Múinteoir Mata, Coláiste Chú Chulainn, Dún Dealgan
Aibreán 30, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie
Múinteoirí do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh á lorg- le tosú Meán Fómhair 2014
Aibreán 30, 2014
Tá deiseanna iontacha ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile gur mian leo a bheith ag múineadh i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, meánscoil úrnua, lánGhaeilge i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.
Beidh idir phoist lánaimseartha agus pháirtaimseartha i gceist sa phróiseas earcaíochta seo. Ní gá d’iarrthóirí ach iarratas amháin a sheoladh, fiú sa chás go bhfuil ar chumas an iarrthóra níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh. Tá gach ceapachán faoi réir coinníollacha agus ag brath ar fhaomhadh ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Is fostóir comhionnanas deiseanna é Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.Ní mór do gach iarrthóir ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha a bheith acu.
Spriocdháta na n-iarratas: Dé Luain, 12 Bealtaine 2014.
gach iarratas chuig: poist@gaelcholaiste.com
Gach eolas ar www.educationposts.ie
Ábhair:
- Eacnamaíocht Bhaile
- Ceol
- Oideachas Reiligiúnach
- Corpoideachas
- Stair
- Tíreolaíocht
- Eolaíocht
- Gearmáinis
- Fraincis
- Mata
- Gaeilge agus Béarla
Príomhoideacht – Coláiste an Phiarsaigh
Aibreán 24, 2014
Meánscoil lán-Ghaelach comhoideachais, 530 dalta sa scoil, daltaí cónaithe ina measc.
Tuilleadh eolais: gaelteo@eircom.net agus www.educationposts.ie
Príomhoideacht – Scoil na gCeithre Máistrí
Aibreán 24, 2014
Is bunscoil lánghaelach do bhuachaillí agus do chailiní faoi phátrúnacht Easpag Caitliceach Ardach agus Cluain Mhic Nóis í Scoil na gCeithre Máistrí. Tá foirgneamh breá nua ag an scoil ó 2008.
Duine fuinniúil, le sárscileanna ceannasaíochta, múinteoireachta, cumarsáide agus riaracháin, maraon le ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth.
Iarratais poist amháin i nGaeilge ar an bhfoirm chaighdeánach do phost mar Phríomh Oide chuig an seoladh thuas luaite roimh 3i.n. ar an Luan 19ú Bealtaine 2014. Marcáil ‘Iarratas’ chun tosaigh ar an gclúdach litreach.
Tuilleadh eolais: oifig4maistri@gmail.com agus www.educationposts.ie
Príomhoideacht – Scoil an Duinnínigh
Aibreán 24, 2014
Spriocdáta: 30 Aibreán 2014
Tuilleadh eolais: oifig@scoiland.ie nó www.educationposts.ie
Cúntóir riachtanas speisialta – Gaelscoil Lios na nÓg
Aibreán 16, 2014
Post do lá Naíonáin atá i gceist(0.83). Is scoil Lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Beidh gá le caighdeán maith Gaeilge labhartha a bheith ag an té a cheapfar. Beidh na hagallaimh don phost seo i nGaeilge.(Interviews for this position will be in Irish.).. Is é 24 Aibreán 2014 an sprioc d’iarratais. Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo ar fáil ar http://www.educationposts.ie/
Eagarthóir/Comhordaitheoir – Séideán Sí
Aibreán 11, 2014
Teagascóirí Gaeilge á lorg ag Coláiste Hibernia
Aibreán 11, 2014
Fáiltíonn Coláiste Hibernia roimh iarratais ó theagascóirí Gaeilge don mhodúl ‘An Ghaeilge Acadúil’ atá ar cheann de phríomh-mhodúl an Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas.
Ní mór taithí teagaisc a bheith ag iarratasóirí mar aon le hardchaighdeán Gaeilge agus scileanna maithe ríomhaireachta.
Le cur isteach ar an bpost seo, líon isteach an fhoirm ar líne (nasc thíos) le do shonraí pearsanta chomh maith le haon taithí chuí atá agat.
Tá foirm iarratais ar fáil Anseo
Spriocdháta d’iarratais: 9 Bealtaine 2014
Post buan -Cúntóir riachtanas speisialta, Gaelscoil an Chuilinn, BÁC 15
Aibreán 9, 2014
Tugann Bord Bainistíochta Gaelscoil an Chuilinn cuireadh d’iarrthóirí, a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha acu, cur isteach ar phost mar Chúntóir Riachtanais Speisialta sa scoil chun cuidiú le daltaí a bhfuil deacrachtaí ar leith acu i gcomhthéacs oideachasúil. Beidh Gaeilge líofa riachtanach don phost seo.
Beidh dualgais le comhlíonadh maidir le huaireanta Páirc an Chrócaigh de réir Ciorclán 71/2011.
Ba bhreá linn iarrthóir a cheapadh a bheadh in ann tacú le fás agus forbairt na scoile.
Tabhair faoi deara:
- Beidh gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
- Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais a chuirtear sa phost.
- Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
- Is é 22 Aibreán 2014 an sprioc d’iarratais.
Post buan -Cúntóir riachtanas speisialta, Gaelscoil Lios na nÓg
Aibreán 9, 2014
Post do lá Naíonáin atá i gceist(0.83). Is scoil Lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Beidh gá le caighdeán maith Gaeilge labhartha a bheith ag an té a cheapfar. Beidh na hagallaimh don phost seo i nGaeilge.(Interviews for this position will be in Irish.).. Is é 24 Aibreán 2014 an sprioc d’iarratais. Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo ar fáil ar http://www.educationposts.ie/