Méid an Téacs

Beagnach 100 gníomh ar son na Gaeilge i bplean RTÉ

Meán Fómhair 1, 2015

Tá chóir a bheith céad gníomh éagsúla bainteach le cur chun cinn na Gaeilge curtha ag RTÉ rompu féin ina bplean teanga, a seoladh ar maidin i gColáiste na Tríonóide.

I measc na ngníomh atá luaite sa phlean nua, déanfar tráchtaireacht i nGaeilge ar chluichí ceannais Chraobh na hÉireann ag tosú ón Domhnach seo. Scrúdófar féidearthachtaí do sheirbhís nua raidió Ghaeilge do dhaoine óga fosta. Cuirfear tús le feasacháin nuachta dátheangacha ar RTÉ 2fm agus déanfar úsáid na teanga a threisiú i bhfeasacháin teilifíse, leanúnachais agus aimsire.

Tá sé ráite sa phlean go mbunófar Ionad Barr Feabhais i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann Gaillimh le hoiliúint a chur ar fáil sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus go gcuirfear ábhar digiteach ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne.

Ba é príomhstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, a sheol an plean gníomhaíochta straitéiseach 2015-2019 agus plean teanga na seirbhíse i gcuideachta an Taoisigh Enda Kenny inniu.

“Tá muid ag gealladh go gcuirfear an Ghaeilge i gceartlár na hoibre, go ndéanfar gnáthrud den Ghaeilge in ábhar cláir agus le linn imeachtaí agus go leathnófar dá húsáid ar fud na meán digiteach agus na meán sóisialta,” arsa príomhstiúrthóir na seirbhíse.

Tugadh le fios sa phlean go bhfuil sa bhreis ar €20 milliún a chaitheamh ag RTÉ ar sheirbhísí agus ábhar Ghaeilge in aghaidh na bliana.

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go bhfuil RTÉ ag féachaint le cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus, trí chomhpháirtíochtaí, le hábhar oideachais breise a chur ar fáil chomh maith.

Labhair Meon Eile le Grúpcheannasaí RTÉ faoi na gníomhaíochtaí atá curtha ag an tseirbhís rompu féin agus na hábhair chasaoide a bhíodh ag Gaeilgeoirí áirithe i leith na seirbhíse… http://www.meoneile.ie/ailt/beagnach-100-gn%C3%ADomh-ar-son-na-gaeilge-i-bplean-rt%C3%A9#.VeWO3flViko

Gníomhanna suntasacha i gcúraimí raidió

Beidh cúig cinn d’fheasacháin nuachta dátheangacha ar bhuille na huaire ar 2FM idir 7 ar maidin agus 7 tráthnóna.
Cuirfear amhráin Ghaeilge ar liosta seinnte 2FM agus déanfaidh an stáisiún albam Gaeilge, ar a mbeidh amhráin le ceoltóirí móra le rá, a chur le chéile agus a sheoladh.
Déanfar tástáil phílótach ar thionscal trascríbhneoireachta ar líne dírithe ar léiriúchán raidió i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh.
Cruthóidh RTÉ RnaG comhpháirtíocht le Raidió na Life maidir le hábhar a roinnt eatarthu.
Forbrófar aip faoi leith do sheirbhís Raidió na Gaeltachta agus cuirfear ‘i bhfeidhm straitéis íomhánna nua-aimseartha do RnaG’.
Gníomhanna suntasacha i gcúraimí teilifíse

Déanfar Rannóg na gClár Gaeilge a fhorbairt ina rannóg lánaimseartha in athuair.
Beidh rogha ann éisteacht le tráchtaireacht i nGaeilge do chluichí ceannais Chraobh na hÉireann.
Fisrófar roghanna maidir le fotheidil Ghaeilge leis na hardáin éagsúla teilifíse ag tosú le Saorview.
Déanfar cur chuige Seachtain na Gaeilge a shníomh isteach ar bhonn níos minicí.
Gníomhanna suntasach ar líne

Beidh an chéad leagan eile den sheinnteoir RTÉ Player ar fáil i nGaeilge.
Tógfar suíomh idirlíon nua Gaeilge mar phointe lárnach d’aschur digiteach.
Cruthófar ról do Chomhordaitheoir ar Ábhar Digiteach do dhuine a bhéas freagach as eagarthóireacht Ghaeilge, foilsitheoireacht agus na meáin shóisialta.
Forbrófar cúrsa Gaeilge ar líne do thosaitheoirí agus do chainteoirí ar mhian leo barr feabhais a chur ar a nGaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.
Gnéithe suntasacha eile sa Phlean Gníomhaíochtaí Meáin

Forbrófar lárionad barr feabhais maidir le hoiliúint sna meáin chumarsáide Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.
Déanfar cartlann RnaG a chur ar fáil don phobal trí thionscadail chartlainne Gaeilge a bhunú.
Go stairiúil, ba ar bhonn neamhspleach a d’fheidhmigh príomhsheirbhísí Gaeilge RTÉ idir Raidió na Gaeltachta, Nuacht agus Cláracha teilifíse Gaeilge – faoin chur chuige nua tabharfar deis d’fhostaithe na seirbhíse obair thrasthionscnaimh a dhéanamh.

