Méid an Téacs

Póstaeir Nollaig saor in aisce

Nollaig 3, 2012

Tá Postaeir A4 agus A3 daite don Nollaig le fáil saor in aisce ón Ionad Buail Isteach anois (féach na naisc thíos). Seol ríomhpost chuig ionadbuailisteach@gmail.com le do sheoladh poist má theastaíonn siad ar pháipéar uait, nó tá fáilte romhat iad a chló amach ón ríomhaire. Guíonn lucht an Ionaid gach rath oraibh agus sibh i mbun ceiliúradh i ndúlachar na bliana!

póstaer 1

póstaer 2

póstaer 3

póstaer 4

póstaer 5

http://www.ionad.org

Irish Language careers day success

Nollaig 3, 2012

OVER 300 students attended a recent Irish Language career day held in Maghera.

It was organised by Carntogher Community Association and pupils from Coláiste Phádraig, Machaire Rátha, Coláiste Naomh Pól, Cill Ria, Clochar Loreto, Cúil Raithin and Ardscoil Naomh Cholm, Baile na Scríne, all came together for the event.

There was a panel of guest speakers who each shared their own personal experience of working in the Irish language sector, as well as explained the many benefits of bilingualism; that by having two languages you have twice the chance of gaining employment.

The speeches covered the Irish language sector at a local level, the north of Ireland and also a national level. The speeches also included the Irish language at third level education, as well as in the media, business and entertainment sectors.

The guest speakers included, Leonne Ní Loinsigh, Irish language Development Officer for Carntogher and organiser of the event, Ursula Uí Dhonnaile, Líofa Development Officer, Síne Nic Ailí, Conradh na Gaeilge, Greg Toner from Queens University, Caitríona Nic Seoin, Executive Officer: Community and Business from Foras na Gaeilge, Antaine Ó Donnaile, Head of Irish Dept. BBC and also rap musician, sean nós and urban dance entrepreneur, Tura Arutura.

Tomaí Ó Conghaile, TV presenter on Imeall Geal, was excellent as Fear a’ Tí at the event.

“Fantastic! All the teenagers thoroughly enjoyed the Irish Language Careers Day,” said Susan Uí Mhianáin from Clochar Loreto, Cúil Raithin.  “They found it extremely informative as well as inspirational. “It’s clear, there was a lot of work involved organising the event. It was a superb success!”

The information stalls in attendance at the event included; Siopa An Carn, Samhlaigh, Ciste Craoltóireachta Gaeilge, from NI Screen, Líofa from DCAL, Magherafelt District Council, Pobal, Meoin Eile, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Queen’s University Belfast, University of Ulster and St Mary’s University College.

Carntogher Community Association would like to thank all those involved who made the day a great success; everyone who helped set up for the event, Maghera Leisure centre staff, the schools, both teachers and pupils, the representatives from each of the stalls who travelled to the event, all the guest speakers and also the fear an tí. Carntogher Community Association would like to acknowledge.

Foras na Gaeilge who funded this event through Scéim Phobail Ghaeilge.

www.midulstermail.co.uk
Foilsithe 30 Samhain 2012

Ag tacú leis an teanga

Nollaig 3, 2012

Tá dhá dhearcadh ann maidir le staid na Gaeilge: is féidir labhairt faoi athbheochan na Gaeilge nó faoi fhorbairt na Gaeilge.

Is fearr liomsa ‘forbairt na Gaeilge’. Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag foghlaim na Gaeilge: tá áiseanna den scoth ar fáil do scoileanna, leithéidí na hábhair ón Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Tá cúrsaí ann do dhaoine fásta bunaithe ar thaighde a léiríonn duit an bealach is fearr do chuid féin a dhéanamh den teanga, cúrsaí atá suimiúil, beomhar, tarraingteach agus nua-aimseartha. Ar an drochuair, níl cúrsa ann go fóill a dhéanann ‘an jab iomlán’ taobh istigh de dhá chlúdach: caithfidh tú dul ó leabhar amháin go leabhar eile chun míniúchán beacht a fháil go minic.

Ach tá réiteach ann: bhí mé iontach gnóthach ar na mallaibh – tabhair cúpla mí dom. Agus ar ndóigh, tá an t-idirlíon againn. Cuidíonn sé leis an fhoghlaimeoir ar gach leibhéal. Luaim áiseanna ar an ghréasán go rialta, agus inniu ba mhaith liom aird a thabhairt ar shuíomh a bhfuil fiúntas thar barr ann – gaelport.com.

Tá réimse leathan ábhair ar an suíomh. Tugtar an nuacht is déanaí faoi shaol na Gaeilge- imeachtaí sóisialta agus cultúrtha, cúrsaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear, an Ghaeilge sa chóras oideachais, an Ghaeilge sa státchóras agus an Ghaeilge i saol an uile lae. In ‘As na Nuachtáin’ faigheann tú míreanna nuachta i nGaeilge agus i mBéarla a bhaineann leis an Ghaeilge, ábhar ón Derry Journal ina measc- thuas ansin leis an Irish Times, an Irish Independent, Foinse, Gaelscéal srl.! Fógraítear folúntais oibre do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ar an suíomh chomh maith.

Is le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an suíomh agus bíonn sé á fhorbairt an t-am ar fad. Imríonn an Chomhdháil ról tábhachtach i bhforbairt na teanga (chan san athbheochan!). Is leis an Chomhdháil scéim ‘An Fáinne’. Coinníonn sí súil ghéar ar chearta teanga agus ar stádas na Gaeilge. Níl eagla ar an eagras labhairt amach.

I ráiteas réamhbhuiséid iarrann an Chomhdháil ar an Rialtas machnamh géar a dhéanamh ar cheisteanna na Gaeilge agus tacaíocht a léiriú don teanga agus don Ghaeltacht.

‘Éilímid go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil sa bhliain 2013 chun tógáil ar an dea-obair atá á cur i gcrích ag earnáil dheonach na Gaeilge le fada. Nílimid i gcoinne athruithe, ach is gá go gcruthófaí go mbeidh pé athruithe atá molta chun leas na Gaeilge.’

www.derryjournal.com
Foilsithe 30 Samhain 2012

« Previous Page