Méid an Téacs

Comórtas grianghrafadóireachta ‘Is álainn í an Ghaeltacht’ – Údarás na Gaeltachta

Iúil 2, 2013

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtas grianghrafadóireachta ‘Is álainn í an Ghaeltacht’ mar chuid dá ról leis an nGaeltacht a chur chun cinn mar áit álainn le cónaí, le hoibriú, le dul ar saoire agus le gnó a dhéanamh ann.

Tá muid ag lorg grianghraif a léiríonn saol na Gaeltachta. Is féidir leis an ghrianghraf léargas a thabhairt ar radhairc, phobal, chultúr, thraidisiún, oidhreacht, spraoi, féilte/imeachtaí, úsáid teanga, nó aon rud eile a thugann léargas ar cheantar agus ar shaol na Gaeltachta.

Dáta dúnta d’iontráil don chomórtas nó 19 Lúnasa 2013 agus fógrófar gearrliosta timpeall an 26 Lúnasa 2013. Ina dhiaidh sin, iarrfar ar an phobal vóta a chaitheamh trí ‘like’ a dhéanamh ar an ngrianghraf is fearr leo ón ghearrliosta ar Facebook.

Roghnófar an buaiteoir trí vóta an phobail chomh maith le marcanna ó phainéal de mholtóirí. Bronnfar trí dhuais ar na grianghraif is fearr, €500 don chéad áit, €250 don dara háit agus €100 don tríú háit. Fógrófar an buaiteoir ar Facebook ar idir 9 – 13 Meán Fómhair 2013.

Tá an comórtas seo oscailte don phobal. Má tá suim agat i ngrianghraif nó má tá aithne agat ar aon duine ar suim leis/léi iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo, téigh chuig http://www.udaras.ie/faoin-udaras/nuacht-na-meain/meain-shoisialta/comortas-grianghrafadoireachtale tuilleadh eolais a fháil nó déan cara linn ar Facebook.

Doirn buailte ar son an ghaeloideachais!

Iúil 1, 2013

Eagraíodh oíche spraoi-dhornalaíochta le hairgead a bhailiú ar son Naíscoil agus Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire.

Beagnach trí bliana atá imithe thart ó cuireadh tús le soláthar Gaeloideachais sa cheantar.

16 dornalaí a sheas sa chró dornalaíochta; múinteoirí, tuismítheoirí agus an pobal áitiúil san áireamh. Beagnach £7,000 a bailíodh ar an oíche.

Seo chugaibh buaicphointí na trodaíochta agus scéal na scoile á insint ag rannpháiríthe na hoíche: féach an físeán ar www.meoneile.ie

Gaelscoil na bhFál – 25 Bliain ag Fás

Iúil 1, 2013

Tá Gaelscoil na bhFál lonnaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. I mbliana tá na páistí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí ag ceiluradh cúig bliana is fiche ó bunaíodh an scoil.

Bíonn lá oscailte ag Gaelscoil na bhFál gach bliain ach i mbliana bhí lá faoi leith i gceist mar gheall go raibh an scoil ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.

Bhí deis ag na tuismitheoirí teacht isteach agus breathnú ar an obair ar fad a bhí déanta ag na páistí i rith na bliana. Bhí taispeántas ‘zú beag’, insint scéaltaí, péinteáil aghaidhe agus neart eile ann mar chuid den cheiliúradh.

Tá fás agus forbairt tar éis teacht ar Ghaelscoil na bhFál ó bunaíodh í agus le déanaí thosaigh daltaí na scoile ag úsáid iPads chun cur lena gcuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta.

Fuair na múinteoirí uile iPads anuraidh agus chaith siad bliain ag foghlaim conas iad a úsáid sular bhfuair na daltaí na gléasanna.

Cuireann an teicneolaíocht nua seo go mór leis an scoil agus taitníonn na iPads go mór leis na daltaí.

Bhí Meon Eile i láthair ar 19 Meitheamh nuair a bhí lá oscailte iontach speisialta ar siúl i nGaelscoil na bhFál; féach an físeán ar www.meoneile.ie

Ré na Gaeltachta digitigh buailte linn

Iúil 1, 2013

Sheol Diaga Teo aip nua dírithe ar mhuintir na Gaeilge i mBaile átha Cliath an tseachtain seo.

