Méid an Téacs

Plean Aicsin um Bulaíocht á lainseáil ag na hAirí Quinn agus Fitzgerald

Eanáir 30, 2013

Tá Plean nua Aicsin um Bulaíocht á lainseáil ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. agus an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald T.D.
Leagann an Plean amach dhá aicsean déag chun cabhrú le bulaíocht a chomhrac agus a chosc i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal. Tá na haicsin seo atá beartaithe ag tógáil ar an scothobair atá ar siúl cheana féin ina lán scoileanna chun bulaíocht a chomhrac agus a chosc.

Is léir ón tuarascáil chomh maith go bhfuil tacaíocht ó na tuismitheoirí agus ón bpobal i gcoitinne riachtanach má táthar chun bulaíocht a chomhrac agus a chosc agus nach fadhb le réiteach ag na scoileanna amháin í.

Agus an Plean Aicsin á lainseáil i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Quinn gur ghlac sé go ginearálta leis na haicsin atá beartaithe sa tuarascáil agus go bhfuil iarrtha aige ar a chuid oifigeach a chinntiú go dtosnóidh an obair ar iad a fheidhmiú láithreachin consultation with teachers, parents and management bodies at first and second-level.

Tá €500,000 imfhálaithe aige chun tacú le feidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht in 2013.

I measc an dá aicsean déag atá beartaithe ag an Meitheal Oibre tá:

  • Tacaíocht a thabhairt d’fheachtas sna meáin a bheidh dírithe ar chibearbhulaíocht agus spriocdhírithe go sainiúil ar dhaoine óga mar chuid de Lá an Idirlín Shábháilte 2013;
  • Suíomh gréasáin nua frithbhulaíochta a bhunú;
  • Tosnú láithreach ar nósanna imeachta náisiúnta nua frithbhulaíochta a fhorbairt do na scoileanna uile. Cuimseoidh siad seo teimpléad polasaí frithbhulaíochta agus córas teimpléad chun teagmhais bhulaíochta i scoileanna a thaifead. Táthar ag súil le hiad seo a bheith ar bun faoi thosach na scoilbhliana nua;
  • Plean comhordaithe oiliúna a cheapadh do bhoird bainistíochta agus tuismitheoirí;
  • Tacaíocht a sholáthar ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Sheachtain Stand Up Awareness Against Homophobic Bullying a reáchtáil Seirbhísí Óige BeLong To;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais Múinteoirí mar atá faoi láthair chun a shainaithint cén oiliúint agus cén Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil a bheadh ag teastáil ó mhúinteoirí chun cabhrú leo bulaíocht a chomhrac go héifeachtach.

Chomh maith leis an bPlean Aicsin a fheidhmiú, d’fhógair an tAire Quinn go mbeidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tacú le leasú ar an gClár Bí Slán do bhunscoileanna. Rachaidh an Clár leasaithe i ngleic le cineálacha nua baoil, cibearbhulaíocht san áireamh, agus cuimseoidh sé taighde nua agus dea-chleachtas i réimse na cosanta leanaí mar aon le hathruithe agus forbairtí oideachasúla i dtéarmaí beartas, soláthair agus curaclaim.

Tá líon áirithe moltaí eile sa Phlean Aicsin lena mbreithniú a thuilleadh ag Airí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile. Áirítear ina measc siúd:

  • Moladh chun Grúpa Feidhmithe don Fhrithbhulaíocht a bhunú;
  • Go rachadh an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le foilsitheoirí leabhar a tháirgeann ábhair do scoileanna chun dul i ngleic le fadhb na steiréitíopála;
  • Creatlach Náisiúnta nua don Fhrithbhulaíochta leagfadh amach tiomantas an Rialtais don bhulaíocht a chosc agus a chomhrac do pháistí agus do dhaoine óga ón luathóige go dtí an aosacht, san áireamh;
  • Taighde maidir leis na nósanna imeachta i ndlínsí eile féachaint an bhféadfaí iad seo a úsáid chun feabhas a chur ar chóras na hÉireann;
  • Cuideachtaí na meán sóisialta agus teileachumarsáide agus soláthraithe seirbhíse idirlín a spreagadh chun bheith ag obair i gcónaí le Gníomhaireachtaí Stáit, ENRanna, tuismitheoirí agus daoine óga chun feasacht a ardú faoin gcibearbhulaíocht agus faoin gcaoi is féidir déileáil léi.

