Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge i mBiorra

Feabhra 27, 2013

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge na bliana seo beidh na céadta imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre agus thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Mar chuid den cheiliúradh beidh imeachtaí a reáchtáil ag Biorra le Gaeilge i gCo. Uíbh Fhailí ón 4-18 Marta 2013.

Ar 9 Márta beidh maidin caife á reáchtáil acu i Emma’s Café agus beidh deis iontach ag daoine bualadh le chéile chun Gaeilge a chleachtadh. Óna 11-1i.n beidh la mór ‘Gaeilge agus Ceol’ scéalaíocht agus taispeántas leabhar Gaeilge sa leabharlann i mBiorra.

Mar chuid de na himeachtaí beidh ceardaíocht sa Crúiscín Stáin, Sráid Bhreandáin i mBiorra.

Ar Mairt 12 Márta beidh ceardlann dhátheangach fíodóireachta agus déantús ciseáin ar siúl agus ta costas €60 ar seo le ábhar san áireamh agus ní leor spás a chur in aitithr roimh ré le glaoch ar Rosalind 087 6681783

Ar an gCéadaoin, 13 Márta 7ag .30 in. beidh oíche Scannáin Ghaeilge agus beidh Ciorcail Comhrá I dteach Tabhairne Craughwell’s.

Tá gach eolas ar fail ó Tin Jug Studio (Tel: 05791 21818/087 668 1783/ Leabharlann Bhiorra 05791 24950.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil agus Cruinniú Chinn Bhliana an Fhorais Pátrúnachta

Feabhra 21, 2013

Beidh Comhdháil agus Cruinniú Chinn Bhliana an Fhorais ar siúl ar an Satharn seo in óstán Kilashee i Nás na Ríogh, Co. Chill Dara. Tuilleadh eolais: eolas@foras.ie nó 01 6294110.

Beidh fáilte romhat ag léiriú teaghlaigh An Fear Siúil le Jody O’Neill

Feabhra 19, 2013

Beidh léiriú teaghlaigh den dráma álainn An Fear Siúil le Jody O’Neill, á chur i láthair ag Graffiti Theatre Company, ar siúl sa Graffiti Theatre, An Linn Dubh, Corcaigh ar 3.00in. Dé Sathairn 23 Feabhra.

A family performance of An Fear Siúil, by Jody O’Neill, produced by Graffiti Theatre Company, will take place in Graffiti Theatre, Blackpool, Cork at 3pm on Saturday 23rd February.

Bíonn an Fear Siúil i gcónaí ag siúl, ag brostú ó seo go siúd, gan suaimhneas gan scíth, gan stopadh gan sos. Oibríonn sé go dian…ach lá amháin, imíonn sé ar thuras nua, i bhfad ón mbealach abhaile. Le ceol nua-chumtha beo, téimid ar thuras leis an aisteoir go dtí domhan an fhir shiúil.

An Fear Siúil (Walking Man) is always on the move, rushing headlong through life, determined to follow in his father’s footsteps to do the best job on the top floor of the tallest building in the entire city. But one day, his path takes an unexpected twist…
Is beag an domhan ach is mór an scéal!

“…Subtlety and sophistication…a production of magic and wonder” Irish Theatre Magazine

Aoisghrúpa: 6-10 bliain (6-10 year olds)
Teanga: Gaeilge (Performance will be in Irish)
To reserve your seats you must RSVP by 21st February to 021 43-97111 or graffiti@eircom.net

Físeán: Tóstal na Gaeilge 2013 | Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge

Feabhra 19, 2013

“Beart de réir Briathair” an téama a bhí ag Tóstal na Gaeilge 2013, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliatha Dé Sathairn seo caite, 16 Feabhra 2013.

San óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhailigh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ag Tóstal na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Ghaelach.

“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bhí mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit ar pléadh na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach. Labhair Sibéal Davitt, Gaelport.com, leis na haoichainteoirí maidir lena gcuid tuairimí ar an ábhar: GAELPORT.COM

“Deis le tapú ag an Rialtas anois sólás a thabhairt do bhuairt Phobal na Gaeltachta”, a deir aoichainteoirí Thóstal na Gaeilge 2013

Feabhra 19, 2013

Is gearr go mbeidh próiseas pleanála teanga á leagan amach i dtrí limistéar Gaeltachta, ach is mór iad na dúshláin agus na constaic a bheidh le sárú ag na grúpaí pobail, dar le hionadaithe ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre a labhair ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013.
‘Beart de réir Biathair’ a bhí mar théama an Tóstail i mbliana agus bhí saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtáladh le linn an Tóstail.

