Méid an Téacs

Ciorcal Comhrá Iarscoile

Samhain 2, 2011

D’éirigh go hiontach leis an gcéad Ciorcal Comhrá  do mhicléinn iarbhunscoile a bhí ar siúl i gCeatharlach ó thús na scoilbhliana reatha go dtí an briseadh lárthéarma.

D’fhreastail micléinn sa chúigiú agus sa seú bhliain ó cheithre scoil éagsúil ar na seisiúin cainte seachtainiúil. Eagraithe ag Glór Cheatharlach agus faoi stiúir an mhúinteora Andrea Ní Fhaoláin, cuirfear tús le sraith nua den chiorcal comhrá iarscoile tar éis an tsosa. Díríonn an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Ar ndóigh tá micléinn ag cur fáilte roimh gach deis dá leithéid agus iad ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail. Beidh an Ciorcal Comhrá Iarscoile ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Luan ó 4.30 go 5.30i.n. ag tosnú ar an Luan, 7 Samhain. Leanfaidh an ciorcal ar aghaidh ar feadh sé seachtainí go laethanta saoire na Nollag. An táille don tréimhse ná EUR15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340047, 087 2857048 nó eolas@glorcheatharlach.ie

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach

Gaelscoil na bhFilí – Cuairt Scoile

Samhain 2, 2011

Bhí an-spórt agus spraoi againn. Bhaineamar an-sult as “Lá Idirghaelscoileanna”. Thug sé deis iontach dúinn an Ghaeilge a leathnú amach ó na leabhair agus í a úsáid mar theanga bheo.

Ghlac na páistí ról lárnach i n-eagrú an lae. Chuir sé seo go mór leis an ócáid. Chum na páistí ceisteanna i gcomhair Tráth na gCeist bunaithe ar rudaí foghlamtha i mbliana. Thaitin an gníomhaíocht seo go mór leis na páistí. Rinneamar ealaín le chéile. Bhain gach duine an-sult agus tairbhe as an seisiúin Féach agus Freagairt. D’fhoghlaim siad go leor rudaí nua ó na páistí eile, msh. nósanna na scoileanna eile. Dhear gach páiste a gcuid masc féin ag baint úsáide as cur chuige éagsúla, msh. úsáid péint, dathanna éagsúla, srl.

Bhí am seanchaí againn. Mhúin na páistí amhrán nua do na cuairteoirí. Bhí an aiseolas ar fad an-dearfach. Táimíd ag súil go mór le lá idirghaelscoileanna 2012. Bhí na páistí fágtha leis an teachtaireacht shoiléir go bhfuil an Ghaeilge labhartha taobh amuigh de gheataí na scoile agus ní amháin sa seomra ranga.

An Tionól Teagaisc

Samhain 1, 2011

Táthar ag súil go mbeidh cúig chéad múinteoir i láthair ag an Tionól Teagaisc in Ollscoil Mha Nuad ar an Aoine 11 agus ar an Satharn 12 mí na Samhna.

Tá an tionól  á reáchtáil ag  an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus beidh an-bhéim ar na hathruithe suntasacha  atá ar na bacáin do chóras measúnachta na scrúduithe stáit.

Osclófar an Tionól go hoifigiúil tráthnóna Aoine agus leanfaidh sé ar aghaidh ar an Satharn le rogha tríocha ceardlann phraiticiúil curtha i láthair ag múinteoirí Gaeilge éagsúla agus ag saineolaithe eile.

Seimineár náisiúnta a bheidh ann agus reáchtálfar ceardlanna do mhúinteoirí  iarbhunscoile ar ghnéithe éagsúla do theagasc na Gaeilge ó úsáid iPadanna  agus an nuatheicneolaíocht sa seomra ranga  go ceist na litearthachta.

Tuilleadh eolas: oifig@tionolteagaisc.com.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Cuireadh Chun Cainte le seoladh i rith Oireachtas na Samhna

Samhain 1, 2011

Tugtar cuireadh don phobal bheith i láthair ag seoladh oifigiúil an DVD Cuireadh Chun Cainte le linn Oireachtas na Gaeilge, ar Dé hAoine 04 Samhain, ag 6pm, sa Seomra Onóra de chuid an INEC, Cill Airne.

Treoir phraiticiúil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge atá sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte,’ atá curtha i láthair ag Marcus Lamb, dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.

Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfidh an ghné seo na daltaí ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú don scrúdú.  Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.

Tá an pacáiste teagaisc seo oiriúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon agus tá sé feiliúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht, Gaelcholáistí agus scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Tá an seoladh oifigiúil den DVD agus den áis teagaisc oscailte do chách agus bronnfar DVD in aisce ar gach duine a bheidh i láthair.  Beidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin i láthair ag an ócáid mar aíonna speisialta chun an áis teagaisc seo a sheoladh.  Iarrtar orthu siúd a mbeidh ag freastal ar an ócáid a n-ainmneacha a chlárú don seoladh roimh ré le Cillian ag 01 679 4780, cillian@comhdhail.ie.

Chuir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, agus Líonra Proifisiúnta Múinteoirí maoiniú ar fáil don áis teagaisc ‘Cuireadh Chun Cainte’.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Deiseanna fostaíochta Gaeilge le plé i gCúige Mumhan

Samhain 1, 2011

Tugtar cuireadh do scoileanna i gceantair Luimnigh agus Phort Láirge chuig seimineáir ar an nGaeilge agus gairmeacha, a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go luath.

Agus rang na hArdteiste 2011 ag tosú ar a gcuid cúrsaí ollscoile go luath, tá sé tráthúil go bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.

Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha san iar-bhunscoil páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Reáchtálfar seimineáir i gcathair Luimnigh ar an Máirt, 22 Samhain agus ar 23 Samhain tiocfaidh camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge chomh fada le Dún Garbhán Co. Phort Láirge.

Beidh an seimineár i nDún Garbhán ar an séú seimineár déag a bheidh reáchtáilte ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas agus faoin am seo beidh freastal déanta ag na seimineáir seo ar 120 iar-bhunscoil agus suas le 4,300 dalta scoile timpeall na tíre.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.

I measc na gcainteoirí i Luimneach beidh an ceoltóir aitheanta agus príomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú, Muireann Nic Amhlaoibh, Breandán Mac Fhionnghaile atá ina Oifigeach Forbartha leis An Clár As Gaeilge mar aon le Dónal Ó hAiniféin atá ina phríomhoide i nGaelscoil Mhichíl Chíosóig, Ciara  Considine atá fostaithe mar Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin in Ollscoil Luimneach agus Bláthnaid Ní Dhonnchadha bean óg a Co. An Chláir a d’fhoghlaim Gaeilge agus atá ag obair leis na meáin chumarsáide.

An lá dár gcionn beidh painéal iontach eile d’aoichainteoirí i láthair in Óstán na Páirce i nDún Garbhán chun cur síos ar a dtaithí féin – ina measc beidh Mairéad Ní Mhurchú Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton sa Rinn, labhróidh Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge Máire Seosaimhín Breathnach ar a cuid oibre leis an gComhairle Contae, agus tabharfaidh peileadóir óg le Port Láirge agus múinteoir i scoil sa Sean Phobal Liam Ó Lonáin léargas ar an gconair a thóg sé siúd agus é ag roghnú a ghairme.

Déanfaidh Áine Ní Shléibhín atá ina hOifigeach Forbartha le Gael Taca i gcathair Chorcaí cur síos ar a cuid oibre agus beidh cur i láthair an-suimiúil le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir Iar-Aire le Cumann na bhFiann.
Le dhá phainéal mar atá thuasluaite is cinnte go mbeidh cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Litearthacht sna scoileanna lán-Ghaeilge le plé ag comhdháil Ghaelscoileanna

Samhain 1, 2011

Díreoidh Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna 2011  ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Tionólfar an in Óstán an Tullamore Court ar An Tulach Mhór ar an 25 agus 26 Samhain 2011.

Bíonn an chomhdháil dírithe ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbun- agus iar-bhunleibhéal ach go háirithe. Eagraítear cruinniú cinn bhliana na heagraíochta le linn na comhdhála.

Ag Saibhriú Saol Páistí is téama don Chomhdháil i mbliana. Mar is gnách le linn na Comhdhála beidh léachtaí éagsúla a dtabhairt maille le seisiúin chainte.  Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé ag an deireadh seachtaine chomh maith.

Beidh neart ceardlann ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl freisin agus beidh go leor seastán eolais i láthair thar an deireadh seachtaine.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Aonach Oibre i mBéal Feirste

Samhain 1, 2011

Ar Déardaoin 17 Samhain beidh Aonach Mhór Oibre mar aon le seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Forbairt Feirste i gcomhair le Coláiste Feirste agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá an Aonach Oibre seo á reáchtáil ag Coláiste Feirste i gcomhair le Forbairt Feirste le breise is sé bliana anuas agus tá an ócáid seo ag dul ó neart go neart gach bliain.

Le breis agus dhá bhliain anuas tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar chamchuairt leis na  seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge agus anuraidh nasc an Choláiste agus Forbairt Feirste an Aonach Oibre leis an seimineár agus de bharr gur éirigh chomh maith sin leis an ócáid le suas le cúpla céad dalta scoile a d’fhreastail air, bheartaíodh iad a nascadh arís i mbliana.

Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid seo á reáchtáil ar an Déardaoin, 17 Samhain. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh an craoltóir Louise McCreesh a bhíonn ag obair le BBC Raidió Uladh.  Labhróidh an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge Marke Harte as Co. Thír Eoghan faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dhó agus é ag dul i mbun gairm beatha agus ag obair le Campa Chormaic. labhróidh Ciarán Mac Giolla Bhéin atá ina Oifigeach Foirne Oideachais – Óige & Iarscoile ar a cuid oibre lei Foras na Gaeilge i mBéal Feirste.

Le linn an Aonach Oibre beidh neart eolas a thabhairt amach do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge agus beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith. Anuas ar seo beidh deis iontach ag daltaí scoile eolas a fháil ó ionadaithe na heagraíocht éagsúla a bheith i láthair ag na seastáin.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Gaelcholáiste nua i nDún Droma – Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Samhain 1, 2011

Le cúig bliana anuas tá coiste de thuismitheoirí le páistí i ngaelscoileanna an cheantair tar éis feachtas a eagrú chun go mbunófaí meánscoil nua lán-ghaelach i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.  Mar sin tá áthas orainn an nuacht a bhíomar ag tnúth chomh mór sin leis a chloisteáil le déanaí, sé sin go n-osclófar Gaelcholáiste nua i nDún Droma sa bhliain 2014. An t-ainm a moltar don scoil seo, a mheastar a bheidh ar láthair ar Bhóthar Sydenham atá lámh le sráidbhaile Dhún Droma, ná “Gaelcholáiste an Phiarsaigh”, in ómós do Phádraigh Mac Piarais, oideachasóir nuálaíoch agus bunaitheoir ar an gcéad scoil lán-ghaelach, Scoil Éanna, sa bhliain 1908, i dTeach Cullenswood i Raghnallach. Bhog an scoil seo amach go Ráth Fearnáin, go dtí an áit a ghlaotar Páirc Éanna uirthi anois, sa bhliain 1912, agus rinne sí freastal ar an bpobal go dtí an bhliain 1932. Dearbhaíodh bunú Ghaelcholáiste an Phiarsaigh i litir a tháinig ón Roinn Oideachais a eisíodh mar thoradh ar ráiteas oifigiúil ón Uasal Ruairí Quinn, an tAire Oideachais agus Scileanna, i rith an tsamhraidh, 2011.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis na daltaí agus leis na múinteoirí ar fad a thug tacaíocht chomh díograiseach don bhfeachtas seo agus a chuidigh linn an toradh thar-a-bheith suntasach seo a bhaint amach.  Go luath, beidh fíor-rogha i gcúrsaí oideachais ag an bpobal i ndeisceart ár gcathrach, agus is céim mhór chun cinn do Ghaeilge sa cheantar í seo freisin.

Cé go bhfuil díomá orainn nach mbeidh an deis ag na páistí atá i Ranganna 6 agus 5 an bhliain seo freastal ar an nGaelcholáiste, tá áthas orainn go mbeidh an deis ag na páistí atá anois i Rang 4 agus faoina bun buntáiste a bhaint as an scoth-rogha oideachais a bheidh á cur ar fáil ag an nGaelcholáiste. Ón mbliain 2014 ar aghaidh beidh rogha níos fairsinge ó thaobh na meánscolaíochta lán-ghaelaigh de, ag na páistí sa cheantar, agus i ndáiríre, don chéad uair riamh, beidh fíor-dheis ag neart teaghlach oideachas meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge a roghnú dá bpáistí.

De réir rialacha na Roinne Oideachais roghnaítear pátrún scoile nua ar bhonn iomaíochta. Is é Coiste Gairmoideachais (.i.VEC) Chontae Bhaile Átha Cliath rogha-phátrún choiste an Ghaelcholáiste ón mbliain 2005 agus an-tacaíocht tugtha aige don fheachtas. Beidh an Coiste Gairmoideachais ag déanamh iarratais ar  phátrúnacht Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, iarratas a bheidh an-láidir mar thoradh ar an sain-taithí atá aige ar na cursaí seo, a riar áiseanna agus airgeadú cuí.  Is léir ó na céadta litreacha tacaíochta ar fad a tháinig ó thuismitheoirí, ó dhaltaí, agus ó scoileanna áitiúla atá ann cheana, mar aon lé ráitis tacaíochta ó eagrais chomhluadair áitiúla agus ó ionadaithe tofa, gurb é Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath a bheadh mar phátrún ar an scoil nua, agus beidh an coiste againne á chur seo faoi bhráid na Roinne Oideachais i litir tacaíochta.  Táthar ag súil go seolfaidh pátrúin ionchasacha, Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ina measc, eolas ag scoileanna agus ag tuismitheoirí maidir leis an ngaelcholáiste nua sna seachtainí atá romhainn, agus go ngairmfear cruinniú ginearálta ar an 29ú Samhain, ag láthair atá fós le cinntiú.

Sna míonna atá ag teacht, tá sé i gceist againn imeachtaí spóirt agus cultúrtha a eagrú do na daltaí atá anois i Rang 4 sna gaelscoileanna áitiúla ar fad. Táimid ag súil go gcruthóidh sé seo líonra cairdis idirscoile nua, rud a bheidh tábhachtach chun comhluadar láidir a bhunú sa Ghaelcholáiste. Beimid i dteagmháil libh le tuilleadh eolais ag an am cuí. Bheadh fáilte i gcónaí ó éinne a bheadh ar fáil chun cúnamh a thabhairt leis na himeachtaí a eagrú agus iad a chur sa tsiúil.

Is sinne le mór-mheas,

Coiste Bunaithe,

Gaelcholáiste an Phiarsaigh,

Dún Droma.

An Irishwoman’s Diary

Samhain 1, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous Page