Méid an Téacs

(English) Minister O’Sullivan Welcomes Breakthrough in Junior Cycle Reform

Bealtaine 25, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Fógra: Seimineár maidir le hOideachas Gaeltachta ar an 23.05.15

Bealtaine 21, 2015

Tá an t-ionad athraithe don seimineár náisiúnta atá á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. ar an Satharn 23 Bealtaine 2015 do na Gaeltachtaí ar fad ar na moltaí i leith polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Beidh an seimineár ar siúl san Óstán Clayton in áit an Radisson anois. 

Tosóidh an seimineár ag 09.30 le clárú agus sólaistí, agus leanfar leis go dtí thart ar 1.30, tráth a chuirfear lón éadrom ar fáil.
Is éard a bheidh i gceist leis an seimineár ná go ndéanfaí iniúchadh agus plé ar na mórcheisteanna agus na himpleachtaí lena mbaineann do scoileanna Gaeltachta, ag an dá leibhéal chun críche cabhrú le scoileanna a gcuid freagraí a fhorbairt mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.

Campaí Samhraidh Ógras le tosú i Mí Iúil 2015

Bealtaine 20, 2015

Campaí Samhraidh Ógras
Iúil 2015
Campaí timpeall na tíre
Déan Teagmháil l’Ógras 01 4751487/blaithin@ogras.

Postaeir Campaí Samhraidh 2015

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh do Bhaile Átha Cliath

Bealtaine 19, 2015

Tá sé tábhachtach céim siar a thógáil anois agus arís agus aitheantas a thabhairt ar an méid atá bainte amach againn mar phobal.

Is cúis bróid í do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair an fás leanúnach atá tagtha ar líon na n-institiúid lán-Ghaeilge atá ag feidhmiú ar bhonn laethúil.

I mBaile Átha Cliath tá c55 naíonra (seisiúnach – oscailte de ghnáth idir 9-12/1.30), 34 ghaelscoil (2 cheann nua beartaithe), 10 ngaelcholáiste, 25 club óige lán-Ghaeilge, c4000 mac léinn cláraithe le Cumainn Gaelaigh in institiúid tríú leibhéil na cathrach mar aon le Na Gaeil Óga CLG atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge.

Tá fás pobal labhartha na Gaeilge le sonrú i bhfigiúr an daonáireamh deiridh (2011) le 77,048 ag maíomh go labhraíonn siad as Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais anois:

http://census.cso.ie/sapmap2011/Results.aspx?Geog_Type=CTY&Geog_Code=02&CTY=02#T3_310

In ainneoin iarrachtaí an phobal bríomhar seo, tá easnamh ar leith atá ríshoiléir do na hiardhaltaí agus do na múinteoirí sin a roghnaíonn a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.

Níl aon ionad sa phríomhchathair ag soláthar cúram leanaí lán-Ghaeilge don aoisghrúpa 0-3* bliana.

Chomh maith, níl aon ionad ag soláthar tacaíochtaí do réamhthuismitheoirí atá ag machnamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge nó do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid leanaí le Gaeilge ar bhonn laethúil.

Tá dea-shamplaí le sonrú i mbailte/ i gcathracha eile, mar shampla, le blianta beaga anuas bunaíodh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh san Indreabhán le tacaíocht an Stáit.

Lena chois sin, i mBéal Feirste tá an eagraíocht pobal Ionad Uibh Eachach 25 bliain ar an bhfód ag soláthar réimse tacaíochta do thuismitheoirí (Gaelchúram leanaí lánlae & le déanaí suas go 16 rang Gaeilge sa tseachtain i measc seirbhísí eile) agus faoi láthair sa chathair chéanna, tá naíolann (seirbhís cúram leanaí lánlae) lán-Ghaeilge nua á bunú i mBéal Feirste darbh ainm Teach Mhamó.

Chuirfeadh ionad tacaíochta teaghlaigh seirbhísí tacaíochta ar fáil do theaghlaigh a dteastaíonn uathu a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge nó do theaghlaigh nach labhraíonn an Ghaeilge go hiondúil sa bhaile ach a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an tréimhse is luaithe i saol an linbh i bhforbairt scileanna teangeolaíochta agus a dteastaíonn uathu go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais acu ón tús.