Tá an Plean Aicsin um Bulaíocht ag teacht i ndiaidh an Fhóraim Frithbhulaíochta a reáchtáil na hAirí Quinn agus Fitzgerald i gcomhar lena chéile i mBealtaine 2012. Mar chuid den Fhóram sin lorg an tAire Quinn aighneachtaí faoin bhulaíocht ó pháirtithe leasmhara agus bhunaigh sé meitheal chun plean aicsin a chur le chéile faoin bhulaíocht a chosc agus a chomhrac i scoileanna.

Agus an Plean Aicsin á lainseáil, dúirt an tAire Quinn, “Féadann an bhulaíocht dul i gcion go tubaisteach ar pháistí agus daoine óga, agus uaireanta tagann tragóid as. Is é sin an fáth go bhfuil an Plean Aicsin seo chomh tábhachtach sin. Glacaim go ginearálta leis na haicsin atá beartaithe agus is mian liom anois iad a fheiceáil á bhfeidhmiú láithreach, taobh le tionscnaimh ghaolmhara eile sa réimse seo ar a n-áirím an tionscnamh nua, Folláine in Iar-Bhunscoileanna: Treoirlínte do Chothú na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharaithe (2013), a lainseálfaidh mé níos déanaí sa tseachtain.”

Dúirt an tAire Fitzgerald, “Céim shuntasach an chéim atá á tógáil inniu mar chuid de dhearbhthiomantas an Rialtais chun dul i ngleic leis an dtionchar tromchúiseach atá ag an mbulaíocht ar ár bpáistí i gcónaí. Tá an Plean Aicsin seo um Bulaíocht ar an gcéad cheann dá leithéid a bhí againn riamh in Éirinn agus aibhsíonn sé ról ríthábhachtach na scoileanna maidir le déileáil leis an mbulaíocht. Ní sna rangsheomraí amháin a tharlaíonn an bhulaíocht. Mar sin, caithfidh cur chuige níos leithne a bheith againn, agus caithfimid a chinntiú go mbíonn treoirlínte láidre frith-bhulaíochta i bhfeidhm, agus cleachtas láidir, chun daoine óga a chosaint áit ar bith ina mbíonn siad. Ní mór a ainm ceart a chur ar an mbulaíocht; ní mór a dhúshlán a thabhairt agus tabharfar; nuair a thagann sé chun cinn i mbealaí nua, ní mór a dhúshlán sin a thabhairt chomh maith agus tabharfar.”
Tá an Plean ar fáil le híoslódáil ag www.education.ie
Is iad an dá aicsean déag atá beartaithe ag an Meitheal Oibre sa Phlean Aicsin um Bulaíocht ná:

  • Tosnú láithreach ar nósanna imeachta náisiúnta nua frithbhulaíochta a fhorbairt do na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna a chuimseodh teimpléad polasaí frithbhulaíochta agus teimpléad chun teagmhais bhulaíochta i scoileanna a thaifead. Tá an Mheitheal Oibre tar éis a mholadh go bhforbrófaí na nósanna imeachta nua seo i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Oideachais agus go mbeidís ullamh faoi Mheán Fómhair 2013. Ghabhfaidís seo in ionad treoirlínte 1993 atá i bhfeidhm faoi láthair agus teimpléid pholasaí 2006 a d’eisigh anRoinn Oideachais agus Scileanna;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais Múinteoirí chun riachtanais oiliúna a shainaithint agus chun tacú le soláthar freagartha chuí maidir le Forbairt Leanúnach Ghairmiúil;
  • Oiliúint chomhordaithe agus forbairt acmhainní do bhoird bainistíochta agus tuismitheoirí;
  • Go n-oiriúnófaí na samhla atá ann faoi láthair chun OSPS a mheasúnú agus do mheasúnachtaí scoile-uile, trí cheistneoirí a leasú, agus ar bhealaí eile, chun tuilleadh fianaise a bhailiú maidir le héifeachtacht aicsean na scoile chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus an bhulaíocht a chosc agus a chomhrac;
  • Go gcuirfeadh Cigireacht na Scoileanna Measúnú Téamach ar an mBulaíocht i Scoileanna i gcrích;
  • Mar chuid den Fhéinmheasúnú Scoile, gur cheart tacú le scoileanna agus iad ag measúnú a n-éifeachtachta féin chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus an bhulaíocht a chosc agus a chomhrac;
  • Go mbunófaí suíomh gréasáin nua náisiúnta frithbhulaíochta;
  • Go soláthródh an Roinn Oideachais agus Scileanna Seachtain Stand Up Awareness Against Homophobic Bullying a reáchtáil Seirbhísí Óige BeLong To;
  • Tacaíocht a thabhairt d’fheachtas sna meáin a bheadh dírithe ar chibearbhulaíocht agus spriocdhírithe go sainiúil ar dhaoine óga mar chuid de Lá an Idirlín Shábháilte 2013;
  • Taighde ar thacaí éifeachtacha do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheadh arna sheolú ag an Údarás Náisiúnta Míchumais;
  • Taighde ar leitheadúlacht agus tionchar na bulaíochta atá bainteach leis na meáin shóisialta, ar mheabhairshláinte agus iompraíocht fhéinmharaithe i measc daoine óga, a bheadh arna éascú ag an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc;
  • Bearta chun feasacht a ardú, treoirlínte faoi gach cineál agus sórt bulaíochta san áireamh, do lucht déanta beartas agus lucht foirne eile i ngníomhaireachtaí stáit a oibríonn in earnáil na scoileanna.

