Ceardlann: Drámaíocht don Ghaeilge agus Trasna an Churaclaim
Lúnasa 30, 2012
Ceardlann leis an Association for Drama in Education in Ireland
Le béim ar an siollabas Gaeilge ag léibhéal na Bunscoile agus na hIarbhunscoile, féachfaidh an cheardlann seo ar bhealaí éagsúla gur féidir an Ghaeilge a mhúineadh, ag plé le stór focal, le dánta agus le húrscéalta. Ceardlann idirghníomhach a bheidh ann, le hobair ghrúpa, le drámaíocht phraiticiúil, le teagasc agus foghlaim ghníomhach agus le neart spraoi! Tugann Sinéad cuireadh duit do chuid samhlaíochta agus do chuid cruthaítheachta a scaoileadh saor, agus roinnt modhanna teagaisc nua a thabhairt abhaile chuig do scoláirí féin. Reachtálfar an cheardlann go dátheangach, agus tá fáilte roimh mhúinteoirí agus roimh mhic léinn Ghaeilge, Dhrámaíochta agus Oideachais go ginearálta. Beidh obair na ceardlainne inaistrithe trasna an churaclaim go léir.
Ba í Sinéad Ní Ghuidhir an láithreoir a sheol TG4 an chéad oíche i 1996. Lean sí uirthi ag obair i réimsí éagsúla san earnáil teilifíse, ina measc, ag láithriú cláracha do pháistí. Mar Oifigeach Óige do TG4, thug sí ceardlanna ar fud na tíre ag cur TG4 agus na Gaeilge chun cinn. Thug an obair agus an spéis seo i gcur chuige gníomhach san Oideachas í go dtí a post inniu, mar léachtóir ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas, clár tosaigh oiliúna do mhúinteoirí Iarbhunscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá spéis ar leith ag Sinéad i bhfoghlaim, i dteagasc agus i measúnú gníomhach, agus in úsáid na drámaíochta mar mhodh teagaisc teangacha agus mar mhodh teagaisc trasna an churaclaim.
ADEI is delighted that Sinéad has found time to lead this workshop, which will be of immense value to teachers and students of all levels.
Dáta: Sathairn an 22 Meán Fómhair 2012
Am: Clárú, tae agus caifé ó 10.30am
Ceardlann 11.00am – 4.00pm le briseadh beag agus a don phlé agus do cheisteanna
Áit: Áras na Mac Léinn, NUI Galway
Costas: €30, beirt no níos mó: €25 an duine, micléinn: €15
Cuir áit in áirithe trí ríomhphost a chur chuig: booking@adei.ie
Teastais tinrimh: tairisceofar Teastas Tinrimh od mhicléinn agus do mhúinteoirí nua-cháílithe ar an lá
Lón: Beidh tae agus caifé ar an láthair, agus is féidir lón a thabhairt leat nó é a cheannach sna caiféanna éagsúla ar champas agus ina chóngar.
Tuilleadh eolais agus treoracha ar www.adei.ie
ADEI would like to register our thanks to NUIG for supporting this event
School gets free toilet paper
Lúnasa 30, 2012
Irish language classes for all levels in your area
Lúnasa 30, 2012
Testing times lie ahead as primary pupil numbers reach 20-year high
Lúnasa 30, 2012
Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta le Gael Linn
Lúnasa 29, 2012
Beidh cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta á reáchtáil ag Gael Linn i gcathair Bhaile Átha Cliath i mí Meán Fómhar 2012. Cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla a bheidh i gceist mar sin fáilteofar roimh glanthosaitheoirí agus feabhsóirí. Tá na cúrsaí curtha le chéile ar an mbealach is éifeachtaí le líofacht a bhaint amach sna leibhéil a leanas:
- Búnchúrsa
- Meánchúrsa
- Ardchúrsa
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Gael-Linn
35 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Fón: 01 6751200 / 6753312
R-phost: eolas@gael-linn.ie
Suíomh gréasán: www.gael-linn.ie
Slán Sábháilte – Cúrsaí Garchabhrach trí Ghaeilge
Lúnasa 29, 2012
Cuireann an comhlacht Slán Sábháilte oiliúint aitheanta ag FETAC ar fáil ar cúrsaí garchabhrach agus lámhseáil sábháilte trí mhéan na Gaeilge. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 087 2385566 nó paraoman@eircom.net agus tá gach eolas maidir lena gcúrsaí ar www.slansabhailte.ie.
Leanann sága an SNM ar aghaidh
Lúnasa 29, 2012
Foras na Gaeilge ag iarraidh Samhail Nua Mhaoinithe a bhunú agus maireann na fadhbanna céanna i gcónaí.
Tá conspóid ann i gcónaí faoin dóigh a maoiníonn Foras na Gaeilge na heagrais Ghaeilge san earnáil dheonach. Chinn an Foras gan dul ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, ach níl na heagrais sásta le gnéithe de na moltaí nua. Tá eagras amháin ag cur i leith an Fhorais go bhfuil sin ag dul in éadan na dtreoracha ar dhea-chleachtais. De réir litreach ón bhForas, tuigtear gur sé théama ata i gceist acu ó thaobh na n-eagras. Is iad na téamaí ná:
- Gaeloideachas
- Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’aosaigh
- Ardú feasacht teanga agus cosaint teanga, agus teagmháil leis an dá Stát.