Laurel Hill Coláiste FCJ Luimneach – Éacht agus buaicphointe i Stair na Scoile.

Meán Fómhair 1, 2015

Comhghairdeas le gach éinne atá bainteach le Laurel Hill Coláiste FCJ, ainmnithe mar an scoil is fearr sa tír san Sunday Times ar an Domhnach don tarna bhliain as a chéile. Ta ríméad orainn go bhfuil scoil lán- Ghaelach ar bharr an liosta. ‘Is cúis áthais agus bhróid dúinn go bhfuil an scoil seo ‘gainne, atá ar an bhfód ó 1935 ar aghaidh, tar éis an t-aitheantas seo a fháil. Ina theannta san, tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith san le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre’ arsa Aedín Ni Bhriain, príomhoide Laurel Hill Coláiste FCJ.

Coirm Gael Linn 2016

Meán Fómhair 1, 2015

Tá sé mar aidhm ag COIRM lucht bunscoile a spreagadh le seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil le meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.

Tuileadh eolas ag: Coirm2016_Final_Web

SIANSA GAEL LINN 2016

Meán Fómhair 1, 2015

SIANSA GAEL LINN is teideal don chomórtas seo do ghrúpaí traidisiúnta. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Foras
na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Bíodh is gur comórtas atá i gceist tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu
an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta.

Tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Siansa2016_Final_web

Comórtas Díospóireachta Uí Cadhain d’iarbhunscoileanna

Meán Fómhair 1, 2015

Beidh Gael Linn ag reáchtáil comórtas Díospóireachta Uí Cadhain don scoilbhliain nua. Tá tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Cadhain2016_Final_web

DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA 21 MEÁN FÓMHAIR 2015

Scléip Gael Linn 2016

Meán Fómhair 1, 2015

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna
lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Anuraidh ghlac Gael Linn ceannas ar Scléip den chéad uair agus fuaireamar an-chabhair ó fhoireann Gaelscoileanna. Bhíomar an-tógtha leis an tallann ar fad a chonaiceamar timpeall na tíre agus bhaineamar an-sásamh as na comórtais tríd is tríd. Chonaic muid go raibh tóir níos mó ar chomórtais áirithe agus cheapamar go raibh gá rialacha níos soiléire a leagan síos i gcomórtais eile. Chun freastal ar an spéis mhór atá ag daoine óga sa ghrúpamhránaíocht tá comórtas nua curtha ar an
gclár againn i mbliana freisin, comórtas slua-amhránaíochta le fuaimrian taca.

Tá cead á thabhairt againn do scoileanna suas le beirt iomaitheoirí/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas, (i.e. 2 Sóisear & 2 Sinsear) seachas dhá iontráil ina iomláine mar a bhí ceadaithe anuraidh.
Tá súil againn go méadóidh sé seo líon na n-iomaitheoirí ag na réamhbhabhtaí réigiúnacha.
Chuireamar na smaointe seo i láthair na múinteoirí a bhí páirteach linn anuraidh agus glacadh go fonnmhar leo.

Tá sé i gceist againn na réamhbhabhtaí agus an chraobh a bheith ar siúl ins na hionaid agus ar na dátaí thíosluaite. Tabhair faoi deara go mbeidh an chraobh ar lá scoile i mbliana seachas ar Shatharn, mar a bhí anuraidh. Bígí linn!

An dáta deiridh d’iontrálacha ná 19 Deireadh Fómhair 2015!

Tuilleadh eolas: Scléip2016-Final_Web

Comhbhrón déanta ag an gConradh ar bhás bhunaitheoir an chéad naíonra lán-Ghaeilge

Meán Fómhair 1, 2015

Tá ómós léirithe inniu ag Conradh na Gaeilge d’Éilís Uí Dhálaigh, bunaitheoir an chéad Naíonra lán-Ghaeilge, a cuireadh i mBaile Átha Luain le linn na seachtaine seo caite. Ba ón mbaile sin ó dhúchas í agus bhí sí deich mbliana agus ceithre scór d’aois.

Dúirt Maolsheachlainn Ó Caollaí, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nach bhfuair Éilís an t-aitheantas a bhí ag dul di riamh as a cuid oibre i mbunú an chéad naíonra lán-Ghaeilge.

“Díríonn na gradaim agus na haitheantais oifigiúla ar dhaoine cáiliúla a bhfuil aithne ag lucht bronnta na ngradam orthu go minic, agus fágtar na fíorlaochra as an áireamh in amanna, ach is léir gur laoch a bhí in Éilis,” a dúirt sé.