Luann an Mheitheal Oibre chomh maith roinnt moltaí eile lena mbreithniú a thuilleadh:

  • Go mbunófaí Grúpa Feidhmithe don Fhrithbhulaíocht;
  • Go ndéanfaí athbhreithniú ar phrótacail idir na gníomhaireachtaí stáit a sholáthraíonn seirbhísí do scoileanna d’fhonn eolas a chomhroinnt faoi scoileanna agus faoi na páistí agus na daoine óga sna scoileanna sin;
  • Go gcuirfí tagairt don bhulaíocht san áireamh sna Critéir agus Treoirlínte do Sholáthraithe Clár a leagann amach na heilimintí sainordaitheacha agus na torthaí foghlama atá le cuimsiú sna cláir Túsoideachais Múinteoirí;
  • Gur ceart don ROS, CNCM agus comhlachtaí eile atá gafa le forbairt agus feidhmiú an churaclaim na torthaí agus na moltaí a phlé go háirithe i gcomhthéacs forbartha curaclam nua;
  • Gur ceart machnamh a dhéanamh maidir le héileamh ar scoileanna OSPS a chur ar fáil sa tsraith shinsearach;
  • Go rachadh an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le foilsitheoirí leabhar a tháirgeann ábhair do scoileanna chun dul i ngleic le fadhb na steiréitíopála;
  • Go bhforbrófaí Creatlach Náisiúnta nua don Fhrithbhulaíochta leagfadh amach tiomantas an Rialtais don bhulaíocht a chosc agus a chomhrac do pháistí agus do dhaoine óga ón luathóige go dtí an aosacht, san áireamh;
  • Taighde maidir leis na nósanna imeachta imscrúdaitheacha i ndlínsí eile agus forbairt moltaí faoi athraithe ar chóras na hÉireann más chun a leasa sin a bheadh sé sin;
  • Tuilleadh taighde, monatóireachta agus measúnaithe ar cheisteanna a bhaineann leis an mbulaíocht ar a n-áireofaí monatóireacht agus measúnú ar thionscnaimh i scoileanna agus earnálacha eile d’fhonn tacú le scaipeadh an dea-chleachtais agus d’fhonn fianaise a sholáthar ar mhaithe le tuilleadh forbartha polasaí agus cinnteoireachta;
  • Moltar go soláthródh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige treoir níos mionsonraithe do scoileanna maidir le cad is “bulaíocht thromchúiseach” ann faoi Thús Áite do Leanaí agus cén uair is ceart tarchuir a dhéanamh don FSS;
  • Laistigh de chomhthéacs torthaí agus moltaí an Phlean Aicsin, gur ceart machnamh a dhéanamh maidir le hathbhreithniú ar Phrionsabal 9 sa Chód Cleachtais do Nuachtáin agus Irisí a bhaineann le páistí, agus maidir le tagairt a chur leis a bhainfeadh go sainiúil le láimhseáil scéalta sna meáin faoin mbulaíocht agus faoin bhféinmharú;
  • Molann an grúpa go mbeadh scoileanna i gcónaí ag treisiú lena gcuid comhoibrithe agus idirghníomhaíochta le seirbhísí don óige agus ag cur chun cinn rannpháirtíocht ghníomhach ag daltaí i seirbhísí atá dírithe ar an óige ina gcuid pobal áitiúil;
  • Molann an grúpa go láidir do sheirbhísí, grúpaí agus eagraíochtaí don óige polasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhthéacs a gcuid oibre le daoine óga agus leas a bhaint as an raon cúrsaí oiliúna agus tacaíochtaí atá ar fáil trí Chomhairle Náisiúnta na nÓg, Seirbhísí Óige BeLonGTo agus eagraíochtaí óige eile ina leith seo;
  • Aithníonn an Mheitheal Oibre go bhfuil sé de rún ag an CLG sraith ceardlann a rollú amach do chlubanna, dar teideal an CLG ag Comhrac na Bulaíochta, ó mhí Mhárta 2013 amach. Molann an Mheitheal Oibre go n-oibreodh clubanna CLG, mar aon le heagraíochtaí spóirt eile, i gcomhar le scoileanna chun a chinntiú go mbíonn tuiscint choiteann ar an mbulaíocht i réim i measc ár gcuid pobal, mar aon le curanna chuige coiteanna chun an bhulaíocht a chomhrac.