Chun freastal ar na riachtanais seo, ba mhaith linn grúpa oibre a bhunú chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt agus ba mhór linn dá gcuirfeadh an t-ionad beartaithe na seirbhísí seo a leanas ar fáil do theaghlaigh:

  • Seirbhís Naíolainne Gaeilge.
  • Seirbhís cúram iarscoile.
  • Teacht le chéile do thuismitheoirí le páistí óga (m.sh. tuismitheoirí sa bhaile & máithreacha ar shaoire mháithreachais)
  • Seirbhís chomhairleach do lánúin nua atá ag smaoineamh ar a leanaí a thógáil le Gaeilge.
  • Seirbhís chomhairleach agus tacaíochta teanga do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mian leo teanga an teaghlaigh a iompú ó Bhéarla go Gaeilge. D’fhéadfaí amach anseo go gcuimseodh an tseirbhís seo cuairteanna baile ó chomhairleoirí teanga.
  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.
  • Teagmháil le heagraíochtaí eile sa cheantar agus sa réigiún a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí.
  • Teagmháil le grúpaí tuismitheoirí in áiteanna eile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó le mionteanga eile.
  • Seirbhísí tacaíochta teaghlaigh eile ar a n-áirítear, mar shampla, seirbhísí ó Tusla, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus cúrsaí do thuismitheoirí.

Oiriúnaithe ó Fnag.ie

Táimid ag iarraidh tacú leis na naíonraí agus na gaelscoileanna reatha atá ag feidhmiú ar ardchaighdeán timpeall na príomhchathrach.

Is togra pobal-bhunaithe comhoibríoch atá i gceist léi seo mar sin fáilteofar roimh do shaineolas, d’fhuinnimh, do chomhairle agus do thacaíocht.

Beidh an chéad chruinniú den togra seo ar siúl in Uimhir 6, Ceannáras Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC 2 ag a 1i.n. ar an 16 Meitheamh 2015.

Más spéis leat cabhrú linn, tá leathanach ócáide cruthaithe againn ar Facebook (murar féidir leat freastal ar an gcruinniú seo ach spéis leat tacú linn nó bheith ar an eolas faoi dhul chun an togra, b’fhearr teagmháil díreach a dhéanamh linn ag ionadttbac@gmail.com):

https://www.facebook.com/events/1623094857914282/

*Roinnt naíonraí ceadaítear do na leanaí toiseach ar an naíonra roimh an tríú breithlá de ghnáth 2 bhliain 10 mí.

Cruinniú Poiblí

Bealtaine 13, 2015

Cruinniú Poiblí

Feachtas chun Bunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i Stigh Lorgan/Baile na nGabhar

Club CLG Chill Mochuda na Crócaigh, Stigh Lorgan

Dé Máirt 26ú Bealtaine ag 8.00 i.n.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfeachtas seo nó chun suim i réamhchlárúchán do do pháiste a léiriú, féach ar http://www.gaelscoileanna.ie/bunscoil-nua-i-ndeisceart-bac

Cruinniú Poiblí

Cruinniú Poiblí

Bealtaine 13, 2015

Cruinniú Poiblí

Feachtas chun Bunscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú i Marino/Droim Conrach/BÁC 1

Óstán Skylon, Droim Conrach

Dé Céadaoin 27ú Bealtaine ag 8.00 i.n.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfeachtas seo nó chun suim i réamhchlárúchán do do pháiste a léiriú, féach ar http://www.gaelscoileanna.ie/scoil-nua-i-dtuaisceart-bac/

Cruinniú Poiblí

Oiliúint Comhordaitheoirí TechSpace

Bealtaine 8, 2015

Tapaigh an deis cúrsa oiliúna i gcroí-ábhar TechSpace & Adobe Youth Voices a chur i gcrích.

Is comhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd. é Techspace as Gaeilge atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.  Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.  Foghlaimíonn daoine óga chun scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh.  Faoi stiúir theagascóirí oilte agus mheantóirí, cuireann na hógánaigh lena gcuid inniúlachta ar ríomhairí, féin-mhuinín, scileanna agus soghluaisteacht shóisialta a chuidíonn leo ar feadh a saoil.

Beidh cúrsa traenála ar siúl dóibh siúd a bhfuil suim acu bheith ina dteagascóirí/meantóirí i mí an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo

Seimineár Oiliúna do Scoileanna: Buiséadú agus Cursaí Dlí

Bealtaine 6, 2015

Tá seimineár fiúntach á eagrú ag An Foras Pátrúnachta dá gcuid scoileanna ar bhuiséadú agus cúrsaí dlí. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.foras.ie/aft-events/060515-seiminear-oiliuna-do-scoileanna-buiseadu-agus-cursai-dli/ 

Sraith Picnicí Gaeilge do Theaghlaigh

Bealtaine 1, 2015

Tá Glór na nGael ag eagrú sraith picnicí Gaeilge do theaghlaigh i mí na Bealtaine. Tá ceann acu ag tarlú i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall – “Picnic, Peil agus Pedalo” ar an Satharn 9 Bealtaine ón 2-5pm.

Tuilleadh eolais anseo

Deireadh seachtaine gníomhaíochtaí ag Gaelscoil an tSlí Dála le linn Árdfheis Chonradh na Gaeilge

Aibreán 29, 2015

Scéal iomlán ag: www.leinsterexpress.ie

« Previous PageNext Page »