Múinteoir Gaelscoile – Gaelscoil Thaobh na Coille
Lúnasa 13, 2012
Tá múinteoir Gaelscoile á lorg ag Gaelscoil Thaobh na Coille i mBaile Átha Cliath.
Ceapachán Buan faoi stádas scoil ag forbairt gur gá a líonadh ar théarma seasta suas go dtí an 26/10/12 ach atá le buanú le cead na Roinne Oideachais i ndiaidh an dáta sin.
Bunscoil lán-Ghaeilge, chaitliceach, le stádas forbartha í Gaelscoil Thaobh na Coille. Beifear ag súil go mbeidh ard-chaighdeán Gaeilge labhartha & scríofa maraon le suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.
Tuilleadh eolais faoin scoil ar fáil ag www.taobhnacoille.ie.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost chuig:
An Cathaoirleach
Gaelscoil Thaobh na Coille
Beallairmín
An Chéim
B.Á.C. 18
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Gráid an chleachtaidh teagaisc
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
Spriocdháta: 16 Lúnasa 2012
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar an 30 Lúnasa 2012
Rúnaí Scoile – Gaelscoil na Mí
Lúnasa 13, 2012
Tá rúnaí scoile páirtaimseartha á lorg ag Gaelscoil na Mí.
Bunscoil lán-Ghaeilge, ilchreidmheach, le stádas forbartha í Gaelscoil na Mí.
Post páirt-aimseartha (9 uair a choig) atá i gceist i dtosach.
Riachtanais:
1.Inniúlacht sa Ghaeilge
2.Taithí riaracháin & eagrúcháin
3.Discréíd & rúndacht
4.Scileanna cumarsáide & idirphearsanta
5.Scileanna teicneolaíochta & Innúlacht ar Word & Excel
6.Taithí oifige / rúnaíochta
7.Seiceáil an Gharda
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost chuig:
An Cathaoirleach
CLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin,
Cill Dhéaglain Thiar,
Co na Mí
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Spriocdháta: 15 Lúnasa 2012
Túsdáta: 29 Lúnasa 2012
Clonakilty Gaelscoil plans approved
Lúnasa 10, 2012
Páistí dátheangacha níos fearr “ag réiteach fadhbanna”
Lúnasa 10, 2012
Tá páistí dátheangacha níos cruthaithí agus níos fearr ag réiteach fadhbanna na páistí le teanga amháin de réir taighde nua.
Thug Ollscoil Srath Chluaidh agus Ollscoil Cagliari tascanna teanga, matamaitice agus fisiciúla do 121 páiste as Albain agus an tSairdín mar chuid de thaighde don ‘International Journal of Bilingualism’.
Léiríodh go raibh 62 páiste dátheangach I bhfad níos fearr ag na tascanna ná na paistí aonteangacha.
Labhair na páistí ó Ghlascú Béarla agus Gaeileg, nó Béarla amháin, agus labhair na páistí ón tSairdín Sairdínis agus Iodáilis nó Iodáilis amháin.
De réir na dtaighdeoirí, bhí torthaí níos fearr ag na páistí dátheangacha toisc go mbíonn níos mó gníomhaíochta inchinne ar bun acu agus iad ag aistriú ó theanga amháin go teanga eile.
D’éirigh níos fearr leis na páistí le Gaeilge ná na páistí le Sairdínis. Mheas na húdair go raibh níos mó ratha orthu de bharr go múintear an Ghaeilge go foirmiúil agus de bharr go bhfuil litríocht forleathan ag an teanga.
www.gaelsceal.ie
Féile an Droichid 2012
Lúnasa 10, 2012
Beidh Féile an Droichid á reáchtáil ag Ionad Cultúir ‘An Droichead’ don cheathrú bliain as a chéile i mBéal Feirste. Maireann an fhéile ar feadh deireadh seachtaine amháin ó 23-26 Lúnasa agus beidh neart imeachtaí éagsúla á reáchtáil a fheileann do gach cineál aoisghrúpa.
Cuirfear tús le mór-imeachtaí na Féile ar 23 Lúnasa le hoíche mhór cheoil leis an amhránaí sean-nóis iomráiteach, Iarla Ó Lionáird as Cúil Aodha in Iarthar Chorcaí agus é in éineacht laoch an cheoil ghiotáir Steve Cooney as Melbourne na hAstráile. Beidh an cheolchoirm speisialta seo ar siúl san ionad ealaíon úr ‘An Mac’ ag 8 pm.