- Imeachtaí tacaíochta agus úsáide teanga
- Forbairt pobail
- Forbairt ar ghréasáin úsáide Gaeilge don óige, agus forbairt ar dheiseanna úsáide Gaeilge dóibh.
Tuigtear go bhfuil difear idir e seo agus an tSamhail Nua Mhaoinithe mara go mbeidh níos mó ná eagras amháin ag plé le téama. Tá cruinniú le bheith i mBéal Feirste ar an Luan “leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe a bhíonn ag plé le hArdú Feasachta, Cosaint na Gaeilge agus Teagmháil leis an dá Stát le plé a dhéanamh ar bhealach chun cinn don chuíchóiriú,” de réir litreach ó Sheán Ó Cuinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach an Fhorais. I bhfreagra ar an litir, scríobh Aodán Mac Póilín, Stiúrthóir Iontaobhais Ultach, nach bhfuil an Foras sásta sonraí an phlean a thabhairt don earnáil: “Ní bealach é sin le plé oscailte ionraic a éascú, agus ní dhéanfaidh sé ach drochamhras agus mímhuinín a chothú.” Scríobh Mac Póilín go raibh “an cur chuige seo glan in aghaidh na dtreoracha ar dhea-chleachtas maidir le próisis chomhairliúcháin.” Luaigh sé treoracha an Fheidhmeannais ó Thuaidh maidir le cinneadh a dhéanamh: “Beidh sé soiléir ó na cáipéisí seo, ní amháin go bhfuil sé inmholta, ach go bhfuil sé riachtanach ag aon eagras stáit atá ag plé le forbairt polasaí oiread eolais agus is féidir a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Tá an treoir sin ann le go mbeidh na páirtithe leasmhara in inmhe ionchur tairbheach a bheith acu sa phróiseas comhairliúcháin. Tá an t-eolas riachtanach sin á cheilt ar an earnáil faoi láthair.” Ní raibh aon urlabhraí thar cheann an Fhorais ar fáil.
www.gaelsceal.ie
Ranganna Gaeilge in Áras Chrónáin
Lúnasa 29, 2012
Gach eolas anseo: Áras Chrónáin
Iarratais ar Acmhainní breise don Scoilbhliain 2012/2013
Lúnasa 29, 2012
Chuig: Boird Bainistíochta, Múinteoirí Príomhoide agus na Foirne Múinteoireachta uile i mBunscoileanna, Iarbhunscoileanna agus i scoileanna na gCoistí Gairmoideachais
Iarratais ar Acmhainní breise don Scoilbhliain 2012/2013 nár cuireadh isteach go fóill
Is é an 5 Deireadh Fómhair an dáta deiridh nua chun Iarratais ar Thacaíocht Mhúinteoireachta a fháil
Tá soiléiriú tugtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm i dtaobh próiseáil iarratas bailí ar thacaíochtaí a fuarthas ón 2 Bealtaine. I mí Mheithimh d’eisigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta cinntí do scoileanna i ndáil le hiarratais bhailí a fuarthas anuas go dtí an 2 Bealtaine.
Tacaíochtaí Múinteoireachta
Iarrtar ar gach scoil nár chuir a hiarratas ar thacaíocht Múinteora Acmhainne don scoilbhliain atá romhainn isteach go fóill é a chur isteach chuig an Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais faoin 5 Deireadh Fómhair 2012.
Tacaíocht Cúntóra Riachtanas Speisialta
Beidh an tEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais áitiúil ag próiseáil iarratas ar thacaíocht Cúntóra Riachtanas Speisialta i gcónaí laistigh de chomhthéacs na teorann foriomlána ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta.
Daltaí nach mbeidh ag dul ar an rolla i mí Mheán Fómhair 2012
B’fhéidir go bhfuil tacaíochtaí leithdháilte ar scoileanna le haghaidh daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu agus a bhí le tosú i mí Mheán Fómhair, ach nach mbeidh ag tosú i ndiaidh sin agus uile. Ina leithéid de chásanna d’fhéadfadh gur gá an leibhéal acmhainní atá leithdháilte ar scoil a choigeartú dá réir. Dá bhrí sin iarrtar ar scoileanna an tEagraí Riachtanais Speisialta Oideachais a chur ar an eolas, más gá, faoi Dé hAoine an 28 Meán Fómhair 2012.
Sé Goulding
Ceann Oibríochtaí
Ranganna Gaeilge i gCathair na Gaillimhe
Lúnasa 28, 2012
Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil cúrsa Gaeilge d’Thosaitheóirí, Bunléibheál agus Meánleibhéal Gaeilge i Mí Méan Fomhair. Tá ard-thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge a bheith ag múineadh agus iad ag tabhairt chúnaimh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada. Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhicléinn. Beidh iontas ort nuair a fheicfidh tú do chuid muiníne ag forbairt; an tuiscint agus an labhairt ag feabhsú i ranganna néamhfhoirmiúla leis an mbéim ar an nGaeilge labhartha agus ar na focail choitianta a úsáidtear sa ghnáthchaint. Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith le deich rang, tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie. Tuilleadh eolas le le fáil ar www.arasnangael.ie.