Athbhreithniú ar bhunscoileanna beaga
Márta 3, 2011
Tá an Roinn Oideachais ag lorg aighneachtaí faoin athbhreithniú atá ar bun acu faoi lathair maidir le bunscoileanna beaga (níos lú na 50 dalta).
Beidh scoileanna beaga Gaeltachta i gceist san athbhreithniú seo agus tá an chontúirt ann go mbeadh brú ar chuid acu nascadh le scoileanna ina bhfuil an bhéarla mar mheán teagaisc iontu.
Tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal tacaíocht a leiriú do na scoileanna seo trí aighneacht a sheoladh isteach chuig Roinn an Oideachais ag déanamh cur síos ar thábhacht na teanga agus na scoile go ginearálta sna pobail bheaga tuaithe seo.
Tá na haighneachtaí le bheith istigh roimh an 18 Márta.
Ceist na Gaeilge le tabhairt san áireamh i gClár an Rialtais 2011-2016
Márta 3, 2011
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas leo siúd ar fad ar éirigh leo suíochán a bhaint amach mar Theachtaí Dála don tréimhse 2011-2016.
Anois agus torthaí an Olltoghcháin fógartha i mbeagnach gach dáilcheantar timpeall na tíre faoin tráth seo, bunófar Rialtas nua gan mhoill, beidh Clár an Rialtais sin le daingniú, agus beidh an Chomhdháil ag déanamh cinnte go dtabharfar aird chuí ar cheist na Gaeilge sa Chlár Rialtais sin.
Bhí feachtas réamhthoghchánaíochta na Comhdhála bunaithe ar cheithre mhórphrionsabail: Tábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta; Stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; An Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá saol.
Chuir an Chomhdháil liosta d’éilimh faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta, agus faoi bhráid gach iarrthóir neamhspleách roimh an toghchán, agus beidh an Chomhdháil ag oibriú go dian dícheallach sna seachtainí romhainn chun a chinntiú go dtabharfar gach ceann de na 10 n-éileamh seo san áireamh agus Clár an Rialtais 2011-2016 á bheartú.
Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Teastaíonn ón gComhdháil go mbeidh pé polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú. Rachaimid i dteagmháil le gach ball den Rialtas nua nó go ndéanfaimid cinnte de go nglacfar le gach ceann dár n-éileamh don Ghaeilge i gClar an Rialtais 2011-2016”.
Tacaíonn Iarratasóirí Neamhspleácha le stádas na Gaeilge
Feabhra 16, 2011
Léirigh 31 iarratasóir neamhspleách don Olltoghchán 2011 tacaíocht don Ghaeilge mar chroí-ábhar ar shiollabas na hArdteistiméireachta inniu.
D’eascair sé seo as staidéar ar mheon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile, coimisiúnaithe ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna Teoranta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus curtha i gcrích ag MRBI/IPSOS le déanaí.
Léiríonn torthaí an staidéir go bhfuil tacaíocht de 61% i bhfabhar na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta.
Chuir na hiarratasóirí neamhspleácha ó dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre in iúl go gcreideann siad go bhfuil sé de cheart ag gach dalta scoile a dteanga náisiúnta a fhoghlaim.
Gheall siad a dtacaíocht iomlán don Ghaeilge mar cheann de chroí-ábhair na hArdteistiméireachta, agus go seasfaidh an Ghaeilge mar riachtanas iontrála do chúrsaí tríú leibhéal amach anseo.
