Méid an Téacs

Gabh le Gaeilge seolta i mBéal Feirste

Samhain 16, 2010

Ar an Satharn seo caite, ag Seimineár Chomhar an Tuaiscirt, de chuid Chomhar na Múinteoirí Gaeilge i mBéal Feirste, rinne Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge an DVD ‘Gabh le Gaeilge’ a sheoladh go hoifigiúil.  Is pacáiste eolais é Gabh Le Gaeilge do dhaltaí a bheidh ag roghnú ábhar don TGMO (GCSE) atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Léiríonn an DVD, agus na cleachtaí atá ag dul leis, na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar scoile. Tá réimse an-leathan ábhar (breis agus leathchéad) ar fáil don TGMO ach tá líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ag titim go leanúnach ón mbliain 2007.

Tá na hiontrálacha don scrúdú Gaeilge ag leibhéal an TGMO tite 25% le trí bliana, le cuid mhaith daltaí ag roghnú teangacha eile thar an nGaeilge. Thug Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoin tionscadal áirithe seo chun dul i ngleic leis an laghdú ar na figiúirí seo.

Beifear á sheoladh chuig múinteoirí i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc le cuidiú leo an Ghaeilge a chur chun cinn mar rogha don TGMO. Tá an pacáiste ag díriú ar dhaltaí atá idir 11 – 14 bliain d’aois agus ar bheagán Gaeilge. Mar sin, tá an rithim breá mall agus an Ghaeilge simplí go leor le bheith intuigthe.

Sa DVD, cuireann Caoimhe Ní Chonchoille aoichainteoirí ó chúlraí difriúla i láthair agus tugann siad léiriú ar na buntáistí a bhain siad féin as an nGaeilge a roghnú mar ábhar. Is iad Tomaí Ó Conghaile (Láithreoir raidió agus iriseoir le Nuacht 24), Ursula Uí Dhonnaile (Oifigeach Gaeilge Chomhairle Dhún Geanainn) agus Mark Harte (Iarpheileadóir do Thír Eoghain agus múinteoir meánscoile) rannpháirtithe an chláir.

Tugann siad ar fad le fios nach mbeadh na deiseanna céanna acu murach an Ghaeilge agus gur chuidigh sí go mór leo forbairt phearsanta agus ghairmiúil a dhéanamh. Tugann Caoimhe léargas ansin ar na coláistí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill chomh maith le heolas breise ar na Gaeltachtaí eile agus ar an scrúdú TGMO.

Ag labhairt dó ag an ócáid seolta, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Is iontach na rud é go bhfuil áis teagasc ar ardchaighdeán mar seo ar fáil do scoileanna an tuaiscirt agus is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag Gabh le Gaeilge ar líon na ndaoine a thabharfaidh faoin nGaeilge don TGMO amach anseo”.

Chun cóip den DVD Gabh le Gaeilge a ordú, déan teagmháil linn ag gabhlegaeilge@gaelport.com.

Gairmeacha Beatha le Gaeilge á phlé ag daltaí i Halla na Saoirse

Samhain 16, 2010

Ag leanúint le camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge, reáchtáladh ócáid Déardaoin, 04 Samhain i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.

Bhailigh os cionn ceithre chéad scoláire ó ranganna sinsearacha mheánscoileanna Co. Átha Cliath le chéile do sheimineár ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ a bhí á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. I measc na n-aoichainteoirí a thug píosa cainte le linn an tseimineáir,  bhí Eoghan Mac Diarmada fear a bhíonn le feiceáil ar Pop4 ar TG4 agus  a bhíonn le cloisteáil  ar Spin 1038.

Rinne láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn,  ó Cill Chainnigh ó dhúchas, cur síos ar a cuid taithí féin agus na deiseanna breise ar thapaigh sí sna meáin chraolta ó tharla go raibh sí dátheangach.

Labhair Anna Davitt, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, faoina taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí agus le múinteoirí atá ag cur na Gaeilge chun cinn laistigh den chóras oideachais D’éirigh léi saol gairmiúil dúshlánach spéisiúil a bhaint amach di féin de bharr an phaisin agus na spéise atá aici sa teanga, dar léi.

Thug Colm Mac an Iomaire, fidléir den scoth a bhíonn le feiceáil ar stáitse le The Frames agus The Swell Seasaon léargas spéisiúil ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga, ní hamháin i dtaca le deiseanna fostaíochta ach freisin i dtaca leis an saibhreas a thagann le sealbhú na teanga, mar  uirlis aitheantais d’Éireannaigh.

Thug Doireann Ní Chorragáin iar-aisteoir de chuid Fair City agus Ros na Rún an-léargas ar an mbealach a d’imigh an Ghaeilge chun tairbhe dí féin ina gairm agus na doirse a d’oscail an teanga di agus í i mbun athghuthaithe agus ag scríobh drámaí do TG4.

Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreag díospóireacht spleodrach i Halla na Saoire.

Chuir na daltaí ceisteanna maidir le: todhchaí na teanga; conas an Ghaeilge a shealbhú agus a spreagadh sna scoileanna; cén bealach tabhairt faoi chúrsaí aistriúcháin; caighdeán na Gaeilge sna scoileanna; agus na deiseanna éagsúla ata ar fáil chun Gaeilge a úsáid thar lear.  

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste agus i Leitir Ceanainn le breis is dhá bhliain anuas.

Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh a macasamhail de sheimineár á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa Tulach Mhór  amárach, an 18 Samhain,  áit a bhfuiltear ag súil le slua mór de dhaltaí scoile ó lár tíre.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid sin beidh an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin as An Muilleann gCearr, chomh maith le réalts spóirt de chuid fhoireann iománaíochta Thiobraid Árann, Darragh Egan, fear óg atá ina mhúinteoir scoile i Scoil Náisiúnta na Carraige san Aonach i gCo. Thiobraid Árann.

Pléifidh Susan Folan, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, cúrsaí ateangaireachta, agus na deiseanna idirnáisiúnta a ghabhann leis an ngairm nua-aimseartha seo.  

Ag labhairt freisin,  beidh an láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn.  Labhróidh Bríd Ní Chofaigh atá ina hOifigeach Forbartha Pobail le Comharchumann Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí ar a cuid taithí féin agus úsáid na Gaeilge sa phobal.

Forbairtí sa Ghaeloideachas le plé ag seimineár uile-oileáin

Samhain 16, 2010

Tá an Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas ag eagrú seimineár lae ar thaighde san Ostán The Clarion,  Aerfort Átha Cliath ar an 6 Nollaig 2010.

Tá cuireadh á thabhairt ag an gcoiste do dhaoine a bhfuil taighde déanta acu ar ghné ar bith den ghaeloideachas, a bhfuil taighde idir lámha acu, nó a bhfuil rún acu taighde a dhéanamh, sin a chur i láthair lucht an tseimineáir.

Ag brath ar líon na ndaoine a iarrann cur i láthair a dhéanamh, beidh seisiúin ghairide idir 15 agus 30 nóiméad ann le cur i láthair a dhéanamh.
Bunaíodh An Coiste Seasta Thuaidh/Theas ar Ghaeloideachas i mBealtaine 2009  agus tá an coiste tar éis teacht le chéile trí huaire ó shin.

Tá ballraíocht ag  ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí gaelscolaíochta agus gaeloideachais thuaidh agus theas araon ar an choiste.
Is é fócas an choiste torthaí dearfacha a bhaint amach do dhaoine óga, do thuismitheoirí agus do pháirtithe leasmhara Gaelscolaíochta trí bheith ag roinnt eolais agus ag sainaithint achair chomhroinnte agus achair chomhoibrithe thrasteorann.  

Tá sé i gceist ag an Choiste Seasta deis a chur ar fáil do lucht déanta taighde ar an ghaeloideachas eolas a mhalartú ar thaighde ar an ghaeloideachas ar fud an oileáin agus níos faide i gcéin.

Is mian leis an choiste deis a chur ar fáil do lucht riartha agus do lucht soláthair an ghaeloideachais eolas a fháil ar thaighde le gur féidir leis sin cuidiú leo i gcur i gcrích a gcuid oibre.

Le cois lucht taighde, tá súil ag an choiste go mbeidh suim sa seimineár seo ag príomhoidí agus ag príomhstiúrthóirí réamhscolaíochta, ag oiliúnóirí oideachais agus ag lucht riartha an oideachais agus na Gaeilge.

Más mian leat cur i láthair a dhéanamh nó más maith leat freastal ar an seimineár déan teagmháil le snichoinn@comhairle.org go luath.

Imeacht IdirScoile – Gaelscoil Bhaile Brigín agus Gaelscoil Thulach na n-Óg

Samhain 15, 2010

Tá Gaelscoil Bhaile Brigín ag obair i dtreo Brat Glas a bhaint amach don scoil.  Thosaíomar ar ár gcuid cruinnithe le gairid faoi stiur Mhúinteoir Clíodhna. Chuireamar tús lenár gcuid taighde maidir lenár gcuid cleachtais féin anseo sa scoil i dtaobh bruscair sna ranganna, sa chlós agus eile!  Chun cabhrú linn tús maith a chur lenár bhfeachtas,  thug ár gCoiste Glas  cuairt ar Ghaelscoil Thulach na n-Óg an tseachtain seo chun bualadh le Coiste Glas na scoile sin, atá ag feidhmniú le píosa agus go bhfuil an brat glas faighte acu. Ba deis iontach é seo dúinn taighde a dhéanamh agus bualadh le coiste eile. Bhí go leor ceisteanna againn dóibh, agus dfhoghlamaíomar a lán uathú. Roinn siad an t-eolas a bhí acu go fíal, faoi stiúr Mhúinteoir Adrian.  Chuamar ar siúlóid timpeall na scoile chomh maith chun na rudaí íontacha atá curtha i bhfeidhm acu a fhéiceáil ar nós muiríní agus piastlann!  Bhí cuairt den scoth againn leo agus chuir Gaelscoil Thulach na n-Óg fáilte uí Cheallaigh romhainn le lón álainn agus cairdeas, agus táimid fíorbhuíoch dóibh.  Bhí an-chraic chomh maith nuair a d’eirigh le daltaí Ghaelscoil Bhaile Brigín dul amach ar an gclós le Gaelscoil Thulach na n-Óg ag am loin! Tá muid ag súil cheana féin leis an gcéad chuairt eile!

Seimineár Lae do dhaltaí na hArdteistiméireachta

Samhain 15, 2010

Is éard a bheidh sa Seimineár sraith de chainteanna ar litríocht na Nua-Ghaeilge a dhíreoidh ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta 2010/11 agus pléifear míreanna áirithe den chúrsa sin lena linn. Tá clár an lae le fáil ag an nasc seo.

Caithfear na foirmeacha iarratais a chur sa phost roimh an Luan 15  Samhain 2010.  Ós rud é go bhfuil teorainn chinnte le líon na mac léinn ar féidir linn freastal orthu tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a thagann isteach.

Tá costas €10 in aghaidh an mhic léinn ar an Seimineár Lae. Is féidir clár imeachtaí an lae mar aon le foirm iarratais ach teagmháil a dhéanamh le  Stiúrthóir an tSeimineáir Lae eimhear.nidhuinn@ucd.ie.

Ní cheadófar d’aon ghrúpa mac léinn bheith i láthair ag an Seimineár gan múinteoir amháin ar a laghad a bheith ina dteannta i gcaitheamh an ama.  Ní ghearrfar aon táille ar mhúinteoirí.

Tá an Seimineár Lae seo á reáchtáil ag ábhar na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an Aoine, 10 Nollaig 2010.

Gaeloideachas nó dátheangachas?

Samhain 15, 2010

Mheabhraigh mé ar cheist mhórchúiseach ‘Gaeloideachas nó dátheangachas?’ cúpla seachtain ó shin agus mé in Albain le toscaireacht de dhíograiseoirí Gaeilge ó na sé chontae.

Bhí muid ar thuras staidéir trí lá go hAlbain inár bhuail mé le roinnt grúpaí agus gníomhaithe Ghaeilge na hAlban. Dream spreagúil, díograiseach a bhí iontu a thug muid go Parlaimaid na hAlba i nDún Éideann, go Glaschú agus go Cumbernauld- áit ar fhoghlaim muid fá thógraí athbheochana teanga den scoth a chuir lúcháir ar ár gcroíthe. Thóg muid nascanna buaina a bheas ag bailiú nirt sna blianta amach romhainn.

Mar sin féin, is cuairt a thug muid ar bhunscoil agus meánscoil dhátheangach a chothaigh buairt ionam, chan amháin fá Ghaeilge na hAlban i gcóras oideachais s’acu, ach fán athbheochan teanga seo againne in Éirinn.

Go deimhin, is ar éigean a d’fhéadfaí scoil dhátheangach a thabhairt orthu sa chaoi is go raibh sciar maith de na páistí gan Gaeilge ar a dtoil acu ar chor ar bith. Aonaid Ghaeilge na hAlban i scoileanna Béarla a bhí iontu agus is iad na haonaid seo atá go mór i réim thall.

I mBunscoil Cumbernauld, bheannaigh an príomhoide dúinn le cúpla focal Gaeilge ag an doras sular fhill sí ar an Bhéarla. Mhínigh sí nach raibh líofacht aici agus go raibh 137 páiste san aonad Gaeilge agus 107 sa chuid Bhéarla.

Bhí córas iomlánaithe i réim seachas ceann deighilteach, dar léi. Scoilphobal amháin a bhí iontu le héiteas amháin. An t-aon difear idir na páistí, dar léi, ná gur fhág sciar maith acu an scoil le caighdeán ard Gaeilge agus Béarla seachas an dream eile a d’fhág le Béarla amháin.

D’admhaigh sí gur Béarla a bhí mar theanga an chlóis, teanga an tionóil maidine agus teanga na bhfoirne peile mar bhí ‘Béarla acu uilig ar ndóigh’. Dúirt sí gur oibrigh córás s’acu ar bhonn ‘comhionannais’ seachas ar bhonn scoilteach inár raibh dhá aonad ar leith ann le féinaithne dhifriúil a d’fhéadfadh naimhdeas a chothú.

Príomhoide cumasach a bhí inti ar scoil mhaith inár raibh ardchaighdeán oideachais. Scoil Bhéarla le cur chuige dátheangach den chuid is mó. Áit nach raibh comhionannas idir na teangacha le fírinne.

Ní ‘Gaelscoil’ a bhí ann in aon chor, dar liom.

Bhí an bhunscoil mar ‘feeder’ chuig an mheánscoil, áit ar fháiltigh an leasphríomhoide agus an ‘Captain’ linn nuair a chuaigh muid ar cuairt. Bheannaigh muid dóibh i nGaeilge na hAlban ach ghabh siad leithscéal mar nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu.

Mhínigh an leasphríomóide go raibh 1,300 ar an scoil seo agus 35 san Aonad Gáidhlig. Bhí a seomra ranga féin acu. Rinne siad ceithre ábhar trí Ghaidhlig ‘s an chuid eile trí Bhéarla go dtí deireadh na dara bliana. Ó shin ar aghaidh, ní raibh na háiseanna teagaisc acu chun leanúint leis an Ghaeilge agus mar sin, bhog siad isteach go hiomlán leis an ghnáthscoil Bhéarla.

Bíodh is gur féidir a áiteamh go bhfuil Gaeilge na hAlban in áit níos láidre mar gheall ar na hAonaid seo, ní dóigh liom gur féidir a léiriú go gcuireann siad le sealbhú nó aistriú teanga san fhadtéarma.

Taispeánann taighde idirnáisiúnta teangeolaíochta agus sochtheangeolaíochta gur fríd an tumoideachas is fearr a tharlaíonn an t-aistriú seo.

I dTír na mBascach sa Chatalóin agus sa Bhreatain Bheag – áiteanna láidre athbheochana- ní chuirfidís muinín in aon chur chuige eile. Tá sé le tuiscint acu mar lucht athbheochana ar theangacha mionlaigh gur fíor an méid a deir Alberto Memmi, ‘In the linguistic conflict between the powerful and powerless, the mother tongue of the colonised is that which is crushed’.

Is fríd an tumoideachas a chothaítear sealbhú teanga cuí sa dara teanga agus féiniúlacht neamhspleách a bhíonn seasmhach agus muiníneach inti féin. Brúnn an dátheangachas i scoileanna, áit na leathphingine ar an ‘chol ceathrair bocht’- an mionteanga atá i gcónaí ag snámh in aghaidh an tsrutha teangeolaíochta.

Is í an fhís radacach dhíchoilínithe chéanna, a thuig Memmi, a spreag muintir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe nuair a bhunaigh siad an chéad Ghaelscoil tumoideachais sna sé chontae i 1971 i gceantar bunaicmeach agus in ainneoin comhthéacs corraitheach ina raibh an pobal náisiúnach faoi léigear polaitiúil stáit agus míbhuntáiste socheacnamaíochta.

Bunaíodh í agus mhair sí gan tacaíocht airgeadais ar bith ón stát ar feadh ceithre bliana déag. Mhair sí agus d’fhás sí mar go raibh sí fréamhaithe sa phobal. Chothaigh sí misneach, cumhachtú, féinmhuinín agus féiniúlacht i measc pobal a fágadh ar an trá fholamh. Thug sí deis don phobal seilbh agus úinéireacht a ghlacadh ar chinniúint agus oideachas s’acu féin. Le héiteas ilchreidmheach, measúil, oscailte agus mealltach a chuaigh sí i bhfeidhm ar an mhórphobal ó thuaidh.

Is í an fhís pobail chéanna a spreag Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna i 1973. B’éigean don dá scoil agus na pobail a dhlúthaigh leo maireachtáil in ainneoin freasúracht fhíochmhar ón Eaglais agus ón Stát- institiúidí a chuir cumhacht heigeamaineach s’acu féin os comhair mhianta an phobail; institiúidí a bhí amhrasach fá ‘chumas agus ábaltacht’ an phobail.

Rinneadh neamhaird ar na hinstitiúidí agus lean pobail éagsúla sampla na gceannródaithe seo agus an mana iomráiteach, ‘ná habair é, dean é’. Mar thoradh air seo, cruthaíodh oideachas don phobal, trí mheán an phobail agus ar son an phobail.

Os a choinne sin, ní i bhfad a bhíonn siad siúd le cumhacht in Éirinn ina suan. De réir a chéile, tháinig na ‘haonaid’ Ghaeilge i scoileanna Béarla chun cinn mar an bealach ‘gearrthéarmach’, ‘praiticiúil’, ‘gairmiúil’ agus ‘níos saoire’ chun an Ghaeilge ‘a fhorbairt’ sa chóras oideachais.

Bíodh is go ndeirtear go minic go mbeidh deis forbartha don ‘aonad’ bheith ina scoil neamhspleách sa todhchaí, is fíor-annamh a tharlaíonn seo. Lena chois sin, beidh aon fhorbairt ag brath ar dhea-thoil agus bá ó phríomhoide is gobharnóirí sa scoil Bhéarla. Ó dheas, níor éirigh ach le scoil amháin forbairt ina scoil shaor-scartha agus dúnadh roinnt eile.

Ainneoin go bhfuil roinnt eile ag feidhmiú, ní mór dúinn aon ‘choigiltí gearrthéarmacha don cháiníocóir’ a mheas in éadan na mbuntáistí tumoideachais agus athbheochana teanga a chailltear i gcuir chuige na n-aonaid.

Ó thuaidh, chríochnaigh seanstraitéis státseirbhíseach seo na hAonaid mar rogha na coitiantachta le blianta beaga anuas i measc iad siúd le ‘dualgas reachtúil’ chun an Gaeloideachas a fhorbairt.
Is mar gheall ar an straitéis seo atá roinnt mhór ‘Gaelscoileanna’ sna Sé Chontae faoi stiúir agus ar shuíomh Scoileanna Caitliceacha agus easpa scoileanna saorscartha beartaithe.

An bhfuil amhras ar aon duine go gcuirfidh an straitéis seo deireadh le fís Bhóthar Seoighe agus lehearnáil an Ghaeloideachais i gcoitinne? Ní amháin go gcaillfear an fhís ilchreidmheach, neamhspleách agus an fhéiniúlacht shainiúil a bhí fréamhaithe in úinéireacht agus cumhachtú pobail ar mhaithe le hoideachas Caitliceach ina bhfuil daltaí le Gaeilge; ach is cinnte gur boichte deiseanna tógála na Gaelscolaíochta agus athbheochan na Gaeilge trí chéile mar gheall air.

Sa mhílaois úr, ina mbeidh 50% do theangacha an domhain ag fáil bháis fríd bhrú sochpholaitiúil, sochtheangeolaíochta agus socheacnamaíochta ó theangacha cumhachtacha ar nós an Bhéarla, nach mithid dúinn tús a chur le díospóireacht dháiríre fán mhodh oideachais is oiriúnaí do shlánú na Gaeilge?

Is gníomhaire teanga é an Dr. Fearghal Mac Ionnrachtaigh i mBéal Feirste. Oibríonn sé do Forbairt Feirste.

Aoichainteoirí spreagúla ag seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge”, BÁC

Samhain 12, 2010

Rinne painéal aoichainteoirí cur i láthair do na daltaí faoin bhuntáiste breise a bhaineann leis an Ghaeilge a labhairt. Tar éis an chur i láthair bhí deis ag na daltaí ceisteanna a chur ar an phainéal. Bhí meascán d’áoichainteoirí ar an phainéal a raibh an Ghaeilge acu ó dhúchas agus aoichainteoirí nach raibh an Ghaeilge acu ó dhúchas, ach bhí rud amháin comónta eatarthu agus sin go raibh an Ghaeilge mar bhuntáiste mór dóibh ina saol oibre agus ina saol pearsanta.

Ar an phainéal aoichainteoirí i mBaile Átha Cliath bhí an t-iriseoir spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuillin, Eoghan Mac Diarmada láithreoir Spin1038, Anna Davitt Stiúrthóir ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, Colm Mac Con Iomaire ón bhanna ceoil The Frames, Doireann Ní Chorragáin atá ag obair mar scríbhneoir trí mheán na Gaeilge le bliain anuas, agus Micheál Ó Meachair, léachtóir teanga i DCU. Léirigh an painéal do na daltaí nach bhfuil ort a bheith i do chainteoir dúchais Gaeilge chun rath a bheith ort i saol na Gaeilge. Dúirt Evanne Ní Chuilinn leis na daltaí “fiú mura Gaeilgeoirí dúchais sibh, ná coinneoidh sé sin siar sibh an Ghaeilge a labhairt, níor choinnigh sé siar mise”. Ní cainteoir ó dhúchas é Eoghan Mac Diarmada, chuir sé comhairle ar na daltaí “a bheith bródúil as cé mhéad focal beag atá agat”.

Is cainteoir dúchais é Colm Mac an Iomaire, Rugadh agus tógadh Colm Mac an Iomaire i mBaile Átha Cliath . Rinne Colm cur síos barrúil air féin ag fás anois ag labhairt Gaeilge i mBaile Átha Cliath “bhreathnaíodh daoine orm féin agus mo chlann mar a bheadh dhá chloigeann orainn nó mar eachtrannaigh nuair a labhraíodh muid Gaeilge i siopaí!” Dúirt sé go raibh sé deacair fás anois leis an Ghaeilge mar go raibh siad “difriúil” ó dhaoine eile i mBaile Átha Cliath ach is “níos déanaí sa saol a thuig mé luach m’oidhreachta” a deir sé.

Tar éis an chur i láthair chuir na daltaí réimse leathan ceisteanna ar na haoichainteoirí. Chuir dalta ceist ar Cholm Mac an Iomaire ” Céard é an buntáiste is mó a bhaineann le bheith ag labhairt na Gaeilge duit?” Dúirt Colm “Bíonn mé ar mo sháimhín só leis an Ghaeilge, is cuma cén áit sa tír a bhfuil mé.

Tugann sé deis dom a bheith ceangailte leis an tír. Is rud spioradálta dom í”. Bhí na haoichainteoirí suimiúil, spreagúil agus barrúil!. D’iarr duine de na daltaí “Céard a mheall sibh teacht anseo inniu?” Dúirt Eoghan Mac Diarmada “tháinig mé anseo le haghaidh tae agus brioscaí!”

Bronnadh duais ar an dalta a chuir an cheist is fearr ar an bpainéal. Is í Fiona McKenny ó mheánscoil Notre Dame, Baile Átha Cliath a chuir an cheist is fearr. Fuair sí duais de luach EUR425 a bhí urraithe ag Gael Linn.

Gaelscéal – Caroline Ní Chualáin
12 Samhain 2010

Comórtas G!

Samhain 11, 2010

Sonraí maidin leis an gomórtas d’iarbhunscoileanna, eagraithe ag Glór na nGael agus Foinse le híoslódáil anseo…

…agus Foirm Iontrála le híoslódáil anseo!

Gaelcholáiste Chiarraí – Lá na mBunscoileanna

Samhain 10, 2010

Ar an 6ú Deireadh Fómhair  2010 bhí lá d’imeachtaí spóirt agus cultúrtha ar siúl í nGaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí. B’iad daltaí cead bliana an Ghaelcholáiste agus daltaí rang a sé o na bunscoileanna Lán Ghaelach sa cheanntar a fhreastal air. Tháinigh slua mór le thart ar 150 dalta ag glacadh páirt ó Ghaelscoil Mhic Easmainn (Trá Lí), Gaelscoil Aogain (Oileán Chairraí) agus Gaelscoil Lios Tuathail chomh maith le daltaí an Ghaelcholáiste.

Chuir Príomhoide an Ghaelcholáiste, Pádraig Ó Dálaigh, fáilte roimh chách agus cuireadh tús le na h-imeachtaí. Tráth na gceist boird a bhí ann ar dtús le baill ó gach scoilar gach fhoireann. Bhain na daltaí an-taitneamh as agus bhi sár chomórtas ann. Tugadh soláistí dos na daltaí i ndiaidh seo agus chuir Banna Ceoil an Ghaelcholáiste taispeántas iontach i láthair.

Tar éis lón bhog gach duine go dtí an Ionad Spóirt i dTrá Lí ina raibh rásanna spraiúil 3 chos, rásanna paca, rásanna ubh ‘s spúnóg agus rásanna 100M. Bhí sár craic agus bhi roinnt luthchleasaithe iontacha le feiscint!
Ar deireadh na comórtaisí rinne Bainisteoir Foireann Shínsearach Chiarraí Jack O Connor bronnadh ar na daltaí a bhuaigh sna h-imeachtai éagsúla. Tá súil againn go mbeidh a leithéad de lá againn arís!

Lá Idirscoile Ghaelscoil Ghleann Darach agus Bhunscoil Bheanna Boirche

Samhain 8, 2010

Bhí lá iontach ag an dá scoil i gCaisleán Uilliam le déanaí nuair a thug Gaelscoil Ghleann Darach cuairt ar Bhunscoil Bheanna Boirche le hamharc ar an scoil úr a tógadh do Bhunscoil Bheanna Boirche.  Chuir Aedín Ní Ghadhra, Príomhoide Bhunscoil Bheanna Boirche fáilte mhór roimh dhaltaí Ghleann Darach agus chuir sí soláistí bia ar fáil do na páistí.

Chuaigh daltaí Ghleann Darach isteach agus d’éist siad leis an Phríomhoide ag caint leis na cuairteoirí. Chuidigh Rang 7 agus Rang 6 ó Bhunscoil Bheanna Boirche leis na soláistí agus phléigh siad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhain le scoil úr a bheith acu agus ba mhór an tsuim a chuir páistí Ghaelscoil Ghleann Darach ann ag éisteacht leis an taithí agus ag amharc ar na féidearthachtaí don scoil nua a bheidh acu ar ball.  Mhothaigh Rang 6 agus 7 go raibh níos mó solais sna seomraí agus mhothaigh na gasúir gur mhaith an rud é páirc a bheith acu le spórt a imirt.  Shíl siad an dúrud den scoil a bheith le chéile agus de na cláir bhána idirghníomhacha sna seomraí ranga a chuidigh leo an fhoghlaim a dhéanamh níos suimiúla.

Bhí am ann don lón ansin agus thug sin faill do na múinteoirí siúl thart fán fhoirgneamh agus ceisteanna a chur ar fhoireann na scoile faoi impleachtaí na scoile úire ar theagasc na bpáistí agus ar fheidhmiú na scoile mar aonad iomlán.  Leis sin ghlac siad smaointe abhaile leo ar  dhearadh na scoile úire i nGleann Darach.  Ag am lóin bhí deis ag na daltaí súgradh lena chéile agus aithne a chur ar a chéile.

Chuaigh múinteoirí an dá scoil amach sa chlós leis na páistí agus d’imir siad cluichí leo ach toisc brú ama bhí orainn deireadh a chur leis an lá le seisiún ceoil.   Cuireadh tús le caidreamh ar an lá idirscoile idir na páistí agus tugadh seans dóibh bualadh le chéile agus taithí a roinnt idir mhúinteoirí agus dhaltaí beirt. Socraíodh roinnt imeachtaí mar gheall ar an taithí.  Beidh na páistí is sine ag scríobh ríomhphost idir an dá scoil toisc iad aithne a chur ar a chéile ar an lá agus gealladh comhimeachtaí eile a shocrú amach anseo as siocair an dá scoil ar cóimhéid ar comh-thaithí.    

Ráitis ó na páistí:

Bhí sé deas dul agus scoil nua a fheiceáil. Bhí na seomraí go hiontach agus is fearr liom na seomraí seo ná an rang a bhfuilimid faoi láthair. Ruairí

Bhí an méid céanna paistí sa scoil eile agus bhí an clós go hiontach.  Thug sé seans dúinn súgradh le daoine nua agus bhí Gaeilge acu fosta!

Bhí na daoine i nGaelscoil Ghleann Darach go hiontach ag ceol is mór an trua gur thosaigh an fhearthainn agus bhí orainn dul isteach.

Ráiteas ó Phríomhoide Ghleann Darach:

Míle buíochas de Gaelscoileanna Teo. as an deis a thabhairt dúinn dea-chleachtas a roinnt, aithne a chur ar a chéile agus cairdeas a bhunú idir an dá phobal scoile.  Ábhar spreagtha Gaelach a bhí ann a thug spléachadh dár gcuid páistí gur cuid de mhórphobal na Gaeilge an dá ghrúpa daltaí agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór orthu.  Bhí Comhairle na nDaltaí lán de smaointe dár scoil da bharr, bhí na múinteoirí spreagtha go raibh fíorú físe le feiceáil i gCaisleán Uilliam mar gheall ar an scoil úr ar an phobal láidir Gaelach a bhí le sonrú i gCaisleán Uilliam faoi cheannasaíocht an Phríomhoide agus go bhfuil toradh a saothair mar ábhar dóchais againn agus muid i gceann ár n-aistir.

« Previous PageNext Page »