Méid an Téacs

Cómórtas Aiste Staire trí mheán na Gaeilge

Márta 5, 2012

Mar chuid den iarracht chun Stair trí Ghaeilge a spreagadh in iar-bhunscoileanna, beidh comórtas aiste á reachtáil ag Cumann Múinteoirí Staire na hÉireann arís i mbliana. Tá an spriocdháta le haghaidh seo ar an 16ú Márta.

Glacfar le hiarrtais ó dhaltaí a mbeidh scrúdú na hArdteistiméireachta sa Stair á dhéanamh acu i 2012 nó 2013.

Treoir agus Coinníollacha:
•    Scríobh aiste i nGaeilge (ar nós an TST san Ardteistiméireacht) ina mbeidh na heilimintí seo  a leanas:

– teideal cruinn soiléir le fócas cúng

– ábhar suntasach stairiúil atá sainmhínithe go soiléir

–  struchtúr cuí, le réamhrá agus conclúid

– líne forbartha loighciúil

– dhá bhunfhoinse ar a laghad

•    Bíodh an aiste idir 800 agus 1200 focal, í cló-scríofa ar thaobh amháin de leathanach

•    Spriocdháta: 16ú Márta 2012

•    Seol an fhoirm iarratais in éineacht leis an aiste

•    Iarrfar ar an mbuaiteoir an aiste a sheoladh le ríomhphost  níos déanaí

Scéim Marcála:

Marcálfar an aiste sa tslí chéanna is a ndéantar i gcás an TST i scrúdú na hArdteiste ach amháin na hathruithe seo a leanas:

Eolas Stairiúil                                     50

Scileanna Taighde                            30

Cur i láthair                                         10

Foinsí                                                   10

Duaiseanna:
An chéad duais: €200
An dara duais: €100

  • Ní bhronnfar duaiseanna muna bhfuil caighdéan áirithe sroichte.
  • Ní féidir dul thar mholadh an mholtóra.
  • Foilseofar an aiste is fearr i STAIR 2012.

Foirm Iarratais

Buaiteoirí Scléip – Connacht

Márta 5, 2012

Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Connacht sa Town Hall Theatre ar an 2 Márta. Bhí 2 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag an moltóir. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Meabh Nic an Chrosáin, Coláiste an Eachréidh (sóisear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Teannas, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
  • Armóin, Coláiste an Eachréidh (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Jade Tierney, Coláiste an Eachréidh (sóisear)

Foilseachán nua – Lámhleabhar do phríomhoidí i scoileanna lán-Ghaeilge

Márta 1, 2012

Lámhleabhair eolais do phríomhoidí bunscoile, dírithe ar phríomhoidí nua ach go háirithe. Leagann sé moltaí maidir le nithe praiticiúla gur gá do phríomhoidí tabhairt faoi le linn a bpost. Is comhfhiontar é idir Gaelscoileanna Teo. agus an Foras Pátrúnachta.

Lámhleabhar do phríomhoidí i scoileanna lán-Ghaeilge

Agóid i gcoinne ciorruithe i scoileanna tuaithe

Márta 1, 2012

Páirc Uí Chaoimh, Corcaigh, Domhnach 18ú Márta 2012

Cluiche Ciarraí v. Corcaigh.

Cead faighte ó bhord an chontae (CLG) i gCorcaigh

Eagraithe ag SOSS, ESG Teo & craobhacha áitiúla CMÉ.

Bígí ann chun bhur dtacaíocht a thabhairt do scoileanna beaga Gaeltachta agus tuaithe!

Achainí ar chás na nGaelscoileanna

Márta 1, 2012

Tá Gaelscoileanna Teoranta ag iarraidh ar dhaoine a gcuid tacaíochta a léiriú do na gaelscoileanna beaga trí achainí a shíniú ar líne i gcoinne cinneadh an Rialtais maidir le cóimheas múinteoirí le daltaí i ngaelscoileanna.

Cuireadh an achainí ar bun le dul i gcoinne na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2011.

De réir na cáinaisnéise, ardóidh líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.

Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

Áitítear mar chuid den achainí go gcaillfeadh múinteoir amháin ó 31 gaelscoileanna má chuirfear na ciorruithe sa chóimheas múinteoirí le daltaí i bhfeidhm.

Is é tuismitheoir a thosaigh an achainí seo agus is í an chéad chéim eile i bhfeachtas dian atá á stiúradh faoi láthair ag tuistí, foirne agus páistí na scoileanna beaga.

Thit agóidí amach ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine agus ba léir míshástacht an phobail i measc na sluaite a bhí i láthair. Ba iad an Feachtas Save Our Small Schools agus Cumann Múinteoirí Éireann a bhí ina mbun agus is cinnte go mbeidh tuilleadh gníomhaithe ar siúl maidir leis na ciorruithe sna míonna amach romhainn.

Is féidir an achainí a shíniú ag http://www.ipetitions.com/petition/gaelscoileanna-cuts-protest/

An mbeidh tú ag Rith?

Márta 1, 2012

Buaiteoirí Scléip – Uladh

Márta 1, 2012

Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Ulaidh i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar an 29 Feabhra. Bhí 4 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Megan Nic Ruairí, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Emma Ní Fhuaruisce, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Loinnir, Coláiste Chineál Eoghain (sóisear)
  • Eva, Megan & Emma, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Christina Ní Luachra, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Aoibhinn Ní Mhuimhne, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Cinnúint, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Anna & Orla, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):

  • Ciarán & Eva Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Jack & Shane le “Naomh Smirnoff”, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • James Mac Lochlainn, Coláiste Chineál Eoghain (sinsear)

« Previous Page