Cruthaíonn aip Anseo nasc digiteach idir lucht labhartha na Gaeilge timpeall na tíre idir fhoghlaimeoirí, ghnólachtaí, ghrúpaí pobail nó cultúrtha, scoileanna agus eagraíochtaí Gaeilge eile.
Gréasáin idir lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus é ar fáil ar Siopa Aipeanna Apple agus an margadh Android anois. Seoladh an aip in oifigí Foras na Gaeilge, Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath.
Príomhaidhm na haipe, atá le fáil anois ar Shiopa Aipeanna Apple agus an margadh Android, ná gréasáin a chruthú i measc Ghaeilgeoirí uile na tíre trí chóras suite domhanda. Úsáidtear an t-aip le cainteoirí eile sa cheantar a aimsiú chomh maith le comhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge, agus is féidir teacht ar ócáidí Gaeilge sa cheantar freisin.

Féach an físeán ar www.gaelport.com

Is iad Colum Óg Mac Lochlainn, Ciarán Mac Lochlainn, Anicka Krajickova agus Michael Flanagan as Bun Cranncha i nDún na nGall a d’fhorbair aip Anseo, maoinithe ag Foras na Gaeilge tríd an tionscnamh Nuálaíocht i Réimse an Ghnó.
“Tá an réabhlóid ag teacht” is ea sluán an aip nua, agus is cinnte gur forbairt shuntasach é aip Anseo i dtaobh Ghaeltacht dhigiteach agus nasc nua-aimseartha a chruthú idir lucht labhartha na Gaeilge.
Is é seo an chéad chéim eile i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sna meáin shóisialta, le leithéidí www.abairleat.com ag dul ó neart go neart agus an #Gtuít ar Twitter feicthe cheana féin.
Tá tuilleadh eolais ar an aip ar fáil ar www.anseoapp.com.

‘Cuisle an Cheoil’ – Scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach

Iúil 1, 2013

Reáchtálfaidh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, an chéad scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach do dhaltaí meánscoile.

Is é ‘Cuisle an Cheoil’ teideal na scoile agus beidh sí ar siúl ó 1 – 5 Iúil 2013 i gColáiste Feirste, Páirc Ard na bhFeá, Béal Feirste.

Beidh ard-ranganna ceoil ar siúl sa scoil trí mheán na Gaeilge, le ceoltóirí aitheanta mar aon le ceardlanna éagsúla ag díriú ar na gnéithe éagsúla de thionscal an cheoil. Beidh na ceardlanna seo ag díriú ar na gnéithe seo a leanas: margaíocht sna meáin shóisialta, innealtóireacht fhuaime, gnó sa cheol, na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an tslí bheatha chomh maith le léiriúchán ceoil.

Tá an scoil seo dírithe ar pháistí meánscoile idir 11 agus 18 bliana d’aois a bhfuil Gaeilge acu. Cosnaíonn sé £10 do pháiste amháin, £15 do bheirt in aon chlann amháin nó £20 do thriúr as an gclann céanna.

Dar le Micheál Mac Giolla Gunna, Príomhoide Choláiste Feirste: ‘Tá sé d’aidhm ag Coláiste Feirste ár ndaoine óga a spreagadh le bheith ina mbaill bhríomhara de phobal na Gaeilge. Tá lúcháir orainn go mbeidh an deis iontach seo acu a gcuid scileanna agus tuisceana faoin cheol a chothú ar féidir leo a thabhairt don phobal mar lucht éisteachta agus mar chleachtóirí ceoil.’

Beidh na spásanna teoranta don scoil agus moltar do na daltaí clárú go luath. Is féidir clárú trí theagmháil a dhéanamh le Cormac in POBAL: ofe@pobal.org nó glaoch a chur ar: (0044) – (0)28-90438132.

Tionól Teagaisc 2013

Iúil 1, 2013

Ábhar ríméid don tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí a fhógairt go reáchtálfar an tríú Tionól Teagaisc (Comhdháil Náisiúnta do mhúinteoirí Gaeilge ag an Dara Leibhéal) i mbliana i gCorcaigh ar an Aoine, 8ú agus an Satharn, 9ú Samhain 2013.

Beidh an Tionól Teagaisc ag tosú ar 5i.n ar an Aoine agus ag críochnú in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh ar 5i.n ar an Satharn, 9 Samhain agus is é seo an tríú tionól dá shaghas. D’fhreastail suas le 400 múinteoirí Gaeilge ar an ócáid i nGaillimh anuraidh agus bíonn an tóir ar an ocsaíd seo ó mhúinteoirí dara Leibhéal ó fud fad na tíre. Arís eile, cuirfear réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil a sholáthróidh smaointe nua agus ábhar suimiúil gur féidir a úsáid láithreach sa seomra ranga Gaeilge. Múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu i ngné éigin de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a bheidh ag cur na gceardlann seo i láthair, ag roinnt a gcuid taithí agus eolais. Beidh saineolaithe éagsúla ag labhairt, beidh líon mhór seastán ann agus beidh deis iontach ann bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.