Pléadh na téamaí seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus thug comhfhreagraí polaitíochta The Irish Times Harry McGee cur síos ar bheartais an Rialtais i leith na Gaeilge ó foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010.
I measc siúd a labhair le linn an Tóstail, bhí an Dr Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Stiúrthóir Chomhluadar Feargal Ó Cuilinn agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tugadh an deis do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Stiofán Ó Culáin míniú níos soiléire a thabhairt ar a bhfuil beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus bhí an deis ag an bpobal ceisteanna a chur air agus ar Chathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair ag díospóireacht a bhí faoi stiúir príomhláithreoir nuachta TG4 Eimear Ní Chonaola.

Labhair an pleanálaí teanga agus tuismitheoir Aoife Ní Shéaghdha mar gheall ar na ceisteanna praiticiúla atá ag teacht chun cinn i measc phobal na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne agus luaigh sí go raibh tacaíocht laghdaithe curtha ar fáil de réir mar a théann leanaí in aois agus de réir mar a mhéadaíonn an líon tí.

Luaigh sí freisin go raibh easnaimh mhóra ó thaobh ócáidí sóisialta do leanaí trí Ghaeilge agus go raibh ceisteanna tromchúiseacha ann maidir le buanú na Gaeilge i measc leanaí gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga sna scoileanna Gaeltachta.

Nocht Comhordaitheoir Acadúil ar Choláiste na nDán, na nEolaíochta Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Seosamh Mac Donncha an tuairim lom go bhfuil deireadh leis an tuiscint choiteann ar shainmhíniú na Gaeltachta. Dúirt sé nach raibh Gaeltacht againn sa chiall is a bhí ann céad bliain ó shin nuair a labhair formhór na ndaoine an Ghaeilge formhór an ama. Dúirt sé chomh maith nach raibh an saibhreas teanga céanna ag páistí óga Gaeltachta is a bhí ag an nglúin a chuaigh rompu agus thagair sé do na deacrachtaí atá sa chóras oideachais Gaeltachta ceal sainpholasaí oideachais Gaeltachta.
Chuir Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta béim ar pholasaí na Roinne Oideachais agus Scileanna chomh maith agus luaigh sí go mbeidh sí dodhéanta pleanáil teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta gan tacaíocht iomlán na Roinne sin.

Tá athruithe suntasacha i ndán don Ghaeltacht le feidhmiú an phróisis pleanála teanga. Tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga i mbliana. Is é an sprioc atá ag an bpróiseas pleanála teanga ná córas pleanála teanga a fhorbairt chun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is í seo an chéim is déanaí i bhforbairt an phróisis pleanála teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012. Luaitear mar chuspóir sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25% roimh 2030.

GAELPORT.COM

Doire le Féile Bheag na Leabhar a cheiliúradh

Feabhra 15, 2013

Beidh Féile Bheag na Leabhar – an chéad fhéile leabhar agus scéalaíochta do pháistí – ar siúl i nDoire Cholm Cille ón 7ú go dtí an 9ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2013.

Is é is cuspóir leis an fhéile ná suim i leabhair, léitheoireacht agus scéalaíocht na Gaeilge a spreagadh i measc páistí óga.

Cuirfear tús leis an fhéile ar an Déardaoin 7ú Márta le himeacht speisialta scéalaíochta do pháistí ó 8 – 11 bliana d’aois le Gearóidín Bhreathnach (Gearóidín Neidí Frainc) sárscéalaí agus amhránaí clúiteach as Gaeltacht Rinn na Feirste. Déanfaidh Gearóidín Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh agus beidh deis ag páistí a fhreastlaíonn ar an lá an leabhar is fearr leo a thabhairt go dtí an t-imeacht agus plé a dhéanamh leis an aoíscéalaí agus le páistí eile ar an dóigh a ndeachaigh an leabhar i bhfeidhm orthu.

Ar an Aoine 8ú Márta beidh an scríbhneoir agus scéalaí iomráiteach Séamas Mac Annaidh ag athshamhlú finscéalta agus fabhalscéalta traidisiúnta Gaelacha do pháistí ó 5 – 7 bliana d’aois. Inseoidh an scéalaí seanscéalta agus miotais ina stíl uathúil féin leis an bhéim ar scéalaíocht trí dhrámaíocht. Beidh deis ag páistí dul i dteagmháil le traidisiúin bhéil na nGael trí cheird na scéalaíochta.