Seoladh litir chuig eagarthóirí na nuachtán náisiúnta agus réigiúnacha agus ar na hiarratasóirí neamhspleácha a shínigh an litir bhí:
James Breen- An Clár
Sarah Ferrigan- An Clár
Pádraig O Sullivan- Corcaigh Thuaidh-Lár
Paul O Neill – Corcaigh Thoir
Mick Finn- Corcaigh Theas-Lár
Diarmaid Ó Cadhla Corcaigh Theas-Lár
John Kearney –Corcaigh Thiar Theas
Michael O Sullivan- Corcaigh Thiar Theas
Michael Healy Rae- Ciarraí Theas
John Dillon- Luimneach
Séamus Sherlock-Luimneach
Dr. Ben Nutty- Port Láirge
Eamon Walsh- Gaillimh Thiar
Catherine Connolly – Gaillimh Thiar
Mike Cubbard – Gaillimh Thiar
Noel Grealish – Gaillimh Thiar
Michael Kilcoyne- Maigh Eo
Luke Ming Flanagan – Ros Comáin-Liatroim Theas
John McDermott – Ros Comáin-Liatroim Theas
Gabriel McSharry Sligeach-Liatroim Thuaidh
Cllr Seamus Treanor- An Cabhán/Muineachan
Caroline Forde – An Cabhán/Muineachan
Ian McGarvey – Dún na nGall Thoir-Thuaidh
Thomas Pringle- Dún na nGall Thiar-Theas
Stephen McCahill- Dún na nGall Thiar-Theas
Eugene Finnegan-Cill Mhantáin
Michael J Loftus- Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh
Maureen O’Sullivan- Dublin Central
Christy Burke- Baile Átha Cliath Láir
Cieran Perry- Baile Átha Cliath Láir
Raymond Whitehead- Baile Átha Cliath Theas
Ceist na Gaeilge san Ardteist faoi chaibidil i nGaoth Dobhair
Feabhra 16, 2011
D’fhreastail 150 duine ar chruinniú a bhí eagraithe ag Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill aréir i nGaoth Dobhair chun plé a dhéanamh ar pholasaithe na bpáirtithe polaitíochta i leith na Gaeilge. Ag labhairt ag an ócáid bhí: John Duffy, An Comhaontas Glas, Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin; Brian Ó Domhnaill, Fianna Fáil; agus Dinny McGinley, Fine Gael.
Níos túisce inné, rinne Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, T.D., forógra olltoghchán an pháirtí a fhógairt go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath. Sa cháipéis sin, (leathanach 52) ardaítear ceist na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus deirtear ann go gcreideann Fine Gael “nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga”.
In ainneoin go raibh gach páirtí a bhí i láthair aréir ceaptha a bheith ag cur a bhforógraí féin faoi bhráid an phobail, is beag cainte a rinneadh nár bhain le polasaí Gaeilge Fhine Gael.
Suirbhé ar Mheon an Phobail i Leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais
Feabhra 10, 2011
Chinn roinnt eagraíochtaí Gaeloideachais, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tabhairt faoi shuirbhé a léireodh meon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile i mí Iúil 2010. D’eascair an suirbhé seo as imní na n-eagraíochtaí faoi mholtaí Fhine Gael chun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.
Bhí léargas á lorg ar an tacaíocht atá ann don Ghaeilge i measc an phobail agus ar an tábhacht a bhraitheann daoine a bhaineann léi do dhaoine óga an lae inniu. Chuir Ipsos MRBI agallamh ar 1,000 duine a bhí os cionn 15 bliana d’aois maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste, ach go háirithe. Rinneadh an taighde seo thar an nguthán agus cuireadh agallamh ar dhaoine ó aoisghrúpaí, gairmeacha, ceantair agus stádais éagsúla. Ba mhná 51% agus ba fhir 49% agus cuireadh sé cheist ar gach rannpháirtí.
Is iad seo príomhthorthaí an tsuirbhé:
- Mheas 57% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. Bhí 19% idir dhá chomhairle agus dúirt 23% nach bhfuil sé tábhachtach. I measc an aoisghrúpa 25-34 bliana d’aois mheas 69% go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. (Ceist 3)
- Mheas 54% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste i gcomparáid le 20% go leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus 18% go leibhéal na bunscoile. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil an tromlach i bhfabhar go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – aois Ardteiste agus go luath ina dhiaidh – mheas 61% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste. (Ceist 4)
- Mheas 65% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna le páistí a spreagadh leis an teanga a úsáid níos minice. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – mheas 79% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna. (Ceist 5)
- I gceist eile faoin Ardteist, dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Bhí cuid mhaith i bhfabhar seo ar chúiseanna a bhaineann lenar n-oidhreacht agus lenar gcultúr a chaomhnú chomh maith le stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois, mheas 65% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste.
- Mheas 26% de na daoine a bhraitheann nár chóir di a bheith éigeantach gur chóir go mbeadh rogha ag daltaí ábhair a roghnú tar éis an Teastais Shóisearaigh agus bhraith 19% go bhfuil an Ghaeilge deacair mar ábhar. Bhraith 22% eile ach buntáiste é an Ghaeilge a bheith agat. (Ceist 6)
Táthar ag iarraidh ar Fhine Gael athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí an pháirtí maidir le stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteiste. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an bpolasaí seo ar chúrsaí fostaíochta, ar gach leibhéal den chóras oideachais agus ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil tacaíocht ann don Ghaeilge, go háirithe i measc daoine idir 15 – 34 bliana d’aois agus go bhfuil an tromlach ag tacú leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Is fianaise na torthaí seo nach bhfuil an pobal ag tacú le polasaí Fhine Gael agus go dtuigeann siad an baol a bheadh ina leithéid de pholasaí don teanga.
Iarrtar ar an bpobal labhairt leis na hiarrthóirí toghcháin áitiúla agus an t-éileamh seo a chur faoina mbráid agus iad ag lorg vóta. Chomh maith leis sin, is féidir tacú leis an bhfeachtas trí achainí ar-líne a shíniú ar www.petitiononline.com/gaeilge/.
Forógra Gaeilge agus Gaeltachta foilsithe ag an gComhdháil
Feabhra 8, 2011
Ag eascairt as an seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar an 3 Feabhra, beidh éilimh thoghchánaíochta á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta.
Ar na ceisteanna a pléadh ag seimineár poiblí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar 3 Feabhra, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
Éilimh Toghchánaíochta 2011
An Ghaeltacht
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir.
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.
An Ghaeilge sa státchóras
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge. Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú. Eascraíonn éilimh toghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.
“Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”, a dúirt sé .
Tá tuilleadh eolais faoin seimineár seo ar fáil ag www.gaelport.com/seiminearpoibli.
Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana don Ghaeilge
Feabhra 8, 2011
Ag seimineár poiblí lae a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, labhair saineolaithe ó réimsí éagsúla na pleanála teanga Gaeilge, ar na céimeanna tosaigh ar gá a ghlacadh chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.
Agus é ag labhairt ag an seimineár, dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil “sé tábhachtach go mbeadh an rannpháirtíocht lárnach atá molta d’Údarás na Gaeltachta soiléirithe go luath agus aontú ar bun faoi na pleananna atá i gceist i bhfeidhmiú na straitéise. Cé go bhfuil ról náisiúnta molta do Údarás na Gaeltachta agus Gaeilge, is ar bhonn Gaeltachta a fheidhmeoidh an eagraíocht go dtí go mbeidh na socruithe cuí déanta le feidhm náisiúnta a thabhairt dó”.
Labhair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ar an toradh atá anois le feiceáil ar an gcinneadh a ghlacadh sna 1970idí chun deireadh a chur leis an riachtanas do státseirbhísí Gaeilge agus Béarla a bheith acu agus dúirt gur “teip iomlán” a bhí sa bheart sin don Ghaeilge. Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.”
I láthair do dhíospóireacht idir na páirtithe polaitíochta ar cheisteanna na Gaeilge bhí, An tAire Pat Carey T.D., Fianna Fáil; Frank Feighan, TD., Fine Gael; Brian O’Shea, T.D., Páirtí an Lucht Oibre; Aengus Ó Snodaigh, T.D., Sinn Féin; agus Dominic Ó Brollcháin, CTR, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre. I measc na gceisteanna a pléadh, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidmeanna Údarás na Gaeltachta.
Ag eascairt as an seimineár is iad seo thíos na príomhéilimh á mbeidh á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:
An Ghaeltacht
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir.
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.
An Ghaeilge sa státchóras
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge. Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú. Eascraíonn éilimh thoghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail. Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”.
Foilsithe ar Gaelport.com 04 Feabhra 2011
Bua na cainte ag curaidh Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn 2011!
Eanáir 31, 2011
Tá scoileanna i gCo. Bhaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh tar éis a mbua i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn. Bhí an ócáid ar siúl san Óstán Heritage, Port Laoise, Déardaoin, 27 Eanáir 2011. Comórtas díospóireachta é seo a réachtálann Gael Linn go bliantúil do Ghaelcholáistí agus do mheánscoileanna Gaeltachta. Ghlac breis agus caoga foireann páirt sa chomórtas ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Bhí an halla lán go doras le lucht tacaíochta na bhfoirne a tháinig ó gach cearn den tír don ócáid. Agus é ag fáiltiú roimh an slua, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin : “Leag Gael Linn béim riamh ar an teanga labhartha. Is áthas linn go mbeidh 50% de na marcanna sna scrúduithe a mbronnadh ar scileanna cumarsáide ó 2012 amach. Beidh Gael Linn ag saothrú leis an Straitéis 20 Bliain a thabhairt chun críche”.
Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí óga go heolach ar an rún ‘Tá na rudaí is luachmhaire sa saol seo saor in aisce!’ Bhí an bua ag foireann Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath ar fhoirne ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí. Is é Ciarán Ó Duinneacha an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí go dtí an buaicphointe seo !
‘Tá an daonlathas in Éirinn loite ag an mionpholaitíocht áitiúil!’ an rún tráthúil a pléadh sa chraobh shinsearach. Bhí foirne ó Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe páirteach sa díospóireacht bhreá bhríomhar seo a mhúscail suim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta. Fógraíodh ar deireadh gurb iad foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua na curaidh don tríú bliain as a chéile . Máirín Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Fhinneadha na múinteoirí a bhí i mbun na foirne agus iad an-bhródúil as a scoláirí, ní nach ionadh!
Chuir aoichathaoirleach na hoíche, Des Geraghty, Iar-Uachtarán SIPTU, an-spéis sa mhéid a bhí le rá ag na cainteoirí uile a labhair agus mhol sé go hard iad as a scileanna díospóireachta! Bhronn sé buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach. Comhghairdeas leo go léir!
Seimineár Taighde ar an Ghaeloideachas
Eanáir 28, 2011
Tháinig saineolaithe agus ceannairí eagraíochtaí gaeloideachas agus an pobal araon le chéile ar 17 Eanáir ag Óstán an Clarion Aerfort Átha Cliath chun gnéithe éagsúla de thaighde oideachais a phlé.
Is é an Coiste Seasta ar an nGaeloideachas a d’eagraigh an seimineár taighde leis an aidhm eolas a scaipeadh ar an bpobal maidir le taighde atá curtha i gcrích i dtaobh réimsí difriúla a bhaineann le cúrsaí oideachais ar fud an oileáin.
Bhí ceithre sheisiún ann a dhírigh ar ábhar lena n-áirítear; Conas a chabhraíonn forbairt físeáin le tuistí as Gaelscoil Gaeilge a labhairt; Sealbhú na Gaeilge agus cruthú pobail labhartha na teanga tríd chur chuige teagascach an Lernen Durch Lehren; Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i Rang a Seacht i scoileanna lánGhaeilge i dTuaisceart Éireann agus I dtreo Oideachais Idirchultúrtha? Taighde Feidhmeach i nGaelscoil.
Tugadh deis do dhaoine a d’fhreastail ar an seimineár na hábhair thaighde a phlé agus ceisteanna a ardú leis na taighdeoirí.
Agus é ag caint ag an seiminéar taighde, deir Cathaoirleach an Choiste Seasta Seán Ó Coinn,
“Ar na saolta deireanacha seo aithnítear go bhfuil sé an-tábhachtach cleachtas an oideachais a bheith bunaithe ar fhianaise ón taighde. Nuair atá taighde curtha i gcrích, tá sé ríthábhachtach go scaipfear eolas ina leith agus go mbíonn deis ag cleachtóirí a gcleachtas a choigeartú leis sin a chur in oiriúint d’fhionnachtana an taighde.’
Is de gheall ar chaidrimh ghníomhacha a chothú idir na heagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an ngaeloideachas ar fud na hÉireann a bunaíodh an Coiste Seasta ar an Ghaeloideachas.
Pléann an Coiste gnéithe éagsúla den ngaeloideachas d’fhonn teacht ar bhealaí ar féidir bheith ag comhoibriú le chéile.
Tá ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí Gaelscolaíochta Thuaidh agus Theas araon ar an gCoiste agus tugadh cuireadh don dá ranna rialtais atá freagrach as oideachas sa dá dhlínse a bheith i láthair.
Gilmore ag tacú leis an nGaeilge
Eanáir 24, 2011
Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, thug Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile leis seo a phlé ag cruinniú i gCathair na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.
Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar chruinniú Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta, agus cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:
“Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus olltoghchán 2011 ag teannadh orainn go gasta. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a mhúintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”
Dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste ag cruinniú leis an eagras Gaeilge níos luaithe sa tseachtain freisin.
Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”
Foilsithe ar Galport.com 24 Eanáir 2011
www.cnag.ie