Méid an Téacs

An spásaire Chris Hadfield ag Gaelscoil Bhun Cranncha

Eanáir 17, 2014

Tuairisc deas ar www.foras.ie

Chris Hadfield i nGaelscoil Bhunn Cranncha

Eanáir 16, 2014

Thug an spásaire cáiliúil, Chris Hadfield, cuairt ar Ghaelscoil Bhun Cranncha an tseachtain seo. Éist leis an agallamh a craoladh ar Raidió na Gaeltachta.

Hadfield

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Eanáir 15, 2014

Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte? Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i dianchúrsa traenála Raidió Fáilte i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ag tosú ar an 1ú Feabhra 2014 agus mairfidh sé 4 seachtain san iomlán (gach Satharn 10:00rn-1:00in). Cúrsa saor in aisce atá ann agus tá sé oscailte do Ghaeilgeoirí thar 18 bliain d’aois.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar. Le cois bunscileanna craoltóireachta, beidh an deis ag na rannpháirtithe scileanna taighde agus iriseoireachta a fhoghlaim, scileanna agallaimh agus cur i láthair, scriptscríbhneoireacht, eagarthóireacht agus meascadh fuaime, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo ar Bhóthar na bhFál, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge. Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com roimh an 27ú Eanáir 2014.

Tuilleadh sonraí le fáil ar www.raidiofailte.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Seachtain na Gaeilge 2014

Eanáir 15, 2014

Le linn Seachtain na Gaeilge 2013 beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar ár dteanga dúchais, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr fur na tíre agus thar lear ón 1 – 17 Márta 2014.

Cuireann Seachtain na Gaeilge fáilte roimh dhaoine & grúpaí nua agus grúpaí a bhí leo cheana) páirt a ghlacadh san fhéile in 2014 agus imeachtaí nó imeachtaí a eagrú ina gceantar áitiúil le linn na dátaí luaite. Cuireann Seachtain na Gaeilge úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile seo an-deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. Arís i mbliana beidh imeachtaí éagsúla arna eagrú timpeall na tíre agus thar leat chun daoine agus an pobal a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid. Mar ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge 2014 beidh an láithreoir ar na gcláir Rugbaí Beo agus Ponc ar TG4, Máire Treasa Ni Dhubhghaill, an peileadóir aitheanta ar fhoireann sinsir Átha Cliath, Ciarán Kilkenny agus an craoltóir leis an BBC agus an láithreoir teilifíse as Dún Geanainn i gCo Thír Eoghain, Lynette Fay.

Beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar an nGaeilge agus ár n-oidhreacht le neart ceoil traidisiúnta, damhsa, litríochta, chultúr le linn an tréimhse sin in ionaid éagsúla timpeall na tire seo agus thar lear. Beidh ceolchoirmeacha éagsúla agus an Ghaeilge i measc an phobail go mór. Beidh leabharlainne ar fud na tire mar aon le Ard-Mhúsaem na hÉireann ag glacadh páirt sa cheiliúradh le imeachtaí éagsúla cultúrtha agus stairiúla agus an-deis ag daoine comhrá as Gaeilge. I measc na n-imeachtaí bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceolchoirmeacha, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna tonnmharcaíochta, scóráil sciobtha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile ó cheann ceann na tíre agus thar lear.

Dhá mo mhaith leat imeacht a eagrú i do phobal nó i do scoil déan teagmháil le hOifig Sheachtain na Gaeilge, +353 (0)1 4757401 nó eolas@cnag.ie

Tá gach eolas ar fáil faoi imeachtaí na bliana seo ar www.snag.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Gael-Choláiste an Phiarsaigh fós gan láthair

Eanáir 15, 2014

Fógra ar bith tugtha ag an Roinn Oideachais maidir le suíomh na hiarbhunscoile nua

Tá tugtha le fios ag Cathaoirleach Ghael-Choláiste an Phiarsaigh, Lorcán Mac Gabhann, nach eol do Bhord Bhainistíochta na scoile cá gcuirfidh an chéad ghrúpa de dhaltaí tús lena gcuid oideachas iarbhunscoile ar 1 Meán Fómhair 2014.

