Méid an Téacs

Ceadúnas an ICLA – suirbhé ar bun

Feabhra 8, 2017

Tá Gníomhaireacht na hÉireann um Cheadúnú Cóipchirt i mbun suirbhé faoi láthair, ar mhaithe le deimhniú go ndéanfaí dáileadh cothrom agus ionadaíoch ar an táille ceadúnaithe a íocadh thar ceann scoileanna leis na húdair, na foilsitheoirí agus na fís-chruthaitheoirí – gur múinteoirí scoile iad 95% díbh. Is gá rannpháirtíocht na scoileanna chun an suirbhé a dhéanamh agus tá sé ag brath ar thuairisciú iomlán agus cruinn ar an bhfótachóipeáil  agus/nó scanadh a dhéantar ar ábhar faoi chóipcheart le linn thréimhse an tsuirbhé. Tá teagmháil díreach á dhéanamh ag an nGníomhaireacht le scoileanna faoi láthair ina leith, ach seo thíos eolas maidir leis, agus iarann Gaeloideachas ar na scoileanna lán-Ghaeilge, a bhraitheann go mór ar na háiseanna den scoth a chuireann pobal na scoileanna féin ar fáil, bheith lán rannpháirteach ina gcuid oibre.