Méid an Téacs

Comhghairdeas le Gaelcholáiste Luimnigh – tuairisc den scoth faighte acu!

Bealtaine 9, 2014

Tá ábhar ceiliúrtha agus bróid ag Gaelcholáiste Luimnigh sa tuairisc a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí maidir le bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim sa scoil. Is féidir an tuairisc a léamh anseo: Gaelcholáiste Luimnigh MSU (Gaeilge) Gaelcholaiste Luimnigh WSE (English)

Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le pobal uile na scoile as an obair den scoth atá ar bun acu.

Rúnaí, Scoil Cholmcille An Tearmann

Bealtaine 8, 2014

Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile. Beidh gá le caighdeán maith Gaeilge labhartha a bheith ag an té a cheapfar.

Sonraí: www.educationposts.ie.

Scéim na nImeachtaí Óige, Foras na Gaeilge

Bealtaine 7, 2014

SCÉIM na nIMEACHTAÍ ÓIGE 2014/15, IMEACHTAÍ TRÍ MHEÁN NA GAEILGE DON AOS ÓG:

Maoiniú faoi bhun €5,000/£3,500stg

Tríd an scéim seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg agus a bhfuil mar aidhm acu “Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a neartú”. Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2014 agus 30 Meitheamh 2015.

Tá na cáipéísí don scéim ar fáil anseo le híoslodáil:

www.gaeilge.ie

Moltar duit na treoirlínte a léamh go cúramach sula dtugann tú faoin fhoirm iarratais a chomhlánú. Tabhair faoi deara go bhfuil roinnt leasaithe déanta sa scéim i mbliana.

Is é meánlae, an Aoine 16 Bealtaine 2014 an sprioc le haghaidh iarratas.
Scéim na nImeachtaí Óige
Foras na Gaeilge
Teach an Gheata Thiar
2-4 Sráid na Banríona
Béal Feirste
BT1 6ED

Scéim na nImeachtaí Óige
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2

oideachas@forasnagaeilge.ie

Béal Feirste: 028 9089 0970
Baile Átha Cliath: 01 639 8400

Folúntas: Montessori Matters

Bealtaine 7, 2014

Múinteoir le Gaeilge de dhíth, sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Scoil Cholmáin

Bealtaine 7, 2014

Scoil dhá oide Gaeltachta i Muigh-Inis, Carna, sonraí ar www.educationposts.ie.

Feachtas Meánscolaíochta Dhoire chun tosaigh ag Mórshiúl Lá Bealtaine

Bealtaine 7, 2014

Beagnach míle duine idir cheardchumainn agus ghrúpaí feachtais a ghlac páirt i Mórshiúl Lá Bealtaine i gcathair Dhoire.

Bhí an feachtas ar son soláthar meánscolaíochta sa chathair mar chuid de mhórsiúl na bliana seo.

Tuigtear do Mheon Eile gur bhronn coiste comhairliúcháin na Roinne Oideachais tuarascáil faoi sholáthar féideartha na meánscolaíochta i gcathair Dhoire ar an Aire Oideachais an tseachtain seo caite.

Dúirt Ionadaí na Roinne le Meon Eile go bhfuil torthaí na tuarscála á scrúdú ag an Aire faoi láthair.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Folúntas – Gaelscoil na Cruaiche

Bealtaine 6, 2014

Múinteoir fuinniúil le sárscileanna agus taithí múinteoireacht, riaracháin agus cumarsáide atá uainn. Tá ard chaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa ag teastáil ó iarratasóirí. Beifear ag súil go bhfuil suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.

Tá gach eolas ar www.educationposts.ie.

Nuachtlitir Gaelchultúr

Bealtaine 6, 2014

Léigh ar líne anseo!

Lá Idirnáisiúnta Dathadóireachta

Bealtaine 6, 2014

Inniu Lá Idirnáisiúnta Dathadóireachta na bPáistí.

Tugann an lá seo deis do pháistí i ngach cearn den domhan rudaí a dhathú isteach leis an domhan a dhéanamh níos dathúla.

Thug Meon Eile cuirt ar Cuibhreannas Cúram Leanaí Ard Mhacha Theas le fáil amach faoi na himeachtaí atá ar bun acu faoi choinne an lae speisialta seo.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Ceardlann do mhúinteoirí ar an Mháirt, 6 Bealtaine

Bealtaine 2, 2014

Reáchtálfaidh Niall Mac Uidhilin, feidhmeannach ríomhaireachta agus mac léinn dochtúireachta san oideachas, ó Acadamh na hOllscolaíochta ceardlann do mhúinteoirí ó 7.30 – 8.30 tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 6 Bealtaine, i nGaelscoil Cholmcille, Lána na Cúlóige, Bóthar Oscar Traynor, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17.

Is í aidhm na ceardlainne taithí a thabhairt do mhúinteoirí ar mhodhanna saibhrithe teanga trí thaifid shaibre fhuaime a mheascadh le pictiúir agus le hábhair eile ag úsáid na teicneolaíochta. Beidh samplaí de threalamh fuaime agus bogearraí ríomhaireachta ar fáil ar an oíche le triail a bhaint astu.

Tuilleadh eolais le fáil ó niall.macuidhilin@oegaillimh.ie nó ag 085-7361753.

Tá an cheardlann seo á chur ar fáil le tacaíocht ó COGG agus bainfear úsáid as míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta le linn na ceardlainne.

« Previous PageNext Page »