Méid an Téacs

Bua an Cheoil – JJ Ó Dochartaigh

Nollaig 5, 2013

Is as cathair Dhoire do JJ Ó Dochartaigh, fear atá tar éis clú mór a bhaint amach le tamall anuas mar gheall ar a chuid ceoil. Bhí spéis mhór aige ann ó bhí sé an-óg agus d’fhoghlaim sé amhráin Ghaeilge sular fhoghlaim sé aon cheann i mBéarla. Tá éileamh mór ar na haistriúcháin a dhéanann JJ ar amhráin cháiliúla Bhéarla agus na mílte cnag faighte acu ar Youtube. Chomh maith leis an aistriúchán bíonn JJ ag cumadh a chuid ceoil féin, amhráin nua-aimseartha lán spraoi a chuidíonn go mór le daoine óga a spreagadh i dtreo an cheoil agus na teanga. Tá súil ag JJ albam a chur amach sa todhchaí agus seans go mbeidh sé ag bunú banna ceoil fosta, mar sin is cinnte go mbeidh sé féin le feiceáil agus le cloisteáil timpeall na tíre lena chuid ceoil.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Saintí ag ag tabhairt cuairt ar Sráid Fhearchair

Nollaig 4, 2013

Tá Comhluadar Teo., atá lonnaithe ag uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ag eagrú lá iontach i gcuideachta Daidí na Nollag ó 11.00am-1.00pm ar an Satharn, 7 Nollaig 2013 agus tá an ócáid seo saor in aisce.

Foilsithe ar Gaelport.com

Taighde nua foilsithe ar www.cogg.ie

Nollaig 4, 2013

Tá dhá thuarascáil taighde nua ar fáil ar shuíomh COGG, cliceáil ar na naisc thíos le teacht ar na leaganacha PDF:

Tionchar leasuithe siollabais na hArdteiste, Ardleibhéal ar chumas na ndaltaí

Tionchar na gcoláistí Gaeilge ar dhearcadh agus ar chumas na ndaltaí

www.cogg.ie

Meanma na Nollag beo láidir ag Fleadh Feirste

Nollaig 4, 2013

Bhailigh scaifte breá ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar na mallaibh le haghaidh lasadh shoilse na Nollag. Ina measc bhí Ardmhéara Bhéal Feirste, Máirtin Ó Muilleoir, na Minions agus Daidí na Nollag fosta.

Bhí an ceiliúradh seo mar pháirt de Fleadh Feirste, Féile na Ceathrún Gaeltachta. Féile bhliantúil í seo atá eagraithe ag Forbairt Feirste, an Chultúrlann agus an Cheathrú Ghaeltachta Teo.

Cuireadh tús leis an fhéile in 2009 agus ó shin tá sé ag dul ó neart go neart. I mbliana bhí John Spillane, Gráinne Holand, Kathleen MacInnes, Griogair Labhruidh agus Clann Mhic Ruairí ar na ceoltóirí a bhí ag seinm.

Bhí go leor ar siúl lá agus oíche le linn na gcúig lá agus reimse leathan imeachta agus ócáidí d’achan aois.

Bhí an t-ádh ar Meon Eile bualadh agus labhairt le Daidí na Nollag agus bhí neart comhairle aige do na girseachaí agus na gasúraí uilig a bheas ag fannacht air oíche Nollag seo ag teacht!

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

An tAire Quinn ag lorg tuairimí ar an gcaoi is fearr le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga

Nollaig 3, 2013

Céim chomhairliúcháin poiblí seolta maidir le Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna
Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí, múinteoirí, daltaí, lucht tionscail agus lucht acadúil a gcuid tuairimí a thabhairt ar an gcaoi is fearr le ríomhairí agus teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga.
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. an chéim chomhairliúcháin poiblí den obair ar Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna inniu.
Tacóidh an chéim chomhairliúcháin poiblí le forbairt na straitéise nua maidir le húsáid TFC i dteagasc agus i bhfoghlaim i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Leanann sé sin as suirbhé cuimsitheach ar-líne ar phríomhoidí agus múinteoirí a rinneadh níos luaithe sa bhliain. Beidh na torthaí ón suirbhé, ón bpróiseas comhairliúcháin poiblí agus ó ghrúpaí fócais a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn ar fad le chéile mar fhaisnéis ag an straitéis nua.
Dúirt an tAire Quinn, “Tá poitéinseal ollmhór ag baint le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga – ach ní mór dúinn ceisteanna tábhachtacha beartais a chur orainn féin, mar shampla cad é an tairbhe iarbhír a bheadh mar thoradh ar theicneolaíocht a úsáid i scoileanna agus conas a ndéanfaimid dul chun cinn a thomhas? Conas is féidir linn TFC a neadú tuilleadh gan stró ar fud gach curaclam?”
“Sa chéim chomhairliúcháin seo, tá spéis ar leith againn cloisteáil ó scoileanna, tuismitheoirí, lucht tionscail agus lucht acadúil ar conas teicneolaíocht a úsáid i ndáiríre chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú inár seomraí ranga – ach ag coimeád chun cuimhne an timpeallacht airgeadais dhúshlánach atá amach roimh go leor teaghlach agus scoileanna.”
“Tá roinnt samplaí iontacha againn cheana féin de scoileanna atá ag úsáid na teicneolaíochta le bheith nuálach sa seomra ranga. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná a chinntiú go bhfuil na deiseanna céanna ag gach leanbh i ngach scoil idirghníomhú le teicneolaíocht ar fud gach gné den churaclam,” a dúirt sé.
Gné lárnach chun tacú le húsáid na teicneolaíochta is ea leathanbhanda sa scoileanna. Áirítear air sin leathanbhanda 100 Mbps a thabhairt isteach i ngach iar-bhunscoil agus infheistíocht i leathanbhanda do bhunscoileanna chun feabhsuithe leanúnacha i naisc a bhíonn ar fáil do scoileanna a chinntiú.
Tabharfar an Straitéis Dhigiteach nua do Scoileanna chun críche le linn 2014, agus leagfar amach conas is féidir tús áite a thabhairt d’acmhainní, beartais agus tionscadail, agus conas iad a eagrú ar fud an chórais scoile do na cúig bliana amach romhainn.
Ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí, labhair príomhoidí ar an taithí atá acu TFC a úsáid ina gcuid scoileanna. Rinne an Dr. Deirdre Butler as Coláiste Phádraig, Droim Conrach, cur síos ar phoitéinseal na TFC chun tacú le teagasc agus foghlaim i scoileanna, ag cur athruithe ar an gcuraclam le déanaí agus an taithí idirnáisiúnta san áireamh. Éisteadh le tuairimí na ndaltaí chomh maith.

An 31 Eanáir 2014 an dáta deiridh le haighneachtaí a fháil. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí Straitéis Dhigiteach Do Scoileanna

Scrúdú TEG C1 (Ardleibhéal)

Nollaig 3, 2013

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair le haghaidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge a bheidh ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 24 agus 25 agus Eanáir 2014. Is é leibhéal C1 amháin a bheidh á thástáil.

Déanann an córas scrúdaithe seo atá ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1), tástáil ar chumas scríbhneoireachta, cluastuisceana agus léamhthuisceana fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá an scrúdú C1 feiliúnach do dhaoine atá ag feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge agus ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcuid ardscileanna cumarsáide. Deimhníonn an teastas gur féidir le duine feidhmiú trí mheán na Gaeilge go líofa, spontáineach agus neamhspleách.

I measc na ndaoine gairmiúla a bhaineann teastas amach, bíonn oifigigh Ghaeilge ón earnáil phoiblí, múinteoirí bunscoile agus meánscoile, teagascóirí Gaeilge ar an tríú leibhéal, iriseoirí Gaeilge agus daoine ó ghairmeacha beatha eile.

Cuireadh gné sa bhreis i bhfeidhm sa scrúdú C1 i 2013 agus is é sin gur féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirt chreidiúint TEG a bhaint amach a bhaineann le scileanna cainte amháin.