Ghlac an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh, breis is dhá bhliain ó shin, Gael-Choláiste a bhunú i nDún Droma, Deisceart Átha Cliath, agus cé go bhfuil 200 dalta cláraithe agus 46 acu sin ar liosta Meán Fómhair 2014, níl eolas ar bith tugtha don Bhord nó do thuismitheoirí maidir leis an áit a mbeidh an scoil lonnaithe.

Dúirt Mac Gabhann nach bhfuil aon chumarsáid dhíreach ar siúl idir an Bord Bainistíochta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an ábhar seo agus go dáta, ní raibh aon ionchur ag tuismitheoirí nó Bord an Ghael-Choláiste i roghnú an tsuímh nó i roghnú cheantar na scoile.

Dúirt Sarah Flynn, tuismitheoir amháin “go bhfuil sé deacair ar na páistí nuair nach bhfuil tuismitheoirí in ann a rá leo cá mbeidh siad ag freastal ar scoil i gceann cúpla mí agus go bhfuil an easpa eolais seo ag cur brú ar na páistí óga”.

Dar le Donal Duibhginn, tuismitheoir eile, “Níl aon scoil lánGhaeilge eile ar fáil agus is é Gael-Choláiste an Phiarsaigh an seans deireanach dúinn oideachas Gaeilge a sholáthar dár bpáistí”.

Tá Bord an Ghael-Choláiste ag éileamh cruinnithe ar bhonn práinneach leis an Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an easpa cumarsáide agus maidir leis an easpa ionchur atá ag tuismitheoirí sa phróiseas áirithe seo.

Foilsithe ar Gaelport.com

Tráth na gCeist Bórd Feachtas i gColáiste Raithín, Bré

Eanáir 15, 2014

Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal i gColáiste Raithín, Bré ar 20ú Eanáir 2014 ag 19.00. Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin (ciara.feachtas@gmail.com), Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

Feachtas láidir ar son na Gaeilge

Eanáir 15, 2014

D’fhreastail os cionn 200 duine ar chruinniú poiblí a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine maidir le cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge.

Bhailigh an slua i Halla na Saoirse i gcroílár Bhaile Átha Cliath ar an Satharn le fearg agus frustrachas a léiriú don chaoi a bhfuil údaráis an Stáit ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus le plé a dhéanamh ar an mbealach chun tosaigh.

Eascraíonn na gníomhaíochtaí is déanaí as fógra an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeidh sé ag éirí as a ról ar 23 Feabhra 2013 de bharr teip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit. D’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agóid roimh an Nollaig mar thúsphointe an fheachtais chun tacú le seasamh agus moltaí an Choimisinéara Teanga agus míshástacht phobal na Gaeilge a léiriú don Rialtas.

Tá beartaithe anois feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir a reáchtáil agus pléadh an feachtas seo ag an gcruinniú ag an deireadh seachtaine áit ar tugadh deis do phobal na Gaeilge cur chuige agus éilimh teanga a phlé.

I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, bhí an Captaen Aralt Mac Giolla Chainnigh, a bhunaigh Gaeltacht Cheanada, Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, agus bhí Caoimhín Ó hEaghra, Stiúrthóir ar an bhForas Pátrúnachta agus iar-státseirbhíseach sinsearach, mar chathaoirleach ar an bhfóram poiblí.

I ráiteas oifigiúil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an gcruinniú ar an Satharn, dúradh go ndéanfaidh an Roinn “na héilimh éagsúla a bhí faoi chaibidil ag an chruinniú poiblí Dé Sathairn 11 Eanáir 2014 a bhreithniú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara cuí sa tréimhse amach romhainn. Ní miste a nótáil go mbaineann cuid de na héilimh seo le réimse feidhmeanna Ranna eile seachas an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta”.