Críochnaíonn an fhéile ar an Satharn 9ú Márta le seoladh an leabhair ‘Déanann Rosie Réidh’ a scríobhadh agus a maisíodh ag an scríbhneoir áitiúil Trish Deery. Ceiliúrfar seoladh an leabhair le cóisir pháistí agus le léitheoireacht ón leabhar féin leis an scéalaí agus ealaíontóir áitiúil Cara Ní Mhaonaigh a chuirfidh beocht agus beatha sa scéal do chluasa óga sa lucht éisteachta. Beidh scríbhneoir agus maisitheoir an leabhair, Trish Deery, i láthair ar an lá le páirt a ghlacadh agus le líníochtaí a dhéanamh beo!

Tá Féile Bheag na Leabhar á heagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar leis an Humdinger! Children’s Literature Festival agus tá sí cómhaoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Chathrach. Is féidir clár iomlán Humdinger! a íoslódáil ón nasc seo: www.humdingerbookfestival.com.

I rith na féile beidh Aonach Leabhar Gaeilge ar fáil ag a mbeidh rogha agus togha na bhfoilseachán is fearr Gaeilge.

Beidh gach imeacht ar siúl ag Ionad Ealaíon An Croí ag Cultúrlann Uí Chanáin. Reáchtáilfear gach imeacht trí mheán na Gaeilge amháin. Ní mór cur in áirithe mar go mbeidh áiteanna teoranta.

Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: 028 71376 579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk.

Gearóidín Bhreathnach
Is as Rinn na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill í Gearóidín Bhreathnach nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi. Chaith a hathair a shaol ag scéalaíocht agus a athair roimhe agus tá ceird na scéalaíochta go smior inti féin. Bhuaigh sí an comórtas is mó sean-nóis, Corn Uí Riada ag an Oireachtas sa bhliain 1996 agus tá leabhar do pháistí dar teideal Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile foilsithe aici.

Séamas Mac Annaidh
Is scéalaí, scríbhneoir agus staraí é Séamas Mac Annaidh ó Chontae Fhear Manach. Tá sé úrscéal agus dhá chnuasach ghearrscéalta scríofa aige. Chuir sé sraith teilifíse le haghaidh páistí, An tÁiléir Draíochta, i láthair ar BBC Thuaisceart Éireann. Bhí Séamas ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil na Banríona/Ollscoil Uladh 1989-1991; in Ollscoil na Gaillimhe 2007-2009 agus le Comhairle Cheantair Fhear Manach 2008-2010.

Cara Ní Mhaonaigh
Rugadh Cara Ní Mhaonaigh nó Cara Parc (ainm ardáin) sa bhlian 1981 i nDoire.
D’fhreastail sí ar Bhunscoil Bhaile Stíl nó Bunscoil Cholmcille mar a thugtar ar an scoil anois. Chuaigh sí go Londain nuair a bhí sí 18 mbliana d’aois áit a ndeachaigh sí go hOllscoil Ealaíon Camberwell le staidéar a dhéanamh ar na healaíona agus ansin go Coláiste Ealaíon agus Dearaidh Central Saint Martins le staidéar a dhéanamh ar an Fhaisean. Is ceoltóir í fosta a cheol gigeanna ag Féile Glastonbury, Secret Garden Party agus Lovebox. Faoi lathair, tá sí ag obair leis an ealaíontóir Rita Duffy ar thionscnamh ealaíne Shirt Factory a ndéanfaidh taifead ar thaithí na mban a d’oibrigh sna monarchana léinteoireachta i nDoire.

Scrúduithe TEG 2013: DÁTAÍ & IONAID

Feabhra 15, 2013

Beidh Scrúduithe TEG 2013 ar siúl sna hionaid seo:

  • An Spidéal
  • Béal Feirste
  • Caisleán an Bharraigh
  • Cill Airne
  • Cill Chainnigh
  • Corcaigh
  • Leitir Ceanainn
  • Luimneach
  • Má Nuad Páras
  • Prág
  • Nua Eabhrac
  • Ottawa
  • Toronto
  • B2 20 Aibreán 2013*
  • B1 27 Aibreán 2013
  • A2 11 Bealtaine 2013
  • A1 25 Bealtaine 2013

*Glactar le Leibhéal B2 mar cheann de na critéir iontrála do chúrsaí sa bhunmhúinteoireacht sna coláistí Oideachais agus Coláiste Hibernia.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ar scrúduithe TEG ná 21 Márta 2013.