Bain triail as na páipéir shamplacha anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm

Eolas maidir le hiarratais anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm

Le tuilleadh eolais a fháil,cuir glaoch ar 01 7086417 nó seol ríomhphost chuig teanga@nuim.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhsheimineár Aistear: Cumarsáid – An Teanga Labhartha, an Litearthacht, an Uimhearthacht Laethúil & Rannpháirtíocht na dTuismitheoirí

Nollaig 3, 2013

Póstaer ComhSheimineár Aistear

Foirm Iarratais Scoilbhliain 2013-14

Clár Ama Seimineár Lae Aistear

Deireadh seachtaine d’fhoghlaimeoirí Gaeilge

Nollaig 3, 2013

Is tionscnamh é Gaelturas a eagraíonn cúrsaí foghlamtha do dhaoine fásta atá lán spraoi agus craic is atá dírithe uilig ar labhairt na Gaeilge chomh maith le blaiseadh láidir a thabhairt do dhaoine ar thraidisiún saibhir na Gaeltachta ó thaobh ceoil, amhránaíochta agus damhsa de!

Tá Gaelturas i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag eagrú deireadh seachtaine d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i dTigh Hiúdaí Beag, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 6ú-8ú Nollaig 2013.

Táille €60 nó €130 le costas lóistín i dTeach Campbell san áireamh

Gach eolas ó: Cormac Ó Cuinn: 00353 (0) 74 9560 474
Doiminic Mac Giolla Bhríde : 00353 (87) 985 1258

Nó téigh chuig: www.gaelturas.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Léiríonn mórmheasúnú idirnáisiúnta go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar dhaltaí 15 bliana d’aois san Eolaíocht

