Méid an Téacs

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

Lúnasa 8, 2012

Ar mhaith leat cur le do chuid scileanna craoltóireachta?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge le tacaíocht ó Northern Ireland Screen

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe cén chaoi clár raidió a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.

Le cois bunscileanna raidió, beidh na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, cén chaoi trealamh ardtheicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid ghléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo úrnua ar Bhóthar na bhFál Iochtarach, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Anuas air seo, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóthach Raidió Fáilte– an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!

Le tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagbháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 /donall@raidiofailte.com roimh an 03 Méan Fomhair 2012.

Cúntóir Riachtanas Speisialta ag teastáil ó Naíonra Bhaile Brigín

Lúnasa 7, 2012

Tá Cúntóir Riachtanas Speisialta ag teastáil ó Naíonra Bhaile Brigín, Tuaisceart Átha Cliath.
Is post páirt-aimseartha atá ann, Luan go Céadaoin idir 8.40 – 11.40r.n.
Riachtanais:

  • Leibhéal 5 i riachtanas speisialta (íosmhéid)
  • Gaeilge mhaith
  • Taithí a bheith ag obair le páistí le huathachas
  • Réidh le tosnú mí Mheán Fómhair 2012

Má tá spéis agat cur isteach ar an bpost seo, déan teagmháil le Bríd ar 085 120 3922 nó ag bridnicd@yahoo.co.uk
Spriocdháta: 31 Lúnasa 2012

Muinín go mbeidh gaelcholáiste i Maigh Nuad

Lúnasa 7, 2012

Ta sé ráite ag Coiste Ghairmoideachais Chill Dara go bhfuil siad muiníneach go n-osclófar gaelcholáisdte i Maigh Nuad i gceann roinnt blianta.

D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go bhfuil aonad Gaeilge le bhunú sa bhaile agus go bhféadfaí gaelcholáiste a oscailt má mhealann an t-aonad 70 dalta in aghaidh na bliana thar ceithre bliana.
Bhunaigh an Coiste Gairmoideachais sruth Gaeilge i Meánscoil Mhaigh Nuad in 2000 agus beidh 50 páiste ag tosú ann i Meán Fómhair.
Tá an coiste ag iarraidh é a uasghrádú go haonad agus meastann siad go mbeidh sé lonnaithe i meánscoil nua a bheas ag oscailt  in 2014.
“Is é an fhís a bhí againn ón tús ná go mbunófaí gaelcholáiste i Maigh Nuad agus ta muinín againn go n-osclófar ceann nuair ata an próiseas seo tagtha chun críche,” arsa Seán Ashe, príomhfheidhmeannach an choiste.
“Beidh 50 dalta nua sa tsruth i mbliana agus ní dóigh liom go mbeidh sé ródheacair é sin a ardú go dtí 70,” ar seisean.
Dúirt an Roinn go raibh an t-aonad le bunú i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta ach dar leis an tUasal Ashe is féidir leo an t-aonad a bhunú iad féin.
Dúirt an Foras le Gaelscéal nach raibh siad sásta a bheith páirteach sa togra mura mbeadh sé “sásúil”.
“Is éard atá le feiceáil sna haonaid ná nár oibrigh siad, níl an locht ar na daoine atá ag obair iontu ach caithfidh an bunstruchtúr ceart a bheith ann,” arsa Ard Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra.
“Bíonn riaradh na scoile trí mheán an Bhéarla agus bíonn brú ollmhór ar an aonad.  Caithfidh an bhainistíocht a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, caithfidh go mbeadh na ranganna scoite amach agus caithfidh gach ábhar a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, i measc rudaí eile.”
“Mura bhfuil an t-aonad i Maigh Nuad sásúil bí bheidh baint againn leis,” ar seisean.
Chuir an Foras Pátrúnachta iarratas do phátrúnacht na meánscoile nua i Maigh Nuad chuig an Roinn ach diúltaíodh dó toisc gur chinn an Roinn roimh ré go mbeadh sé ag múineadh trí mheán an Bhéarla.
Bhí ainmneacha 640 tuismitheoir ag tacú le hiarratas ráthúil an Choiste Ghairmoideachais agus bhí 580 ag iarratas an Fhorais.
Bhronn an tAire Oideachais pátrúnacht ar an bhForas do dhá mheánscoileanna lánGhaeilge i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chomh maith.  Beidh Coiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí mar phatrún ar ghaelcholáiste eile i gCarraig Uí Laighin.
Bhí i bhfad níos mó tacaíochta ó thuismitheoirí ag an bhForas i mBaile Brigín na mar a bhí ag Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath.  A mhalairt a bhí cursaí i gCarraig Uí Laighin, áit a bhfuil coiste bunaithe na scoile ag obair leis an gCoiste Ghairmoideachais le roinnt blianta.
Idir an da linn, d’fhógair Seán Ashe go bhfuil maoiniú faighte ón Roinn Oideachais chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghaelcholáiste Chill Dara sa Nás.

www.gaelsceal.ie

Scoláireachtaí €2,000 do mhic léinn

Lúnasa 7, 2012

Tá cúig scoláireacht ar luach €2,000 an ceann á thairiscint ag Fiontar, an t-aonad taighde agus teagasc trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, do mhic léinn a bheidh ag tabhairt faoin MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais sa bhliain romhainn.