Tuilleadh eolais: http://www.teg.ie/gaeilge/ioc_ar_line.htm

Dírigh ar do chumas labhartha! PÁIRTCHREIDIÚINT AR FÁIL

Tá páirtchreidiúint ar fáil den chéad uair i mbliana do dhaoine gur mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóirí 2013:

Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh in Aibreán/Bealtaine agus creidiúint iomlán a fháil;
NÓ An scrúdú cainte amháin a dhéanamh in Aibreán/Bealtaine agus páirtchreidiúint a fháil.

Beidh foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cuir glaoch ar (01) 708 6417.

Ócáid do theaghlaigh: Seachtain na nInnealtoirí: Fíorú Aislingí

Feabhra 15, 2013

Lá Teaghlaigh i gColáiste na Tríonóide
Satharn 2ú Márta, 2013

Fíorú Aislingí mana seachtain na nInnealtóirí i mbliana – toisc gurbh é sin a dhéanann innealtóirí – samhlaíocht a mheascadh le eolaíocht agus iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a thógáil.

Sprioc Seachtain na nInnealtóirí deis a thabhairt do dhaoine óga an méid a dhéanann innealtóirí a chlos agus a fheiceáil ó na hinnealtóirí féin.

Tabharfaidh an ócáid seo deis duit gléas leictreach a thógáil tú féin san Makeshop; foghlaim conas is féidir guth a thabhairt do ríomhaire is dtreo is go mbeidh Gaeilge aige, agus triail a bhaint as é a chuir ag caint; fáil amach conas a thomhaiseann innealtóirí an talamh chun bóthar nó foirgneamh a leagan amach; conas fómhair fuinnimh a bhaint ón ngaoth – agus na heachtraí sa Mhata a thug na huirlis dúinn chun na haislingí seo a chuir i gcrích.

Eagraithe ag Comhluadar i bpáirt le Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, agus An Roth, Cumann na nInnealtóirí. Tá an imeacht seo dírithe ar an aoisghrúpa 8 – 15.

Sonraí féach: http://aonghus.blogspot.com/2013/02/seachtain-na-ninnealtoiri-fioru-aislingi.html

Chun áit a chuir in áirithint gabh i dteagmháil le:
Nicole Ní Cheallaigh
Comhluadar
imeacht@comhluadar.ie
(01) 4789191

Is gá do thuismitheoir a bheith i bhfochair na daoine óga.
Aonghus Ó hAlmhain
087 954 35 50

€15,000 ar fáil do thionscnaimh pobail Gaeilge

Feabhra 15, 2013

Tá sé fógartha ag Rith Teo inniu go bhfuil ciste de €15,000 a chur ar fáil ag an chomhlacht do ghrúpaí pobail nó coistí atá ag cur tionscnaimh Ghaeilge chun cinn.

Ba fhéile náisiúnta a bhí i Rith 2012 a mheall 27,000 le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta a bhí ar siúl ón 8-17 Márta 2012 thar chúrsa 700km, ó Gaoth Dóbhair go Inis Mór, Árann. Tá an maoiniú seo, atá bunaithe ar bhrabús ó Rith 2012, a chur ar fáil do na pobail a ghlac páirt i Rith 2012 ó cheann ceann na tíre.

Chuir Cathaoirleach Ciste Rith, Lorcán Mac Gabhann in iúl gurb é seo an chéad uair gur éirigh le Rith Teo scéim deontais a fhógairt agus go bhfuil sé dóchasach go gcuirfidh Rith 2014 go mór le luach na scéime amach anseo

Chuir an tUas Mhic Gabhann in iúl “Is cúis áthais do Choiste Rith go bhfuil muid in ann €15,000 a chuir ar fáil don phobal le tacú le h imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a eagrú. Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge do thionscnaimh atá teangalárnaithe, ach go háirithe ó ghrúpaí ar bheagán maoinithe.”

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.rith.ie/deontas agus caithfidh iarratais a bheith istigh roimh 24 Márta 2013.

 

Ceardlanna Saor in Aisce do Scríbhneoirí i mBéal Feirste agus Inis Oírr

Feabhra 15, 2013

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.

Dáta: Dé Sathairn, 9 Márta 2013
Ionad: Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 1 Márta 2013.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe.
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie

nó ó Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.
Guthán: 099-75150 Ríomhphost: eolas@araseanna.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus an na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dáta: Dé Sathairn, 23 Márta 2013
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 14 Márta 2013.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

« Previous PageNext Page »