Is léir go bhfuil ról tábhachtach le glacadh ag cuideachtaí na meán sóisialta agus teileachumarsáide agus ag soláthraithe seirbhíse idirlín maidir le bearta a fhorbairt chun an chibearbhulaíocht a chosc agus le meicníochtaí tuairiscithe a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil an chibearbhulaíocht dulta i gcion orthu. Spreagannan Mheitheal Oibre an tionsclaíocht chun bheith ag obair i gcónaí le gníomhaireachtaí agus seirbhísí Stáit Éireannacha, le ENRanna, le tuismitheoirí agus le daoine óga chun feasacht faoin gcibearbhulaíocht agus faoin gcaoi is féidir déileáil léi a ardú.

Meitheal Oibre Frithbhulaíochta
Fágadh mar thasc ar an Meitheal Oibre Frithbhulaíochta plean a fhorbairt chun na tosaíochtaí a shainaithint gur gá aghaidh a thabhairt orthu chun dul i gcomhrac leis an mbulaíocht i scoileanna. De réir Chláir an Rialtais, fágadh mar thasc ar an ngrúpa go sainiúil “aicsin tosaigh a shainaithint a spreagfadh scoileanna chun polasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt agus, ach go háirithe, straitéisí chun an mbulaíocht hómafóibeach a chomhrac chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn”.
Bhreithnigh an Mheitheal Oibre Frithbhulaíochta 68 aighneacht agus chuaigh siad i gcomhairle le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), acadóirí agus taighdeoirí, comhghleacaithe ó Shasana agus Albain agus daoine aonair a d’fhulaing an bhulaíocht. Bhreithnigh an Mheitheal Oibre litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin faoin dtopaic, taighde ar churanna chuige agus idirghabhálacha a baineadh triail astu le fiche nó tríocha bliain anuas san áireamh. Breithníodh freisin iarmhairt na bulaíochta agus na torthaí fíorthromchúiseacha a bhíonn uirthi i gcás daoine aonair agus teaghlach.
Bhí an Mheitheal Oibre feasach chomh maith ar an ngá le héisteacht leis an méid a bhí le rá ag páistí agus daoine óga faoin mbulaíocht agus faoin gcaoi a dtéann sí i gcion ar a saol. Bhí Tuarascáil an Ombudsman do Pháistí, a tugadh amach i gcaitheamh na hoibre an-chabhraitheach agus b’amhlaidh do na suirbhéanna éagsúla a rinneadh le déanaí agus do na tuarascálacha ina ndeachthas i gcomhairle le daoine óga.
Bíodh is gur bhain téarmaí tagartha na Meithle Oibre go sainiúil leis an mbulaíocht i scoileanna, aithnímid go bhfuil baol na bulaíochta ann áit ar bith a dtagann páistí, daoine óga agus aosaigh le chéile. Bhí muid feasach chomh maith ar an ról fíorthábhachtach atá le glacadh ag tuismitheoirí agus ag an bpobal mór chun atmaisféar a chruthú nach bhfoighníonn leis na mbulaíocht agus nach gcothaíonn í, agus chun cabhrú le daoine óga teacht aniar a fhoghlaim. Tá ról na dtuismitheoirí agus an phobail mhóir aibhsithe ag an Meitheal sa tuarascáil agus tá roinnt moltaí déanta lena mbreithniú a théann níos faide ná timpeallacht na scoile.

Clár Bí Slán
Tugadh an Clár Bí Slán isteach i mbunscoileanna i 1991 agus é mar aidhm aige clár cuimsitheach scoil-bhunaithe cosanta leanaí a sholáthar, a bhí ag díriú ar (a) an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a chur ar fáil do mhúinteoirí agus tuismitheoirí chun cabhrú leo páistí atá faoina gcúram a chosaint, agus (b) eolas praiticiúil agus scileanna a sholáthar do pháistí chun go bhfanfaidh siad sábháilte agus go lorgóidh siad cabhair ó aosach intaofa faoi bhuarthaí ar bith a bhíonn orthu. Bíodh is go bhfuil na haidhmeanna seo cuí i gcónaí, is gá athruithe a dhéanamh ar an gClár Bí Slán de bharr na mbaol athraitheach a mbíonn ar pháistí aghaidh a thabhairt orthu, chun a chinntiú go mbeidh sé cuí, éifeachtúil i gcónaí.

