Cá seasann na polaiteoirí?
Feabhra 10, 2011
Tá suirbhé á dhéanamh faoi láthair ag Conradh na Gaeilge ar gach iarrthóir san Olltoghchán chun eolas a bhailiú ar dhearcadh na n-iarrthóirí ar pholasaithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.
Déanfar torthaí an tsuirbhé seo a scaipeadh ar bhaill na heagraíochta agus pobal na tíre roimh an olltoghchán. Tá trí phríomhpholasaí aontaithe ag Conradh na Gaeilge ar a bhfuil tacaíocht á lorg acu óna hiarrthóirí san olltoghchán. Is iad na héilimh atá i gceist nó: go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste agus go gcinnteofar go ndéanfar athruithe sa chóras oideachais lena chinntiú go mbainfidh daltaí líofacht amach sa teanga; go gcuirfear tacaíocht ar fáil do bhunú Gaelscoileanna nua ar bhonn pleanáilte ar fud an stáit; agus go dtabharfaidh na páirtithe ar fad tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá baill na heagraíochta i mbun teagmhála le gach iarrthóir olltoghchán an tseachtain seo agus tá súil toradh na hoibre seo a bheith ar fáil gan mórán moille.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Litir chuig Enda
Feabhra 3, 2011
Tá litir, sínithe ag ionadaithe eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, aontais mac léinn, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta, seolta chuig Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, ag éileamh air polasaí an pháirtí, stádas na Gaeilge don ardteist a ísliú tríd an ábhar a dhéanamh roghnach, a chur ar leataobh agus seasamh taobh thiar di mar chroí-ábhar don ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi.
Deir an litir go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann dá mbeadh an polasaí curtha i bhfeidhm. “De réir a chéile bheadh laghdú suntasach ar an líon daoine le Gaeilge, an líon daltaí ag freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht (agus bheadh drochimpleachtaí aige sin ar gheilleagar agus todhchaí na Gaeltachta), an líon mac léinn ag staidéar Gaeilge sa tríú leibhéal, an líon daltaí dara leibhéal incháilithe le bheith mar mhúinteoirí. Chaillfeadh múinteoirí dara leibhéal Gaeilge a bpoist de réir a chéile agus bheadh easpa múinteoirí d’ábhair eile ar fáil le Gaeilge don scolaíocht trí mheán na Gaeilge.
Luaitear sa litir an taighde atá ar fáil ó Shasana, áit a raibh titim thubaisteach ann i 2001 nuair a rinneadh teangacha roghnach don GCSE. Thit an líon daltaí ag staidéar teangacha go tubaisteach ó 78% i 2001 go 44% i 2010 (anuas air sin, bheadh an líon i bhfad níos ísle fós, murach roinnt mhaith scoileanna príobháideacha ag coinneáil teangacha éigeantach). Deirtear sa litir freisin go mba chóir – a thabhairt san áireamh chomh maith nuair a baineadh an riachtanas Ghaeilge sa stát seirbhís i 1974 baineadh de réir a chéile an cumas a bhí ag an stát seirbhís le seirbhís iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar shampla, níl ach 1.5% d’fhoireann an Roinn Oideachais agus Scileanna anois in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge in ainneoin tuairim Fhine Gael i 1974 go mbeadh bláthú ar úsáid na Gaeilge sa stát seirbhís, mar a dúirt an tAire Richie Ryan ar an 5 Nollaig 1974 ‘Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di.’.
Tá iarrtha sa litir go gcasfaidh Enda Kenny ar bhun práinne le toscaireacht ón liosta mór eagraíochtaí a bhfuil a ainm curtha acu leis an litir.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
I gcuimhne ar an leaid rua
Feabhra 3, 2011
Seoladh The Blue-Eyed Boy, In Memory of an Leaid Rua an tseachtain seo caite sa Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua.
Seo leabhar a bhí curtha le chéile mar thionscadal Idirbhliana sa rang Béarla i gcuimhne ar scoláire, Micheál Rua Seoighe, a maraíodh go tubaisteach i mí na Samhna 2009. Ba é Seán Mac Donncha, Leasphríomhoide na scoile a sheol an leabhar agus ba í Fiona de Paor, an múinteoir Bhéarla a bhí i gceannas ar an rang idirbhliana. Is é Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga a scríobh an réamhrá don leabhar agus tá an leabhar féin bunaithe ar dhánta a roghnaigh duine is fiche as ceantar Chonamara, agus iad ag tabhairt na fáthanna ar roghnaigh siad gach dán. I measc iad siúd atá i gceist tá Éamon Ó Cuív, Bob Quinn, Tomás Mac Con Iomaire, Joe Steve Ó Neachtain, An tAth. Mícheál Ó Braonáin, An tAth. Éamonn Ó Conghaile, Rónán Ó Domhnaill agus Beairtle Ó Domhnaill. Tá an leabhar ar fáil anois, luach EUR8 sna siopaí áitiúla.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Caith vóta leis an nGaeilge
Eanáir 28, 2011
Tá deimhniú tugtha ag Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste.
Thug sé an deimhniú seo do thoscaireacht ó Chonradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cruinniú sa Dáil an tseachtain seo caite. Fógraíodh an méid seo ag cruinniú práinne a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta san Óstán Menlo Park i nGaillimh Dé hAoine seo caite. Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile chun an scéal a phlé agus feachtas a eagrú ina n-aghaidh.
Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar an gcruinniú. Cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le hÉamon Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta “Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus an t-olltoghchán socraithe anois don 11 Márta 2011. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a múintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”
Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Easpa Gaeilge na Roinne Oideachais
Nollaig 9, 2010
Tá ráiteas eisithe ag Conradh na Gaeilge ag tacú le héileamh an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dúirt go raibh géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla.
Bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt le fios nach bhfuil ach 1.5% d’fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.
Dúirt sé freisin gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas. Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cúis ollmhór imní dúinn go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Lean sé “ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit.”
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
9 Nollaig 2010
€5,000 do Chomórtas nua Meánscoileanna
Samhain 4, 2010
Tá comórtas nua fógartha ag Glór na nGael, comórtas do Mheánscoileanna na tíre ar fad, chun na scoileanna a spreagadh clár imeachtaí Gaeilge a eagrú sa scoil.
Is comhfhiontar é an comórtas seo idir Ghlór na nGael agus an nuachtán Gaeilge, Foinse. Iarrfar ar scoileanna Cumann Gaelach na Mac Léinn a bhunú agus beifear ag súil go n-eagróidh an Cumann Gaelach sraith imeachtaí Gaeilge lasmuigh den seomra ranga i gcaitheamh na bliana. Le cur isteach ar an gcomórtas caithfear plean imeachtaí bliana a sheoladh chuig Glór na nGael. Tabharfaidh Oifigeach na Mac Léinn cuairt timireachta ar na scoileanna a chláraíonn, ait a míneofar an comórtas agus déanfar na daltaí a spreagadh chomh maith. Déanfar gearrliosta ansin bunaithe ar na pleananna agus déanfar moltóireacht ar na hiarratais is fearr.
Beidh EUR5,000 mar luach saothar ag buaiteoir an comórtas náisiúnta agus bronnfar duais ar na buaiteoirí cúige chomh maith. Is turas ranga chuig Ionad Eachtraíochta Delphi atá mar dhuais i gcás Chúige Connacht. Is cúis áthais ag Foinse go mbeidh cur síos ar obair chumann faoi leith le léamh i bhFoinse gach seachtain go mí an Mhárta agus fógrófar buaiteoirí an chomórtais le linn Seachtain na Gaeilge 2011. Tá gach eolas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le hAodhán Ó Deá ag 086-3102691 nó aodhan@glornangael.ie.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
4 Samhain 2010
Córais oideachais do mhionlaigh teanga
Deireadh Fómhair 14, 2010
Labhróidh an saineolaí mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Moncton, Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag ócáid phoiblí in Óstán na Páirce, an Spidéal, anocht, 14 Deireadh Fómhair ag 8.00in. Tá an léacht, a bheidh ag díriú ar bhainistiú an chórais oideachais do mhionlaigh teanga, á eagrú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta. Cuirfear tús leis an léacht ag 8.00i.n. agus tá an ócáid oscailte don phobal ar fad.
Beidh réamhráitis á ndéanamh roimh an léacht ag Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis agus Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Bunaidh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Is saineolaí mionteangacha é an Dr Daniel Bourgeois agus labhróidh sé ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga. Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú. Bíonn inmharthanacht agus seasmhacht teangacha mionlaigh ag brath ar Bhoird Oideachais a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.”
Beidh Dr Bourgeois ag díriú freisin ar na riachtanais a bhaineann le Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail lena riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
14 Deireadh Fómhair
Oscailt Ghaelscoil Ráth Tó
Meán Fómhair 2, 2010
Agus scoileanna na tíre ag athoscailt an tseachtain seo tá fáilte faoi leith le cur roimh dhaltaí óga Ghaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí.
Tá na naíonáin seo ag tosú amach a saol scoile i nGaelscoil nua atá bunaithe ag grúpa tuismitheoirí cróga. Dhiúltaigh an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don scoil seo in ainneoin gur shásaigh an scoil na coinníollacha ar fad a bhí ag teastáil chun aitheantas a bhaint amach.
Ach bheartaigh na tuismitheoirí leanúint ar aghaidh agus oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí an cheantair agus tá an scoil nua ag oscailt an tseachtain seo gan aitheantas ná maoiniú ón Roinn Oideachais.
Tá ard-mholadh ag dul dóibh.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
02 Meán Fómhair 2010
Post nua do Shiobhán
Lúnasa 12, 2010
Tá sé fógartha ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge go bhfuil Siobhán Seoighe ceaptha mar Fheidhmeannach leis an eagraíocht.
Is eagraíocht í an Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge a chuireann córas pátrúnachta ar fáil do scoileanna lánGhaeilge.
Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí í Siobhán Seoighe ó dhúchas, agus tá ceangal láidir ag an gclann le Conamara freisin. Tá aithne fhorleathan ar Shiobhán sa taobh seo tíre, ach go háirithe don tréimhse a chaith sí mar bhainisteoir Imeachtaí le Rith 2010. Tá réimsí leathan taithí eile aici freisin, le tréimhse caite aici ag obair leis an gcomhlacht árachais Hibernian Aviva agus mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr.
Tá bunchéim aici sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, agus tá Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá Siobhán ag súil go mór leis an ról nua atá aici leis an bhForas Patrúntachta.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
05 Lúnasa 2010
Gaelscoil Mhic Amhlaigh approved to move to next expansion stage
Lúnasa 12, 2010