Ag eascairt as plé oscailte an chruinnithe, aontaíodh na rudaí seo a leanas bunaithe ar mholtaí an tslua:

  • feachtas láidir leanúnach a eagrú
  • grúpa oibre a chur ar bun le comhordú a dhéanamh ar an bhfeachtas
  • go ndéanfaidh Conradh na Gaeilge rúnaíocht ar an ngrúpa
  • go n-eagrófar léirsiú mór go luath le tacaíocht an phobail a mhealladh don fheachtas

Tá beartaithe anois tabhairt faoi chéimeanna ar leith láithreach i dtaca cur i bhfeidhm na moltaí thuas.

Tá iarrtha ar aon duine nó grúpa a bhfuil spéis acu bheith mar chuid den ghrúpa oibre é a chur in iúl d’Ard-Rúnaí an Chonartha, julian@cnag.ie, roimh 12.00pm Dé hAoine, 17 Eanáir. Cuirtear in iúl go bhfuil ionadaíocht leathan ag teastáil, le hionadaíocht thuaidh, theas agus ón nGaeltacht san áireamh.

Mar ghníomh thosaigh, beidh straitéis don fheachtas le socrú ag baill an bhoird, ag tógáil na moltaí ón gcruinniú poiblí ar bord, agus tabharfar aghaidh láithreach ar phlean a chur in áit maidir le léirsiú mór air a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath ar Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014, ag 2.00pm.

Tá i gceist go mbeidh an feachtas ag feidhmiú go láidir sula n-éiríonn an Coimisinéir Teanga as a ról ar 23 Feabhra 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cearta agus Comhionannas á éileamh do phobal na Gaeilge

Eanáir 15, 2014

“Tá na hinstitiúidí atá ag tacú le cúis na Gaeilge faoi ionsaí leanúnach.” Seo a dúirt Julian de Spáinn le linn an chruinnithe faoi chearta agus comhionannas don Ghaeilge i Hall na Saoirse, Baile Átha Cliath.

Os cionn 250 duine a d’fhreastail ar an ócáid Dé Sathairn a reachtalaíodh sna sála ar fhógairt éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Rinne an pobal sraith moltaí le linn an chruinniithe agus i measc na bpríomhthorthaí ón lá bhí an cinneadh le léirsiú mór ar son cearta teanga a eagrú Dé Sathairn 15 Feabhra.

Tugadh le fios le linn an chruinnithe gur tairiscíodh post an Choimisinéara do dhuine ar na maillibh ach gur dhiúltaigh an té sin glacadh leis.

Seo chugaibh achoimre ar chruinniú an tSathairn chomh maith le tuairimíocht an phobail ar chás na teanga.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Oíche Burns i gCultúrlann Uí Chanáin

Eanáir 14, 2014

 

6:00PM An Chéad Léiriú / Film Premiere : Robert Burns 50′ (2013)

Stiúrthóir / Director: Keith O’Grady

Robert Burns 50′ (2013)

Tá clú tuillte go maith ag Robert Burns mar bhard náisiúnta na hAlban ach tá gné dá shaol nach bhfuil mórán eolais faoi. Chuir Burns síos air féin mar chumadóir agus bhailitheoir amhráin traidisiúnta i dtús báire, agus mar fhile ina dhiaidh sin. Tá sé chinn de na hamhráin is suntasaí de chuid Burns ann, seinnte ag scoth na gceoltóirí Éireann is Alban. Láithríonn an scannán saol suntasach Burns, a áiríonn tionchar a thuistí maidir lena oideachas agus a pholaitíocht. Bhí a chlann an-bhocht, agus ní raibh Burns in ann ealú go hiomlán ós na himpleachtaí seo níos déanaí ina shaol. Bhí saol pearsanta casta aige, agus sraith caidrimh sheachphósta aige. Pléann an scannán a scríbhneoireacht pholaitiúil fosta, a mhórthionchar ar Éireann agus a bhás luath ag aois 37 in 1796. Léiriúchán de chuid Dearcán Media ar son TG4 le maoiniú ón CCG.

