Méid an Téacs

Oiliúint Bhord Bainistíochta

Bealtaine 27, 2014

Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaelscoileanna Teo. ag cur clár oiliúna do bhoird bainistíochta na mbunscoileanna lán-Ghaeilge ar fáil le dhá bhliain anuas agus tá cuireadh á thabhairt do bhaill na Boird Bainistíochta a bheith rannpháirteach ann. Tá an oiliúint seo ar fáil trí pháirtithe éagsúla oideachais agus tá sí aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá an oiliúint seo á chur ar fáil do chúig módúil atá curtha le chéile ar bhonn náisiúnta idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na páirtithe oideachais bunscoile. Ina measc tá:

  • Nósanna Imeachta Ceapacháin
  • An Bord Bainistíochta mar Aonán Corparáideach
  • Airgeadais Boird agus Ról an Chisteora
  • Ceisteanna Dlí
  • Caomhnú Leanaí

Is féidir nótaí ó na modúil a íoslódáil trí cliceáil anseo.

 

Seachtain na Gaeilge 2014 i nGaelcholáiste Luimnigh

Bealtaine 27, 2014

Bhí seachtain den chéad scoth ag daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bhí réimse ollmhór de ghníomhaíochtaí spraíúla curtha ar fáil dóibh agus bhain gach éinne sár-thaitneamh astu.

Thosaigh an tseachtain amach le cluichí biongó ar siúl sna ranganna ag bliain 1 fad is a bhí na ranganna ar fad sa chéad, dara agus tríú bliain ag maisiú póstaeir don chomórtas póstaeir. Is éard a bhí le déanamh acu ná pictiúr a tharraingt chun míniú a thabhairt ar roinnt seanfhocail Gaeilge. Sampla amháin de na seanfhocail seo ná an ceann a rinne bliain 2, “Aithnítear cara i gcruatan.”

Bhí lá fíor-bheomhar againn sa scoil dé Máirt, le daltaí bliain 1 ag cleachtadh a gcuid scileanna damhsa nuair a bhí céilí iontach acu sa mhaidin. Chomh maith leis sin, chaith daltaí bliain 4, 5, 6 an tráthnóna ag imirt tag-rugbaí san ionad spóirt i Delta. Ní raibh aon dabht ach go raibh an comórtas an-láidir ar fad agus gach grúpa ag iarraidh an bua a bheith acu. Ag an deireadh bhí an bua ag rang Áine, agus iad ag troid go fíochmhar i gcoinne na múinteoirí.

Bhí na dána chun tosaigh ar an gCéadaoin, nuair a bhí an deis ag na daltaí éisteacht le ceol traidisiúnta agus amhráin a chleachtadh as Gaeilge. Anuas ar sin, bhí tráth na gceist eagraithe do lucht na céad bliana agus bhí seans ag daltaí bliain a dó féachaint ar roinnt gearrscannáin Gaeilge, cosúil le Yu Ming is ainm dom agus Clare sa Spéir. Bheifeá ag ceapadh gur san Omniplex a bhíodar!

Cuireadh deireadh leis an gceiliúradh ar fad do Sheachtain na Gaeilge ar an Déardaoin. Thosaigh an lá amach le blitz díospóireachta sa bhialann, le daltaí bliain 5 agus a 6 ag glacadh páirte. Is é an rún a bhí acu ná “Is iad na meáin chumarsáide a rialaíonn an tír seo.” Níl aon dabht ach gur chuir an rún seo na daltaí ag smaoineamh agus bhíodar an-phaiseanta ar fad maidir leis na hargóintí a bhí le déanamh acu. Cé go raibh an-chuid smaointí maithe ag bliain 5, bhí an t-ádh le lucht na séú bliana ag an deireadh agus an bua acu. Maith sibh ar fad!

Gan aon dabht, seachtain iontach spraíúil a bhí againn ar fad sa scoil i mbliana.

 

Folúntas: Laurel Hill Coláiste FCJ

Bealtaine 27, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntais: Gaelscoil Phort Láirge

Bealtaine 27, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Scoil Lorcáin

Bealtaine 27, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Tairiscint speisialta ar Forever Languages

Bealtaine 27, 2014

Tá tairiscint speisialta ar Forever Languages ar leabhair scoileanna On y va! 1 + 2. Téacsleabhair Fraincise d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tá On y va! an t-aon chúrsa Fraincise trí Ghaeilge atá ar fáil don Teastas Sóisearach.

Is don chéad bhliain iarbhunscoile On y va! 1 agus is don dara agus don tríú bliain On y va! 2. Tá an cúrsa seo foilsithe ag Authentik le tacaíocht ó COGG.

Tabharfar lacáiste 10% agus postas saor in aisce ar orduithe a íocfar roimh 30 Meitheamh 2014. Níl le déanamh ach Gaelscoileanna.ie a lua nó códfhocal GAEL a úsáid agus an t-ordú á dhéanamh agat ar ár suíomh gréasáin: www.foreverlanguages.com

Tá CD comh maith leis na leabhair le hábhar éisteachta agus tá nótaí múinteora le fáil ar an suíomh www.foreverlanguages.com

Tá ábhar breise nua anois ar www.foreverlanguages.com ar son On y va ! 1 agus 2 – cluichí, gníomhaíochtaí, lúbra focal, drag agus drop, abairtí measctha, péirí meaitseáil, litreacha ar iarraidh etc. Beimid ag cur níos mó ábhar agus cluichí ar an líonláithreán i rith an tSamhraidh.

Tabhair ríomhphost chuig marie@foreverlanguages.com le haghaidh tuilleadh sonraí.

Nasc linn ar Facebook www.facebook.com/ForeverLanguages

Lean muid ar Twitter @ForeverLangs

Folúntas: Gaelcholáiste na Mara

Bealtaine 27, 2014

Mata agus Ceimic – sonraí ar www.educationposts.ie.

Leabhrán Eolais i nGaeilge do scoileanna DEIS ag glacadh páirt sa Scéim Theagmhála Baile Scoile agus an Phobail

Bealtaine 27, 2014

Ar fáil ar www.education.ie.

Folúntas: Gaelscoil Chill Dara

Bealtaine 27, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Pobalscoil Ghaoth Dobhair – Múinteoir Béarla

Bealtaine 27, 2014

Is scoil lán-Ghaeilge í Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Caithfidh an té a cheapfar bheith ábalta múineadh go hiomlan tré Ghaeilge. Tá an ceapuchán seo faoi réir ag rialacháin na scéíme athimlonnaithe do mhúinteoirí.

Sonraí ar www.educationposts.ie.

« Previous PageNext Page »