Miontuairiscí ó chruinnithe boird Fhoras na Gaeilge 2012 foilsithe

Eanáir 29, 2013

Ní raibh ach seachtar de Chomhaltaí Boird Fhoras na Gaeilge, as Bord de seisear déag, i láthair don phlé nuair a bhí cinntí tábhachtacha le glacadh faoi mhaoiniú na hearnála deonaí Gaeilge sa bhliain 2012, de réir miontuairiscí ó chruinnithe boird Fhoras na Gaeilge a foilsíodh le déanaí.

Ciallaíonn sin go raibh níos lú na 50% den Bhord i láthair agus soláthar airgid d’eagrais dheonacha Ghaeilge ar nós Gael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge á phlé.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Bunaíodh Foras na Gaeilge, ar 2 Nollaig 1999, leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann, agus iad freagrach as maoiniú eagraíochtaí. Ó shin i leith tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge d’eagraíochtaí na hearnála deonaí Gaeilge, maoiniú a íocann as riar na n-eagraíochtaí agus as na tionscadail a chuireann siad i gcrích, agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal. Faoi láthair is naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú den chineál seo ó Fhoras na Gaeilge.

De réir miontuairiscí an Fhorais is é Coiste na nDeontas a dhéanann tuairisc ar bhunmhaoiniú na nEagras Deonach Gaeilge do chruinnithe an Bhoird.

Ag cruinniú den Bhord ar 20 Aibreán 2012, ag a raibh naonúr Comhalta Boird i láthair, b’éigean de bheirt an cruinniú a fhágáil sular glacadh cinntí i leith maoiniú thionscadail éagsúla ar nós Seachtain na Gaeilge, ciste réamhscolaíochta, Clár na Leabhar Gaeilge agus bunmhaoiniú do Ghael Linn agus do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is chun aon choimhlint leasa a sheachaint arbh ghá do na comhaltaí boird sin an cruinniú a fhágáil.

Ag cruinniú den Bhord ar 29 Meitheamh 2012, d’fhág cúigear comhalta de bharr baol coimhlint leasa lena n-áiríodh Leas-Chathaoirleach an Bhoird nuair a bhí cinneadh á ghlacadh maidir le bunmhaoiniú na n-eagras dheonach uile ar luach €5.68 milliúin ó dheas agus beagnach milliún punt d’eagrais dheonach ó thuaidh do 2012/13.

Athbhreithniú ar an Earnáil Bunmhaoinithe
Léiríonn na miontuairiscí ó chruinnithe na bliana seo caite a foilsíodh le déanaí go bhfuil cinntí atá Foras na Gaeilge ag glacadh maidir leis an Athbhreithniú ar na Earnáil Bhunmhaoinithe faoi cheilt toisc gur faisnéis dhíolmhaithe í faoi Chód Cleachtais maidir le Saoráil Faisnéise.

Ní mórán misnigh a thabharfaidh sé seo do na heagrais dheonacha Ghaeilge atá cheana féin tar éis a gcuid míshástachta a léiriú i litir a sheoladh chuig Aire Stáit na Gaeilge Dinny Mc Ginley TD agus chuig an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh Carál Ní Chuilín MLA maidir le cur chuige Fhoras na Gaeilge agus iad ag ullmhú moltaí críochnaitheacha maoinithe don earnáil dheonach. Luadh sa litir go raibh na heagrais dheonacha míshásta toisc nach raibh eolas ar bith acu maidir leis an moladh/na moltaí atá an Foras ag cur os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Agus í ag déanamh tagairt d’obair an Bhoird Ultais os comhair an Tionóil le déanaí, dúirt an tAire Ní Chuilín go mbeidh sé amaideach don Bhord Ultais gan taithí agus meon na ngeallsealbhóirí cuí a thabhairt san áireamh agus cinntí á nglacadh i leith tionscadail a bhaineann leis an Ultais.

Is léir ó ghearán na n-eagras Gaeilge nach dóigh leo go bhfuil a dtaithí nó a saineolas á dtabhairt san áireamh agus iad i bhfolús eolais maidir le múnla nua maoinithe Fhoras na Gaeilge.