Chomh maith leis an gConradh, bhí baint nach beag aici leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha mar aon le Coiste Náisiúnta na Naíonraí. Ba bhall saoil agus iar-uachtarán den Choimisiún í. Rinne an Conradh agus an Coimisiún comhbhrón lena muintir.
Maireann a clann mac agus iníon Assunta, Eileen, Regina, Ursula, Liam, Marian, Éamon agus Majella chomh maith le garchlann, neachtanna, nianna agus cairde.

www.tuairisc.ie

Oscailt Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Meán Fómhair 1, 2015

Scéal ar TG4 ag an nasc thíos:

http://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=4455255497001&title=Nuacht%20TG4&series=Nuacht%20TG4

Scéal eile ó www.cork.ie:

http://thecork.ie/2015/08/31/carrigaline-gaelcholaiste-opens-in-waterpark-house/

Cork and Limerick secondary schools top best 100 list

Lúnasa 31, 2015

A non fee-paying, all-girls secondary school has been ranked number one in Ireland.

It is the second year at the top for Coláiste Laurel Hill in Limerick.

Cork city’s all-boys Presentation Brothers College and all-girls Scoil Mhuire were named numbers 2 and 3 respectively.

Coláiste Na Coiribe in Galway was named Ireland’s best mixed school.

Kate Butler compiled the best school guide for the Sunday Times and she says Munster schools performed well this year:

“Munster has generally being doing extremely well. Even though it has (only) half the population of Leinster, it has almost as many schools in our top 100,” she said.

“It’s a really impressive punching above its weight. You see that in our top three – you have the Limerick school and the two schools located pretty close to each other in Cork city.”

In 2014, Laurel Hill was the first Irish-language school to top the guide since the paper’s annual Parent Power survey began in 2003. Laurel Hill Colaiste FCJ is also the only non-fee-paying school to top the table in the past 10 years.

Second overall in this year’s, and up five places from seventh in 2014, the 670-pupil Presentation Brothers College, Cork, is Ireland’s top fee-paying school and the best boys’ school in the country.

“Pres” sent an average of 87.8% of its students to university between 2012 and 2014. It has been the top school in Cork for seven out of the past 12 years.

The top 25, plus % of pupils going on to university.

1 Laurel Hill Colaiste FCJ, Sth Circular Rd, Limerick 92.4%

2 Presentation Brothers College, Mardyke, Cork 87.8%

3 Scoil Mhuire, Sidney Place, Cork 85.3%

4 Colaiste Iosagain, Booterstown, Co Dublin 85.2%

5 Gonzaga College, Ranelagh, Dublin 6 85.0%

6 Alexandra College, Milltown, Dublin 6 84.3%

7 Glenstal Abbey School, Murroe, Co Limerick (B only) 84.2%

8 Mount Anville Secondary School, Dublin 14 84.2%

9 Colaiste na Coiribe, Tuam Road, Galway 81.5%

10 Jesus & Mary Secondary School, Salthill, Galway 81.5%

11 Mount Mercy College, Model Farm Rd, Cork 80.2%

12 The Teresian School, Donnybrook, Dublin 4 79.2%

13 Christian Brothers College, Sidney Hill, Cork 79.1%

14 Colaiste An Phiarsaigh, Glanmire, Co Cork (B) 78.9%

15 *Colaiste Iognaid SJ, Sea Rd, Galway 78.0%

16 Colaiste Ide, Dingle, Co Kerry (B only) 7.77%

17 Loreto College, St Stephen’s Green, Dublin 2 77.2%

18 Colaiste Eoin, Booterstown, Co Dublin 76.9%

19 Loreto High School, Rathfarnham, Dublin 14 76.2%

20 Castleknock College, Castleknock, Dublin 15 76.0%

21 Clongowes Wood College, Clane, Co Limerick (B only) 75.1%

22 Holy Child Secondary School, Killiney, Co Dublin 74.6%

23 Rathdown School, Glenageary, Co Dublin (B) 73.6%

24 Belvedere College, Great Denmark St, Dublin 1 73.3%

25 St Michael’s College, Ailesbury Road, Dublin 4 73.0%

***The Sunday Times Best Schools Guide 2005 ranks the top 400 secondary schools in Ireland by the average proportion of pupils gaining places in autumn 2012, 2013 and 2014 at one of the nine universities on the island of Ireland, main teacher training colleges, Royal College of Surgeons or National College of Art and Design.

http://www.breakingnews.ie/ireland/cork-and-limerick-secondary-schools-top-best-100-list-693404.html

Folúntas: Gaelscoil Eiscir Ríada, Baile Átha Cliath

Lúnasa 28, 2015

Tá cúntoir riachtanais speisialta de dhíth i nGaelscoil Eiscir Riada, Baile Átha Cliath. Tuilleadh sonraí ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23118/

« Previous PageNext Page »