Is cúrsa páirtaimseartha é an MSc atá dírithe ar chéimithe a bhfuil sé i gceist acu poist bhainistíochta nó poist fhorbartha a fháil sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.
Déantar an MSc a bhaint amach thar dhá bhliain trí fhreastal ar ranganna ag an deireadh seachtaine ar champas DCU. Breis eolais ag www.dcu.ie/fiontar.
www.advertiser.ie/galway

Cá bhfuil plean teanga an stáit?

Lúnasa 7, 2012

Is cosúil anois, le hainmniú Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar Phátrún ar mheánscoil Bhaile Chláir, nach fada go mbeidh an scoil sin ar an bhfód.

Ábhar ceiliúradh é gan amhras don ghrúpa atá ag obair go dícheallach ar an gceist seo le dornán blianta anuas.
Tá sé tráthúil áfach go raibh sé seo ar fad ag tarlú sa tseachtain chéanna a rinneadh an tAcht Gaeltachta a bhrú tríd an Dáil, agus léiríonn sé ceann de na laigí móra atá san Acht céanna. In ainneoin na ndualgas ar fad atá luaite san Acht ar na pobail Ghaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú níl freagracht dá laghad ar an státchóras féin a bheith páirteach sa phlean agus, mar is léir le fada, tá an státchóras céanna ar a sheacht mhíle dhícheall ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad.
Mar atá léirithe go minic sa Ghaeltacht, tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais maidir le cothú teanga labhartha an cheantair agus mar thacaíocht do theanga atá faoi bhrú. Nuair a osclaítear an mheánscoil nua i mBaile Chláir beidh deireadh go deo le pé seans a bhí ann (agus is caolseans a bhí ann) tarrtháil a dhéanamh ar an gceantar Gaeltachta taobh thoir de chathair na Gaillimhe.
Fiú má tá daoine sa phobal sin sásta tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú beidh ceann de na huirlisí is tábhachtaí a bheadh ar fáil dóibh imithe le sruth.
Agus céard é freagra an tAire Dinny McGinley agus státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta faoi imeacht Ghaeltacht an Achréidh “ní bhaineann sé linne, baineann sé leis an bpobal.”

www.advertiser.ie/galway

Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge

Lúnasa 7, 2012

Faoi dheireadh thiar, tá leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil ar fáil lena cheannach sna siopaí ó thús na seachtaine. Labhair Gaelport.com le Vivian Uíbh Eachach, Príomh-Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin maidir leis na leasuithe atá ar fáil sa leagan  athbhreithnithe.

