Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh
Lúnasa 16, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh. Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.
Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.
Riachtanach:
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.
Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 19/08/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost
Folúntais i bPoist
Lúnasa 16, 2016
• Gael-Choláiste Chill Dara ag lorg múinteoir páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74794
• Gaelscoil Uí Ríordáin ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74806
100 Bliain tar éis Éirí Amach na Cásca – cén tionchar a bheidh ag Brexit ar an Ghaeilge?
Lúnasa 15, 2016
Leis an tsraith Plé 16, tá comóradh speisialta á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i mbliana. Seo sraith de sheimineáir agus de dhíospóireachtaí a dhéanann cíoradh ar ról na heagraíochta teanga agus ar ról na Gaeilge i saol cheannairí an Éirí Amach agus sa saol sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar comhdháil lae i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire chun ceist na gceart teanga, mar a bhí agus mar atá, a scrúdú ar 20 Lúnasa 2016.
Is cinnte go mbeidh tionchar an reifrinn ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach ar mhionteangacha ina hábhar plé ar an lá, agus is chuige seo a bhfuil cuireadh chun cainte tugtha ag an gConradh do shaineolaithe a bhfuil tuiscint faoi leith acu ar an staid reatha i ndlínsí éagsúla na n-oileán seo.
Cuirfear tús leis an gcomhdháil ag 11.00rn le léacht speisialta ón scríbhneoir agus fealsúnaí Tomás Mac Síomóin a dhíreoidh ar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs na díchóilíneachta. Tá cónaí ar Thomás sa Chatalóin faoi láthair, rud a thugann peirspictíocht éagsúil dó ar cheisteanna cultúir, polaitíochta, agus na sochaí. Tá neart foilsithe ag Mac Síomóin ar cheist na Gaeilge freisin, go háirithe faoin dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca.
Sa dara leath den chomhdháil, pléifidh Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige; Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga; Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Doire; agus Mícheál Ó Flannagáin, dlíodóir, an chaoi ina bhfuil cúrsaí chearta teanga mar atá sa lá atá inniu ann ó thuaidh, ó dheas, sa Ríocht Aontaithe, agus san Aontas Eorpach. Feidhmeoidh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mar chathaoirleach ar an seimineár, a bheidh oscailte don phobal uilig saor in aisce. Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil freisin ar an lá. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar mheáin shóisialta Chonradh na Gaeilge, ar shuíomh idirlín an Chonartha ag www.cnag.ie, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig 1916@cnag.ie.
Am: Satharn 20 Lúnasa, 11.00 rn
Áit: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire BT48 7DF
Téama: Cearta Teanga, Inné agus Inniu
Cainteoirí: Meri Huws, Rónán Ó Domhnaill, Tomás Mac Síomóin, Mícheál Ó Flannagáin, Diarmaid Ua Bruadair
Cead isteach saor in aisce. Seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.
Tuilleadh Eolais: 1916@cnag.ie | 0035314757401
Tuilleadh sonraí | Further Details and Event Poster @ https://www.facebook.com/events/488834721315841/
Naíonra nua le hoscailt i Longford
Lúnasa 15, 2016
Folúntais i bPoist
Lúnasa 15, 2016
• Gaelscoil Bharra ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74570
• Gaelscoil Naomh Pádraig ag lorg cúntóir riachtanais speisialta ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74565
• Gaelcholáiste Luimnigh ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/74539
• Gaelcholáiste Luimnigh ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/74541
• Gaelcholáiste Phort Láirge ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74502
• Gaelscoil Thomáis Dáibhís ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74712
• Gaelscoil Ui Drisceoil ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74695
• Gaelscoil na Fuinseoige ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74346
Acmhainn nua Gaeilge le fáil ó Seomra Ranga
Lúnasa 15, 2016
Leabharmharc le focail chontrártha. Tá an acmhainn úsáideach nua seo ar fáil le híoslódáil ón suíomh www.seomraranga.com.
Múinteoirí eolaíochta de dhíth
Lúnasa 12, 2016
Múinteoirí Eolaíochta de dhíth láithreach ar Choláiste Oiriall, Muineachán.
Ceimic riachtanach i gceann acu.
Tuilleadh eolais ón Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh ag 086 3815672
Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith, Gaelscoil Nás Na Ríogh
Lúnasa 11, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith i Gaelscoil Nás Na Ríogh.
Post páirtaimseartha, 21-24 uair (le socrú) in aghaidh na seachtaine ar chonradh 38 seachtaine i gcómhair an scéim ECCE
Riachtannais:
- Gaeilge líofa
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
- Cáilíocht Gharchabhrach
- Cúrsa um Chosaint Leanaí
- Taithí
- Scileanna cumarsáide maithe le daoine fásta agus le páistí
Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 10/08/2016
Dáta tosnú: 1/09/2016 (cúpla lá roimhré le hullmhú / traenáil)
CV agus litir iarratais chuig Brigid @ brigidnicaodha@hotmail.com
0858714833.
Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCill Dara
Lúnasa 11, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith i nGaelscoil Nás na Ríogh, Co. Chill Dara.
Cineál Poist: Páirt- 21-24 uair (le socrú) in aghaidh na seachtaine ar chonradh 38 seachtaine i gcómhair an scéim ECCE
Riachtannais:
- Gaeilge líofa
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
- Cáilíocht Gharchabhrach
- Cúrsa um Chosaint Leanaí
- Taithí
- Scileanna cumarsáide maithe le daoine fásta agus le páistí
Dáta tosnú: 1/09/2016 (cúpla lá roimhré le hullmhú / traenáil)
CV agus litir iarratais chuig Brigid @ brigidnicaodha@hotmail.com
Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh
Lúnasa 10, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh. Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.
Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.
Riachtanach:
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.
Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 17/08/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost