Méid an Téacs

Folúntais le Gaelcholáiste Céitinn

Meitheamh 27, 2017

aerobics class in a gym

 

Tá múinteoirí Fraincis agus Gaeilge, Mata agus Gaeilge, Eacnamaiocht Bhaile agus Gaeilge, Tíreolaíocht agus Gaeilge agus Mata, Fraincis, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht Bhaile trí Ghaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 7ú lá Iúil 2017 . Is féidir leat cur isteach ar na folúntais tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.

Múinteoirí ag teastáil uaidh Coláiste Ghobnatan

Meitheamh 23, 2017

Coláiste Ghobnatan

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntais ar fáil i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne, Co. Chorcaí. Conradh bliana atá i gceist leis na folúntais. Tá iarratais á ghlacadh uaidh Múinteoirí Bitheolaiocht Agus Eolaiocht Talamhaiochta, Múinteoirí Staire, Múinteoirí Corp Oideachas, Múinteoirí Ealaíne agus Múinteoirí Matamaitice. Is gá iarratais a sheoladh roimh an 6ú lá de Iúil.

Tá folúntas ar son Príomhoide i gColáiste Ghobnatan chomh maith. Conradh buan atá i gceist agus is gá iarratais a sheoladh roimh an 30ú lá de mhí an Mheitheamh.

Is féidir cur isteach ar na folúntais seo tríd an suíomh;

https://portal.etb.ie/pls/cketbliverecruit/erq_search_version_4.start_search_with_params

Folúntais cianda le Langroo

Meitheamh 23, 2017

langroo

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoirí agus saorálaithe de dhíth ar chomhlacht nua, Langroo, atá sé mar aidhm acu Gaeilge a mhúineadh trí Facebook Messenger. Beidh freagrachtaí orthu cúnamh a thabhairt le fás an bhranda agus roghanna pacistí a fhorbairt.

Beidh sé de rogha ag foghlaimeoirí físeáin a úsáid agus iad i mbun staidéar agus beidh ranganna  le cainteoirí dhúchasacha ar fáil.

Tá Coláiste na Trionóide agus Oifig Fiontair Áitiúil Co. na Mí ag tacú leis an suíomh nua.

Cé go mbeidh na folúntais ar fad cianda, tá sé de rogha ag múinteoirí obair laistigh den ionad.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh www.langroo.com nó is féidir iarratais a sheoladh chuig hr@langroo.com.

Stiúrthóir Naíonra de dhíth ar Naíonra Nurney

Meitheamh 22, 2017

CV

 

Tá Stiúrthóir Naíonra ag teastáil uaidh Naíonra Nurney cúig lá sa tseachtain, ón Luan go dtí an Aoine. Is gá cáillíocht FETAC leibhéal a sé a bheith agat.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil uaidh Goretti ar 087 2040354 agus is féidir iarratas a sheoladh chuig littlefolkcreche@yahoo.ie.

 

 

 

 

Folúntas i scoileanna an Foras Pátrúnachta

Meitheamh 7, 2017

Tá an Foras Pátrúnachta ag earcú príomhoidí bunscoile i mBaile Átha Cliath, sa Longfort agus i gCill Dara. Deiseanna iontacha d’iarratasóirí cuí.

Gach eolas anseo.

Folúntas le Naíonra Thaobh na Coille

Meitheamh 6, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Múinteoir/ Stiúrtheoir Ranga  i gcóir Mí Meán Fhomhair 2017/18 ( is féidir glacadh le múinteoirí ar sos gairme mar táimid   faoi réir ag  An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, ní an An Roinn Oideachais & Scileanna)

Bunaíodh Gaelscoil Thaobh na Coille i  1999. Is naíonra forásach é a mhúineann na páistí trí mhéan na Gaeilge leagtha amach tríd an gclár Aistear.

Tá an seachtain oibre ar feadh cúig lae, ón Luain – Aoine (9am-3.30pm) le dhá seisiún in aghaidh an lae ,le  38 seachtain in aghaidh na bliana.

Caithfear na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag an an t-iarrthóir a n-éireoidh leis:

  • Cáilíocht Múinteoir Bunscoile/ cáilíocht Fetac 7 nó níos airde
  • Eolas cuimsitheach ar an teanga & cultúr Gaelach
  • Oiliúint sa gharchabhair, Sábháilteacht dóiteáin & Lámhsiú sábhailte
  • Dea-scileanna idirphearsanta & cumarsáide maidir le déileáil leis na páistí, tuismitheoirí & leis an bhfoireann.

Is féidir a chur isteach ar phost trí ríomh-phost le litir & cv chuig:

naionrathaobhnacoille@gmail.com

Má tá aon ceist agaibh dean teangmháil le Denise ar  087 2903638

Position available

Teacher/Group Leader  for  September 2017/2018  (we can  accept teachers on career breaks as we are not governed by  the Department of Education)

The Naíonra Thaobh na Coille (Established 1999) is a progressive pre-school which teaches children through the medium of the Irish language  implementing  the Aistear Programme governed by the Department of Children and Youth Affairs.

This is a 5 day week;  Monday -Friday (9am-3.30pm) & a 38 week sessional post.

Successful candidates must fulfill the following requirements:

  • Primary School Teaching qualification

OR

  • ECCE FETAC Level 7 or higher
  • Comprehensive knowledge of the Irish language and culture.
  • First aid/fire safety/manual handling certificates.
  • Excellent interpersonal and communication skills in dealing with children, parents and staff.

Please apply by emailing your cover letter and CV to:

naionrathaobhnacoille@gmail.com

If you have any queries please contact Denise on 087 2903638.

Folúntais Samhraidh le Gaelcholáiste Cholumba

Bealtaine 31, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Gaelscholáiste Cholumba ag déanamh cúrsa Samhraidh coicíse a reachtáil i gColáiste na hOllscoile.

 

 
Dátaí: Dé Máirt 6ú Meitheamh-16ú Meitheamh
Ionad: U.C.D.
Amanta: 10.00am -1.30pm (Ranganna)
1.30pm – 4pm (gníomhaíochtaí roghnach)
Teagmhálaí: Anne Ruane, 087-2361869
Ranganna: Daltaí ag dul isteach sa tríú bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa dara bliain i Mí Mean Fómhair
Daltaí ag dul isteach sa chéad bhliain i Mí Mean Fómhair

Grúpa bheag de dhaltaí ag dul isteach sa chúigiú/séú bliain i Mí Mean Fómhair
Má mian lear cur isteach ar na folúntais seo, mar Stiúrthóir ranga nó Stiúrthóir Ranga &Gníomhaíochtaí, is féidir teagmháil a dhéanamh le Anne ar 087-2361869 nó tríd ríomhphost a sheoladh chuig info@gaelcholaistecholumba.com.

Folúntas mar Rúnaí le Gaelscoil Phádraig Baile Breac

Bealtaine 29, 2017

Gaelscoil Phadraig (320 x 160)

 

 

 

 

 

Tá folúntas mar Rúnaí páirt aimseartha le líonadh
i nGaelscoil Phádraig, Ascaill Shíleann, Baile Breac,
Co. Atha Cliath.
Dhá lá sa tseachtain (Luan agus Déardaoin) 8.30-3.00
Is le haghaidh scoil-bhliain amháin an post ar dtús, ag tosú ar 28/8/17

Riachtanais
• Eolas maith ar an nGaeilge idir a labhairt agus a scríobh
• Scileanna ríomhaireachta
• Cumas riaracháin
• In ann obair as a stuaim féin
• Iontaofa
• Éifeachtach

Seol iarratais agus cv agus ainmneacha beirt mholtóir chuig
An Cathaoirleach, trí ríomhphost gaelscoilphadraig15@gmail.com ar nó roimh 14ú Meitheamh.

Folúntas i nGaelcholáiste Chéitinn

Bealtaine 25, 2017

Tá múinteoir Fraincis agus Gaeilge á earcú ag Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoi 12:00 i.n, 31ú Bealtaine. Post fadtéarmach atá i gceist. Is féidir leat cur isteach ar an bhfolúntas tríd foirm iarratais a íoslódáil ar tipperaryetb.ie.

Coláiste Dhún Másc – Coláiste Pobail Nua

Bealtaine 24, 2017

Iarbhunscoil nua é Coláiste Dhún Másc a bheidh ag oscailt i bPort Laoise i Meán Fómhair 2017. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna  Laoise agus Uíbh Fáilí mar phatrún na scoile agus an Fóras Patrúnachta mar Pháirtí Iontaofa. Iarbhunscoil ilchreidmheach, comhoideachasúil trí mheán an Béarla é Coláiste Dhún Másc,  ina bhfuil Aonad Lán Ghaeilge, áit a mbeidh oideachais ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu do phoist mhuinteeoireachta lánaimseartha/pro rata a d’fhéadfadh a bheith ann don scoilbhliain 2017-2018 mar a leanas:
 

1.       Gaeilge

2.      Béarla

3.      Mata

4.      Eolaíocht

5.      Eacnamaíocht Bhaile

6.      Teicneolaíocht

7.      Graific Theicniúil

8.     Ealaín

9.      Ceol

10.  Staidéir Ghnó

11.   Fraincis

12.  Spáinnis

13.  Stair

14.  Tíreolas

15.   Reiligiún

16.  Corpoideachais

17.   OSSP

18.  OSPS

19.  Litearthacht sna meáin dhigiteacha

20. Fealsúnacht

21.  Códú

22. Taibhiú Ealaíonta

23. Tacaíocht Foghlama

Toisc go mbeidh na hábhair á dteagasc trí Ghaeilge tá árdchaighdeán Gaeilge riachtanach do na poist seo agus is buntáiste é bheith in ann níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh.

Is buntáiste é eolas nó taithí a bheith agat leis na réimsí seo:

  • Tacaíocht foghlama/Treoir
  • Úsáid nuálach de theicneolaíocht san oideachais
  • Gearrchúrsaí a fhorbairt agus iad a mhúineadh
  • Measúnú chun foghlama
  • Pleanáil scoile

Léirigh na hábhair a bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun iad a mhúineadh ar an bhfoirm iarratais

Gach eolas agus foirm iarratas le fail ar  shuíomh LOETB.ie

« Previous PageNext Page »