In ainneoin go raibh athbhreithniú oifigiúil fógartha ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta dhá bhliain ó shin, is iad moltaí Rannóg an Aistriúcháin atá sa leabhar seo.
“Bhí athbhreithniú  ar bun ag an Lár-Aonad Aistriúcháin ach is é an rud a tharla ná gur cuireadh deireadh leis an Lár-Aonad i mbliana.  Cuireadh na moltaí sin faoin ár mbráid agus gan amhras cuirfear na moltaí sin san áireamh nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ar siúl againn,” a deir sé.
Is é an cúram oifigiúil atá ag Rannóg an Aistriúcháin ná tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a sholáthar agus seirbhís Aistriúcháin Chomhuainigh a chur ar fáil do Thithe an Oireachtais. Chomh maith leis sin tá sé de chúram ar an tseirbhís treoir a thabhairt maidir le rialacha gramadaí agus litrithe sa Ghaeilge.
Tá an rannóg lonnaithe ar Shráid Chill Dara trasna ó Theach Laighean agus tá duine is fiche fostaithe ann, roinnt aistritheoirí ón Lár-Aonad Aistriúcháin ina measc.  Foilsíodh an leagan athbhreithnithe ar 30 Iúil agus tá aon chaibidil déag san fhoilseachán nua.
“Beart shuntasach a bhí an don Ghaeilge” ab ea foilsiú an caighdeáin ag an am, dar leis, ach is mór idir inné agus inniu.  Ba é Éamon De Valera a bhí ina Thaoiseach ag an am agus cailleadh Peig Sayers an bhliain chéanna. Ní raibh trácht ar Raidió na Gaeltachta nó ar Theilifís na Gaeilge ag an am agus ó shin i leith tháinig claochlú suntasach ar an teanga.
“Foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 1958 agus ó shin i leith,  thug an Rannóg  faoi deara go bhfuil rialacha ann gur cheart a leathnú agus b’fhéidir go raibh rialacha ann nach raibh curtha isteach sa chéad eagrán mar sin agus is bunaithe  ar an  machnamh sin atá an t-athbhreithniú seo ag teacht chun cinn anois.”
Ina measc, tá caibidlí úra ag díriú ar an gcopail, na forainmnigh, an dobhriathar agus ar an alt agus tá aitheantas níos mó tugtha do chórais chanúnacha i gcás an tuisil thabharthaigh d’ainmfhocail i ndiaidh an ailt.
Ar na hathruithe is suntasaí luann sé cás na mbriathra. “Is dócha go bhfuil athrú ann ó thaobh na mbriathra mar shampla in sa mhéid is go bhfuilimid ag aithint na leaganacha atá beo sna canúintí go háirithe, abair Muid”.
“Chomh maith leis sin tá soiléiriú ann ó thaobh na n-uimhreacha agus i gcásanna éagsúla táimid ag leathnú na rialacha maidir le úsáid an ainmnigh in áit an ghinidigh agus beidh níos mó cásanna ina mbeadh an t-ainmneach in úsáid in áit an ghinidigh”
“Mar shampla go dtí seo d’fhéadfá  a rá go raibh mé ag déanamh cupán tae  ach abair go mbeifeá ag dul le haghaidh cupáin tae mar sin  táimid tar éis cás an ainmnigh in ionad an ghinidigh a leathnú i gcásanna mar sin . Anois beidh tú ag déanamh cupán tae agus ag dul le haghaidh cupán tae”.
Is léir mar sin go mbeidh an teanga scríofa níos gaire don ghnáthchaint ná mar a bhíodh ach ag an am céanna, rinneadh iarracht gan ligean d’athruithe ar mheathlú iad de dheasca thionchar an Bhéarla.
An gceapann sé go gcuirfeadh rialacha nua gramadaí mearbhall ar dhaoine anois, tráth a bhíonn daoine ag cnáimhseáil mar gheall ar chastachtaí na teanga scríofa?
“Bhuel,  is dócha go mbeifeá i gcónaí gafa idir an dream a dhearfadh  nach bhfuil a dhóthain déanta agus dream eile a dhéarfadh go bhfuil an iomarca déanta”, a deir sé.
“Rinneamar iarracht cúrsa a leanúint idir an dá rud sin agus d’aithníomar go raibh cuid mhaith rialacha agus rinneamar iarracht iad a shoiléiriú, mar shampla an chopail”.
“Is dócha go mbeidh daoine sásta leis sin mar nílimid ag cealú aon úsáid  a bhí ann go dtí seo,  mar shampla bhaineamar  tá sin fós ceadaithe, ach tá ceadaithe anois Bhain muid a  scríobh chomh maith. Táimid ag cur leis i gcónaí is dócha”.
Beidh an Caighdeán Oifigiúil-Caighdeán Athbhreithnithe ar fáil lena cheannach ón 30 Iúil agus chomh maith leis sin tá leagan leictreonach ar fáil ar shuíomh Thithe an Oireachtais

Deis do Ghaeilgeoirí tacú le lucht lagamhairc

Lúnasa 7, 2012

Tá i gceist ag Childvision acmhainní foghlamtha Gaeilge a chur ar fáil do lucht lagamhairc san fhómhair agus tá an carthanas ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge tacaíocht a thabhairt dóibh.
Beidh cainteoirí líofa á lorg don tionscadal  DAISY ina bheidh comhaid fuaime curtha ar thaifead le dul le leabhair dhigiteacha.  Is é an ciall atá le DAISY ná córas faisnéise digiteach atá inrochtana do lucht lagamhairc.
Cuireann Childvision acmhainní  foghlamtha ar fáil do pháistí dalla a bhíonn ag freastal ar scoileanna príomhshrutha nó ar oideachas speisialta ag an mbunscoil agus ag an iar-bunleibhéal.
Tá saorálaithe á lorg le páirt a ghlacadh sa togra agus ní mór dóibh bheith líofa sa teanga agus glór binn soiléir acu. Bheadh litearthacht ríomhairí bunúsach inmhianaithe agus ní mór go mbeadh cóip glanta d’fhoirm imréitigh slándála an Gharda Síochána ag an saorálaí.
Tá ceanncheathrú an charthanais lonnaithe i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath agus beidh an taifeadadh ar siúl i rith an lae.
Tá gach eolas mar gheall ar na deiseanna atá ann do saorálaithe ar fáil ó bhainisteoir an tioscnadail: Aisling McDonagh amcdonagh@childvision.ie

Ag tógáil an Ghaeloideachais i dTír Eoghain

Lúnasa 7, 2012

Cuireadh críoch chroíúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na bliana seo le dinnéar speisialta agus Céilí Mór in Óstán an Europa, Béal Feirste, Dé Sathairn seo caite. Mar is iondúil, chomhoibrigh an Scoil agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta le chéile ar an oíche le hairgead a bhailiú le haghaidh an Ghaeloideachais. I mbliana chuaigh an t-airgead a cruinníodh i dtreo na scoile nua-bhunaithe, Gaelscoil na Deirge, i gContae Thír Eoghain. Anseo tugann an Cathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí na scoile, Maolíosa McHugh, cuntas ar scéal Ghaelscoil na Deirge go dtí seo agus ar thábhacht an airgid seo don tionscadal.

Is scoil úr-bhunaithe í Gaelscoil na Deirge, atá suite taobh amuigh de Chaisleán na Deirge in iarthar Thír Eoghain.

Mar an gcéanna le Gaelscoileanna eile nach bhfuil aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais go fóill, tá an scoil ag teacht i dtír ar iarrachtaí leanúnacha tógála airgid agus ar fhláithiúlacht mhuintir na háite.

Tá fréamhacha na scoile nua le fáil i Naíscoil na Deirge, a bunaíodh sa bhliain 2008 le deis a thabhairt do thuismitheoirí áitiúla an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí.

Tá, ar an mheán, 12 dalta ag freastal ar an naíscoil gach bliain ó shin agus dá mbeadh oideachas bunscoile ar fáil i nGaeilge sa cheantar, ghlacfadh thart ar sheisear an rogha sin in aghaidh na bliana.

Is dá bharr sin a bhunaigh muid coiste ar leith a raibh sé de sprioc aige bunscoil Ghaeilge a bhunú, rud a chuirfeadh le hoideachas na bpáistí agus a chuideodh go mór le clárú na naíscoile.

I ndiaidh plé áirithe ar an cheist, cinneadh go rachfaí ar aghaidh le bunú bunscoile i nGleann na Deirge agus thoiligh an scoil áitiúil Bhéarla, San Proinsias Assisi, seomra sealadach a ligean ar cíos do Bhunscoil na Deirge.

Cuireadh tús le hagallaimh ina dhiaidh sin agus tá áthas orainn a rá go bhfuil múinteoir anois ceaptha, Treasa Ní Duibhinne a bhí i gceannas roimhe seo ar Naíscoil na gCrann ar an Ómaigh.

Tá obair dhíograiseach curtha isteach ag an Bhord Gobharnóirí le hairgead a bhailiú don scoil úr agus cé go dtuigeann muid an dúshlán atá romhainn, tá muid in ann aige.

I mí Feabhra na bliana seo chuir an coiste tús le crannchur a meastar go gcruinneoidh leath na gcostas don bhliain amach romhainn agus le cuidiú Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus an ócáid mhór ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtáin, tá súil againn go mbeidh muid in ann an chuid eile a thabhairt isteach.

Tá tábhacht mhór ag baint leis an oideachas trí mheán na Gaeilge i saol agus i dtodhchaí ár náisiúin, agus géarghá le maoiniú a thógáil d’earnáil na Gaelscolaíochta ar fud na tíre.

Tá muid an-bhuíoch mar sin de gach duine agus grúpa a thacaigh linn go dtí seo.

Ina measc sin tá oibrithe deonacha ár gcoiste, Iontabhas na Gaelscoileachta, Comhairle na Gaelscoileachta, Gaelphobal An tSratha Báin, Bord Gobharnóirí San Proinsias Assisi agus an tAthar Ó Dochartaigh as an socrú ar leith a rinne siad le haghaidh láthair na scoile, agus ar ndóigh tá buíochas ag dul do na daoine sin ar fad a thug airgead dúinn ag an deireadh seachtaine agus ag ócáidí eile i linn na bliana.

Tá muid ag súil go mór leis an obair, agus toradh a fheiceáil ar an obair sin, sa tréimhse amach romhainn.

Tús maith, leath na hoibre.

Maolíosa McHugh, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil na Deirge

meoneile.ie

Coláiste Ghlór na Mara sa Fingal Independent

Lúnasa 7, 2012

Ráiteas ó choiste bunaithe Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Dún Droma

Lúnasa 7, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »