Méid an Téacs

Comórtas Fichille Cúige Laighean

Meitheamh 18, 2012

Déardaoin, Bealtaine 24ú, ní dóigh liom gur féidir lá níos galánta a phiocadh don Chomórtas Fichille Cúige Laighean. Bhí an-bhród ar Scoil Aonghusa go raibh an ócáid speisialta seo ag tarlú i nDroichead Átha, ionad na scoile. Tháinig ana chuid gaelscoileanna ó gach cúinne de Chúige Laighean chun an Buanthrofaí Fichille (deartha ag an dearthóir cáiliúil Shane Holland (www.shanehollanddesign.com) a bhuachaint. Tháinig scoil amháin, Gaelscoil Inis Córthaidh, an turas fada ó Loch Gorman. Bhí Gaelscoil Cill Chainnigh le teacht ach ag an nóiméad deireanach fuair siad amach go raibh cigire ag teacht. Is mór an trua sin, mar chuala mé go bhfuil an scoil sin sár-mhaith ag an bhficheall. Is cinnte go raibh cóir na héan le cloisteáil ag cúpla scoil nuair a mhúscail said an mhaidin sin agus an turas fada go Droichead Átha don chomórtas rompu.Bhí fáilte álainn ag Scoil Aonghusa do na scoileanna le balúin agus póstaeir ar an ngeata le hainmneacha gach scoil a bheadh ag glacadh páirte. Is dóigh go raibh na daltaí agus na múinteoirí gnóthach ag déanamh ealaín an la roimh ré.  D’oscail Múinteoir Mairead, priomhóide Scoil Aonghusa, an comórtas, ag caint faoin éad a bhí uirthi toisc go raibh sútha talún úr ag cúpla daltaí ó Loch Gorman.  Ar a 10.30rn, bhuail an clog agus thosaigh an 56 dalta ag úsáid ionsaí, beartaíocht agus straitéis sna gcluichí. Ní raibh fuaim ar bith sa halla a bhí gléasta go hálainn le maisiúcháin déanta ag daltaí Rang 6 i Scoil Aonghusa le cabhair ón Múinteoir Gearóidín. Bhí an t-ádh linn go raibh an Rúnaí Joan, ag obair go ciúin ag ullmhú tea agus brioscaí agus a leithéid do na daoine fásta a bhí ag tabhairt tacaíochta do na hintinní géara seo. Go háirithe ní raibh éinne binn barúil. Gach dalta ag tabhairt aire dá chéile. Do dhaltaí a bhí críochnithe go luath, bhí píosaí móra fichille taobh amuigh sa chlós. Bhí tóraíocht taisce sa leabharlann dóibh freisin.Go cinnte bhí deora mar pháirt den chogadh paiseanta seo. Gach dalta bródúil ag imirt ar son na scoile sa chluiche spóirt intinne seo. Tháinig an t-aoi onóra WCM Dr. Gearóidín Uí Laighleis, seaimpín fichille in Éirinn i measc na ficheallaithe sa babhta deireanach nuair a bhí teannas ard sa halla.Tar éis an babhta deireanach labhair Gearóidín go galánta leis na daltaí agus spreag sí iad chun leanúint leis an spóirt álainn seo. Labhair sí faoin gcaighdeán ard a bhí le feiceáil i measc na ficheallaithe óga agus í ag siúl timpeall an halla sa babhta deireanach.Ar a 1 a chlog bhí an t-ard-réiteoir Brennan Corrigan ag obair le fuinneamh mar thaoiseach fichille chun na pointí a chomhaireamh do gach scoil, an fear bocht ag cur allais ag an bpointe seo; na páistí ó gach scoil cruinnithe thart air agus iad ar bís. Na drumaí ag bualadh anois ag fanacht ar na fógraí cé a bhuaigh an Buanthrofaí Fichille Cúige Laighean. Bhuel, Scoil Naoimh Pio ó Chontae na Mí a chuaigh suas don chéad áit sa ghrúpa Fola. Bhí cogadh mór don ghrúpa Banba a bhí ag troid don bhuanthrofaí. Bhuaigh Scoil Bhríde anuraidh agus bhí a fhios ag gach dalta sa seomra go raibh réalta ar an bhfoireann acu, Clare. Bhí caill ar Clare as Scoil Bhríde toisc gur bhuaigh sí ar mháistir fichille i bpúicín fichille i dTeach an Ardmhéara i Mí na Samhna seo caite. Ach ba seo bliain Scoil Aonghusa, Droichead Átha, Co. Lú, Curadh Fichille Cúige Laighean 2012. Comhghairdeas mór le Scoil Aonghusa.

Duaiseanna eile a bhí roinnte amach ar an lá:

Rí Fichille: Eoghan Ó Ceallathóir (Scoil Naoimh Pio)

Tagairt speisialta: Feargal Ó Morgha (Scoil Aonghusa)

Banríon Fichille: Gobnait Nic an Tuile (Scoil Naoimh Pio)

Tagairt speisialta: Niamh Ní Leathlobhair (Gaelscoil Bharra)

Tagairt speisialta: Aoife Nic an Rothaich (Scoil Lorcáin)

Tagairt speisialta: Niamh Ní Bhuachalla (Scoil Lorcáin)

Grúpa Banba (Buanthrofaí Fichille):

1ú áít: Scoil Aonghusa, Co. Lú

2ú háit: Scoil Bhríde, Baile Átha Cliath3ú háit: Scoil Naoimh Pio 1, Co. Mí

Grúpa Fola:

1ú áít: Scoil Naoimh Pio 2, Co. Mí

2ú háit: Gaelscoil Colmcille, Baile Átha Cliath

3ú háit: Gaelscoil an Bhradán Feasa, Co. Mí (ní raibh ach pointe amháin idir Gaelscoil an Bhradán Feasa agus Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Gorman)

Buíochas mór do Naoise Ní Chathláin, Rang 5, Scoil Aonghusa agus an réiteoir Brendan Corrigan a bhí ag obair go CRUA le Úna O Boyle i rith an lae ag cinntiú go raibh rudaí ag rith i gceart ar an lá. 
Caithfidh gach uile dalta a ghlac páirt sa chomórtas seo a bheith bródúil. Is iad na hintinní fichille seo na hintinní don todhchaí. Leis an straitéis, beartaíocht agus grá uilechumhachtach is cinnte go bhfuil ár dtír i lámha sábháilte. Fíor-bhuíochas do Ghaelscoileanna Teo a thug tacaíocht airgid dúinn don ócáid iontach seo.Seo iad na scoileanna a glac páirt: Fíor-bhuíochas do na múinteoirí agus tuismitheoirí ó na scoileanna uilig.

  • Scoil Lorcáin (BÁC)
  • Scoil Naoimh Pio (Co. Mí)
  • Gaelscoil Inis Córthaidh (Co. Loch Gorman)
  • Gaelscoil Thulach na nÓg (Co. Mí)
  • Gaelscoil Bhaile Brigín (BÁC)
  • Gaelscoil Bharra (BÁC)
  • Gaelscoil Cholmcille (BÁC)
  • Scoil Aonghusa (Co. Lú) (buaiteoirí 2010 & 2012)
  • Scoil Bhríde (BÁC) (buaiteoirí 2011)
  • Gaelscoil an Bhradáin Feasa (Co. Mí)

Tuilleadh eolas ar “Fiúntas Fichille san Oideachas” ar www.imbolc.com (inspioráid na bliana 2012) ina bhfuil WCM Úna O Boyle ag caint.

I mBéarla anseo san Drogheda Independent le Alison Comyn.

Cruinniú eolais agus réamhchlárú don ghaelscoil nua i dTamhlacht, 27 Meitheamh

Meitheamh 15, 2012

Cruinniú eolais agus réamhchlárú don ghaelscoil nua sa Chéim, 26 Meitheamh

Meitheamh 15, 2012

Dialann na hArdteiste – An cúlscéal de réir dalta mheánscoile

Meitheamh 14, 2012

Sa phíosa seo déanann dalta meánscoile Cathal Ó Céilleachair as Corcaigh cur síos ar an mbealach a ndeachaigh sé i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana.

Bhí mé lán sásta leis an scrúdú Gaeilge i mbliana, shíl mé nach raibh sé ró-dhúshlánach.

Tháinig deacracht nó dhó chun cinn dar ndóigh. Táim ag ceapadh gur éirigh go maith liom sa chluastuiscint i bPáipéar 1 ach amháin i gcás na logainmneacha – níor aithin mé cuid de na háiteanna a luadh. Rud beag é seo is dócha ach bheadh sé go deas dá mbeadh gach rud ar eolas agam!

Bhí an scéal céanna i gceist leis an gcuid eile den pháipéar. Roghnaigh mé aiste a scríobh faoin teideal  “Éire: Tír oscailte fháilteach í”. Tá neart ar féidir scríobh ar an ábhar sin agus bhraith mé go raibh mé breá ullmhaithe ina thaobh. Bhí rogha eile ann maidir le coiriúlacht in Éirinn ach níor thaitin sé sin liom, agus sheachain mé mar sin é.

