTír na mBascach, An Dr Hywel Lewis ó Ollscoil na Breataine Bige, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ó Ollscoil Luimnigh i measc go leor eile. Is deis ar leith é seo foghlaim faoi conas dul i ngleic le dúshlán bunaithe ar réiteach a d’oibrigh le mionteanga eile.
Tá an fhoirm tinrimh agus clár na comhdhála ar fáil anseo
Foirgneamh úr £1.3 milliún ag Gaelscoil Ghleann Darach
Feabhra 4, 2016
Rinne an tAire Oideachais, John O’Dowd, foirgneamh nua Ghaelscoil Ghleann Darach i gCromghlinn, Contae Aontroma, a oscailt go hoifigiúil. Tógadh an foirgneamh ar chostas £ 1.3 milliún thar thréimhse cúig mhí i ndiaidh feachtas tiomsaithe airgid a ghlac 10 mbliana.
Tagann oscailt na scoile sna sála ar Ionad Teaghlaigh úr a tógadh in aice na scoile i gCromghlinn, rud a fhágann cóiríocht iomlán úr ar láthair Ghaelscoil Ghleann Darach.
Bunaithe sa bhliain 2002, ní raibh an scoil riamh i bhfad ó chúrsaí feachtasaíochta idir aitheantas roinne agus cóiríocht bhuan. Seo mar a labhair pobal na scoile, agus na húdaráis rialaithe, faoi dhúshláin agus obair an Ghaeloideachais in iardheisceart Aontroma…
An scoil ligthe i ndearmad
Feabhra 2, 2016