Méid an Téacs

Folúntas ar fáil le Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin

Iúil 4, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin. Post buan atá i gceist, ag tosnú ar an 29 lá de mhí Lúnasa.

Tá beirt múinteoir á earcú ag an scoil ar chonarthaí seasta.

Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig iarrataisi@gmail.com roimh an t-ochtú lá deag de mhí Iúil.

Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil. Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin. Déanfar teagmháil leo siúd amháin a chuirfear ar ghearr liosta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87987.

Folúntais le Gaelscoil an Inbhir Mhóir

Iúil 4, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá trí phost buan ar fáil i nGaelscoil an Inbhir Mhóir, ag tosú ar an 31ú lá de mhí Lúnasa. Anuas ar an 3 phost buan tá múinteoir amháin á earcú ag an scoil ar chonradh seasta bliana. Is féidir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost.

Is féidir liosta d’iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh, laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fhógra seo.

Beidh na hAgallaimh trí mhéan na Gaeilge

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.

Folúntas le Scoil Náisiúnta Inis Chléire

Iúil 4, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá folúntas ar fáil i Scoil Náisiúnta Inis Cléire do Mheán Fómhair 2017- post téarma seasta bliana. Coiméadfar na hiarratais ar phainéal go ceann 4 mhí ar eagla go mbeadh aon folúntas eile le líonadh.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Caithfear iarratais a sheoladh sa phost roimh an 13ú lá de mhí Iúil agus tosóidh an scoilbhlian ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.

Folúntais le Gaelscoil an Eiscir Riada

Iúil 4, 2017

gaelscoil_eiscir_riada200x200-1

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá dhá fholúntas ar fáil i nGaelscoil an Eiscir Riada do Mheán Fómhair 2017- post téarma seasta bliana & post Ionadaíochta. Tá árdchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa de dhíth. Tá clúdach litreach le stampa ag teastáil chun doiciméidí a sheoladh ar ais. Is féidir liosta d’iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh, laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fhógra seo.

D’fhéadfaí gur i bpost mar mhúinteoir tacaíocht foghlama a bheadh duine de na múinteoirí a ceaptar ‘sna poist seo don scoilbhliain seo chugainn.

Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 13ú lá de mhí Iúil agus tosnóidh an scoilbhlian ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.

Cúrsa Oiliúna leis an gCumann Lúthchleas Gael

Bealtaine 15, 2017

Cúrsa Samhraidh

Beidh cúrsa oiliúna do bhunmhúinteoirí ar siúl i gColáiste Colmchille in Indreabhán i gConamara. Téimhse ceithre lá a bheidh i gceist, idir an tríú is an seachtú lá de mhí Iúil. Déanfar an chúrsa a reachtáil idir a 9.30 is a 2. Beidh obair phraiticiúil faoi stiúir Theagascóirí CLG ar siúl agus beidh táille €50 le híoch ar an gcúrsa.

Is féidir d’áit ar an gcúrsa a chlárú ar; http://www.galwayec.ie/courses/clg-do-bhunmhuinteoiri/

Is féidir glaoch a chur ar IONAD OIDEACHAIS NA GAILLIMHE, CLUAIN MHUIRE, PÁIRC AN TOBAIR, GAILLIMH ar T: (091) 745 600 le tuilleadh eolais a fháil.

Tá an cúrsa seo á eagrú faoi théarmaí tagartha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

lógó cúrsa samhraidh

« Previous Page