An oíche dár gcionn beidh scoth an cheoil le cloisteáil sa Droichead le beirt cheoltóirí aitheanta, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Tá an bheirt seo ag nascadh cheol an bhosca agus cheol na fidle le chéile ar bhealach draíochtúil agus is cinnte go gcuirfear an lucht féachana faoi gheasa ar an oíche seo. Ní strainséir é Caoimhín Ó Raghallaigh don fhéile áfach. Bhí sé féin agus Iarla Ó Lionáird mar bhaill den ghrúpa ceoil comhaimseartha ‘The Gloaming’ a sheinn ag príomh-cheolchoirm na féile anuraidh. Tosóidh an cheolchoirm ag 7.45pm. in ionad ‘An Droichead’ ar Dé hAoine, 24 Lúnasa.
Ansin Dé Sathairn ag an ionad agus an t-am céanna, cloisfear cónascadh iontach le ceol an bhasúcaí, an chonsairtín, na bpíopaí uillinn agus an mhéarchláir le Dónal Lunny Pádraig Rynne, John McSherry agus Graham Henderson. Seo an chéad uair don ghrúpa seo ceol a chasadh le chéile ach tá clú agus cáil bainte amach acu mar cheoltóirí aonair.
I measc na n-imeachtaí eile a chuirfear ar fáil, beidh na scannáin mhóra Ghaeilge ‘ Mise Éire’ agus ‘Poitín’ á dtaispeáint san QFT (Queens Film Theatre), reáchtálfar taispeántas ceirníní I Halla Uladh, dianchúrsaí Gaeilge / Gaidhlig, ceardlanna consairtín agus basúcaí leis na máistrí ceoil Padraig Rynne agus Dónal Lunny, ceardlanna bodhráin, feadóige móire agus fífe chomh maith le neart seisiún ceoil i rith na féile uile.
Cuirfear rang ealaíne ‘Seisiún Graffiti’ agus rang gluaiseachta ar fáil do pháistí chomh maith. Beidh sonraí maidir le gach imeacht ar fáil ar www.androichead.com
Daonscoil na Mumhan 2012
Lúnasa 10, 2012
Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl i mbliana ó 19-24 Lúnasa i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge. Tá an daonscoil ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana.
Is é téama: na bliana seo ná “is mór idir inné agus inniu’
Seachtain de léachtaí, d’imeachtaí, de chraic is de chaidreamh atá i gceist.
Ar an Domhnach déanfaidh an tAire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D scoil na blain seo a Oscailt go hoifigiúil.
Beidh ranganna agus imeachtaí éagsúla go leor ar siúl i rith na seachtaine ina measc beidh ranganna amhránaíochta leis na h-amhránaí iomráiteach Anne Mulqueen. Beidh an damhsóir Cuthbert Tura Arutura ón tSiombáib ó dhúchas i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean-nós.
Beidh léachtaí éagsúla ar siúl chomh maith le seisiúin ceoil agus sean-nós, siúlóid sléibhe, seoladh leabhar, scéalta fiannaíochta, turais lae, léamh agus ceardlann filíochta le hÁine Uí Fhoghlú. Tráthnóna Dé Céadaoin beidh comórtas ‘Comóradh an Dá Phádraig’ ar siúl. Tá an Comórtas Tallainne seo á reáchtáil in gcuimhne agus onóir beirt fhear a raibh baint mhór acu le Daonscoil na Mumhan le blianta fada anuas ach atá anois ar shlí na fírinne sin iad Pádraig Ó Dálaigh agus Pádraig Ó hÍceadha.
Le linn na seachtaine beidh imeachtaí éagsúla ar siúl agus maidin Dé hAoine, 24 Lúnasa beidh Léacht an lae RTÉ Raidió na Gaeltachta 1972-2012 le ceannaire Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuirreáin.
Tá lóistín ar fáil i gColáiste na Rinne. Tuilleadh liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.daonscoil.com
Tuilleadh eolais ar maidir leis an scoil ar fáil ó Annraoi de Paor:
Teil: 087 7938709 / 01 288 0072
Ríomhphost: annraoi.depaor@ucd.ie
Scrúdú Gaeilge á dhéanamh ag níos lú daltaí
Lúnasa 10, 2012
Duine as gach deichniúr díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an teanga.
Bhí díolúine ón scrúdú Gaeilge ag breis agus 7,000 dalta a rinne an Ardteistiméireacht i mbliana, is féidir le Foinse a nochtadh.
Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ardú 35 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí Ardteistiméireachta nach ndearna staidéar ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht ó 2007.
Ta imní á léiriú maidir leis an ardú 25 faoin gcéad atá tagtha ar líon na ndaltaí meánscoile a bhfuil díolúine ón scrúdú Gaeilge faighte acu – ní dhearna 32,792 dalta staidéar ar an ábhar i rith na scoilbhliana seo caite.
Dúirt Michael McCarthy TD gur údar imní é gur in airde atá na figiúirí ag dul. Dar leis, caithfear teacht ar chúiseanna an ardaithe: “Bíonn cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór de na daltaí a fhaigheann díolúine ón ábhar seo. Tá an baol ann go bhfuil an córas ag éirí níos boige, rud nach mór aghaidh a thabhairt air.”
Dúchas
Tugtar díolúine ón nGaeilge do dhaltaí a chaith tréimhsí i dtíortha eile, do dhaltaí ó thíortha eile ó dhúchas nó do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu. Ta athbhreithniú ar bun ag an Roinn Oideachais ar an gcúrsa reatha.
Léiríonn staitisticí na Roinne go ndearna beagnach 16,000 dalta as an 32,792 a raibh díolúine ón nGaeilge acu i mbliana, staidéar ar theanga Eorpach eile.
Dar leis an Teachta McCarthy ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar an argóint, gur cheart nach mbeadh ar aon duine a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu, staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta.
“Má deir daltaí go bhfuil deacrachtaí acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, luífeadh sé le réasún go mbeadh na deacrachtaí céanna acu le teangacha iasachta. Tá gá le cothromaíocht sa chóras áfach toisc nach bhfuil an luach céanna ag an nGaeilge do dhaltaí a bhfuil fonn orthu slí bheatha a bhaint amach taobh amuigh d’Éirinn.”
www.foinse.ie
Lá Spraoi le Coláiste na bhFiann
Lúnasa 10, 2012
Cuirfear fáilte roimh chách chuig ionad nua Choláiste na bhFiann Dé Luain seo chugainn, an 13 Lúnasa, áit a reáchtálfar lá spraoi agus siamsaíochta i gCo. Na Mí.
Lá don Ghaeilge agus don spraoi a bheidh ann agus tabharfar deis do dhaltaí, dá muintireacha, agus don phobal, ceanncheathrú nua na heagraíochta a fheiceáil. Tá an t-ionad óige nua lonnaithe in sean-ionad Ghairneoireacht Bhaile an Bhairínigh, áit a bhfuil garraithe, áiseanna spóirt agus an t-uafás spáis ar fáil do na daltaí a mbeidh ag glacadh páirte i gcúrsaí Choláiste na bhFiann sna blianta romhainn. Beidh an t-ionad nua á úsáid ag breis is 750 daltaí bunscoile agus meánscoile le linn an tsamhraidh agus freastalóidh na céadta eile ar chúrsaí de chuid Choláiste na bhFiann in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Beidh 600 daltaí reatha ó na coláistí éagsúla i láthair le taispeántais cheoil, rince agus drámaíochta a chur ar siúl. Léireoidh taispeántais na ndaltaí rath Choláiste na bhFiann agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh i ngnáthshaol na ndaltaí. Tabharfaidh an lá spraoi an deis don phobal an gnáth lá a bhíonn ag dalta Choláiste na bhFiann a bhlaiseadh agus an spraoi a bhaineann leis a shú isteach don lá iomlán agus feicfear cé chomh héasca is atá sé sult a bhaint as an teanga. Beidh Uachtarán an CLG, Liam Ó Néill i láthair ar an lá le ceiliúradh a dhéanamh ar thionchar na heagraíochta ar aos óg na Gaeilge le breis is 40 bliain anuas, idir na coláistí samhraidh agus na clubanna óige seachtainiúla a reáchtáiltear mar chuid de Chumann na bhFiann. Beidh cluichí agus BBQ ar siúl mar aon le siamsaíocht do pháistí agus céilí mór ag deireadh an lae. Cuirfear fáilte roimh chách chuig an Lá Spraoi a thosóidh ag 4.00 i.n. agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 8.00 i.n. Is féidir gach eolas a fháil ó Cháit i nDroim Rí: 01-8259342 nó eolas@colaistenabhfiann.ie.
Áthas for principal and pupils as gaelscoil nua gets go-ahead
Lúnasa 9, 2012
Loinneog Lúnasa promises a fun filled weekend
Lúnasa 9, 2012