Níor baineadh geit ar bith asam agus mé ag tabhairt faoi Pháipéar 2, buíochas le Dia. Bhí mé lán sásta leis an dá léamhthuiscint, d’fhreagair mé na ceisteanna ceart go leor agus ansin bhí orm ainmfhocal agus briathar saor a aimsiú sa téacs rud nár bhraith mé a raibh dúshlánach.

Bhí áthas orm a fheiceáil go raibh an scéal a bhí ullmhaithe agam, “Hurlamaboc” ar an bpáipéar.  Bhí mé tar éis ceist a fhreagairt ar an scéal sin sa réamhscrúdú a bhí agam, agus mar sin bhí tuairim agam maidir leis an gcineál freagra a bhí de dhíth orm. Is dócha gur buntáiste a bhí ansin. D’fhreagair mé ceist eile ar an saol nua aimseartha agus bhí sí sin éasca go leor.

Ina dhiaidh sin, thug mé faoin gceist ar “An tEarrach Thíar”. Ceapaim gur thug mé freagra breá air sin. Lean ceist eile í maidir le fuaimeanna agus leis na híomhánna a úsáideann an file chomh maith le ceist ar shaol an fhile féin.

Ar deireadh d’fhreagair mé an cheist ar an dráma “An Triail”.  Thaitin an cheist shuimiúil seo liom a bhain le mná agus le fimíneacht sa drama. Dar liom tugadh deis do dhaoine sa cheist seo a gcumas cruthaitheach a léiriú.  Bhí mé críochnaithe le litríocht na hArdteiste ansin agus níorbh fhada go raibh mé críochnaithe le Gaeilge na hArdteiste!

Ar an iomlán bhí mé féin agus mo chairde lán sásta le hábhair na scrúduithe i mbliana. N’fheadar an raibh baint aige sin lenár gcumas Gaeilge toisc muid a bheith ag freastal ar  Ghaelscoil.  Bhí na páipéir sách cothrom agus mar a dúirt mé, níor baineadh geit ar bith asam. Is dócha go raibh buntáiste agam sa chéad áit de bharr go n-úsáidim an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go bhfuil cleachtadh agam ar uirlisí na teanga.

Foilsithe ar Gaelport.com

Stiúrthóir agus ceannairí á lorg ag Gaeilge Locha Riach fá choinne Campa Samhraidh Bhaile Locha Riach

Meitheamh 14, 2012

Tá Gaeilge Locha Riach ag lorg stiúrthóir agus ceannairí fá choinne Campa Samhraidh Locha Riach 2012. Beidh an campa ar siúl ón 7 go dtí an 17 Lúnasa 2012.

Maidir le stiúrthóir an champa: Beidh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Múinteoir bunscoile lánaimseartha atá a dhíth.

Maidir leis na ceannairí: Beidh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach. Ní mór do cheannairí a bheith 18 bliain d’aois nó os a chionn. Fáilteofar roimh dhaoine a bhfuil taithí acu sa réimse seo cheana féin.

Má tá suim agat sna posit seo, cuir scairt le do thoil ar Ruth, Gaeilge Locha Riach, 091-870718.

Beidh fáilte roimh iarratais ag na seoltaí seo a leanas: oifig@lochariach.com; nó, Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthair na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.

Is féidir tuilleadh eolais faoin eagrais seo a fháil ar www.lochariach.com.

Exam Diary: Irish a thorn in my side, but I love it

Meitheamh 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Olympic effort required but second Irish test ‘ fair’ to all

Meitheamh 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tricky higher-level questions ‘not contemporary enough’

Meitheamh 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Sports themes feature strongly in Irish exams

Meitheamh 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ar chaill tú Scléip ar Raidió na Gaeltachta? Éist leis an gclár ar líne!

Meitheamh 13, 2012

Éist leis an gclár anseo

Rinneadh cláir do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus an craobh Scléip agus tá an-áthas orainn na dátaí don 5 chlár sin a fhógairt.

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

Craolfar an chéad chlár de Scléip ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn an 9ú Meitheamh ag a 9.00 r.n, agus gach Satharn ina dhiaidh sin ar feadh 5 seachtaine:

Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
Babhta Mumhan: 16ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
Babhta Chonnachta: 30ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n

Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.

« Previous PageNext Page »