Saor in Aisce

Robert Burns has a well deserved reputation as the national bard of Scotland, but there is an aspect of his life that remains relatively unknown. Burns described himself as a composer and collector of traditional song first of all, and a poet thereafter. Six of Burns’ most memorable songs feature, performed by Irish and Scottish artists of the highest quality. The film presents Burns’ remarkable life, including the influence of his parents in terms of education and politics. His family was very poor, and Burns was unable to fully escape the implications of this later in life. He had a complicated personal life, with a history of affairs outside of his marriage. The film also discusses his political writing, his considerable influence on Ireland, and his early death at the age of 37 in 1796. This is a Dearcán Media production for TG4 with ILBF funding

Free Admission

7:30PM Oíche Burns Supper & Céilí Mhór

Oíche chun saothar agus beatha íocán cultúrtha na hAlban, Robert Burns, a cheiliúradh le ceoil, filíocht agus amhránaíocht traidisiúnta, maille leis an ‘Burns supper’ agus Céilí Mhór!

An evening celebrating the life and works of Scotland’s cultural icon Robert Burns. Enjoy a traditional Burns Night Supper featuring the music and poetry most associated with Burns, then get your dancing shoes on for our Céilí Mhór. Don’t forget a wee twist of tartan!

£10, Ticéid ar díol anois

www.culturlann-doire.ie

Roghnaigh an Ghaeilge mar dhea-rún na hAthbhliana

Eanáir 14, 2014

Mura bhfuil dea-rún na hathbhliana roghnaithe go fóill agat tuige nach gcuireann tú béim ar úsáid níos mó a bhaint as do chuid Gaeilge i mbliana.

Idir ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá agus maidineacha caife trí Ghaeilge, tá rogha leathan d’imeachtaí ar fáil ar fud na tíre agus thar lear do dhaoine idir óg agus aosta ar mhian leo níos mó úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge.

Le blianta beaga anuas tá an-deis ag daoine bualadh le chéile agus a gcuid Gaeilge a labhairt ag ionaid éagsúla i Manchain, Glaschú, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus ar fud na hEorpa chomh maith.

Tá an-tóir ar an nGaeilge i Londain áit a mbíonn The London Irish Centre i gCearnóg Camden ag reáchtáil ranganna Gaeilge i rith na bliana agus cuirfear tús lena chúrsa Gaeilge deich seachtaine ar an14 Eanáir 2014, www.londonirishcentre.org.

I gCúige Mumhan beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil réimse iontach de chúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i rith na bliana ina measc tá cúrsaí cruinnis, ghearrchúrsaí sa Ghaeilge labhartha, stair áitiúil agus béaloideas Chorca Dhuibhne, siúlóidí Oidhreachta agus nasctar an Ghaeilge le filíocht agus ealaín. Cuirfear tús leis na cúrsaí i mí Feabhra 2014. Tá gach eolas ar fáil ar www.oidhreacht.ie.

Ag fanacht i gcúige Mumhan cuirfidh Gael Taca atá lonnaithe ar Phort Uí Shúilleabháin i gCathair Chorcaí tús lena chuid ranganna ar 27 Eanáir 2014. Bíonn ciorcal comhrá acu ansin gach maidin Dé Máirt agus tá gach eolas acu i dtaobh ionad eile timpeall na cathrach a mbíonn ciorcal comhrá á reáchtáil acu, déan teagmháil leo ag 021-4310841 nó www.gael-taca.com.

Cuireann Scoil Surfála Freedom atá lonnaithe ar an Trá Mhór i gCo. Phort Láirge neart imeachtaí farraige trí mheáin na Gaeilge ar fáil do dhaoine óga ó cheann ceann na bliana.
Bíonn neart turais acu atá feiliúnach do ghrúpaí bun-scoile agus iar-bhunscoile, www.freedomsurfschool.com.

Arís i mbliana beidh Gaelchultúr ag tairiscint ranganna Gaeilge agus ranganna ar líne atá oiriúnach do gach leibhéal do dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath agus beidh sraith an earraigh de chúrsaí Gaeilge á reáchtáil acu i gCeatharlach i gcomhar le Glór Cheatharlach i dtús mhí Feabhra 2014.

Anuas air seo, cuireann Gaelchultúr dianchúrsa ullmhúcháin ar fáil d’agallaimh chúrsa an Dioplóma Iarchéime san Oideachas, dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na Gaeilge mar aon le Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Tá siad ag ofráil Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil do dhaoine freisin, teastas a chabhróidh le fostaithe san earnáil phoiblí cumarsáid níos fearr a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha, www.gaelchultúr.com.