Nollaig 3, 2013

Daltaí na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr san OECD do litearthacht na léitheoireachta
Léiríonn na torthaí ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) / An Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) go bhfuil, i 2012, daltaí 15 bliana d’aois na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr i dtíortha an OECD sa léitheoireacht agus go bhfuil siad ag feidhmiú go han-mhór os cionn mheáin an OECD sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Léiríonn na torthaí seo feabhsúcháin suntasacha i ngach réimse nuair a cuirtear iad i gcomparáid iad leis na torthaí is déanaí ó PISA i 2009.
Baineann an dul chun cinn is mó leis na eolaíocht mar a bhfuil Éire anois sa 9ú háit as 34 tír OECD; ardú cúig áit atá anseo ó 2009. Tá Éire sa 4ú háit as 34 tír OECD don léitheoireacht agus sa 13ú háit as 34 tír OECD don mhatamaitic.
Sa léitheoireacht, d’éirigh níos fearr le daltaí na hÉireann ná mar a d’éirigh le daltaí sa Nua Shéalainn, san Astráil, i dTuaisceart na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe agus tá sí anois sa 4ú háit as 34 tír OECD. Tá Éire ag feidhmiú anois ar an leibhéal céanna leis an bhFionlainn sa léitheoireacht agus chun tosaigh ar gach tír Eorpach eile.
Tá gnóthachtáil dhaltaí na hÉireann sa mhatamaitic os cionn mheáin an OECD anois agus rangaithe sa 13ú háit as 34 tír. Ach, ba chóir aird a thabhairt gur tháinig laghdú beag ar na meánscóir thar thíortha an OECD idir 2009 agus 2012, agus chuidigh sé seo le háit os cionn an mheáin na hÉireann i 2012.
Tharla titim gan choinne ar an ngnóthachtáil ag daltaí na hÉireann sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic i 2009 agus tá an áit a bhí caillte faighte ar ais anois. Mar sin féin, is beag athrú atá tagtha ar scóir na léitheoireachta agus na matamaitice ó ghlac Éire páirt i PISA don chéad uiar i 2000. Os a choinne sin, tá feabhas tagtha ar ghnóthachtáil dhaltaí na hÉireann san eolaíocht i gcomparáid leis na timthriallacha roimhe seo.
Agus é ag tagairt do thorthaí PISA 2012 atá foilsithe inniu ag an OECD, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D.:
‘‘Fáiltím roimh fhoilsiú na dtorthaí tábhachtacha seo ó thrialacha OECD PISA. Cé nach bhfuil againn anseo ach sraith torthaí ar leith ag poinnte ama ar leith, is cúis áthais dom a thabhairt faoi deara go bhfuil ag éirí go maith le daltaí na hÉireann sa léitheoireacht agus san eolaíocht agus go bhfuil ag éirí sách maith leo sa mhatamaitic. Is mian liom buíochas a ghabháil ach go háirithe le múinteoirí a dhéanann an oiread sin chun foghlaim a ndaltaí a chur chun cinn, agus leis na daltaí iad féin a bhí páirteach sna trialacha.
“Cúis áthais ar leith dom an fheabhas atá le feiceáil ar scóir na heolaíochta ag ár ndaltaí.
“Ní cóir dúinn glacadh go réidh le cúrsaí, áfach. Cé go bhfuil ag éirí go maith linn, nílimid ina measc siúd is fearr a bhfuil ag éirí leo go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcás na matamaitice, mar a bhfuil gnóthachtáil ár ndaltaí díreach os chionn mheán an OECD. Tá dul chun cinn maith déanta againn chun gnóthachtáil na ndaltaí a raibh na torthaí is ísle acu sa mhatamaitic agus sa léitheoireacht a fheabhsú ach tá tearcfheidhmíocht ag baint le gnóthachtáil na ndaltaí is fearr i gomparáid le daltaí i dtíortha eile.
“Léiríonn PISA 2012 freisin go gcaithfear leanúint le cothú na léitheoireachta i measc na mbuachaillí agus le cothú na matamaitice i measc na gcailíní. Go deimhin caithfimid leanúint le feabhsú na gnóthachtála ag ár ndaltaí uile, más mian linn córas oideachais den scoth a bhaint amach. Caithfear gach dalta a dhúshlánú agus a spreagadh chun a lánacmhainn a bhaint amach le caighdeán breisithe sa bhfoghlaim agus sa teagasc.
‘‘Léiríonn PISA 2012 go dtógann sé am do thionscnaimh dul i bhfeidhm ar an ngnóthachtáil. Ní go dtí anois atá na tionchair dhearfacha le feiceáil ó na leasuithe ar an gcuraclam eolaíochta a tharla ag an mbunleibhéal i 1999 agus sa tSraith Shóisearach i 2003 a dhíríonn ar iniúchadh praiticiúl na ndaltaí. Sa chéad tréimhse eile de PISA i 2015, ba chóir go mbeadh léiriú le fáil againn ar thionchar na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta, agus ar Project Maths, a bhíonn mar thaithí anois ag gach dalta a bhíonn ag tosú sa tSraith Shóisearach.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Quinn, ‘‘Is deimhniú iad torthaí PISA 2012 ar an dea-chleachtas a bhíonn ag tarlú ó lá go lá in ár scoileanna maidir le hathchóirithe a chur i bhfeidhm agus le bheith páirteach i dteagasc agus i bhfoghlaim ar ardchaighdeán. Tréaslaím lenár scoileanna ar na gnóthachtálacha seo. Tuigim gur féidir linn a bheith i measc na dtíortha is mó ardfheidmíochta ar domhain agus is mian liom iad siúd uile sa chóras oideachais a ghríosadh chun leanúint leis an dea-obair lena leithéid a bhaint amach.”

www.education.ie

 

Cóisír Clanna Gaeilge an Eachréidh

Nollaig 3, 2013

Beidh cóisir speisialta ar siúl ag Clanna Gaeilge an Eachréidh le Deaidí na Nollaig an Satharn, 14 Nollaig, ag a 2 i.n. Leanaí atá á dtógáil le Gaeilge ag tuismitheoir amháin ar a laghad atá i gceist.

Fáilte roimh bhaill úra!

Gach eolas: 087 1953884 / oifig@lochariach.com

« Previous PageNext Page »