Riachtanais Speisialta Oideachais sna Bunscoileanna lán-Ghaeilge
Márta 8, 2017
Bhí an-rath ar an gcomhdháil lae maidir le riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a d’eagraigh Gaeloideachas & COGG ar an 3 Márta 2017. D’fhreastal 170 ionadaithe ó na scoileanna ar an ócáid oiliúna i Marino agus tugadh ard-mholadh do na haoichainteoirí, a roinn a gcuid taithí agus saineolas go fial leis na rannpháirtithe. Thíos gheobhaidh tú clár an lae, móide nótaí na gcainteoirí.
Tá súil ag Gaeloideachas comhdhálacha eile a reáchtáil ar an téama seo amach anseo, le béim ach go háirithe ar rannpháirtíocht cúntóirí riachtanais speisialta agus tuismitheoirí. D’fháilteoimis roimh aiseolas maidir leis an gcomhdháil ar an 3 Márta, agus moltaí a chabhródh linn pleanáil chun cinn a dhéanamh d’ócáidí oiliúna amach anseo. Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.
- Dea-Chleachtais do Dhaltaí ar Ardchaighdeán Gaeilge i Ranganna 3 – 6 |Elaine Ní Longaigh, Gaelscoil Chloch na Coillte
- Oiriúnacht an Tumoideachais do Pháistí le Riachtanais Speisialta Oideachais: Cad atá ar eolas againn?|An tOllamh Pádraig Ó Duibhir agus Sineád Nic Aindriú, Institiúid Oideachais OCBÁC
- An Taithí agus na Dushláin ag obair mar Shíceolaí sa Ghaeltacht | Ruaidhrí Ó Béarra, An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais
- An Dátheangachas agus Deacrachtaí Urlabhra agus Teanga | Darína Ní Shíthigh, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga
- Straitéisí praiticiúla le tacaíocht a thabhairt do pháistí le disléicse i scoil lán-Ghaeilge | Deirdre Nic Gabhann, Gaelscoil Riabhach
- Doras Feasa Fiafraí: Exploring Special Educational Needs Provision and Practices across Gaelscoileanna and Gaeltacht Primary Schools in the Republic of Ireland | Mary Barrett, Jigsaw
Le teacht:
- Piartheagasc sa Mhata agus Teanga an Mhata – Réidh Socair Déan! | Colm Ó Donaill, Gaelscoil an Bhradáin Feasa agus Máire Nic an Rí, COGG