Cúntóir riachtanas speisialta, Co. Dhún na nGall
Iúil 2, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i nGaelscoil Éirne, Co. Dhún na nGall Ní mór do gach iarrthoir Gaeilge liofa a bheith aige/aici
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur chuig:
FAO: Colleen Ní Fhaoláin, Cathaoirleach
Gaelscoil Éirne,
Fearann an Bhaile,
Béal Átha Seanaidh,
Co. Dhún na nGall
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
Teistiméarachtaí scríofa
Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Tuilleadh eolais: 087 6445761 Spriocdháta: 19 Iúil 2012
Túsdáta: 29 Lúnasa 2012
Foras na Gaeilge ditches funding plan
Iúil 2, 2012
Fáiltíonn an Chomhdháil roimh chinneadh deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe
Iúil 2, 2012
Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge gan leanúint ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí molta go dtí seo.
Fógraíodh an cinneadh seo tar éis cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair Dé hAoine.
Faoi láthair tá 19 n-eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an múnla reatha maoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram maoinithe ocht n-eagras déag Gaeilge go dtí an comhlacht.
Punann de scéimeanna iomaíocha a bhí i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla.
An mhí seo caite d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil i dtaobh na Samhla Nua Maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na n-eagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo. Sa tuairisc leagtar béim ar thábhacht an bhunmhaoinithe chun seirbhísí tábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.
Tháinig tuairisc an Chomhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann a léirigh amhras faoin tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus a léirigh amhras faoin bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.
Ag labhairt dó ar chinneadh an Bhoird, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá iomarca ama caite le blianta beaga anuas, ag plé na Samhla Nua Maoinithe a bhí chomh lochtach sin gur éard a bheadh mar thoradh uirthi ná aimhleas na Gaeilge. Is gá anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais bhunmhaoinithe comhoibriú ar bhonn comhpháirtíochta, le hionchur ó shaineolaithe sa phleanáil teanga agus ó shaineolaithe sa bhainistíocht um athruithe chun teacht ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun earnáil dheonach na Gaeilge a mhaoiniú ar mhaithe leis na seirbhísí do phobal na Gaeilge a chothabháil agus a fhorbairt”.
Preasráiteas de chuid Chomhdháil Násiúnta na Gaeilge
Stiúrthóir Nua Ceaptha ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Iúil 2, 2012
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil an tUasal Kevin De Barra ceaptha mar Stiúrthóir úr ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar 24 eagraíocht dheonach Ghaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan. Tiocfaidh Kevin De Barra i gcomharba ar an Uasal Pádraig Mac Criostail a bhí mar Stiúrthóir ar an gComhdháil ó 2007.
Is as An Spidéal, i gConamara é Kevin De Barra. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge, agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Le déanaí tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Tá an tUasal De Barra ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2007 ann, ar dtús mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí, ansin mar Rúnaí na Comhdhála, agus ó Feabhra na bliana seo bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ar an gComhdháil. Roimh dó post a ghlacadh sa Chomhdháil, d’oibrigh Kevin mar Bhainisteoir Margaíochta Idirnáisiúnta leis an gcomhlacht QTEK Manufacturing Ltd. atá a gceanncheathrú lonnaithe i nGaillimh.
Ag labhairt dó ar cheapachán De Barra, dúirt Uachtarán na Comhdhála, Pádraig Mac Fhearghusa: “Cuireann an ceapachán seo go mór le cumas na Comhdhála ceannasaíocht a léiriú ar earnáil dheonach na Gaeilge sa tréimhse dhúshlánach atá amach romhainn. Tá sainscileanna agus saintaithí ag Kevin De Barra a rachaidh go mór chun tairbhe don Chomhdháil agus dá balleagraíochtaí, agus ar ndóigh do phobal na Gaeilge i gcoitinne”.
Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Revealed: The 18 Northern Ireland schools which will share £173m cash pot
Meitheamh 29, 2012
INTO task force seeks meeting with minister on small schools
Meitheamh 29, 2012
A parental poll on school patronage
Meitheamh 29, 2012
Stiúrthóir Cúnta le haghaidh Naíonra
Meitheamh 28, 2012
Tá Smarty Pants Montessori, Ros Eo, Co. Áth Cliath ag lorg Stiúrthóir Cúnta le haghaidh Naíonra Nua atá ag oscailt i mí Meán Fómhair 2012.
Is 8.45r.n. – 12.15i.n. uaireanta oibre an phoist.
Tá cumas mhaith sa Ghaeilge idir labhartha agus scríofa riachtanach don ról seo.
Is gá go mbeidh na cáilíochtaí a leanas nó toilteanas tabhairt faoi na cáilíochtaí a leanas a bhaint amach ag iarrthóirí:
- Dianchúrsa FNT
- Cúrsa Garchabhair
- CDBO Leibhéal 5 i gCúram Leanaí
Má tá suim agat sa phost seo, glaoigh le do thoil ar Michelle ar 086 2116233 nó seol ríomhphost chuig info@smartypants.ie
Rúnaí scoile á lorg ag Gaelscoil Ros Eo
Meitheamh 28, 2012
Tá folúntas mar rúnaí scoile (páirt-aimseartha) le líonadh ag Gaelscoil Ros Eo, Co. Átha Cliath.
Riachtanaisí:
- Inniúlacht sa Ghaeilge (labhartha agus scríofa)
- Ard-scileanna idirphearsanta agus cumarsáide
- Ard-scileanna eagraíochtúil
- Inniúlacht in Word agus Excel
- Scileanna éagsúla oifige
- Grinnfhiosrúcháin na Gardaí faighte acu
Duine solúbtha, le breithiúnas grinn atá sásta chur le fás agus forbairt ár scoil. Fáilteofar roimh dhaoine a bhfuil taithí acu sa réimse seo cheana féin.
Beidh fáilte roimh iarratais, CV agus litir, roimh 30 Iúil 2012, ag na seoltaí seo a leanas: priomhoide@gaelscoilroseo.com nó:
An Cathaoirleach, f/c Gaelscoil Ros Eo, CLG Naomh Maur, Ros Eo, Co. Átha Cliath
Is gá “Iarratais” a scríobh ar an gclúdach.
Is féidir tuilleadh eolais faoin scoil a fháil ar www.gaelscoilroseo.com.
Scoil Samhraidh – Ceatharlach 13ú & 14ú Iúil 2012 “Ag Cothú na Todhchaí: Forbart na Tíre agus na Teanga”
Meitheamh 28, 2012