Tuilleadh eolais: An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, Ionad Oideachais Átha Luain, Bóthar Mhaigh Droma, Átha Luain, Co. na hIarmhí

Fón: 0906-420401 Rphost: oifig@muinteoirgaeilge.ie

Nó téigh chuig: www.muinteoirgaeilge.ie

Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Iúil 1, 2013

Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath ar 20-21 Meán Fómhair 2013.

‘ Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn. Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine.  Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’? Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.

Beárbaiciú dátheangach

Iúil 1, 2013

Beidh beárbaiciú dátheangach arna eagrú ag Gael-Taca ag 7i.n sa Bowery i gcathair Chorcaí  ar an Aoine 19 Iúil 2013.   Níos déanaí sa tráthnóna bronnfar Gradam Phádraig Uí Chuanacháin. Bronnfar an gradam seo ar an gComhlacht nó ar an nGnó is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn.   Bhí Pádraig Ó Chuanacháin i measc bunaitheoirí Ghael-Taca i 1987 agus bhí dlúthbhaint aige ag an am gcéanna le bunú gaelscoileanna i gcathair is i gcontae Chorcaí.   Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin. Tháinig borradh is fás faoin nGaeilge ag an am, agus tá Gael-Taca ag leanúint sampla Phádraig ó shin. Costas: €15 chun dul isteach.

Ticéid ar fáil ó ionad Gael Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Cathair Chorcaí

Teil: 021 4310841

E: eolas@gael-taca.com

Suíomh Idirlín Gael-Taca Corcaigh : www.gael-taca.com

Teastas & Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh

Iúil 1, 2013

Cuirfear tús le Teastas & Dioplóma sa Ghaeilge páirtaimseartha , Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh ar 11 Meán Fómhair 2013. Tionólfar na léachtaí agus na ceardlanna teanga gach Céadaoin idir 6.30-9.30 ar an gcampas.
Eagrófar ceardlanna Gaeltachta agus aoíchainteanna mar chuid den chlár teagaisc agus foghlama chomh maith.

Dírítear sa chúrsa ar réimse leathan d’ábhar a bhaineann leis an nGaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Déantar scileanna agus cumais teanga agus feasacht teanga agus cultúrtha na mac léinn a fhorbairt de réir a chéile sa chúrsa. Déantar freastal sa chlár ar riachtanais foghlama agus tacaíochta na bhfoghlaimeoirí fásta.

Oirfidh an cúrsa don té:

• a bhfuil fonn air/uirthi cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge a bhaint amach
• atá ag díriú ar phost a fháil in earnáil na Gaeilge
• atá ag iarraidh cur lena c(h)uid scileanna Gaeilge ina p(h)ost reatha

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn lánfhásta ach go háirithe. Tionólfar agallaimh trí Ghaeilge d’iarratasóirí ag deireadh mhí Lúnasa.

Eolas: www.ul.ie/aonadnagaeilge/dioploma nó Aonad na Gaeilge UL 061 234 754

Post do Phríomhoide Fógraithe

Meitheamh 28, 2013

Cuireann Bord Bainistíochta Ghaelscoil Naomh Pádraig fáilte roimh iarratais do phost mar phríomhoide ag tosnú ar an 28 Lúnasa 2013. Duine fuinniúil, le fís phearsanta do fhorbairt iomlán na scoile, le taithí bainistíochta agus sárscileanna riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a cheiliúrann uathúlacht an pháiste agus a chuirfeadh leis an ardchaighdeán oideachais atá bainte amach go dtí seo atá uainn, a dhéanfadh forbairt iomlán ar an bpáiste sna gnéithe ceoil, teicneolaíochta, timpeallachta agus spóirt.

Bunaíodh Gaelscoil Naomh Pádraig (Uimhir Rolla:19940G) i 1989 agus tá sí lonnaithe i bhfoirgneamh buan nua-aimseartha ar Bhóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Contae Bhaile Átha Cliath ó 2000. I Mí Mheán Fómhair beidh 22 múinteoir buan ar an bhfoireann, an príomhoide san áireamh, agus 480 dalta (figiúr réamh-mheasta) ar na rollaí. Is scoil chaitliceach í faoi phátrúnacht an Ardeaspaig, i nArddeoise Bhaile Átha Cliath.

Seol an fhoirm iarratais chaighdeánach do phríomhoidí, maraon le fianaise ar cháilíochtaí, teastas oideachais reiligiún, deimhniú ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus comhlíonadh ghrinnfhiosrúchán reatha na nGardaí chuig an gCathaoirleach, Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Contae Bhaile Átha Cliath roimh an 15 Iúil 2013 ag 17.00.

Féach ar www.educationposts.ie

« Previous PageNext Page »