Tá an tAthbhreithniú ar bhunmhaoiniú na hearnáil deonaí Gaeigle le plé in athuair ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Foilsithe ar Gaelport

Sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí forbartha ag Gaelchultúr

Eanáir 29, 2013

Is é an tAire Stáit Donnacha Mac Fhionnlaoich a sheolfaidh ionad úr Ghaelchultúr atá lonnaithe ar 11 Sráid an Cláraigh, Baile Átha Cliath 2 inniu, 29 Eanáir 2013 ag 6i.n.
Tá an spás seo dhá oiread go leith níos mó ná iar-ionad Ghaelchultúr a bhí lonnaithe i bhfoirgneamh Filmbase agus is siombail é don dul chun cinn suntasach atá déanta ag an gcomhlacht le blianta beaga anuas.

Mar aon leis an ionad nua, seolfaidh an tAire Stáit an chéad téarma eile den Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéal 3-6).

Chuir an comhlacht tús leis an gcéad sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i mí Dheireadh Fómhair.

Cuirfear tús le téarma eile den Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil ag tús mhí Feabhra agus beidh dhá leibhéal ar fáil: leibhéal 3 (bonnleibhéal 1/bonnleibhéal 2) agus leibhéal 4 (meánleibhéal 1) de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus scríofa nó ar fhostaithe i gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Chomh maith leis sin, feileann an cúrsa do bhaill foirne ar gá dóibh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.

Is féidir teacht ar gach eolas maidir leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar www.gaelchultur.com nó teagmháil dhíreach a dhéanamh: (01) 484 5220; eolas@gaelchultur.com.

Clár Thóstal na Gaeilge 2013 fógartha

Eanáir 29, 2013

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í” a deir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, ach an bhfuil an stádas sin fós á thabhairt don Ghaeilge ag lucht dréachta beartais sa bhliain 2013?

Ar cheann de na painéil phlé ag Tóstal na Gaeilge 2013, breathnófar go géar ar fhreagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge agus cén chaoi a bhfuil na freagrachtaí sin á gcomhlíonadh.

Faoi Chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, díreofar ar bheartais reatha an Rialtais, agus déanfar anailís ar na bealaí atá freagrachtaí an Stáit i leith na teanga á láimhseáil ag Rialtas reatha na tíre. Ar dhuine amháin den phainéal seo, beidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach nua ar Údarás na Gaeltachta. Ar ndóigh, faoi Acht na Gaeltachta 2012, thit roinnt mhaith freagrachtaí úra ar Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Duine de na hionadaithe poiblí is mó a chur i gcoinne Acht na Gaeltachta 2012 ab ea an Seanadóir Seán Barrett agus labhróidh seisean faoi chúrsaí daonlathais i dtaobh na Gaeilge sa státchóras faoi láthair. Labhróidh Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, faoi bheartais reatha an Rialtais agus na dúshláin atá roimh Ghaeilgeoirí na linne seo chun a gcearta a bhaint amach. Labhróidh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na bearnaí a fheiceann sé i gcur chuige reatha an Rialtais i leith na Gaeilge.

Beidh trí phainéal plé éagsúil ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge 2013, agus sa bhreis ar fhreagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge díreofar freisin ar na dúshláin a bhaineann le clann a thógáil trí Ghaeilge in 2013, mar aon leis na saincheisteanna reatha a bhaineann le cúrsaí pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Osclóidh an t-iriseoir aitheanta Harry McGee, de chuid an Irish Times, an plé ar maidin Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013, ag 10:30am, agus ina dhiaidh sin leanfaidh na trí sheisiún plé thíos, faoin téama ginearálta, Beart de réir Briathair, go dtí 5pm san Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.

Seisiún 1: Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge in 2013

Seisiún 2: An Ghaeltacht in 2013

Seisiún 3: Freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge

Is féidir clár iomlán an Tóstail a íoslódáil ag an nasc thíos:

Clár Thóstal na Gaeilge 2013 – Beart de réir Briathair.pdf

Má tá ceist agat féin do dhuine ar bith de na haoichainteoirí ar na painéil thuas, is féidir an cheist sin a chlárú roimh ré, trí í a chur ar aghaidh chuig maire@comhdhail.ie, agus díreoidh Cathaoirleach an tseisiúin do cheist ar an bpainéal ar an lá.

€15 atá ar thicéad don Tóstal, agus clúdaíonn seo lón éadrom a chuirfear ar fáil san óstán. Is féidir do thicéad a chur in áirithe don Tóstal ach glaoch a chur ar Mháire Ní Phuirséil, 01 6794780, nó rphost a chur chuig maire@comhdhail.ie. Tá an t-óstán Hilton lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá sé buailte ar stad Luas Plás Charlemont, (líne uaine).

Tuilleadh eolais ar fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #tnag13.

Foilsithe ar Gaelport

Moladh: Ba cheart do COGG feidhmiú mar shatailít don CNCM

Eanáir 29, 2013

I bhfianaise nach bhfuil aon sábháiltí airgid luaite le cónascadh COGG agus an CNCM, molann An Chomhdháil gur cheart go mbeadh COGG ag feidhmiú mar shatailít neamhspleách.

Tá todhchaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi chaibidil sna meáin le cúpla mí anuas, ón uair a d’fhógair Ard Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú go mbeadh COGG le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Beidh an CNCM ag aistriú oifige an samhradh seo chugainn, agus tá i gceist ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtarlódh an cónascadh idir an dá eagraíocht um an dtaca sin.

Ag comhdháil oideachais i nGaillimh i mí na Samhna, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl nach mbeidh aon athrú láithreach ag teacht ar fheidhmeanna COGG. Ní faoiseamh a chur an ráiteas sin ar lucht freastail na comhdhála ach faitíos, agus iad den bharúil gur thug ráiteas Uí Fhoghlú le fios gur cinnte go dtiocfadh athrú ar fheidhmeanna COGG am éigin amach anseo.

Is í an phríomhfheidhm atá ag COGG ná tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, mar a bhaineann le háiseanna teagaisc, le seirbhísí taca agus le taighde, ach is léir ón gcinneadh is déanaí ón ROS gur mó béime a bheidh á cur amach anseo ar fheidhmeanna eile COGG maidir le curaclam na Gaeilge i scoileanna Béarla na tíre.

Agus é ag freagairt ceiste os comhair na Dála ar an 18 Nollaig 2012, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn go mbeadh sé “ag súil le COGG a bheith ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích i gcónaí de réir mar a bhaineann leis an nGaeilge, trí Ghaeilge, agus ag déanamh cumarsáid leis an bpobal sa chaoi chéanna is a ndéanann siad faoi láthair”.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, athraíodh port na Roinne nuair a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl go bhféadfadh go mbeidh ar fhoireann COGG a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla agus iad i mbun plé le foireann an CNCM.

Ag labhairt dó ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge “Sular bhunaigh An Chomhdháil, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta COGG, níorbh ann d’aon struchtúr chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lánGhaeilge, agus tá an-bhuairt orainn gur céad chéim í seo i dtreo cúlú ar an struchtúr tacaíochta reatha”.

Dar le De Barra go lagófar obair COGG i leith na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna, má chuirtear iachall ar fhoireann bheag COGG díriú go príomha ar churaclaim na Gaeilge sna scoileanna Béarla.

Tá ráite ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil an comhcheangail atá beartaithe ag dul i gcoinne na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is mar seo thíos a chuirtear síos ar ról COGG sa Straitéis:

• Beidh príomhról ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i
bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais i gcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann.

• Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh.

• Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá le dul i ngleic le saincheisteanna éagsúla a bhaineann go sonrach le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge i ngach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach ag COGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur ar ghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca le hoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Deir Kevin De Barra go mbeidh cruinniú práinne á iarraidh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus go mbeidh siad ag impí air a bheith praiticiúil faoin gceist.

Deir De Barra, “Níl aon sábháiltí airgid luaite leis an gcónascadh seo. Beidh oifig nua an CNCM lonnaithe timpeall an choirnéil ó oifig reatha COGG.

Is cinnte go bhféadfaí seirbhísí áirithe a chomhroinnt, idir seirbhísí dlí, tacaíocht theicniúil agus a leithéid, ach chomhlíonfaí príomhfheidhm COGG, chun feidhmiú ar son na scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge, níos fearr dá mbeadh COGG mar shatailít ag an CNCM, ar fáil chun comhairle a chur ar fáil, ach ag feidhmiú go neamhspleách, agus go hiomlán trí Ghaeilge”.

GAELPORT.COM

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2013

Eanáir 28, 2013

Beidh Craobh na hÉireann den Chomórtas ar siúl sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar 4.30 p.m. Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2013

4.30 p.m. CRAOBH NA SÓISEAR

RÚN:Tá an stát seo rófhlaithiúil lena chúnamh don tríú domhan!

Foireann A: Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú
Foireann B: Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí
Foireann C: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Foireann D: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, BÁC

6 p.m. CRAOBH NA SINSEAR

RÚN: Tá mórchinntí an rialtais seo ar leas an náisiúin!

Foireann A: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
Foireann B: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, BÁC
Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Aoichainteoir: An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin

Tuilleadh Eolais: Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
T: 01/6753299
R.phost: seanc@gael-linn.ie

The European Language Label 2013

Eanáir 28, 2013

The European Language Label is a European Commission initiative aimed at improving the quality of language teaching and learning.

The European Language Label is a European Commission initiative which recognises creative and inventive projects to improve the quality of language teaching and learning. Language projects from any institution are welcome to apply. Projects should be innovative, effective and replicable.

The priorities for 2013 are:

Languages for Enjoyment and Sustainable Learning
Languages for Employability and Competitiveness
Language Learning using New Technologies
The Multilingual Classroom – enhancing language and intercultural learning
These priorities are not exclusive, and all projects, both large and small scale, are welcome to apply.

Closing date for applications: Thursday, 28 February 2013

Promotional posters, application forms, and further information available from www.leargas.ie/ell

Language Learner of the Year 2013

The Language Learner of the Year award recognises outstanding individual language learners. It is part of the European Language Label, which is a European Commission initiative.

We invite nominations for the Language Learner of the Year, which highlights the motivation and determination of exceptional language learners, who have tackled the challenges of learning a language and have emerged with significantly improved language skills.

Closing date for applications: Thursday, 28 February 2013

Promotional posters, application forms, and further information available from www.leargas.ie/ell

If you have any queries please contact languages@leargas.ie or telephone 01 887 1263.

Dráma Gaeilge ar chamchuairt

Eanáir 24, 2013

Uaireanta, an mbíonn tú ag déanamh an iomarca? Ag obair ró-dhian? Ag siúl ró-thapaidh?

Tuigeann an Fear Siúil do chás agus ba mhaith leis teacht chuig do scoil lena scéal a insint duitse agus do Rang a 2, 3 & 4!

Is dráma proifisiúnta ar ard-chaighdeán atá i gceist leis an léiriú seo de An Fear Siúil, atá ar fáil do Ghaelscoileanna i gCúige Mumhain i Mí Feabhra/Márta.

Mar aon le dráma proifisiúnta léirithe i halla na scoile agus ceardlann álainn ina dhiaidh, gheobhaidh an Múinteoir Ranga bronntanas mór – Leabhar Acmhainne le gníomhaíochtaí agus imeachtaí nascaithe go cúramach leis an gcuraclam thar réimse ábhar.

Buíochas le tacaíocht ó Foras na Gaeilge is féidir linn é seo ar fad a chur ar fáil ar phraghas íseal: €130 don chlár (uasmhéid 35 páiste) nó €200 le haghaidh dhá chlár in aon lá amháin (thart ar €3 an duine!)*

Tá tuilleadh eolais ar an suíomh idirlíne: www.graffiti.ie.
Is féidir leat dul i dteagmháil láithreach le Síle ar sile@graffiti.ie nó ar 021 4397111

“A production of magic and wonder…” Irish Theatre Magazine

“Nach seod é drámaí agus ceardlann i nGaeilge a bheith ar fáil… thar moladh beirte i gcónaí.” Príomhoide

www.graffiti.ie

*Caithfear costas thaistil sa bhreis a ghearradh ar scoileanna atá taobh amuigh de Chorcaigh. Socrófar an costas seo le gach scoil.

 

Slí na Mí

Eanáir 24, 2013

Tá Colum Mac Eoin ag obair mar Threoraí Turasóireachta le Slí na Mí, a chuireann turais ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Tugann sé cuairteoirí timpeall ar shuímheanna oidhreachta, staíriúla agus cultúrtha Chontae na Mí. Tá saibhreas mór oidhreachta i gContae na Mí agus tá clú ags cáil ar an Chontae dá bharr. Tugann sé deis daoibh lá scoile a chaitheamh leis ag tabhairt cuairt ar na seoda oidhreachta seo.

Tabharfar na daltaí go Teamhair na Rí, an Mhainistir Bheigtigh, timpeall Bhaile Átha Throim, amach go Ráth Cairn, Cnoc Tlachtgha agus Ceanannas Mór. Is turas gairid é ach tá a lán le feiceáil in aon lá scoile amháin. Is turas taitneamhach agus oideachasúil é agus tugtar deis do dhaltaí aithne a chur ar an oidhreacht atá timpeall orthu.

Má tá suim agat an turas scoile a fhiosrú a thuilleadh in aon slí is féidir leat teangmháil a dhéanamh leis ag colummaceoin@gmail.com, nó 086 858 3791. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.slinami.com.

Seiminéar: “Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine: Éire sa 21ú Aois idir Indibhidiúlacht agus Phobal”

Eanáir 22, 2013

Tionólfar an seimineár thuas luaite ar an Aoine agus an Satharn an 1 agus an 2 Márta 2013 in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, BAC 2.

Gach eolas ar an bPostaer:

« Previous PageNext Page »