Cuireann Gael Linn rogha de ranganna ar fáil freisin d’fhoghlaimeoirí fásta, idir bhunranganna i mBaile Átha Cliath, choláistí samhraidh do dhaoine fásta i nGaoth Dobhair agus deireadh seachtainí i nGaeltacht Ráth Chairn.Cuirfear tús le clár 2014 ar 20 Eanáir 2014.

Anuas ar seo cuireann Gael Linn neart cúrsaí éagsúla ar siúl do dhaoine óga idir ranganna ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteistiméireachta a bheidh ar siúl ar 1, 8, 15 agus 22 Márta 2014 agus beidh siad ag reáchtáil cúrsa cumarsáide do dhaltaí na hidirbhliana mar aon le deireadh seachtaine go dtí an Ghaeltacht, www.gael-linn.ie.

Beidh neart ranganna á reáchtáil i gCeannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus cuirfear tús leo idir 28-30 Eanáir 2014 agus tá rogha idir leibhéil éagsúla ar fáil chun freastal ar gach duine. Le cúpla bliain anuas tá togra dar teideal ‘Is Leor Beirt’ á reáchtáil acu agus tugann sé seo deis do dhaoine bualadh le chéile trí Ghaeilge i gcaife nó in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus thar lear.

In iarthar na tíre tá rogha úr ranganna Gaeilge do gach leibhéal ar fáil in Áras na nGael ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh agus iad ag tosú ar an 27 Eanáir 2014. Bíonn neart ranganna eile á reáchtáil ag craobhacha Chonradh na Gaeilge ó cheann ceann na tíre, www.cnag.ie.

Tá Coláiste Uisce lonnaithe ar an Eachléim i gCo. Mhaigh Eo ag plé le cúrsaí agus spóirt trí Ghaeilge do dhaoine óga le blianta anuas. Cuireann siad cúrsaí tonnmharcaíocht ar fáil trí Ghaeilge mar le diansraith scrúdaithe Gaeilge agus go leor eile. Tá liosta iomlán dá gcuid seirbhísí ar fáil ar www.uisce.ie.

I gCúige Uladh, cuireadh tús le cúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire an tseachtain seo caite agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain, www.culturlann-doire.ie. Tá na Ranganna Gaeilge arna eagrú arís in ionad An Carn, Tír Chiana i Machaire Rátha i gCo. Dhoire agus cuirfear tús leo seo ar 13 Eanáir. Tá gach eolas ar fáil uathu ag 028 7954 9978 nó www.ancarn.org.

I gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste cuirfear tús le ranganna Gaeilge chomhrá agus bunranganna ar an 15 Eanáir, www.culturlann.ie. Ag fanacht i mBéal Feirste tá ranganna á reáchtáil ag an Droichead ar Shráid Cooke i mBéal Feirste arís an Eanáir seo, www.androichead.com.

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i gceantar na hÓmaí mar aon le ranganna amhránaíocht ar an sean-nós agus ranganna damhsa ar an sean-nós. Tá neart eolais maidir leis na himeachtaí seo ar fad ar an Ómaigh ar fáil ó Kevin Goodwin ag 0044 (0)28 8225 6220.

Dóibh siúd ar mhian leo aghaidh a thabhairt ar Thír Chonaill, cuireann Oideas Gael oiliúint ar fáil i nGleann Cholm Cille gach bliain trí réimsí leathan de chúrsaí a bhíonn ceangailte leis an timpeallacht agus le cultúr na háite – siúlóidí sléibhe, ceol agus siamsaíocht agus ealaíon, www.oideas-gael.com.

Tá eolas maidir le ranganna agus ciorcal comhrá agus imeachtaí Gaeilge eile ag grúpaí áitiúil, eagrais agus ag leabharlainne i gceantair éagsúla má tá ort a theacht ar rang i do cheantar.

Tá tuilleadh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí ar ábhar eile ach a mhúintear trí mheán na Gaeilge ar fáil ar http://www.gaelport.com/cursai.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »